5 minute read

Na Ceithre Shuáilce Cathal de Paor

Cathal de Paor NA CEITHRE SHUÁILCE AGUS TIONLACAN AN MHÚINTEORA NUA ISTEACH SA GHAIRM

Is mó dúshlán a bhíonn le sárú ag múinteoirí nua-cháilithe agus iad ag tosnú ar an múinteoireacht don chéad uair tar éis cáiliú dóibh. Ach is mór an chabhair a thugann comhleacaithe an mhúinteora nua sa scoil, agus i gcásanna áirithe, beidh meantóir (ón bhfocal mentor sa Bhéarla) dá gcuid féin acu. Comhairleoir teagaisc (conseiller pédagogique) seachas meantóir a chabhraíonn le tionlacan isteach sa ghairm don mhúinteoir nua sa Fhrainc, mar a bheidh ár dtriall san alt seo. Is mó taighde atá déanta ar obair an chomhairleora teagaisc agus ar an meantóireacht ag saineaolaithe oideachais le tamall de bhlianta anuas. Ach an féidir léamh nua a dhéanamh ar an gcúram gairmiúil seo? É a thuiscint lasmuigh den gnáththaighde oideachais agus é a shamhlú, go bunúsach, mar ghníomh suáilceach? Leis na ceithre shuáilce mar fh ráma anailíse? I Nantes na Fraince atá ár dtriall, chun an cheist seo a fh reagairt. Is ansin a chuireamar aithne ar conseiller pédagogique agus taighde san oideachas ar siúl againn san ollscoil, agus is ansin chomh maith a chonaiceamar léiriú fónta ar na ceithre shuáilce.

Is i dtuama atá ar taispeáint san ardeaglais i Nantes atá an diúc deireanach den Bhriotáin, François II agus a chéile, Marguerite de Foix curtha. In 1488, a d’éag Francois II agus 53 bliana slánaithe aige, dhá bhliain i ndiaidh bhás a chéile. Iníon leo beirt ab ea Anne de Bretagne, agus ’sí siúd a thiomnaigh an tuama iomráiteach seo dá tuismitheoirí. Níor tháinig éinne i gcomharbacht ar Francois mar Dhiúc na Briotáine, mar is amhlaidh a chaith Anne de Bretagne a saol mar Bhanríon na Fraince, pósta le Charles VIII ar dtús, agus nuair a d’éag sé sin, Louis XII. Cuireadh deireadh ar fad le neamhspleáchas na Briotáine in 1532 agus tá an Bhriotáin mar chuid den Fhrainc ó shin.

Dealbhadóir darbh ainm Michel Colombe a dhealbhaigh an tuama, agus a bhí 75 bliana d’aois nuair a thosaigh sé ar an obair. Cuireadh an tuama in áiteanna éagsúla sular fágadh istigh san ardeaglais é in 1817, mar a bhfuil sé ó shin. Bloc dronuilleogach de mharmar atá ann ina bhfuil dhá dhealbh de choirp Francois agus Marguerite agus iad sínte ar leaba, beirt aingeal os a gcionn in airde, agus leon agus cú ag bun na leapa. Maraon le maisiúcháin eile, tá dealbh mná ina seasamh ag gach ceann de na ceithre chúinne, a sheasann do cheann amháin de na suáilcí cairdineálta nó na ceithre phríomhshuáilce (les vertues cardinals). Sa saothar clúiteach, Poblacht

An féidir léamh nua a dhéanamh ar an gcúram gairmiúil seo agus é a thuiscint mar ghníomh suáilceach?

Plato ó c. 300 BC, is túisce atá trácht ar na suáilcí cairdineálta, ar a gcasann na suailcí eile. Ní dócha gur bhain na ceithre shuáilce go speisialta le saol Francois (ní hionann sin is a rá nach raibh sé suáilceach mar sin fein), ach iarracht a bhí ann ceacht mórálta a thabhairt chun cinn sa saothar ealaíne. Tá cuntas ag Cicero (106-43 BC) ar na ceithre shuáilce chomh maith sa sainmhíniú a thugann sé ar shúailce: ‘an nós aigne atá i dtiúin le réasún agus le nádúr agus a bhfuil na ceithre chuid seo ann: críonnacht, ceart, misneach agus measarthacht’ (De Inventione). Agus is san ord céanna atá na ceithre shuáilce le fáil i saothar ó Thomas Aquinas (12251274) níos déanaí (Summa Theologiae).

