An Timire - Samhradh 2016

Page 1

na hUr na

í

Aspalach t

F���������� Í������� �������� 2016 € 5.00/Stg£3.75

Na hÍosánaigh agus 1916 ■ An tSiúr Sabine i bPeiriú Cathal Ó Sándair ■ Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha Torthaí Ghlór na nGael

Timire 016

www.timire.ie

Comóradh 105 bliain a n Ti m ire 19 11–2 an Chroí Ró-naofa

Timire SUMMER 20162.indd 1

04/05/2016 11:59


Eagarfh ocal

AN SEANSCÉAL NUA CÉANNA!

T

á Bobby istigh le blianta, ó bhí sé sna luath-dhéaga. Coireanna tromchúiseacha déanta aige. Aon uair a raibh sé amuigh níor fhan amuigh i bhfad. ‘Tharlaíodh’ rud éigin i gcónaí dó is thiteadh sé ar ais isteach sna drochnósanna iompair a sheoladh go príosún arís eile é. B’fhacthas do na húdaráis go raibh sé ag diúltú freagracht a ghlacadh as a raibh déanta aige, rud a d’fhág in amhras iad an raibh sé sábháilte é a scaoileadh saor. Nuair a casadh ormsa é bhí os cionn tríocha bliain curtha isteach aige, é curtha siar uair amháin eile de bharr gan cloí le riail de chuid an phríosúin, cuid mhór dóchais caillte aige agus é ag diúltú aon chomhoibriú mórán a dhéanamh leis na húdaráis. Ach má bhí dóchas caillte aige ní raibh dóchas caillte ag Tim ann. Fear sinsearach go maith a raibh cleachtadh saoil aige ar na bealaí le déileáil le húdaráis. Thugadh sé cuairt ar Bhobby mórán chuile sheachtain mar nach raibh aon duine de mhuintir Bhobby a bhacfadh leis níos mó. Chuirfeadh Tim comhairle air faoi na bealaí le dul i ngleic leis an staid a raibh sé ann. Ach níor léir d’aon duine go raibh Bobby ag tabhairt mórán airde ar chomhairle Tim ach é istigh ina chillín is ag diúltú comhoibriú. Ansin go tobann cailleadh Tim.

Ba chosúil le bás athar do Bobby a bhás. Ach tar éis tamaill nach raibh rófhada tharla athrú a chuir iontas ar a lán. Thosaigh Bobby ag cur comhairle Tim i bhfeidhm go foirfe sa gcaoi gur cosúil anois go mbeidh ar údaráis an phríosúin é a scaoileadh saor, amach anseo, más go drogallach féin é. Cén bhaint atá aige seo le Trócaire Dé? Leis an Aiséirí? Le Croí Ró-naofa Íosa? Ba fhíor-Chríostaí Tim. Nuair a bhí sé ag tabhairt cuairt ar Bhobby bhí a fhios aige gur le hÍosa a bhí sé ag caint. Beag beann ar a raibh déanta aige ina shaol, beag beann ar a raibh Bobby ag fágáil gan déanamh san am i láthair. Ní thig linn go léir cuairt a thabhairt ar phríosúnaigh. Ach is iomaí ceann eile de oibreacha na trócaire gur féidir linn a dhéanamh. Is féidir le gach duine a bheith ag guí ar son na mbeo is ar son na marbh. Is féidir linn ofráil na maidine a rá agus saothar an lae seo a dhéanamh ar son Dé, ar son an chirt is an chóir, ar son réim Dé i measc daoine. Go naofar d’ainm, go dtaga do ríocht. Le cuidiú linn cuireann an Pápa Proinsias ábhair mhachnaimh os ár gcomhair gach mí faoi na hábhair a bhfuil uaidh go gcuirfimis paidir chun Dé in éineacht leis ar a son. ‘Sé ár nguí gur cabhair dúinn an Timire sa saothar sin. Frainc Mac Brádaigh SJ

Féach: tearmann.com, apostolshipofprayer.org, apostoladodelaoracion.com nó prieraucoeurdumonde.fr

Nóta: Is mór againn tacaíocht ár léitheoirí. Braitheann An Timire oraibh. Níl aon tacaíocht stáit againn. Sin fáth na bhfógraí. Is oth linn nach leor an teacht isteach faoi láthair, in ainneoin na tacaíochta féile a fuair muid ó léitheoirí anuraidh. Is gá mar sin praghas An Timire a ardú go dtí €5.00 an chóip agus €20.00 do tháille na bliana. Mar bheagán cúitimh tá an lón léitheoireachta méadaithe go 48 leathanach.

Timire SUMMER 20162.indd 2

04/05/2016 11:59


TIMIRE AN CHROÍ RÓ-NAOFA

Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4 7 8 10 13 14 18 20 23 24 25 26 27 29 32 36 38 40 42 44 47

Age Action: Cúram agus Cothabháil An Croí Ró-naofa Ag Damhsa le hÁthas “La Salette” Tearmann Éanna i gConamara “Cine gan Scéal, Sin Cine gan Phréamh” Obair Dé Thuas ar Shléibhte na nAindéas Na Ceithre Shuáilce Timire Croí na hÓige An Fear a bhí ina Liopard Crosfhocal Cuardach Focal Camino i nDroichead Átha Na hÍosánaigh agus 1916 Cúinne na bhFilí Réabhlóidí ag Saothrú an Bháis An Taistealaí An Mháthair Im Leabharlann Dom Dánta Gaeilge Conleth Ellis Cathal Ó Sándair Going Up the Holy Mountain “Tabhair Meas, Tuill Meas” I Lár an Aonaigh Torthaí Ghlór na nGael Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha An Dúiseacht sa Ghearrscannán ‘The Present’ Oideas: Císte Líomóide Ceobhránach

Justin Moran Tony Mac Cárthaigh An Br. Éamonn Mac Lochlainn Bernadette Nic an tSaoir Peadar Mac an Iomaire An tAth. Seán Mac Cumhaill An tSiúr Sabine Choi Cathal de Paor Gabriel Rosenstock Seán Ó Catháin Damien Burke

An tAth Seán Mac Cumhaill Seán de Fréine Seán Ua Cearnaigh Máirín Hurndall Aogán Ó Fearghaíl Máirín O’Sullivan, T.D. Eoghan Mac Cormaic Dónall Ó Cnáimhsí Aileen Mhic an Chionna Síle Ní Chearbhaill

Ar Dheis Dé: Liam Ó Duibhir, Séan C. Mac Craith, Máire Uasal Nic an Ríogh, Íde Sionóid agus Eadhmonn Mac Suibhne, Dónal Ó Luasa. Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí siad sa tsíocháin. Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Eagarthóir Frainc Mac Brádaigh SJ Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Mhic an Phríora Tomás Ó Ceallaigh Fionnuala Mac Aodha

Timire SUMMER 20162.indd 3

Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas

Stg£3.75 Go ceann bliana: €20/Stg£15 Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, Airgid , B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca etc.) scríobh chuig: nó de r-phost, más féidir Timire an Chroí Naofa Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Bunaíodh sa bhliain 1911 Cliath 2, D02W938 Uimh. 463 Guthán: 01 7758502. ISSN: 1649-446 www.timire.ie Le cead eaglasta: 14 Bealtaine 2016 r-phost: antimire@gmail.com Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird Dearadh: Messenger Publications eagarthóireachta Design Department Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: €5.00/

Clóbhualadh: Watermans Printers Limited

04/05/2016 11:59


4

Justin Moran

AGE ACTION: CÚRAM AGUS COTHABHÁIL DO DHAOINE SCOTHAOSTA

Justin Moran, Ceannasaí Abhcóideachta agus Cumarsáide Age Action “Tá sé ag éirí níos deacra teas a choinneáil leat féin sa bhaile. Ba é an geimhreadh seo caite an ceann ba mheasa. Bhí sé róchostasach an teas a choimeád sa tsiúl nó an tine a bheith lasta an tráthnóna ar fad, mar sin théinn a luí faoi 7.30 ionas nach mbeinn fuar. Ní amháin go bhfuil costas ard ar bhreosla, ach ligeann an seanteach atá agam an ghaoth isteach. Tá sé dodhéanta é a choimeád téite. “Chuala mé faoi Age Action i rith an tsamhraidh. Bhuail beirt oibrithe deonacha isteach chugam agus chaith siad an mhaidin ag cur draught-excluders ar na doirse. Chuir siad bosca litreach isteach freisin a choimeádann an ghaoth amach agus is mór an difear a rinne sé sin. Táim thar a bheith buíoch as a gcuid cabhrach. Is mór an difear a rinne jabanna beaga mar sin domsa an geimhreadh seo.” An bhliain seo caite rinne an líonra oibrithe deonacha agus páirtnéirí pobail atá ag Age Action ar fud na tíre breis is 25,000 jab DIY, cuairteanna a thabhairt chun cairdeas a chothú le daoine agus chun ceardaithe gairmiúla a aimsiú. Duine amháin de na mílte daoine scothaosta sin a rabhamar ag cuidiú leo is ea Eilís. De réir mar a théann gach duine againn in aois féadann sé éirí an-deacair déileáil le

Timire SUMMER 20162.indd 4

jabanna bunúsacha timpeall an tí. Daoine a bhí an-bhródúil as a dtithe féin ar feadh a saoil, uaireanta bíonn sé thar a gcumas a mbailte a chothabháil. Rud chomh simplí le miontairne a chur i gcairpéad chun é a choinneáil socair, d’fhéadfadh dúshlán mór a bheith ansin do dhuine nach bhfuil róstuama ar na cosa. Mar a chéile féadann deacrachtaí a bheith ag baint le jabanna eile timpeall an tí ar nós fál a bhearradh, aláram deataigh nó slabhra slándála a fheistiú, glas a athrú, péinteáil agus troscán a bhogadh. Na daoine scothaosta sin a bhfuil sé de mhí-ádh orthu gan duine gaoil a bheith acu le cuairt a thabhairt orthu, ábhar mór frustrachais a bhíonn sna tascanna seo uaireanta. De bhreis air sin, is minic a bhíonn ceardaithe míscrupallacha ag teacht i dtír orthu agus ag baint buntáiste orthu nuair a fhostaítear iad chun obair a dhéanamh ar a dtithe. Fadhbanna móra ag daoine scothaosta freisin is ea an t-uaigneas agus a bheith scoite amach ó dhaoine eile. I ndeireadh thiar déanann fadhbanna mar sin difríocht idir fanacht sa bhaile agus bogadh isteach in áras cúraim chónaithe. Bhunaigh Age Action an Clár ‘Care &

04/05/2016 11:59


5 Bainisteoir Réigiúnach Age Action, John O’ Mahony agus Martin Cummins, oibrí deonach.

A bheith i do chomharsa mhaith agus jaibín beag a dhéanamh do dhuine scothaosta, is mór an difríocht a dhéanann sé.

