An Timire - Samhradh 2016

Page 20

i

20

Cathal de Paor

NA CEITHRE SHUÁILCE AGUS TIONLACAN AN MHÚINTEORA NUA ISTEACH SA GHAIRM Is mó dúshlán a bhíonn le sárú ag múinteoirí nua-cháilithe agus iad ag tosnú ar an múinteoireacht don chéad uair tar éis cáiliú dóibh. Ach is mór an chabhair a thugann comhleacaithe an mhúinteora nua sa scoil, agus i gcásanna áirithe, beidh meantóir (ón bhfocal mentor sa Bhéarla) dá gcuid féin acu. Comhairleoir teagaisc (conseiller pédagogique) seachas meantóir a chabhraíonn le tionlacan isteach sa ghairm don mhúinteoir nua sa Fhrainc, mar a bheidh ár dtriall san alt seo. Is mó taighde atá déanta ar obair an chomhairleora teagaisc agus ar an meantóireacht ag saineaolaithe oideachais le tamall de bhlianta anuas. Ach an féidir léamh nua a dhéanamh ar an gcúram gairmiúil seo? É a thuiscint lasmuigh den gnáththaighde oideachais agus é a shamhlú, go bunúsach, mar ghníomh suáilceach? Leis na ceithre shuáilce mar fhráma anailíse? I Nantes na Fraince atá ár dtriall, chun an cheist seo a fhreagairt. Is ansin a chuireamar aithne ar conseiller pédagogique agus taighde san oideachas ar siúl againn san ollscoil, agus is ansin chomh maith a chonaiceamar léiriú fónta ar na ceithre shuáilce. Is i dtuama atá ar taispeáint san ardeaglais i Nantes atá an diúc deireanach den Bhriotáin, François II agus a chéile,

Timire SUMMER 20162.indd 20

Marguerite de Foix curtha. In 1488, a d’éag Francois II agus 53 bliana slánaithe aige, dhá bhliain i ndiaidh bhás a chéile. Iníon leo beirt ab ea Anne de Bretagne, agus ’sí siúd a thiomnaigh an tuama iomráiteach seo dá tuismitheoirí. Níor tháinig éinne i gcomharbacht ar Francois mar Dhiúc na Briotáine, mar is amhlaidh a chaith Anne de Bretagne a saol mar Bhanríon na Fraince, pósta le Charles VIII ar dtús, agus nuair a d’éag sé sin, Louis XII. Cuireadh deireadh ar fad le neamhspleáchas na Briotáine in 1532 agus tá an Bhriotáin mar chuid den Fhrainc ó shin. Dealbhadóir darbh ainm Michel Colombe a dhealbhaigh an tuama, agus a bhí 75 bliana d’aois nuair a thosaigh sé ar an obair. Cuireadh an tuama in áiteanna éagsúla sular fágadh istigh san ardeaglais é in 1817, mar a bhfuil sé ó shin. Bloc dronuilleogach de mharmar atá ann ina bhfuil dhá dhealbh de choirp Francois agus Marguerite agus iad sínte ar leaba, beirt aingeal os a gcionn in airde, agus leon agus cú ag bun na leapa. Maraon le maisiúcháin eile, tá dealbh mná ina seasamh ag gach ceann de na ceithre chúinne, a sheasann do cheann amháin de na suáilcí cairdineálta nó na ceithre phríomhshuáilce (les vertues cardinals). Sa saothar clúiteach, Poblacht

04/05/2016 11:59


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.