Cuireann na suailcí an duine ar bhóthar a leasa in aon ghné den saol, ach is ar an gcúram gairmiúil den chomhairleoir teagaisc atáimid dírithe anseo, agus ar eilimint amháin dá chleachtas: an t-agallamh iar-cheachta. Caitheann an comhairleoir teagaisc mórán dá chuid ama ag breathnóireacht ar na múinteoirí nua agus iad ag teagasc, agus ag cur comhairle orthu ina dhiaidh sin san agallamh iarcheachta. Tionlacan na múinteoirí nua isteach sa ghairm a thugtar ar an obair seo agus is cúram lán-aimseartha é. Níos mó ná uair amháin agus mé istigh san ardeaglais i Nantes, ag faire ar an tuama iomráiteach is í obair an chomhairleora a thainig isteach im’ cheann.

Tosnóimis leis an dealbh ag ceann Marguerite de Foix agus a sheasann don Chríonnacht (Prudence sa bhFraincis). Tá compás ina láimh dheis ag an mbean seo, siombal a thugann le fi os go bhfuil a hiompar féin rialaithe agus tomhaiste go maith aici. Scáthán atá ina glaic chlé agus is leis seo a chuireann sí aithne níos fearr uirthi féin agus ar a smaointe. Leis an scáthán, tá sí ábalta chomh maith féachaint thar a gualainn, i dtreo is nach ndearúdann sí an t-am atá caite. Cé go bhfuil nathar ag bun a cosa, dealraíonn sé go bhfuil an bhean ag déanamh neamhaird air. Dhá aghaidh atá ar an dealbh féin, aghaidh de bhean óg chun

tosaigh agus aghaidh de dhuine críonna ar gcúl. Cuireann roic leicne agus féasóg fhada na haghaidhe críonna in iúl gur mór an taithí saoil agus saoithiúlacht atá aici. Feisteas simplí atá á chaitheamh ag an dealbh mná, fallaing ceangailte timpeall a muineál, agus corda mar chrios timpeall a coime.

An Ceart (Justice) atá sa dara dealbh, claíomh ina láimh dheis aici, agus leabhar le meá ar an gclúdach ina lámh chlé, gnáthshiombal an Chirt. Cuma mhaorga shaibhir atá ar an mbean seo, coróin ar a ceann agus í feistithe le bláthanna, agus ornáidíocht mhín ar a héadaí tríd síos. Ag bun chosa François II atá an tríú dealbh, an Misneach (Mórálta), (Force Morale). Tá an bhean seo gléasta mar a bheadh saighdiúir, éide chatha faiseanta as miotal fín, agus clogad catha ar a ceann. Tá sí ag breith ar nathair chun é a tharraingt amach ón gclogtheach nó túr cloiche atá ina láimh dheis. Cé go bhfuil ag éirí léi an nathair a smachtú, tá cuma phianmhar ar a haghaidh aici, a sheasann don chath inmheánach atá ar siúl inti féin. Is le teann misnigh a éiríonn léi an rogha ceart a chur i gcrích, an Maith a roghnú ar an Olc, agus an nathar a tharraingt ón gclogtheach.

Ag cosa Marguerite de Foix atá an ceathrú dealbh ar a dtugtar an mheasaracht (temperance). Gléasta go simplí, tá béalbhach ina láimh dheis aici, siombal don tslí ina gcuireann sí srian ar a mianta. Tá clog sa láimh eile aici a chuireann an imeacht aimsire in iúl, rud a mhaolaíonn paisean agus dúil an duine. Leanfar den alt seo sa chéad eagrán eile

Foclóirín: suáilce = bua feabhais mhóralta; dronuilleogach = cearnóg a bhfuil an fhaid chéanna ar dhá thaobh di; marmar = cloch chrua as a ndéantar dealbha go minic; breathnóireacht = tabhairt faoi deara, súil a choinneáil ar dhuine; béalbhach = adhastar nó srian a chuirtear ar ainmhithe

This article is from: