An Timire - Samhradh 2016

Page 18

18

An tSiúr Sabina Choi

OBAIR DÉ THUAS AR SHLÉIBHTE NA nAINDÉAS Is bean rialta Cholumbánach mé. Seo mo scéal: cárb as dom, conas a tharla sé gur Caitliceach agus bean rialta mé, cá bhfuil mé ag obair anois. Saolaíodh mé i ndeisceart Phoblacht na Cóiré i sráidbhaile beag darb ainm ‘Kumkang’. Tá seisear deirfiúracha agam agus is mise an duine is óige sa chlann. D’inis mo mháthair dom faoi conas a tháinig mé isteach sa saol. Ba bhuachaill an chéad leanbh a rugadh di agus fuair seisean bás ag trí bliana d’aois. I gcultúr na tíre baineann an-tábhacht le buachaill a bheith sa chlann. Bhí mo thuistí ag fanacht ar bhuachaill eile ach níor tháinig sé. Ba chailíní iad gach duine eile a rugadh agus ba mise an seachtú hiníon. Is cuimhin liom nuair ba dhéagóir mé go raibh eaglais bheag sa chéad bhaile eile. Thóg sé siúlóid uair go leith dul ann ó theach mo mhuintire. Gach aon Domhnach théadh mé ann in éineacht le beirt deirfiúracha atá anois ina mná rialta chomh maith. Ceiliúradh an Bhriathair a bhí i gceist. Ba Ghael an sagart paróiste a chónaigh sa pharóiste agus bhí go leor eaglaisí eile faoina chúram. Bhíodh sé deacair dó cuairt a thabhairt ar gach eaglais uair sa mhí toisc an fad idir bailte.

Timire SUMMER 20162.indd 18

Ní fhéadfadh muid Baisteadh a fháil toisc nach Caitlicigh mo thuistí. Bhí orainn fanacht go dtí go rabhamar cúig bliana déag d’aois. Tar éis baiste dom bhí mé gníomhach leis an liotúirge agus ag cabhrú san eaglais. Fiú nach raibh Aifreann againn gach Domhnach thagaimis le chéile chun guí agus chun éisteacht le Briathar Dé. Agus mé sa mheánscoil bhuail mé le sagart lá amháin a thug paimfléad dom faoi na Columbánaigh. Istigh ann bhí pictiúr de threibh sa Phacastáin. Chuir sé mé ag smaoineamh ar mo shaol. Chuir mé an paimfléad ar an mballa agus gach lá bhreathnaínn air agus dhearbhaigh mé go mbeinn leo lá éigin de mo shaol. Thuig mé go raibh Dia ag glaoch orm trí íomhá na treibhe sin. Inniu is Siúr mhiseanach Cholumbánach mé ach níl mé ag obair sa Phacastáin ach i bPeiriú go hard thuas sna hAindéis. Níl aon pharóiste nó aon sagart sa cheantar. Níl anseo ón eaglais ach mé féin agus Siúr Cholumbánach eile. Go hard sna sléibhte tá an saol an-ghnóthach gach lá. Tá an t-uafás oibre le déanamh ach níl mórán chun tabhairt faoi. Gach Domhnach bailíonn muintir an tsráidbhaile le chéile agus bím i gceannas ar Liotúirge an Bhriathair. Téim

04/05/2016 11:59


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.