3 minute read
Obair Dé Thuas ar Shléibhte na nAindéas An tSiúr Sabine Choi
An tSiúr Sabina Choi OBAIR DÉ THUAS AR SHLÉIBHTE NA nAINDÉAS
Is bean rialta Cholumbánach mé. Seo mo scéal: cárb as dom, conas a tharla sé gur Caitliceach agus bean rialta mé, cá bhfuil mé ag obair anois.
Saolaíodh mé i ndeisceart Phoblacht na Cóiré i sráidbhaile beag darb ainm ‘Kumkang’. Tá seisear deirfi úracha agam agus is mise an duine is óige sa chlann. D’inis mo mháthair dom faoi conas a tháinig mé isteach sa saol. Ba bhuachaill an chéad leanbh a rugadh di agus fuair seisean bás ag trí bliana d’aois. I gcultúr na tíre baineann an-tábhacht le buachaill a bheith sa chlann. Bhí mo thuistí ag fanacht ar bhuachaill eile ach níor tháinig sé. Ba chailíní iad gach duine eile a rugadh agus ba mise an seachtú hiníon.
Is cuimhin liom nuair ba dhéagóir mé go raibh eaglais bheag sa chéad bhaile eile. Thóg sé siúlóid uair go leith dul ann ó theach mo mhuintire. Gach aon Domhnach théadh mé ann in éineacht le beirt deirfi úracha atá anois ina mná rialta chomh maith. Ceiliúradh an Bhriathair a bhí i gceist. Ba Ghael an sagart paróiste a chónaigh sa pharóiste agus bhí go leor eaglaisí eile faoina chúram. Bhíodh sé deacair dó cuairt a thabhairt ar gach eaglais uair sa mhí toisc an fad idir bailte. Ní fh éadfadh muid Baisteadh a fh áil toisc nach Caitlicigh mo thuistí. Bhí orainn fanacht go dtí go rabhamar cúig bliana déag d’aois. Tar éis baiste dom bhí mé gníomhach leis an liotúirge agus ag cabhrú san eaglais. Fiú nach raibh Aifreann againn gach Domhnach thagaimis le chéile chun guí agus chun éisteacht le Briathar Dé.
Agus mé sa mheánscoil bhuail mé le sagart lá amháin a thug paimfl éad dom faoi na Columbánaigh. Istigh ann bhí pictiúr de threibh sa Phacastáin. Chuir sé mé ag smaoineamh ar mo shaol. Chuir mé an paimfl éad ar an mballa agus gach lá bhreathnaínn air agus dhearbhaigh mé go mbeinn leo lá éigin de mo shaol. Thuig mé go raibh Dia ag glaoch orm trí íomhá na treibhe sin.
Inniu is Siúr mhiseanach Cholumbánach mé ach níl mé ag obair sa Phacastáin ach i bPeiriú go hard thuas sna hAindéis. Níl aon pharóiste nó aon sagart sa cheantar. Níl anseo ón eaglais ach mé féin agus Siúr Cholumbánach eile. Go hard sna sléibhte tá an saol an-ghnóthach gach lá. Tá an t-uafás oibre le déanamh ach níl mórán chun tabhairt faoi. Gach Domhnach bailíonn muintir an tsráidbhaile le chéile agus bím i gceannas ar Liotúirge an Bhriathair. Téim
19
ar cuairt chuig eaglaisí i sráidbhailte eile. Tá cead agam féin agus mo chompánach bheith i mbun póstaí agus baistí. Gach lá téim ar cuairt chuig bunscoileanna agus meánscoileanna chun na daltaí agus an óige a ullmhú don Bhaisteadh, don Chéad Chomaoineach agus don Chóineartú.
Ar na sléibhte bíonn daoine ag cniotáil agus déanann siad a gcuid éadaí agus hataí féin. Tá caoirigh alpaca acu agus lámaí. Níl an cothú bia go maith toisc nach bhfásann mórán glasraí ar na sléibhte ach itheann na daoine prátaí gach lá. Cuirim cúram leighis agus cothaithe ar fáil do leanaí, seandaoine agus teaghlaigh nach bhfuil go maith as. Tugaim tacaíocht do roinnt daoine atá ag lorg scileanna chun post a fháil. Déanaim mé féin agus an tSiúr Eufrasia, a oibríonn i gceantar in aice liom, freastal ar chúig is fiche pobal. Tá cuid den phobal sin scaipthe i sráidbhailte iargúlta trasna na sléibhte – níos mó ná céad sráidbhaile san iomlán. Ní féidir linn cuairt a thabhairt orthu go léir. Tá mé ag déanamh iarracht tuataí a fháil chun bheith ina gcaiticeasmóirí in áiteanna nach bhfuil aon sagart.
Gach lá gabhaim buíochas le Dia as an nglaoch chun na hoibre seo agus as mo mhuintir.
INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA DO MHÍ IÚIL, 2016 MEIRICEÁ THEAS AGUS AN CHAIRIB: An Eaglais i Meiriceá Theas agus i dtíortha chósta Mhuir Chairib, go gcraobhscaoile sí le nuafhuinneamh agus le díograis an soiscéal lena misean chun na mór-roinne sin.
Foclóirín: treibh = grúpa daoine a bhfuil na nósanna céanna acu; alpaca, láma = ainmhithe olannacha cosúil le caoirigh a fhaightear i Meiriceá Theas