John Fitzsimons, oibrí deonach

Repair’ chun miondeisiúcháin a dhéanamh saor in aisce do dhaoine scothaosta agus daoine soghonta, chun teacht a bheith acu ar cheardaithe do jabanna níos mó a dhéanamh agus chun seirbhís a chur ar fáil a ligfidh dóibh aithne a chur ar chairde nua. Tá sé mar aidhm againn tacaíocht phraiticiúil a sholáthar a ligfidh do dhaoine atá scothaosta nó soghonta fanacht ina dtithe féin agus ina bpobail féin, agus an saol a chaitheamh chomh neamhspleách sin agus is féidir. Déanann na Gardaí grinnfhiosrú ar ár n-oibrithe deonacha agus is féidir leo roinnt mhaith tascanna simplí a chur i gcrích. Muna bhfuil ar chumas na foirne againn rud áirithe a dhéanamh, beidh siad ábalta tú a chur i dteagmháil le ceardaí iontaofa nó a rá leat má tá an praghas a luaitear leat ar obair atá le déanamh cothrom. Agus cé gur ar mhaithe lenár gcuid cliant í an tseirbhís seo, baineann ár n-oibrithe deonacha an-tairbhe aisti freisin. “D’iarr Age Action orm bolgán solais a athrú do Sheila,” arsa John. “Is é an rud is éasca ar domhan é

bolgán a athrú ach nuair a labhair mé le Sheila dúirt sí liom nárbh fhéidir léi cupán tae a bheith aici nó rud ar bith le n-ithe a dhéanamh i ndiaidh a cúig a chlog le trí lá mar gheall ar an gcistin a bheith dorcha. “Léirigh sé go soiléir dom mar is féidir leis an rud is simplí amuigh a bheith ina chonstaic mura bhfuil ar do chumas é a dhéanamh tú féin. Chiallaigh sé freisin gan amhras nach raibh aon duine ann le cuairt a thabhairt ar Sheila le trí lá anuas ar a laghad, agus is údar mór bróin é sin. “Thug mé cuairt ar Sheila go mion minic ó shin. Bean álainn í agus mheabhraigh scéal an bholgáin solais dom cad chuige é, Age Action. A bheith i do chomharsa mhaith, díreach, agus jaibín beag a dhéanamh do dhuine scothaosta nuair a theastaíonn sin, is mór an difríocht a dhéanann sé.” Chun dul i dteagmháil le foireann ‘Care & Repair’ Age Action glaoigh ar 1890 369 369 nó seol ríomhphost chuig careandrepairdublin@ageaction.ie. Déantar an obair ar fad saor in aisce agus tá grinnscrúdú déanta ag na Gardaí ar gach duine dár n-oibrithe deonacha.

INTINN UILÍOCH DO MHÍ AN MHEITHIMH, 2016 Go bhfaighe daoine atá aosta, iad siúd atá ar an imeall agus iad siúd nach bhfuil éinne acu – fiú i gcathracha móra an domhain – go bhfaighe siad deiseanna teagmhála agus dlúthpháirtíochta. Foclóirín: líonra = grúpa a bhfuil baill aige in áiteanna éagsúla; a chothabháil = a choimeád in ord is in eagar; soghonta = éasca a ghortú; grinnfhiosrú = mionscagadh ar chúlra duine

Timire SUMMER 20162.indd 5

04/05/2016 11:59


Timire SUMMER 20162.indd 6

04/05/2016 11:59


7

Tony Mac Cárthaigh

AN CROÍ RÓ-NAOFA Léigh mé le déanaí an píosa beag thíos mar gheall ar Íosa agus an bhaint idir é fein agus a Athair agus muidne. “We need to see the glory of God in the face of Jesus and be assured that the God who created us loves us exorbitantly, that Jesus – the image of God – went to his death in order that the most oppressed, the most marginal, the most despised of us might live. Jesus did not live in order to die; rather, he died in order to live – in order that all of us might see a new way to live. His suffering was in order to open our eyes to the way of the cross, the way in which we all must live so that creation may flourish. The death of Jesus says to us that living in solidarity with others, even when it involves sacrifice and suffering, is the only way of life.” (A New Climate for Theology – Sallie McFague, P. 39) Cuireann an píosa sin síos go beacht ar mhisean, fís, meon agus aisling Íosa. Cuireann sé béim go spesialta ar an bpaisean, grá agus trua a thiomáin é agus a bhí taobh thiar dá chúis mhór – Ríocht Dé. ...Mar a dúirt sé ag tús a shaoil phoiblí – ‘tá an tréimhse caite agus tá ríocht Dé in acmhaireacht. Deanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal…’. Nuair a dhéanaim machnamh ar an dtideal ‘Croí Ró-naofa’ smaoiním ar an ngrá agus trua sin agus ar a aidhm chun saol níos cóire agus cirte, beatha níos daonnúla agus níos cuimsithí,

Timire SUMMER 20162.indd 7

agus domhan ina mbeadh tús áite tugtha don bhfás, bláthú agus aiséirí a chraobhscaoileadh – ceann a bheadh in oiriúint le Ríocht Dé agus toil a Athar. Is dushlán mór é bheith in do leanntóir Chríost. Chum mé an phaidir thíos tamall ó shin, bunaithe ar an bhfís atá agamsa, mar Chríostaí. Ceapaim go bhuil sé oiriúnach mo phaidir a roinnt leat agus muidne ag machnamh, an tráth seo, ar an gCroí Rónaofa. “Ag díriú ar scéal, láithreacht an spioraid Íosa, tá sé de rún agam ‘an ceart a dhéanamh, buanghrá a chothú agus siúl go humhal i bhfochair (mo) Dhé. (Mioca 6:8) ‘Sí m’intinn mo dhícheall a dhéanamh leanúint orm agus a bheith buanseasmhach i slí dhea-chroíoch, i gcaidrimh chearta, le daoine, mo chlann, ghaolta, chomhghuallaithe, chairde, phobal agus an chruinne. ‘Sí m’intinn a bheith treoraithe le creideamh san ‘oneness’ riachtannas na cruinne agus atá freastalaithe ag an éagsúlacht agus idirspleachas na réaltachta. Go raibh mé cothaithe tríd chuimhne Íosa atá ag an am céanna naofa agus treascrach agus dá bharr san ag teacht chun bheith ionam an t-athrú sin atá á lorg agam. A Íosa, a Chroí Ró-naofa, tacaigh liom glacadh le bronntanas mór do Spioraid i dtreo do bheinn go hiomlán beo agus feasach.”

04/05/2016 11:59


8

An Bráthair Éamonn Mac Lochlainn

AG DAMHSA LE hÁTHAS

“Leanaigí leis an obair”. Is dóigh gur aisteach an rud é a insint go raibh baint ag an ráiteas sin leis an gcinneadh a rinne mé roinnt blianta ina dhiaidh sin ar bheith i mo Bhráthair Críostaí. Is fearr dom an scéal a mhíniú. Is amhlaidh go raibh Bráthair dár múineadh ag an am, agus mar is dual do Bhráthair, bhí seisean, agus muidne na daltaí, ag obair go dian. Ach anois is arís, b’fhéidir uair in aghaidh na coicíosa nó mar sin, bhí nós ag Bráthair eile teacht isteach inár rang, an tríú bliain sa mheánscoil, más buan mo chuimhne. Tar éis dár múinteoir na focail thuasluaite a rá linn, thosaíodh an bheirt Bhráthair ag cognarnach lena chéile. An chéad uair ar tharla sé sin shíl mé gur cúrsaí gnó éigin a bhí á phlé acu, ach nuair a tharla sé go minic, agus go háirithe nuair a thug mé faoi deara go mbíodh an bheirt acu ag déanamh an-chuid gáire, thuig mé nach raibh i gceist ach go raibh fonn sos agus comhrá ar an mbeirt. An bheirt chara seo a raibh a mbeatha coisricthe acu do Dhia, bhí sult agus sásamh á mbaint acu as an mbeatha sin! Más nós leat breathnú ar scannáin amhail Sister Act nó fiú The Sound of Music, gan trácht ar scannáin atá frithChaitliceach, gheobhaidh tú le

Timire SUMMER 20162.indd 8

tuiscint nach ceadaithe do na fir agus na mná óga a bhíonn ag dul le sagartóireacht nó leis an mbeatha rialta aon tsórt spraoi nó spórt a bheith acu. Saol duairc, dobrónach atá ag sagairt, bráithre agus mná rialta, tuigtear dúinn. Tá breall ar na scannáin sin. Mar a deir an tAspal Pól, “is geal le Dia an té a thugann go fáilteach” (2 Cor 9:7). Cé go bhfuil féin-íobairt i gceist agus cé nach aistear neamhbhuartha é an bheatha chrábhaidh, ní hionann sin is a rá go mbeadh sé gruama nó gann ar lúcháir. An máistir/mháistreás chiallmhar i nóibhíseachlann nó i gcliarscoil, beidh a fhios aige/aici gur gá ceist a chur faoi ghairm aon duine óg nach féidir leis/ léi lúcháir an tsoiscéil a thaispeáint ina ngnáthshaol ó lá go lá. I gceann de na híomhánna is fearr liom atá ag na Proinsiasánaigh dá mbunaitheoir feictear Naomh Proinsias ag damhsa agus meangadh gáire ar a bheola. Tar éis an tsaoil nach bhfuil an abairt seo a leanas sa phaidir atá luaite le Proinsias: “Aon áit a bhfuil dobrón go mbeire mé áthas ann”. Ní cheapfá, b’fhéidir, go mbeadh damhsa le fáil i dtithe ábhar sagart nó lucht an tsaoil reiligiúnaigh, ach chaith mé seal ag obair i nóibhíseachlann in Iarthar na hAfraice agus ceann de na

04/05/2016 11:59


9

An bheirt chara seo a raibh a mbeatha coisricthe acu do Dhia, bhí sult agus sásamh á mbaint acu as an mbeatha sin!

caithimh aimsire ab fhearr leis an fir óga ansin ná bheith ag rince. Ceol Reggae is mó a thaitin leo, agus ag an deireadh seachtaine leanadh an rince cúpla uair a’chloig. Dea-scéala is brí le soiscéal, ar ndóigh, agus má ghlac tú páirt riamh in eagras ar bith a bhí ag iarraidh feabhas a chur ar an saol do dhaoine eile tuigfidh tú go mbíonn an-sásamh le fáil as an obair a bhíonn idir lámha, agus chomh maith leis sin feicfidh tú gur daoine sona soineanta atá san eagras... daoine ar mhaith leat bheith ina gcuideachta. Déanta na fírinne is dóigh go raibh an iomarca béime ar rialacha, ar aitheanta, agus ar dhlíthe san Eaglais nuair a bhí mé ag éirí suas, go háirithe i dtithe ullmhúcháin, is é sin i nóibhíseachlanna agus i gcliarscoileanna. Dá dheasca

sin rinneadh faillí sa daonnacht agus i bhforbairt fónta na ndaoine óga a chuaigh isteach sna tithe sin. Bhí an bheatha rialta ró-rialta! Tá gliondar orm a thabhairt faoi deara go bhfuil an Pápa Proinsias ag déanamh a sheacht ndícheall daonnacht a chur chun cinn san Eaglais, agus nach bhfuil fonn air daoine a dhaoradh – díreach mar a rinne Íosa fadó... “Ní dhaoraimse tú ach oiread”, ar sé leis an mbean a thug na Fairisínigh chuige lena ciontú, ar an ócáid álainn sin nuair a scríobh Íosa lena mhéar sa ghaineamh. Guímis de réir intinní an Phápa don tréimhse seo go raibh máistrí sna háiteanna sin a thugann fianaise do lucháir an tSoiscéil, agus a ullmhaíonn an t-aos óg go ciallmhar le haghaidh a n-aspalachta.

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA DO MHÍ AN MHEITHIMH, 2016 ÁBHAIR SAGAIRT AGUS NÓIBHÍSIGH: Ábhair sagairt agus fir agus mná atá ag dul isteach sa bheatha chrábhaidh – go raibh máistrí acu atá ag tabhairt fianaise do lúcháir an tsoiscéil agus a ullmhóidh go ciallmhar iad le haghaidh a n-aspalachta. Foclóirín: féin-íobairt = duine eile a chur romhat féin; fónta = stuama, maith; a dhaoradh = a fháil ciontach

Timire SUMMER 20162.indd 9

04/05/2016 11:59


10

Bernadette Nic an tSaoir

“LA SALETTE”

“Ní tharlaíonn faic riamh san áit chaillte seo!” Sin a déarfadh an taistealaí a raghadh trí shráidbhaile Corps sna hAilp thiar i 1846. Níorbh fhíor é sin ar ndóigh agus Corps suite ar an mbealach a thóg Napoleon ó Elba mí Márta na bliana 1815; ná níl sé i bhfad ó Vizille mar ar tharla Comhthionól Stát Dauphiné i 1788 agus Réabhlóid na Fraince ar cois faoin am san. Gach seans go raibh an té adúirt ar a shlí go Grenoble is gan faic ansiúd roimhe ach sráid chúng, tithe dorcha agus cuma ainnis thréigthe an tséipéil. Ba lag an tsúil a bhí aige siúd ná ag éinne eile go mbainfí clú agus cáil amach go forleathan don gceantar céanna sar i bhfad. Fear amháin a tháing anuas go Corps ó La Salette, paróiste in airde sna sléibhte, ar an 13 Meán Fómhair 1846 ná Pierre Selme. Ar thóir tréadaí a bhí sé toisc gur buaileadh breoite an leaid a bhíodh i bhfeighil na mbó. Ní raibh aige ach ceithre cinn ach níor mhór a bheith san airdeall ar eagla go dtitfidís isteach i gcumar sléibhe. Dá bhrí sin bhí sé i bponc ceart ach d’éirigh leis teacht ar Maximin Giraud, 11 bliain d’aois, a d’imigh suas maidin Luain dar gcionn go baile fearann Ablandins. Ansiúd bhuail sé don chéad uair le Melanie Mathieu, 14 bliana d’aois, a bhí i bhfeighil

Timire SUMMER 20162.indd 10

tréad Baptiste Pra. Toisc go raibh a muintir an-bhocht níor chaith sí seo riamh gnáthshaol an linbh ach í amuigh ag obair, nó ag iarraidh déirce nuair nach mbíodh obair ar fáil. Buachaill bríomhar ab ea Maximin, é ag caint is ag gáirí gan stad ach bhí Melanie ciúin. D’fhás cairdeas éigin eatarthu, áfach, toisc tailte Pra agus Selme a bheith buailte lena chéile. Go luath tráthnóna ar an Satharn 19 Meán Fómhair bhí na ba á dtiomáint acu go dtí an tobar. Melanie a bhí chun tosaigh nuair a tháinig rud mór mar chruinneog solais os a comhair amach. Ghlaoigh sí ar Maximin agus sceon ar an mbeirt acu. Bhíodar ar tí teitheadh nuair a osclaíodh an sféar; bhí bean ina suí laistigh, a ceann cromtha ar a dá láimh, an dá uillinn ar a glúine is í ag gol. D’éirigh sí agus labhair leo:“Tagaigí i leith, a leanaí, ná bíodh faitíos oraibh. Tháinig mé chun scéal nua a chur in iúl daoibh.” Bhog sí i leith chucu. Bhí gúna bán uirthi, scairf agus imeall rósanna thart fan bhfáithim; ceannbheart uirthi i bhfoirm corónach agus rósanna thart air sin leis, cros Chríost timpeall a muineál agus casúr agus pionsúr sa dá láimh. Bhí a dá láimh fhéin fillte isteach sna muinchillí. As Fraincis a labhair sí ar dtús. D’éirigh

04/05/2016 11:59


11

Bhíodar ar tí teitheadh nuair a osclaíodh an sféar; bhí bean ina suí laistigh, a ceann cromtha ar a dá láimh, an dá uillinn ar a glúine is í ag gol.

leis an mbeirt cuid éigin a thuiscint agus ina dhiaidh sin bhídís in ann cuimhneamh ar an méid sin gan stró. Ba léir nach bhféadfaidís go deo a leithéid a chumadh as a stuaim féin. Ba ghairid, áfach, gur chas an Bhean ar chanúint na háite mar a leanas: “Mura mbíonn an pobal agamsa umhal beidh orm scaoileadh le lámh láidir mo Mhic, lámh mhór throm é sin agus ní bheidh ar mo chumas é a choimeád siar níos mó. Is fada mé ag fulaingt ar bhur son go léir, ag guí gan stad nach dtréigfidh mo Mhac sibh. Ach sibhse go léir, is ró-chuma libh. Tá sé fánach anois a bheith ag guí is ag déanamh mar is cóir, ní chúiteodh sibh go deo liom an dua a chaitheas libh.” Luaigh sí ansin an dá pheaca ba mhó ba chás lena Mac: obair Dé Domhnaigh agus na carraeirí ag mallachtaigh is

Timire SUMMER 20162.indd 11

ag eascainí gan stad, fiú Ainm Naofa a Mic á chaitheamh isteach acu i lár na gáirsiúlachta. Thuigfeadh pobal na sléibhte go rí-mhaith an pionós a leagfadh Dia orthu – prátaí loite, barraí ite ag na beithígh, cruithneacht ina deannach, droch-chnónna agus fíonchaora lofa. Leanfaí den ghorta agus den bhreoiteacht ar leanaí. Mar sin féin gheall an Bhean rath agus séan orthu dá gcuirfí athrú ar mheon na ndaoine. “Má iompaíonn na daoine chun Críostaíochta, fásfaidh cruithneacht as cloch is carraig agus cuirfear na prátaí síl as a stuaim féin.” Cheistigh sí an bheirt acu: “An mbíonn sibh ag guí mar is cóir?” “Ní bhíonn ach go hannamh a Bhean Uasal,” a d’fhreagair siad go macánta. Bhí Notre Père agus Je vous salue, Marie ag Maximin ach níor ghnáthach leis iad a

04/05/2016 11:59


12 rá. Is ar éigin a bhí cur amach ag Melanie ar chreideamh; bhí Notre Père aici ach gan aon tuiscint ar na focail. Ní thaithíodh sí an séipéal ná ní raibh an Chéad Chomaoine déanta aici. Blianta ina dhiadh sin scríobh sí ‘dírbheathaisnéis’ inar chum sí cuntas ar a bheith ag maireachtaint i gcomhluadar an Linbh Íosa agus ar chúrsaí eile osnádúrtha. É sin ráite, níor chuir sí riamh aon athrú ar na focail a chuala sí ón Mhaighdean Mhuire i La Salette. Dúirt an Bhean leo paidreacha a rá maidin is tráthnóna. Cháin sí an dream nach dtéadh ar Aifreann nó a théadh d’aonghnó le bheith ag fonóid faoin gcreideamh; cháin sí freisin iad siúd “a ritheann chun an bhúistéara ar nós madraí” le linn an Charghais. Labhair sí faoi rún leis an mbeirt acu faoi seach sula ndúirt ar deireadh faoi dhó: “Anois a leanaí, caithfidh sibh an méid sin go léir a insint don phobal ar fad.” D’éalaigh sí in airde as radharc agus an solas céanna fós thart uirthi. Ar ndóigh d’inis Maximin an scéal do Pierre Selme um thráthnóna. Ní dúirt Melanie faic ach d’inis Selme do Baptiste Pra. Nuair a cheistigh sé í bhí a cuntas ar an eachtra ag teacht go hiomlán le ráiteas Maximin. Bhí gach éinne ag magadh fúthu gur labhair máthair Baptiste – “B’shin í an Mhaighdean Mhuire gan dabht ar domhan,” adúirt sí. Níorbh fhada gur scaipeadh an nuacht ar fud an réigiúin. Mar is gnách sna cúrsaí seo, d’ordaigh easpag Grenoble do shagairt na deoise gan labhairt faoi. Bunaíodh coimisiún canónach chun na tuairiscí a scrúdú go mion. Tar éis cúig bliana, ar an 19 Meán Fómhair 1851, dhearbhaigh an tEaspag Philibert de Bruillard go sollúnta

go raibh cuma na fírinne ar ghnéithe uilig na físe. Cheadaigh sé deabhóidí in onóir Mhuire La Salette agus d’fhógair go dtógfaí baisleach ann. Idir an dá linn ní raibh aon teora leis an síorcheistiú ach bhí rud amháin siúráilte ó thús deireadh. Níor chuir Maximin ná Melanie athrú dá laghad ar an gcéad chuntas. De réir a chéile fógraíodh an teachtaireacht i bhfad i gcéin. Bunaíodh Cumann Misinéirí La Salette agus cuireadh sagairt go Sasana is ar fud na hEorpa, go Meiriceá agus chuig Oirthear an domhain. Tógadh dealbha sa Róimh, san Eilbhéis, sa Spáinn, sa Bheilg, ar Oileáin an Aigéin Chiúin, san India agus san Inde-Sín. Ainmníodh séipéal agus sráid i Rio in onóir Mhuire La Salette. Cad faoi shaol na beirte? Thriail Maximin dul le sagartóireacht ach ní raibh sé i ndán dó. Tar eis tamall a chaitheamh ag faoileáil thart ar Pháras agus tréimhse sa Róimh d’fhill sé ar Corps. Is ann a cailleadh é in 1875 agus gan é ach daichead bliain d’aois. Theastaigh ó Melanie dul sna mná rialta ach arís, níor éirigh léi. Chuaigh sí isteach i gceithre ord difriúla ach níor glacadh riamh léi mar nach bhféadfadh sí géilleadh don údarás. Ar nós Maximin chuaigh sí ag taisteal agus lonnaigh ar deireadh in Altamura san Iodáil. Cailleadh ansiúd í ar an 15 Nollaig 1904 in aois a dá bhliain déag agus trí scór. D’iarr an Mhaighdean Mhuire ar an mbeirt seo an teachtaireacht a thabhairt dá pobal iomlán agus b’shin mar a tharla. B’shin soiscéal na trócaire, an mhaithiúnais, na hathghiniúna agus na naofachta. Rinne siad a ndícheall agus cuireadh an misean i gcrích.

Eolas http://lasalette.cef.fr Sanctuaire de Notre-Dame de La Salette, 38970 La Salette, France info@lasalette.cef.fr Teil: +33 (0) 4 76 30 00 11 Foclóirín: Comhthionól = ollchruinniú; cumar = gleann doimhin; cruinneog = rud ar chruth na cruinne; fáithim = imeall ar bhall éadaigh; ceannbheart = clúdach nó maisiú a chaitear ar an gceann

Timire SUMMER 20162.indd 12

04/05/2016 11:59


13

TEARMANN ÉANNA I gCONAMARA THEAS Peadar Mac an Iomaire, Cathaoirleach Thearmann Éanna Teo. (Leanann an t-údar lena thuairisc ar an gcomhlacht a chuidíonn le daoine an saol a chaitheamh go neamhspleách.) Tá ionad lae á reáchtáil ag Tearmann Éanna ar an Tuladh faoi láthair, le freastal ar aosaigh atá ag cur fúthu ag baile agus le deis a bheith acu teagmháil níos minicí lena chéile agus deiseanna aclaíochta a bheith acu. Is é ár mian san ionad seo go mbeidh na háiseanna ann don aoisghrúpa seo agus go mbeidh an lucht freastail chomh ríméadach céanna agus a bhídís ina n-óige ag freastal ar hallaí damhsa ina mbíodh céilithe, drámaí agus gníomhaíochtaí eile dóibh. Béilí ar Rotha Tá Tearmann Éanna ag soláthar béilí ar rothaí do dhaoine sa gceantar ó Sheanadh Phéistín go dtí na Forbacha. Chomh maith le bheith ag soláthar béile te, táthar freisin ag cinntiú go bhfuil deis cumarsáide ag daoine agus go bhféadfaí freastal ar aon riachtanais ins na cuairteanna a thugtar orthu. Tollán Glasraí Táthar tar éis tollán glasraí a thógáil le deis a thabhairt do na haosaigh leanúint de bheith ag cur, ag glanadh agus ag tabhairt aire do ghlasraí mar a rinne siad i rith a saoil. Tugtar cuireadh freisin do dhaltaí idirbhliana foghlaim ó na haosaigh trí scileanna curadóireachta a fháil uathu agus scileanna teicneolaíochta a roinnt leo.

Cúram na nEaslán Tá comhoibriú idir an Feidhmeannas Sláinte agus Tearmann Éanna chun cúram a chur ar fáil do dhaoine atá lonnaithe i dtithe Thearmann Éanna ó ghnáthéagaoin go dtí cúnamh siopadóireachta agus iompair. Deantar iarracht daoine a bhfuil galar Alzheimer ag priocadh leo a chur i dteagmháil le daoine atá ar chomhscileanna agus comh-spéiseanna leo chun a gcuid scileanna a chleachtadh agus a n-intinn a aclú leis an ngalar uafásach sin a mhaolú. Pobal ar Aire Tá Tearmann Éanna ag comhoibriú le Coistí Pobal ar Aire sa gceantar agus tá scéim téacs ar aire bunaithe le gairid le go mothóidh daoine atá ag cónaí leo féin i bhfad níos sábháilte ina dtithe féin. Turais Bíonn roinnt turas gach uile bhliain ag Tearmann Éanna d’aosaigh an cheantair idir dhaoine atá ag cónaí sna tithe agus dhaoine eile ó cheann ceann an cheantair. Tugtar cuairt ar áiteanna stairiúla chomh maith le lóistín cúpla oíche a chur ar fáil don lucht freastail in óstáin ó cheann ceann na tíre. ‘Sé bun agus barr obair Thearmann Éanna go bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh Conamara Theas ar an áit is fearr ar domhan le dhul in aois ann agus de réir a chéile creideann muid go láidir go bhfuil ag éirí linn an sprioc sin a bhaint amach.

Foclóirín: aclaíocht = gníomhaíocht fhisiciúil ar mhaithe leis an tsláinte; tollán glasraí = teach gloine ach díon cuarach plaisteach air

Timire SUMMER 20162.indd 13

04/05/2016 11:59


14

An tAthair Seán Mac Cumhaill

‘CINE GAN SCÉAL, SIN CINE GAN PHRÉAMH’* Bhí Dexter Condez, 26, ina urlabhraí don Boracay Ati Tribal Organization (BATO) agus ina bhall de Chumann Naomh Uinseann de Pól. Oileán beag é Boracay, Na Filipínígh, 10.32 ciliméadar cearnaithe, beagáinín níos mó ná Inis Meáin, Oileáin Árann. Ar oíche Dé hAoine, 22 Feabhra 2013, bhí sé ag cruinniú i gclochar Iníonacha na Carthanachta ag ullmhú le haghaidh Aifrinn an Domhnaigh. Agus é ag siúl abhaile le beirt bhan de Phobal Ati bhí fear dá leanúint agus nuair a bhí siad gar do Mhanoc-Manoc, an áit ina raibh a dtithe, scaoil seisean ocht n-urchar le Dexter agus mharaigh é. Is é Treibh na nAti an cine bundúchasach i mBoracay. I 2012 tugadh 2.1 heicteár i gceantar Manoc-Manoc go hoifigiúil ag an Rialtas do na hAti mar a dtalamh dhúchasach. Is ball í Boracay de Bhaile Malay atá ar mhórthír Oileáin Panay agus i gCúige Aklan. Tá Panay beagáinín níos lú ná Tuaisceart Éireann. I 1960 bhí 6,816 ina gcónaí i Malay, oileán Boracay san áireamh. Sa bhliain 2010 bhí daonra de 45,811, timpeall 28,000 daoibh i mBoracay. Is de bharr turasóireachta i mBoracay, a thosaigh tar éis 1970, an fás mór sa daonra. Agus i 2014 chuaigh beagnach 1.5 milliún

Timire SUMMER 20162.indd 14

turasóirí go dtí an t-oileán, beagnach a leath díobh ina n-eachtrannaigh. De réir shuíomh Easpag Caitliceach na nOileán Filipíneach (CBCP), tá grúpanna a deireann nach le Treibh na nAti an talamh Manoc-Manoc a haithníodh go hoifigiúil ag an Rialtas. Dúirt suíomh na nEaspag, ‘Ní bheidh síocháin do Chine Ati Boracay go dtí go mbeidh réiteach ceart faoina dtalamh dhúchasach agus go ndéantar ceartas maidir lena gceannaire a maraíodh’. Is le tosnú na turasóireachta 40 bliain ó shin a thosaigh ruaigeadh na nAti óna dtalamh dhúchasach. InÓiráid a thug Feisire Ibarra Gutierrez III ó Chúige Aklan bliain tar éis dhúnmharú Dexter labhair sé faoi chúis a bháis. Teastaíonn talamh na nAti ó lucht forbartha ar mhaith leo brabach a dhéanamh. Is minic a dhéantar bagairt ar na hAti chun an ruaig a chur orthu. Níor tugadh ómós fiú do na mairbh. Dar le ráiteas ó KASAPI, comhtháthú de phobail dhúchasacha, ‘Tógadh na mairbh óna n-uaigheanna le dóchas go ndéanfaí dearmad glan orthu ag gach Ati’. Agus chun cúrsa gailf a thógáil. Ag Aifreann i Sierra de la Cruz, An Bholaiv, an bhliain seo caite, dúirt an Pápa

04/05/2016 11:59


15

‘Ní bheidh síocháin do Chine Ati Boracay go dtí go mbeidh réiteach ar a dtalamh dhúchasach agus a gceannaire a maraíodh’ Proinsias go bhfuil cuimhne ag gach cine, cuimhne a thugann gach glúin don ghlúin ina diaidh, cuimhne a théann ar aghaidh. Rud an-tábhachtach don Phápa Proinsias is ea cuimhne an chine, cuimhne na ndaoine ar a stair mar phobal, go háirithe cuimhne an Phobail Chríostaí ar a gcuid mairtíreach, rud a labhair sé faoi sa Chóiré agus in Albain. Is minic a labhrann an Pápa Proinsias faoi ‘chultúr an chur amú’. Cuid den ‘chultúr’ sin is ea an dímheas, fiú déistean, ar bhriathar Dé: ‘Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin, ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é … Chonaic Dia gach dá ndearna sé agus féach bhí sé go sármhaith’ (Gein 1:27, 31). Agus i gcás na nAti i mBoracay agus a lán pobal eile, tá daoine ag iarraidh a gcultúr atá ársa agus beo a chaitheamh amach amhail agus ba thruflais é, amhail agus gur gan tábhacht cuimhne an chine. Agus é sa Bholaiv d’iarr an Pápa Proinsias maithiúnas ní hamháin do

pheacaí na hEaglaise i gcoinne na bPobal Bundúchasach i Meiriceá Theas ach do na coireanna go léir a rinneadh ina n-aghaidh i rith na gabhála stairiúla. Ach thug sé dóchas dóibh – agus dúinne go léir – nuair a mhol sé a n-iarrachtaí ar son chearta na ndaoine dúchasacha le meas d’iomláine na stát, rud ar thug sé ‘ídirchultúrachas’ air. Is é sin le rá go raibh sé ag tabhairt cuireadh do na pobail dhúchasacha, atá ina mionlaigh ar fud an domhain, cabhrú leis an tromlach ionas go mbeadh neart againn go léir tré chur le chéile. I Márta 2014 do gabadh garda slándála agus cuireadh dúnmharú Dexter ina leith. Ní móide ar bith é gur mharaigh sé Dexter as a stuaim féin. Ach níl nuacht ar bith faoi ó shin ina leith. Ach is cuid de scéal agus de phréamh na nAti anois scéal Dexter Condez. *‘Cine gan scéal / Sin cine gan phréamh’. Línte ó dhán le Seán E. Ó Cearbhaill. Féach Seán E. Ó Cearbhaill, Fear droichid an Rísigh le Liam Prút, FS 2015, leathanach 166.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ IÚIL, 2016 CINÍOCHA DÚCHASACHA: Na ciníocha dúchasacha a bhfuil a bhféiniúlacht agus fiú a gceart a bheith ann, faoi bhagairt, go dtugtar dóibh ómós cuí. Foclóirín: urlabhraí = duine a labhraíonn thar ceann duine eile; talamh dhúchasach = ‘ancestral domain’; ceartas = an rud ceart nó dlíthiúil; cultúr an chur amú = ‘throwaway culture’; as a stuaim féin = ina aonar

Timire SUMMER 20162.indd 15

04/05/2016 11:59


16

TIOMNACHT * Cuimhnigí le bhur dtoil ar an iris Íosánach Timire an Chroí Ró-Naofa agus tú ag réiteach d’uacht ‘ Fágaim le huacht ag an iris Íosánach, Timire an Chroí RóNaofa, an dornán airgid seo €____________ , le haghaidh na spriocanna carthanachta atá idir lámha in Éirinn ag an iris thuasluaite. Is leor adhmháil ón iris charthanachta thuas mar fhianaise go bhfuil an dornán airgid faighte agus ina seilbh aici.’

COMÓRTAS Cuirfear cóip de do rogha as na 4 leabhair seo (le lua le d’iontráil): Cá bhfuil Áibil do Dheartháir? An Tiomna Nua & Leabhar na Salm Ár Naomhoidhreacht An Bíobla do Pháistí go dtí an chéad duine a fh reagróidh an cheist seo:

Cén áit in Independent na Céadaoine atá Seachtain le fáil? Freagra ar chárta poist roimh 30 Lunasa go dtí An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2 Buaiteoir an chomórtais deireanaigh: Séamas Ó hAodha Freagra: I bhforlíonadh na ngluaisteán

Timire SUMMER 20162.indd 16

04/05/2016 11:59


Timire SUMMER 20162.indd 17

04/05/2016 11:59


18

An tSiúr Sabina Choi

OBAIR DÉ THUAS AR SHLÉIBHTE NA nAINDÉAS Is bean rialta Cholumbánach mé. Seo mo scéal: cárb as dom, conas a tharla sé gur Caitliceach agus bean rialta mé, cá bhfuil mé ag obair anois. Saolaíodh mé i ndeisceart Phoblacht na Cóiré i sráidbhaile beag darb ainm ‘Kumkang’. Tá seisear deirfiúracha agam agus is mise an duine is óige sa chlann. D’inis mo mháthair dom faoi conas a tháinig mé isteach sa saol. Ba bhuachaill an chéad leanbh a rugadh di agus fuair seisean bás ag trí bliana d’aois. I gcultúr na tíre baineann an-tábhacht le buachaill a bheith sa chlann. Bhí mo thuistí ag fanacht ar bhuachaill eile ach níor tháinig sé. Ba chailíní iad gach duine eile a rugadh agus ba mise an seachtú hiníon. Is cuimhin liom nuair ba dhéagóir mé go raibh eaglais bheag sa chéad bhaile eile. Thóg sé siúlóid uair go leith dul ann ó theach mo mhuintire. Gach aon Domhnach théadh mé ann in éineacht le beirt deirfiúracha atá anois ina mná rialta chomh maith. Ceiliúradh an Bhriathair a bhí i gceist. Ba Ghael an sagart paróiste a chónaigh sa pharóiste agus bhí go leor eaglaisí eile faoina chúram. Bhíodh sé deacair dó cuairt a thabhairt ar gach eaglais uair sa mhí toisc an fad idir bailte.

Timire SUMMER 20162.indd 18

Ní fhéadfadh muid Baisteadh a fháil toisc nach Caitlicigh mo thuistí. Bhí orainn fanacht go dtí go rabhamar cúig bliana déag d’aois. Tar éis baiste dom bhí mé gníomhach leis an liotúirge agus ag cabhrú san eaglais. Fiú nach raibh Aifreann againn gach Domhnach thagaimis le chéile chun guí agus chun éisteacht le Briathar Dé. Agus mé sa mheánscoil bhuail mé le sagart lá amháin a thug paimfléad dom faoi na Columbánaigh. Istigh ann bhí pictiúr de threibh sa Phacastáin. Chuir sé mé ag smaoineamh ar mo shaol. Chuir mé an paimfléad ar an mballa agus gach lá bhreathnaínn air agus dhearbhaigh mé go mbeinn leo lá éigin de mo shaol. Thuig mé go raibh Dia ag glaoch orm trí íomhá na treibhe sin. Inniu is Siúr mhiseanach Cholumbánach mé ach níl mé ag obair sa Phacastáin ach i bPeiriú go hard thuas sna hAindéis. Níl aon pharóiste nó aon sagart sa cheantar. Níl anseo ón eaglais ach mé féin agus Siúr Cholumbánach eile. Go hard sna sléibhte tá an saol an-ghnóthach gach lá. Tá an t-uafás oibre le déanamh ach níl mórán chun tabhairt faoi. Gach Domhnach bailíonn muintir an tsráidbhaile le chéile agus bím i gceannas ar Liotúirge an Bhriathair. Téim

04/05/2016 11:59


19

Tá cead agam féin agus mo chompánach bheith i mbun póstaí agus baistí.

ar cuairt chuig eaglaisí i sráidbhailte eile. Tá cead agam féin agus mo chompánach bheith i mbun póstaí agus baistí. Gach lá téim ar cuairt chuig bunscoileanna agus meánscoileanna chun na daltaí agus an óige a ullmhú don Bhaisteadh, don Chéad Chomaoineach agus don Chóineartú. Ar na sléibhte bíonn daoine ag cniotáil agus déanann siad a gcuid éadaí agus hataí féin. Tá caoirigh alpaca acu agus lámaí. Níl an cothú bia go maith toisc nach bhfásann mórán glasraí ar na sléibhte ach itheann na daoine prátaí gach lá. Cuirim cúram leighis agus cothaithe ar fáil do leanaí, seandaoine agus teaghlaigh nach

bhfuil go maith as. Tugaim tacaíocht do roinnt daoine atá ag lorg scileanna chun post a fháil. Déanaim mé féin agus an tSiúr Eufrasia, a oibríonn i gceantar in aice liom, freastal ar chúig is fiche pobal. Tá cuid den phobal sin scaipthe i sráidbhailte iargúlta trasna na sléibhte – níos mó ná céad sráidbhaile san iomlán. Ní féidir linn cuairt a thabhairt orthu go léir. Tá mé ag déanamh iarracht tuataí a fháil chun bheith ina gcaiticeasmóirí in áiteanna nach bhfuil aon sagart. Gach lá gabhaim buíochas le Dia as an nglaoch chun na hoibre seo agus as mo mhuintir.

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA DO MHÍ IÚIL, 2016 MEIRICEÁ THEAS AGUS AN CHAIRIB: An Eaglais i Meiriceá Theas agus i dtíortha chósta Mhuir Chairib, go gcraobhscaoile sí le nuafhuinneamh agus le díograis an soiscéal lena misean chun na mór-roinne sin. Foclóirín: treibh = grúpa daoine a bhfuil na nósanna céanna acu; alpaca, láma = ainmhithe olannacha cosúil le caoirigh a fhaightear i Meiriceá Theas

Timire SUMMER 20162.indd 19

04/05/2016 11:59


i

20

Cathal de Paor

NA CEITHRE SHUÁILCE AGUS TIONLACAN AN MHÚINTEORA NUA ISTEACH SA GHAIRM Is mó dúshlán a bhíonn le sárú ag múinteoirí nua-cháilithe agus iad ag tosnú ar an múinteoireacht don chéad uair tar éis cáiliú dóibh. Ach is mór an chabhair a thugann comhleacaithe an mhúinteora nua sa scoil, agus i gcásanna áirithe, beidh meantóir (ón bhfocal mentor sa Bhéarla) dá gcuid féin acu. Comhairleoir teagaisc (conseiller pédagogique) seachas meantóir a chabhraíonn le tionlacan isteach sa ghairm don mhúinteoir nua sa Fhrainc, mar a bheidh ár dtriall san alt seo. Is mó taighde atá déanta ar obair an chomhairleora teagaisc agus ar an meantóireacht ag saineaolaithe oideachais le tamall de bhlianta anuas. Ach an féidir léamh nua a dhéanamh ar an gcúram gairmiúil seo? É a thuiscint lasmuigh den gnáththaighde oideachais agus é a shamhlú, go bunúsach, mar ghníomh suáilceach? Leis na ceithre shuáilce mar fhráma anailíse? I Nantes na Fraince atá ár dtriall, chun an cheist seo a fhreagairt. Is ansin a chuireamar aithne ar conseiller pédagogique agus taighde san oideachas ar siúl againn san ollscoil, agus is ansin chomh maith a chonaiceamar léiriú fónta ar na ceithre shuáilce. Is i dtuama atá ar taispeáint san ardeaglais i Nantes atá an diúc deireanach den Bhriotáin, François II agus a chéile,

Timire SUMMER 20162.indd 20

Marguerite de Foix curtha. In 1488, a d’éag Francois II agus 53 bliana slánaithe aige, dhá bhliain i ndiaidh bhás a chéile. Iníon leo beirt ab ea Anne de Bretagne, agus ’sí siúd a thiomnaigh an tuama iomráiteach seo dá tuismitheoirí. Níor tháinig éinne i gcomharbacht ar Francois mar Dhiúc na Briotáine, mar is amhlaidh a chaith Anne de Bretagne a saol mar Bhanríon na Fraince, pósta le Charles VIII ar dtús, agus nuair a d’éag sé sin, Louis XII. Cuireadh deireadh ar fad le neamhspleáchas na Briotáine in 1532 agus tá an Bhriotáin mar chuid den Fhrainc ó shin. Dealbhadóir darbh ainm Michel Colombe a dhealbhaigh an tuama, agus a bhí 75 bliana d’aois nuair a thosaigh sé ar an obair. Cuireadh an tuama in áiteanna éagsúla sular fágadh istigh san ardeaglais é in 1817, mar a bhfuil sé ó shin. Bloc dronuilleogach de mharmar atá ann ina bhfuil dhá dhealbh de choirp Francois agus Marguerite agus iad sínte ar leaba, beirt aingeal os a gcionn in airde, agus leon agus cú ag bun na leapa. Maraon le maisiúcháin eile, tá dealbh mná ina seasamh ag gach ceann de na ceithre chúinne, a sheasann do cheann amháin de na suáilcí cairdineálta nó na ceithre phríomhshuáilce (les vertues cardinals). Sa saothar clúiteach, Poblacht

04/05/2016 11:59


21

An féidir léamh nua a dhéanamh ar an gcúram gairmiúil seo agus é a thuiscint mar ghníomh suáilceach?

Plato ó c. 300 BC, is túisce atá trácht ar na suáilcí cairdineálta, ar a gcasann na suailcí eile. Ní dócha gur bhain na ceithre shuáilce go speisialta le saol Francois (ní hionann sin is a rá nach raibh sé suáilceach mar sin fein), ach iarracht a bhí ann ceacht mórálta a thabhairt chun cinn sa saothar ealaíne. Tá cuntas ag Cicero (106-43 BC) ar na ceithre shuáilce chomh maith sa sainmhíniú a thugann sé ar shúailce: ‘an nós aigne atá i dtiúin le réasún agus le nádúr agus a bhfuil na ceithre chuid seo ann: críonnacht, ceart, misneach agus measarthacht’ (De Inventione). Agus is san ord céanna atá na ceithre shuáilce le fáil i saothar ó Thomas Aquinas (12251274) níos déanaí (Summa Theologiae). Cuireann na suailcí an duine ar bhóthar a leasa in aon ghné den saol, ach is ar an gcúram gairmiúil den chomhairleoir teagaisc atáimid dírithe anseo, agus ar eilimint amháin dá chleachtas: an t-agallamh iar-cheachta. Caitheann an comhairleoir teagaisc mórán dá chuid ama ag breathnóireacht ar na múinteoirí nua

Timire SUMMER 20162.indd 21

agus iad ag teagasc, agus ag cur comhairle orthu ina dhiaidh sin san agallamh iarcheachta. Tionlacan na múinteoirí nua isteach sa ghairm a thugtar ar an obair seo agus is cúram lán-aimseartha é. Níos mó ná uair amháin agus mé istigh san ardeaglais i Nantes, ag faire ar an tuama iomráiteach is í obair an chomhairleora a thainig isteach im’ cheann. Tosnóimis leis an dealbh ag ceann Marguerite de Foix agus a sheasann don Chríonnacht (Prudence sa bhFraincis). Tá compás ina láimh dheis ag an mbean seo, siombal a thugann le fios go bhfuil a hiompar féin rialaithe agus tomhaiste go maith aici. Scáthán atá ina glaic chlé agus is leis seo a chuireann sí aithne níos fearr uirthi féin agus ar a smaointe. Leis an scáthán, tá sí ábalta chomh maith féachaint thar a gualainn, i dtreo is nach ndearúdann sí an t-am atá caite. Cé go bhfuil nathar ag bun a cosa, dealraíonn sé go bhfuil an bhean ag déanamh neamhaird air. Dhá aghaidh atá ar an dealbh féin, aghaidh de bhean óg chun

04/05/2016 11:59


22 tosaigh agus aghaidh de dhuine críonna ar gcúl. Cuireann roic leicne agus féasóg fhada na haghaidhe críonna in iúl gur mór an taithí saoil agus saoithiúlacht atá aici. Feisteas simplí atá á chaitheamh ag an dealbh mná, fallaing ceangailte timpeall a muineál, agus corda mar chrios timpeall a coime. An Ceart (Justice) atá sa dara dealbh, claíomh ina láimh dheis aici, agus leabhar le meá ar an gclúdach ina lámh chlé, gnáthshiombal an Chirt. Cuma mhaorga shaibhir atá ar an mbean seo, coróin ar a ceann agus í feistithe le bláthanna, agus ornáidíocht mhín ar a héadaí tríd síos. Ag bun chosa François II atá an tríú dealbh, an Misneach (Mórálta), (Force Morale). Tá an bhean seo gléasta mar a bheadh saighdiúir, éide chatha faiseanta as miotal

fín, agus clogad catha ar a ceann. Tá sí ag breith ar nathair chun é a tharraingt amach ón gclogtheach nó túr cloiche atá ina láimh dheis. Cé go bhfuil ag éirí léi an nathair a smachtú, tá cuma phianmhar ar a haghaidh aici, a sheasann don chath inmheánach atá ar siúl inti féin. Is le teann misnigh a éiríonn léi an rogha ceart a chur i gcrích, an Maith a roghnú ar an Olc, agus an nathar a tharraingt ón gclogtheach. Ag cosa Marguerite de Foix atá an ceathrú dealbh ar a dtugtar an mheasaracht (temperance). Gléasta go simplí, tá béalbhach ina láimh dheis aici, siombal don tslí ina gcuireann sí srian ar a mianta. Tá clog sa láimh eile aici a chuireann an imeacht aimsire in iúl, rud a mhaolaíonn paisean agus dúil an duine. Leanfar den alt seo sa chéad eagrán eile

Foclóirín: suáilce = bua feabhais mhóralta; dronuilleogach = cearnóg a bhfuil an fhaid chéanna ar dhá thaobh di; marmar = cloch chrua as a ndéantar dealbha go minic; breathnóireacht = tabhairt faoi deara, súil a choinneáil ar dhuine; béalbhach = adhastar nó srian a chuirtear ar ainmhithe

Timire SUMMER 20162.indd 22

04/05/2016 11:59


23

Timire Croí na hÓige

An Fear a bhí ina Liopard Tháinig strainséir dathúil go dtí an sráidbhaile. Ní raibh focal as. Agus ní raibh focal as aon duine a bhí ag breathnú air ach an oiread ach iad á rá leo féin, ‘Meas tú? Cé hé féin? Cad as ar tháinig sé? Cén treibh lena mbaineann sé?’ Agus bhí na mná óga á rá leo féin, ‘Nach breá an fear thú, i ngach slí! Má táimse uait, is leat me!’ Bhí siad an-tógtha ar fad leis! Nach breá an fear thú i ngach slí! Ní raibh sé de cheart acu é sin a rá gan aithne a chur air ar dtús. Ar aon nós, d’imigh an fear isteach san fhoraois agus ní raibh radharc air – go dtí an mhí dár gcionn. Sea. Tháinig sé arís. Ní raibh focal as. Agus d’imigh sé arís, isteach san fhoraois. Ach bhí duine de mhná óga an bhaile bhig chomh doirte sin ann, gur lean sí é. Lean sí isteach san fhoraois é! (Tá an grá caoch is an mí-ádh siúlach)! Chuala mo dhuine ag teacht ina dhiaidh í. Chas sé timpeall. ‘Abhaile leat, a bhean óg. Abhaile leat go tapa.’ Dhiúltaigh sí bogadh. ‘Nach sa bhaile atáim anois,’ ar sise, ‘leatsa!’ ‘Beidh cathú ort!’ ar seisean leis an spéirbhean. Ba chuma léi. Lean sí é. Tar éis tamaill, stóp an t-ógfhear arís: ‘Ná lean mé!’ Lean. Shiúil siad leo riamh is choíche nó gur bhain siad crann amach agus faoi bhun an

Timire SUMMER 20162.indd 23

chrainn cad a bhí ann ach seithe liopaird. Thosaigh an fear óg ag canadh: “Breac! Breac! Is liopard mé – Ní bhím i m’fhear ach uair sa ré!” Chaith sé é féin ar an talamh ansin, chuir uime an tseithe agus rith i ndiaidh an chailín bhoicht a bhí scanraithe ina beatha! “Breac! Breac! Is liopard mé – Ní bhím i m’fhear ach uair sa ré!” Rith sí chomh tapa san Afraic agus a bhí ina cosa agus an fear a bhí ina liopard sa tóir uirthi. Sa deireadh bhain siad an abhainn mhór amach. Bhí an cailín cinnte nach mbeadh sí in ann an abhainn a chur di. Chuala sí an liopard agus é ag drantú léi. ‘Tá mo phort seinnte anois,’ ar sise léi féin. Ach bhí crann ar bhruach na habhann agus ghlac an crann trua di nuair a chonaic sé fiacla géara an liopaird. Thit an crann trasna na habhann agus ba dhroichead breá don chailín bocht é an crann céanna. Chas an liopard agus shiúil go mall ar ais isteach san fhoraois. Bhain an cailín an sráidbhaile amach slán sábháilte. Tharla sé sin fadó fadó ach má bhíonn tú riamh sa sráidbhaile sin san Afraic, cloisfidh tú na páistí agus an deilín sin acu i gcónaí: “Breac! Breac! Is liopard mé – Ní bhím i m’fhear ach uair sa ré!”

04/05/2016 11:59


24

1

2

6

3

4

5

7 8

9

10 11

14

12

13

15

crosfhocal TRASNA 1. airm na beiche [5] 3. NaCl [6] 6. silteán, uiscebhealach beag [7] 8. planda le hithe seachas toradh [6] 9. aimsir réigiúin [6] 11. barr [7] 14. nóta fá choinne cógais [6] 15. caoi, bealach le rud a dhéanamh [5]

Duais €20 le buachaint ANUAS 1. fáth[4] 2. glór [4] 3. caol, tanaí [5] 4. geal, soilseach [7] 5. diaganta, cráifeach [5] 7. éadach le rudaí a thriomú [7] 9. san áit ina bhfuil tú [5] 10. buaitear í [5] 12. c na Rómhánach [4] 13. téann sé timpeall [4]

Scríobh CROSFHOCAL ar chlúdach do litreach, agus seol freagraí, mar aon le d’ainm agus seoladh, chuig An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 30 Iúil 2016

Buaiteoir an chomórtais deireanaigh: Stella Turraoin, An Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge.

Timire SUMMER 20162.indd 24

04/05/2016 12:00


25

Cuardach Focal F X L P P I F H K A V S U N V X

S K A C Á C K G S V B I S I P U

A I E I R P O W S S D B T Á U L

O J T Á S I A R U J F H S C N E

A C H R H É Á P P A C X X A U U

P N A T S V I P R A G C S E W Q

R E N N B G Q R E O A H J L O I

J E T A Q J A R Í W I X T I P G

B T A X H I H N L V N N E É I L

K Q S C G T A T P S E G S F C J

H O A E I I Á V C V A R Z I T M

J Y O L R I T L X J M D N B A A

U Q I G T F O K B S H C Q W Y S

N O R U V A L B O Í B N A Z Z P

F Q E T O R T H A Í M U X T I Q

U A C H T A R R E O I T E E P S

An Samhradh! AISÉIRÍ AN BÍOBLA AN TRÁ BLÁTHANNA FARRAIGE FÉILEACÁIN GAINEAMH

GRIAN LAETHANTA SAOIRE OILITHREACHT PÁIRC PÁPA PROINSIAS TORTHAÍ UACHTAR REOITE Leid: na focail ag dul i ngach treo

Timire SUMMER 20162.indd 25

04/05/2016 12:00


26

Seán Ó Catháin

CAMINO I nDROICHEAD Xxxx ÁTHA – SIÚLÓID NAOMH OILIBHÉAR PLUINCÉID Do bhí Camino i nDroichéad Átha, Co Lú, ar an Satharn 29ú agus Domhnach 30ú Bealtaine 2015. Séard a bhí ann ná siúlóid agus cuairt ar sheacht séipéal difriúil sa bhaile sin i gcuimhne ar Naomh Oilibhéar Pluincéid a cuireadh chun báis go brúidiúil i Londain i 1681, ar chúiseanna bréagacha. Baill de Ridirí Naomh Colaimbín a d’eagraigh an ócáid seo. Is tráthúil é gur i 2015 leis a bhí comóradh 1400 bliain ar bhás Naomh Colaimbín i mBobbio na hIodáile. Bhí Colaimbín ar dhuine de na hoilithrigh is cáiliúla a d’imigh ó Éirinn anallód ag bunú mainistreacha ar mhór-roinn na hEorpa. Tugadh pasleabhar i dtús do gach éinne a ghlac páirt ann. Seo leabhrán néata le cur síos ann ar Naomh Olibhéar agus Naomh Colaimbín, mapa agus leathanach ann i leith gach ceann de na séipéil, le háit ann ag bun gach leathanaigh chun é a stampáil. Do bhí daoine i ngach séipéal chun cabhrú agus chun stampa a bhain leis an séipéal sin a chur ag bun an leathanaigh chuí. D’fhéadfhadh daoine tosnú ag aon am gur mhaith leo agus an tsiúlóid a dhéanamh ar a gcaothúlacht, ag tabhairt cuairt fhada nó ghearr agus briseanna a thógaint mar a d’oir dóibh féin. Thosnaigh an Camino in eaglais Mhuire Lourdes i dtuaisceart an bhaile. Tá sé

Timire SUMMER 20162.indd 26

seo taobh le hospidéal Mhuire Lourdes a bhunaigh Misinéirí Míochaine Mhuire. Thug mná rialta ón ord sin turas treoraithe do dhaoine ar an Músaem beag atá acu sa chlochar ann. Tá léiriú ann ar shaol agus shaothar an oird agus ar a bhunaitheoir clúiteach Mother Mary Martin. Ina dhiaidh sin chuamar go dtí Eaglais Pheadair de cuid Eaglais na hÉireann. Seo an foirgneamh is sine den seachtar (1752) ach tá Críostaithe ag teacht le chéile sa láthair seo on dóú haois déag. Ar aghaidh ansin linn go dtí an Eaglais Agaistíneach. Bhí Aifreann agus baiste ar siúl anseo agus atmaisféar bríomhar fáiltiúil ann. Ó sin trasna na habhann linn go dtí Eaglais Naomh Muire, lena spuaic ard chaol, agus fuinneoga áille daite istigh. Do bhí pósadh ar siúl agus sinn ann - rud a chuireann gliondar ar mo chroí i gcónaí. As sin chuamar in airde go dtí Séipéal nua-aimseartha an Teaghlaigh Naofa. Tá fuinneoga breatha daite anseo. Ina measc tá ceann den Teaghlach Naofa a dhear na leanaí scoile féin. Istigh ann tá cat dubh le feiscint agus citeal ar an sorn agus rl. Dearadh nua-aoiseach gan dabht ach a léirionn tuiscint shoiléir gur teaghlach na linne seo é an Teaghlach Naofa chomh maith.

04/05/2016 12:00


Damien Burke, Leas-Chartlannaí Chumann Íosa

27

B’eol do chách gurb eisean a réitigh an bealach d’Óglaigh na hÉireann maidir lena dtraenáil in Mungret

NA hÍOSÁNAIGH AGUS 1916

San alt seo, déanfar scrúdú ar an ról a d’imir na hÍosánaigh in Éirí Amach na Cásca agus rianófar, le cabhair ó cháipéisí de chuid Chartlann na nÍosánach, mar a ndeachaigh an tréimhse chorrach sin i bhfeidhm orthu. Sa bhliain 1916, bhí scoileanna ag na hÍosánaigh i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCill Dara agus i Luimneach agus bhí sagairt dá gcuid ag teagasc in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath. Bhí an-bhaint acu leis na misin, le cúrsaí spioradálta agus leis na Staonairí agus bhí cúpla foilseachán faoina gcúram. Tharla go raibh breis is fiche iardhalta de chuid Choláiste Belvedere, i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, rannpháirteach in Éirí Amach na Cásca. Maraíodh beirt acu, Joseph Mary Plunket agus Reginald Cleary, beirt nach raibh ar an taobh céanna. Rinne na hÍosánaigh trácht ar an Éirí Amach i dtréimhseachán a tháinig amach i Mí Aibreáin 1916. Leag siad béim ar an tionchar a d’imir an tÉirí Amach ar an gceantar máguaird. Go deimhin, d’éiligh na hÍosánaigh ‘£62 2s 3d for damage to building due to Crown forces rifle fire at Belvedere College’ – d’éiligh agus cúitíodh iad. Chuir an tAthair John Fahy SJ agus an tAthair Thomas V. Nolan SJ (Eaglais N. Proinsias Xavier, Sráid

Timire SUMMER 20162.indd 27

Ghairdinéir Uachtar) a mbeatha i mbaol ag fóirithint ar na daoine a goineadh agus ag cur bia agus bainne ar fáil do mhuintir na háite. I gColáiste Belvedere ar Mhórshráid na Danmhairge a bhí oifig An Timire an uair sin. In Eagrán an tSamhraidh 1916, ainmníodh roinnt de na ceannairí taobh istigh den leathanach tosaigh. Tá líne faoina gcuid ainmneacha agus inscríbhinn taobh leo, ‘mairfidh a ngníomhartha go brách’. Chuir na hÍosánaigh an Ghaeilge chun cinn i gColáiste Belvedere i dtús an chéid, le cabhair ó eagarthóirí An Timire, Richard Campbell, Michael McGrath agus Lambert McKenna. I mí Eanáir 1916, d’eagraigh an tAthair McGrath SJ deireadh seachtaine spioradálta i bPáirc Bhaile an Mhuilinn in éineacht le cumann Gaelach Eaglais N. Proinsias Xavier, Sráid Ghairdinéir Uachtar. Bhí dhá scór i láthair an deireadh seachtaine sin – ghlacfadh a leath acu páirt san Éirí Amach. Ba in Eaglais N. Proinsias Xavier a d’fhreastail Pádraig agus Liam Mac Piarais ar an Aifreann, Domhnach na Cásca 1916. I Scoil an Chroí Naofa i Luimneach, bhí an tAthair William Hackett SJ gafa le gluaiseacht na bPoblachtánach. Bhunaigh sé Cór Óglaigh an Chorráin sa bhliain 1915

04/05/2016 12:00


28

agus é mar rún aige ‘to train my boys to fight to be ready to fight for Ireland when their turn came’. Scoil chónaitheach do mhic léinn thuata agus d’ábhair sagairt ba ea Coláiste Mungret i gContae Luimnigh. Bhí cúigear de chuid na scoile sin rannpháirteach san Éirí Amach. Ón mbliain 1900 i leith, d’imir Athbheochan na Gaeilge an-tionchar ar éiteas Mungret. Ba é an tAthair Edward Cahill SJ a bhí taobh thiar den mheon sin, fear a bhí an-tógtha le teagasc Shinn Féin. B’eol do chách gurb eisean a réitigh an bealach d’Óglaigh na hÉireann maidir lena dtraenáil in Mungret. Bhí triúr sagart eile de chuid na nÍosánach ag cur le saothar Edward Cahill. Faoin mbliain 1917, aistríodh as Mungret an triúr sin. I ndialann ón mbliain 1916, déanann John Delaney, Íosánach de bhunú Bhaile Átha Cliath, cur síos ar an gcreach agus ar an troid agus déanann sé tagairt do na ráflaí a bhain le páirt na nÍosánach san Éirí Amach. Ina chuid nótaí dialainne dó, déanann sé iniúchadh ar na ráflaí ar fad a bhí i mbéal na cathrach ag an am. Bréagnaíonn sé a bhformhór, cé go ndeir sé go bhfaca sé eilifint á marcaíocht ag buachaill óg thíos ar na céanna, eachtra a chuir scleondar ar na daoine! Luann Delaney go raibh baint ag an Athair John F.X. O’ Brien agus James McCann leis an ola dheireanach a chur ar

Timire SUMMER 20162.indd 28

na hÓglaigh, ar na sibhialtaigh agus ar na saighdiúirí, gur tháinig an bheirt sin i gcabhair ar na daoine gonta agus gur bhailigh siad na corpáin. Chuir an tAthair Thomas Morrissey SJ dialann sin Delaney in eagar agus d’fhoilsigh Messenger Publications í sa bhliain 2015. Bhí an méid seo le rá ag an Athair Willie Doyle SJ, fear a bhí ina shéiplíneach sa Chéad Chogadh Domhanda, agus é ag trácht ar 1916: ‘I am glad I was safe in the trenches during that time, for apparently the Bosches cannot hold a candle to the Sinn Féiners’. Sagart eile, An tAthair Henry Gill SJ, dúirt: ‘We cannot think of anything else than the terrible things which have been going on in Dublin. Please god it is now over and that the authorities will use – as I am sure they will – tact in dealing with it.’ Mí ina dhiaidh sin, scríobh Gill arís: ‘I think everyone must admit, no matter what their sympathies that “England has asked for trouble” ’. Go dtí seo glacadh leis nach raibh aon rólámh ag na hÍosánaigh in Éirí Amach 1916 agus gur luigh a gcroí leis an mBreatain Thiar, leis an Rialtas Dúchais. Is léir ón gcartlann nach amhlaidh a bhí, áfach. Agus ba dhána an mhaise d’éinne scéal simplí a dhéanamh de scéal 1916.

04/05/2016 12:00


29

DÁNTA Réabhlóidí Ag Saothrú An Bháis (‘The Dying Rebel’)

Aistrithe ag Seán Mac Cumhaill 1. Shíothlaigh an gleo le coim na hoíche, Ar shráid Uí Chonaill, bhí loinnir Ré, Im sheasamh san áit ar bhásaigh laochra, Atá anois i láthair Dé. 2. Lámhachadh mo mhac i mBaile ‘Cliath, Ag troid ar son ár dtíre féin, Ar son na hÉireann amháin a throid sé, An Chláirseach, Seamróg, Glas, Bán, isÓir. 3. Le seanfhear liath, ar dtús a labhair mé, Is é ar lorg a aon-mhic féin, “Ná bí ag lorg do mhic san áit seo, Nó tá sé anocht i bPárthas Dé”. 4. Do chaoin an t-athair is é croíbhriste, Is d’éist mé leis ag rá faoi choim, “Róchineálta a bhí mo mhuirnín, Is maith a thuigeas nach ngéillfeadh sé”. 5. Le réabhlóidí, sa deireadh a chas mé, I nglór an bháis, do labhair sé liom, “Céad slán go deo, le cathair Chorcaí, Is le Cath na Saoirse, cuirim beannacht Dé”.

Timire SUMMER 20162.indd 29

04/05/2016 12:00


30

An Taistealaí

(‘The Wayfarer’ le Pádraig Mac Piarais)

Aistrithe ag Seán Mac Cumhaill Abhar buartha domh áilleacht na cruinne, Ailleacht nach buan, faraor! Preabann mo chroí le lúcháir, Tráth a fheicim iora rua ag dreapadh crainn, Nó, bóín Dé ag drithliú ar phlanda, Nó, coiníní beaga i gcuimhreann, ag súgradh, ag dul faoi na gréine: Nó, scáth na néalta ag sleamhnú thar chnochán glas, Feirmeoir cnoic ag cur síl, nó i gcion speile, In uaigneas sléibhe, gar do gheata na bhflaitheas, Nó, páistí cosnochta ina rith cois trá, Is ag súgradh ar na sráideanna, I mbailte beaga i gConnachta, Samhlaoidí lán croí is aigne. Ach cuireadh cogar i mo chluais, Rachaidh siúd uilig i léig, Ní mhaireann tada ach seal, Ag athrú, ag imeacht, is ag dul in éag, Samhlaoidí beoganta, ríméadacha, Is thug mise m’aghaidh ar an ród seo romham, Le brón is dólás croí.

Timire SUMMER 20162.indd 30

04/05/2016 12:00


31

An Mháthair

Is i ndubhlaíocht an Gheimhridh, Samhlaím fós, le cuimhne ghlé ghlinn, Mo bheirt ghasúr ina suí ag mo thaobh cois teallaigh – Teallach atá anois, tréigthe faraor!

(‘The Mother’ le Pádraig Mac Piarais)

Aistrithe ag Seán Mac Cumhaill A Thiarna Íosa, ní le doicheall a scaraim leo, Mo bheirt mhac chróga a d’éirigh amach, Iad féin agus baicle beag eile laochra, Lena neart a chaitheamh, A gcuid fola a dhoirteadh, Agus bás a fháil, chun aisling a fhíorú.

A Thiarna Íosa, nach truamhéalach, truacánta cás máthartha, A bhíos ag fulaingt le breith agus bás a clainne, Agus cé nach leasc liom ligean dóibh, Tá mé traochta, lagbhríoch, den bhrón gan staonadh; Ach, mar sin féin, is ábhar sóláis agus bróid domh á gcrógacht, Gur ghlac siad leis an dúshlán, Gur sheasaigh siad an fód, Is gur throid said an cath, Ar son saoirse na hÉireann.

Mairfidh a gclú is a gcáil, I ndilchuimhne na ndaoine, Ar feadh na nglúnta, Le bród agus ómós croí. Agus cé go gcrothnaím uaim iad in uaigneas na hoíche,

Tomhas an Timire: 184

1

2

3

4

5

6

7

8

9

10

11

Leid: Cén tír ina rugadh an Pápa Proinsias? Tá liosta focal thíos. Tóg litir as gach focal chun an freagra a fh áil. AINGEAL NAOMH AINM IONTRÁIL RÓS GARRAÍ IODÁLACH NOD TEACH ÍOBAIRT NOLLAIG DUAIS: Dearbhán €20 nó 4 leabhar a roghnú as catalóg FS ar timire.ie (ach nóta a chur chugainn le d’iontráil) Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, Foclóirín: xxx = xxx; mar aon le d’ainm agus seoladh, chuig An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 15 Iúil 2016 Tomhas 183: Freagra: NAOMH BRÍDE Buaiteoir: Orla Ní Chonghaile, Baile an Teampaill, Inis Meáin, Co. na Gaillimhe

