3 minute read

I Lár an Aonaigh Máirín O’Sullivan, T.D

Máirín O’Sullivan, Teachta Dála Neamhspleách do Bhaile Átha Cliath Láir

I LÁR AN AONAIGH

Is Teachta Dála Neamhspleách mé i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath atá mar chuid de Dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir. Is áit an-éagsúil í, na míbhuntáistí sóisialta is measa le feiceáil ann maraon le léiriú suntasach ar sprid an phobail.

Maidir leis na míbhuntáistí sóisialta i gceantair faoi leith ní mór cur san áireamh na rátaí arda dífh ostaíochta, go mór mór, na fadhbanna a bhaineann le dífh ostaíocht fh adtéarmach, lear mór de thuismí aonair, a laghad daoine a fh aigheann oideachas tríú leibhéal (in ainneoin go bhfuil feabhas tagtha ar an scéal), droch-chóir phríobhaideach ar chíos agus an iomarca daoine ann agus ina theannta sin, ní foláir na fadhbanna a bhaineann le handúil a lua freisin.

Tá pobail sa dáilcheantar agus iad scriosta beagnach le handúil i ndrugaí agus in alcól.

Tháinig hearóin chun cinn sna seachtóidí maraon le drugaí eile cosúil le cócaon agus le tamall beag anuas, táirgí siopaí siabhráin, cannabas an-láidir agus táibléid. An oiread sin daoine óga iontacha agus iad gafa le fadhbanna andúile. Leanann droch-thorthaí as seo ní amháin do na hógánaigh iad féin ach dá muintir agus dá bpobail. Tá an scéal i bhfad níos measa anois de bharr chinntí tubaisteacha an rialtais le linn an chúlaithe maidir le gearradh siar ar chaiteachas ar thograí do dhaoine óga, ar eagraíochtaí pobail agus ar sheirbhísí andúile.

Ach ní mór a aithint in ainneoin an chrá is an bhróin seo, is iontach an sprid agus an comhoibriú atá ann i measc an phobail.

Is ceantar an-stairiúil, leithleach é i mBaile Átha Cliath agus an t-ádh orm gur rugadh mé ann, go bhfuil mé fos i mo chónaí ann agus ó 2009 i leith go bhfuil mé i m’ionadaí ar Bhaile Átha Cliath Láir i nDáil Éireann.

Le linn mo thréimshe i nDáil Éireann tá mo chuid oibre dírithe ar leas an phobail agus cosúil le mo réamhtheachtaí Tony Gregory, nach maireann, bíonn treoir ar fáil agam i gcónaí ó phrionsabail a bhaineann le comhionannas, ceart agus cóir. Feicim an méadú ar éagothroime. Deir daoine áirithe go mbeidh ár n-éagothroime ioncaim ar aon leibhéal leis na Stáit Aontaithe go luath. Is léir in an-chuid áiteanna sa dáilcheantar go bhfuil an-éagothroime ioncaim ann agus méadú ar an mbearna idir na ceantair bhochta agus shaibhre.

Agus mé i mo bhall de Dháil Éireann d’éiligh mé go mbeadh an Cháinaisnéis

Le linn mo thréimshe i nDáil Éireann tá mo chuid oibre dírithe ar leas an phobail agus cosúil le mo réamhtheachtaí Tony Gregory nach maireann bíonn treoir ar fáil agam i gcónaí ó phrionsabail a bhaineann le comhionannas, ceart agus cóir.

seasmhach i leith éagothroime ionas go mbeadh saol níos fearr ag daoine atá bocht nó i mbaol an bhochtanais. Táim gníomhach i bhfeachtais a éiIíonn ráta cáin chorparáide éifeachtach agus beartais a chuirfeadh deireadh le seachaint cánach, le himghabháil chánach agus le lúba ar lár sa chóras cánach – nithe go léir a chothaíonn éagothroime. Cé go bhfuil meas orainn go hidirnáisiúnta maidir lenár seasamh i leith cearta daonna agus daonnúla níl comhleanúnachas ann inár gcuid polasaithe toisc gur shínigh muid conarthaí cánach an-teoranta le tíortha atá i mbéal forbartha a chuireann srian lena gcuid cumachtaí cánacha, cánacha atá riachtanach do chúrsaí oideachais agus

sláinte. Bhí bliain agus sé mhí agam sa 30ú Dáil, cúig bliana sa 31ú Dáil agus anois táim ag tosnú ar théarma sa 32ú Dáil. Taispeánann torthaí an olltoghcháin i mí Feabhra nach féidir cloí a thuilleadh leis na sean-mhúnlaí. Tá súil agam go mbeidh Dáil Éireann níos éifeachtaí agus níos tábhachtaí as seo amach, go mbeidh na toghthóirí bródúil aisti in ionad a bheith ar buile, díomách agus míshásta. Táthar ag súil len i bhfad níos mó asainn. Ba chóir dúinn bheith misniúil agus obair ar mhalairt slí is é sin obair as láimh a chéile trí chomhaontú agus chomhréiteach seachas a bheith ag troid linn féin díreach mar a oibríonn na pobail éagsúla i mBaile Átha Cliath Láir.

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA DO MHÍ LÚNASA, 2016: Go maire Críostaithe de réir an tsoiscéil, ag tabhairt fianaise don chreideamh, don ionracas agus do ghrá don chomharsa.

Foclóirín: hearóin = heroin; seachaint cánach = tax avoidance; lúba ar lár sa chóras cánach = tax loopholes; comhleanúnachas = consistency; siopaí siabhráin = ‘head-shops’

This article is from: