5 minute read

An Dúiseacht sa Ghearrscannán ‘The Present’ Aileen Mhic an Chionna

AN DÚISEACHT SA GHEARRSCANNÁN ‘THE PRESENT’

Léirmheas le hAileen Mhic an Chionna Dáta eisiúna: Aibreán, 2014 Stiúrthóir: Jacob Frey Fad reatha: 4 nóim. 19 soic.

Sa ghearrscannán seo insítear scéal dúinn faoi bhuachaill atá báite i ndomhan na teicneolaíochta. Is fearr leis a chuid ama a chaitheamh taobh istigh ag imirt le físchluichí, ná suim a chur sa saol i láthair atá ag fanacht air ag leac an dorais. Ar an lá áirithe seo beartaíonn a mháthair bronntanas gan choinne a thabhairt dó. Dá bharr, bíonn sé deacair air díriú i gceart ar a chluiche. Seo nasc don ghearrscannán ar an idirlín: https://vimeo. com/152985022 Cé go mbaineann an scéal geit as an mbreathnóir, ag an am céanna is scéal croíúil é lán le mothúcháin a théann i bhfeidhm orainn nuair a thagann an casadh sa deireadh. Tá ‘The Present’ bunaithe ar stiallghreannán ó Fabio Coala, scéalaí cumasach ón mBrasaíl.

http://www.viralnova.com/ touching-dog-comic/ Is é an bronntanas atá sa bhosca ón mháthair ná madra le trí chos. In ionad grá agus gean a thaispeáint don choileán, tá an buachaill trína chéile leis an bpeata nua agus ní thugann sé aon aird air. Is féidir a thuiscint go mbíonn déistin orainn mar lucht féachana, sa tslí a chaitheann an buachaill leis an madra a bhfuil cos in easnamh air. Ní fada áfach go bhfaighimid amach cad is cúis le drochiompar an bhuachalla.

Tá sé éasca bá a bheith againn leis na carachtair sa scannán. Go tapaidh ceanglaímid muid féin leis an máthair atá gealgháireach agus lán le fuinneamh. Titimid i ngrá leis an madra óg lán de mhioscais a bhaineann an-taitneamh as an saol in ainneoin a mhíchumais. Ag an am céanna tugaimid breithiúnas ar an mac mar theallaire leisciúil atá ró-thógtha le cluichí ríomhaire agus leis féin chun aon am a thabhairt don choileán a fuair sé mar bhronntanas. (Nó b’fh éidir go bhfuilim féin ró-ghoilliúnach ag smaoineamh ar na hamanta nach nglactar le mo mhac a bhfuil Siondróm Down air ...) Ar aon chaoi spreagann ‘The Present’ an guth breithiúnais ionainn. Agus nach muidne atá ró-ghasta chun ár n-aigne a dhéanamh suas sula bhfeicimid na maidí croise atá ag an mbuachaill?

Ag an deireadh tagann an casadh i slí nach mbíonn aon súil againn leis. Is ceacht dúinn é machnamh a dhéanamh ar dhearcaí atá réamhchlaonta, ag glacadh leis nach mbíonn an scéal iomlán againn i gcónaí. Cinnte gur

Scannáin

scéal cumhachtach faoi chairdeas, grá, comhbhá atá sa bheochan 3T seo. Taobh istigh de chúig nóiméad athraíonn ár ndearcadh. Éiríonn leis an stiúrthóir an ceamara a chasadh timpeall i mbealach go dtugaimid suntas don scéal. Cuireann sé i gcuimhne dúinn an chumhacht a bhaineann le tabhairt. Léiríonn sé dúinn i níos lú ná cúig nóiméad conas gur féidir le bronntanas simplí dóchas a thabhairt agus muid i ngleic le deacrachtaí an tsaoil. Ná déanamis dearmad ar an dá bhrí atá ag an teideal ‘The Present’ (an t-am i láthair; bronntanas) i mBéarla nuair a théann an bheirt chairde nua amach faoin ngrian chun taitneamh a bhaint as bheith i láthair a chéile. Is íomhá shuntasach í freisin an staighre sa scannán. D’fh éadfaí Dia ionchollaithe a shamhlú i bhfoirm na máthar a fh ágann bronntanas ar an mbord dúinn gan aon mhíniú, agus a théann suas an staighre (ar ais ar Neamh)! ***

Ag an am seo den bhliain agus muid ag díriú ar bhuanna an Spioraid Naoimh, aithnímid gur bronntanais dúinn iad ar fad. Níl siad faoi cheilt orainn. Tá Dia ag iarraidh go n-aimseoimid iad, fi ú mura dtagann treoracha faoi conas dul i ngleic leo!

“Agus deirim libh, iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh. Óir gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.” An Soiscéal Naofa de Réir Lúcáis Ina leabhar Finding God in all Things (Messenger Publications, 1988) molann Brian Grogan SJ ceacht machnaimh ina mbíonn Íosa ag féachaint ar ár saol linn agus ar cé chomh sárbhuach is atá muid. Dírímid ar dtús le chéile ar na buanna a thugtar dúinn go pearsanta: ár saol a bhí in intinn Dé sula raibh aon saol ann. Ansin déanaimid machnamh ar ár gcuid tréithe, buanna, scileanna, ár n-intleacht agus maitheas inár gcroíthe. Léiríonn Íosa dúinn gur bronntanas muid féin do dhaoine eile, trí chabhair agus grásta ó dhaoine maithe atá dár dtionlacan: tuistí, clann, cairde, daoine cabhracha a thugann fi úntas agus luach dár saol.

Táimid líonta le buanna, agus ní stopann sé ansin – táimid ar an saol seo de bharr ghrá Dé, a bhíonn de dhíth chun faire amach dúinn. Nár thaispeáin Dia a ghrá dúinn tríd an Ionchollú agus bás Íosa ar an gcrois ionas go mbeadh beatha shíoraí againn leis? Bíonn Íosa linn i gcónaí mar threoraí sa saol, chun cuidiú linn teacht ar Dhia agus chun titim i ngrá leis níos mó agus níos mó. Is féidir teacht ar Dhia ionainn féin, i ndaoine eile agus i ngach rud timpeall orainn.

Go minic ní thógann sé ach céim amháin chun cairdeas buan a thosnú. Ní gá ach a bheith oscailte dó mar a chonaiceamar sa scannán. A Thiarna, a Íosa Críost, i mBliain Iubhaile na Trócaire dúisigh an mian ionainn bheith mar bhronntanas do dhaoine eile, agus toilteanach a bheith i láthair dóibh.

“Mercy is the willingness to enter into the chaos of another.” James F. Kennan SJ

Saor gach Céadaoin leis an

This article is from: