An Timire - Samhradh 2016

Page 38

38

Máirín O’Sullivan, Teachta Dála Neamhspleách do Bhaile Átha Cliath Láir

I LÁR AN AONAIGH Is Teachta Dála Neamhspleách mé i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath atá mar chuid de Dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir. Is áit an-éagsúil í, na míbhuntáistí sóisialta is measa le feiceáil ann maraon le léiriú suntasach ar sprid an phobail. Maidir leis na míbhuntáistí sóisialta i gceantair faoi leith ní mór cur san áireamh na rátaí arda dífhostaíochta, go mór mór, na fadhbanna a bhaineann le dífhostaíocht fhadtéarmach, lear mór de thuismí aonair, a laghad daoine a fhaigheann oideachas tríú leibhéal (in ainneoin go bhfuil feabhas tagtha ar an scéal), droch-chóir phríobhaideach ar chíos agus an iomarca daoine ann agus ina theannta sin, ní foláir na fadhbanna a bhaineann le handúil a lua freisin. Tá pobail sa dáilcheantar agus iad scriosta beagnach le handúil i ndrugaí agus in alcól. Tháinig hearóin chun cinn sna seachtóidí maraon le drugaí eile cosúil le cócaon agus le tamall beag anuas, táirgí siopaí siabhráin, cannabas an-láidir agus táibléid. An oiread sin daoine óga iontacha agus iad gafa le fadhbanna andúile. Leanann droch-thorthaí as seo ní amháin do na hógánaigh iad féin ach dá muintir agus dá bpobail. Tá an scéal i bhfad níos

Timire SUMMER 20162.indd 38

measa anois de bharr chinntí tubaisteacha an rialtais le linn an chúlaithe maidir le gearradh siar ar chaiteachas ar thograí do dhaoine óga, ar eagraíochtaí pobail agus ar sheirbhísí andúile. Ach ní mór a aithint in ainneoin an chrá is an bhróin seo, is iontach an sprid agus an comhoibriú atá ann i measc an phobail. Is ceantar an-stairiúil, leithleach é i mBaile Átha Cliath agus an t-ádh orm gur rugadh mé ann, go bhfuil mé fos i mo chónaí ann agus ó 2009 i leith go bhfuil mé i m’ionadaí ar Bhaile Átha Cliath Láir i nDáil Éireann. Le linn mo thréimshe i nDáil Éireann tá mo chuid oibre dírithe ar leas an phobail agus cosúil le mo réamhtheachtaí Tony Gregory, nach maireann, bíonn treoir ar fáil agam i gcónaí ó phrionsabail a bhaineann le comhionannas, ceart agus cóir. Feicim an méadú ar éagothroime. Deir daoine áirithe go mbeidh ár n-éagothroime ioncaim ar aon leibhéal leis na Stáit Aontaithe go luath. Is léir in an-chuid áiteanna sa dáilcheantar go bhfuil an-éagothroime ioncaim ann agus méadú ar an mbearna idir na ceantair bhochta agus shaibhre. Agus mé i mo bhall de Dháil Éireann d’éiligh mé go mbeadh an Cháinaisnéis

04/05/2016 12:00


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.