Timire SUMMER 20162.indd 31

04/05/2016 12:00


32

IM LEABHARLANN DOM Stór na Síthe: Dánta Gaeilge Conleth Ellis Cathal Ó Háinle, eagarthóir, Coiscéim Praghas €10 Léirmheas le: Seán de Fréine Céad bliain ó shin, bhí filíocht na Gaeilge in ísle brí, í dingthe go daingean san ochtú haois déag. Go dtí lár na haoise seo caite, mhair an scéal amhlaidh. Ar éigean atá dán ar bith ón tréimhse ghortach sin is féidir a lua ó chuimhne seachas Na Coisithe le Liam Gógan agus Valparaiso le Pádraig de Brún. Corrcheann eile a d’fhéadfaí a thochailt, b’fheidir, ach is gann iad. Ba í marbhfháisc an traidisiúnachais chomh docht sin ar chuisle na cruthaíochta gur cuireadh olc ar go leor daoine, filí ina measc, nuair a tháinig Seán Ó Ríordáin le guth úr i láthair sna caogaidí. Ach bhí bearna déanta aige, agus nuair a láithrigh Máirtín Ó Direáin le téamaí nua ó cheartlár na Gaeltachta, ó Inis Mór Árann, bhí an sop séidte i gceart maidir le sacráltacht na seanmhúnlaí. Tháinig an fhilíocht úr ina caisí ansin, as tobar Innti i gCorcaigh agus as áiteanna eile nach samhlófá. Ar na háiteanna sin bhí Sráid Montgomery i mbaile Cheatharlach, mar ar saolaíodh an file Conleth Ellis in 1937. Faoi lár na seascaidí, bhí aitheantas á bhaint amach aige mar fhile cumasach i mBéarla. Ansin tháinig sé faoi thionchar na gluaiseachta nua i bhfilíocht na Gaeilge, agus léirigh sé féith na filíochta sa teanga sin chomh maith. Foilsíodh Fómhar na nGéanna leis in 1975. Sa dán den ainm céanna, deireann se, ‘Nach déanach mé

Timire SUMMER 20162.indd 32

chun m’oidhreacht a éileamh./ Éist! Seo chugam, b’fhéidir, fómhar na ngéanna.’ Bímis buíoch gur tháinig. Is iontach an stór a chuir sé ar fáil le linn tréimhse ghairid. Éacht shamhlaíochta is ea Táin, an dán fada ‘eipiciúil’ ina gcuireann sé síos ar eachtraí ceathrar ógánach ar ráig ghluaisteáin trí lár na tíre ar nós Mhéidhbhe agus Fheirdia agus iad ar ropadh leo tríd an cheantar céanna dhá mhíle bliain roimhe sin. Leabhar luachmhar údarásach is ea an cnuasach seo, ar gach dóigh. Brollach den scoth leis, ina bhfuil cur síos cuimsitheach scolártha críochnúil leis an eagarthóir ar bheatha agus ar shaothar an fhile; agus gach dán Gaeilge dár scríobh sé riamh, fad is eol dúinn, idir dhá chlúdach an leabhair. Agus raidhse nótaí lena chois. Tá ardmholadh ag dul don eagarthóir agus don fhoilsitheoir. Agus an bhliain seo, nuair atá aitheantas cuí á thabhairt faoi dheireadh do ról na mban i stair na hÉireann, is tráthúil é an glór a thugann Conleth do bhanlaoch tragóideach amháin inár litríocht: ‘A Thomáis Láidir Coisteala, mo dhubhghrá, ba bhograchán riamh thú,/ ’S ba choinneal faoi choinne an gheimhridh a leáigh agus mise ’mo chodladh thú;/ Nuair a threoraigh m’athair faoi dheireadh go dtí seomra mo bhróin thú,/ Nárbh é mo chreach mhaidine chráite nár pósadh led’ Úna Bhán thú?’ Múchadh an meon a thug dúinn an fhilíocht álainn seo in aois a chaoga haon. Suaimhneas dá anam i measc na n-éigsí.

04/05/2016 12:00


CATHAL Ó SÁNDAIR le Seán Ua Cearnaigh Agus mé ag cur caoi ar mo chuid leabhar ar na mallaibh, thug mé suntas ar leith de shaothar amháin, a foilsíodh corradh agus tríocha bliain ó shin. Bhaineas antaitneamh go deo as an leabhar nuair a léigh mé é den chéad uair. Táim díreach i ndiaidh é a léamh arís agus creid uaimse é gur leabhar álainn é. Séard is teideal dó, ná, “An Glór Glé Glinn Fadó”. Cathal Ó Sándair a scríobh. Mar is eol dúinn, is iomaí scéal deas agus aiste bhríomhar a scríobh Cathal don iris seo agus séard atá sa leabhar ná cnuasach de na scríbhinní céanna. Ba údar éachtach é Cathal Ó Sándair, corradh agus céad saothar dá chuid i gcló agus neart leabhar eile nár foilsíodh riamh, faraoir. Gan amhras ar bith, ba é an scríbhneoir Gaeilge ba bhisiúla dár rugadh riamh. Sasanach ba ea a athair agus rugadh Cathal féin sa tír sin, ach tógadh é i mBaile Átha Cliath. Ba dhuine lách, cairdiúil é gach lá riamh, fear uasal ionraic, Críostaí den scoth. In Weston-Super-Mare, Somerset, Sasana a rugadh é ar Iúil 15, 1922. B’as Dorset dá athair, iarshaighdiúir Sasanach, a thabhaigh clú mar dhornálaí. Agus Cathal fós ina naíonán, d’aistrigh an chlann go Baile Átha Cliath, cathair dhúchais a mháthar agus is ann a tháinig sé i méid. I Scoil Treasa, Ascaill Dhún Uabhair agus i Meánscoil na mBráithre Críostaí i Sráid Synge, a fuair Cathal a chuid oideachais. Ba iad na Bráithre a mhúscail spéis Chathail sa Ghaeilge. Chaith sé tréimhse i gCois Farraige, ag cur snasa ar a chuid Gaeilge agus é fós ina ghasúr. I ndiaidh dó an scoil a fhágáil, chaith sé seal beag sna Bráithre Críostaí i gColáiste Chiaráin i mBré. Ina dhiaidh sin agus an cogadh

Timire SUMMER 20162.indd 33

33

ar siúl, d’oibrigh sé sa Roinn Soláthairtí. Agus an cogadh thart, chuaigh sé isteach sa tSeirbhís Chustaim agus Máil agus seoladh é ó thuaidh go Cairlinn, Co. Lú, áit ar chuir sé aithne ar na cainteoirí dúchasacha deireannacha in Ó Méith. Scríobh sé a chéad scéal gairid i nGaeilge do “Tír na nÓg’’ (forlíonadh de chuid “Our Boys’’) agus gan ach 16 bliain slánaithe aige. In 1943, tháinig a chéad leabhar ar an margadh. B’shin, “Na Mairbh a d’Fhill’’, scéal corraitheach faoin taighdealaí iomráiteach Réics Carlo. Is iomaí leabhar eile faoin mbleachtaire céanna a foilsíodh sna blianta a lean. Chuir déagóirí na tire dúspéis in eachtraí Réics. Gan trácht ar na scéalta breátha a scríobh Cathal faoi Réamonn Óg, sirriam agus laochra an tsean-iarthair fhiáin! Scríobh Cathal leabhair eile freisin, a bhí lonnaithe in Eirinn agus a bhain le buachaillí agus cailíní a linne féin agus is iontach an tóir a bhí orthu. Is iomaí duine óg a thug gean don Ghaeilge den chéad uair riamh, de bharr scríbhinní Chathail Uí Shándair agus mairfidh a chuimhne go deo i ngeall air sin. An Gúm a d’fhoilsigh an chuid is mó ar fad de shaothar Chathail. Bhí tráth ann sna 1950í, nuair a bhíodh leabhair dá chuid á fhoilsiú gach uile mhí. Tar éis dó tréimhse a chaitheamh in 1953 ar chúrsa i gConamara do scríbhneoirí Gaeilge, d’éirigh sé as a phost sa tSeirbhís Chustaim agus Máil. Chuaigh sé le scríbhneoireacht go lán-aimseartha agus d’éirigh leis ar feadh tamaill. Bhíodh sé ag scríobh don pháipéar Gaeilge, “Inniu’’, don “Timire’’ agus go leor irisí eile, ach i ndeireadh na dála, bhí sé fágtha gan mórán teacht isteach aige agus b’éigean dó filleadh ar

04/05/2016 12:00


34

IM LEABHARLANN DOM a sheanphost in 1963. Níor caitheadh go maith leis, nó seoladh é ó áit go háit ar fud na tíre agus nuair a d’éirigh sé as obair ar ball, is pinsean laghdaithe a fuair sé. B’shin an buíochas a tugadh dó as ucht a ndearna sé don Ghaeilge agus don scríbhneoireacht. Bhí Cathal bainteach le Glúin na Buaidhe, eagras raidiceach Gaeilge, sna 1940í. Ba í an Ghaeilge an chéad chloch riamh ar a phaidrín, nó ní bheadh amhras ar éinne a léann “An Glór Glé Glinn Fadó’’ faoi sin. Bhí an-dúil aige sa dúlra, sa saol aoibhinn faoin aeir. Bhí an-spéis aige freisin sna teangacha Ceilteacha agus bhí Gaeilge na hAlban, an Bhreatnais agus Gaeilge Oileán Mhanann ar a thoil aige. Ar na leabhair a scríobh sé, is é an ceann is mó a chuaigh i bhfeidhm ormsa agus mé ag éirí aníos ná, “Bliain ón mBás”. Scéal álainn é seo, faoi scríbhneoir óg ó Bhaile Átha Cliath, nach raibh daite dó ar an saol seo ach bliain amháin, de réir a dhochtúra agus faoin gcaoi ar lonnaigh sé i gCo. Chill Mhantáin mar oibrí feirme, áit ar thit sé i ngrá agus ar fhill a shláinte ar ais chuige. Mar a dúirt mé cheana, bhíodh Cathal ag scríobh scéalta agus aistí do “An Timire’’ thar na blianta. D’eisigh Foilseacháin Ábhair Spioradálta iadsean i bhfoirm leabhair faoin teideal, “An Glór Glé Glinn Fadó’’ in 1980. Phós Cathal Máire McGeown as Co. Ard Mhacha agus bhí ceathrar clainne acu. Seán, mac amháin, chaith sé seal le R.T.É., mar thráchtaire spóirt. D’éag Cathal Ó Sándair ar 18 Feabhra, 1996. Rinne sé a chion féin ar son thír agus theanga na hÉireann. Beannacht Dé lena anam geal. Foclóirín ba bhisiúla = a scríobh an méid is mó; a thabhaigh = a thuill; taighdealaí = bleachtaire; sirriam = póilín sinsearach na mbuachaillí bó

Timire SUMMER 20162.indd 34

Going Up the Holy Mountain Treoirleabhar Spioradálta, Gary Hastings Columba Press Pragas: €14.99 Léirmheas le Máirín Hurndall Nuair a thóg mé “Going Up the Holy Mountain” le Gary Hastings, shíl mé ar dtús gur scéal na hOilithreachta in Éirinn a bheadh ann. Suimiúil go leor ann féin, d’fhéadfaí a rá, ach ní fada mé ag tiontú na leathanach gur tháining tuiscint chugam gur ár seal sa saol seo a bhí i gcéist ag Gary, mar shliabh beannaithe. Nach álainn an íomhá sin! Ar ndóigh is ar neamh atá muid treoraithe “suas”, b’fhéidir nach chuig na spéartha – níl ‘s agam – ach “suas” i gcónaí go dtí beatha níos fearr. Ach éagosúil le Cruach Phádraig nó a mhacasamhail, bíonn bacainní ann ar an bhealach suas, tá sé crua agus bíonn cuidiú de dhíth. Deasghnáthanna thart ar na stadanna ar an tslí. Mar shampla an Paidrín, ach tugann Gary i bhfad níos mó dúinn. Agus tá an Bíobla breac le coincheap an tsléibhe naofa. In Iseáia, Caibidil 2, deirtear go “Titfidh sé amach san am atá le teacht go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air os cionn na sléibhte, agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é.” Agus thagadh Iosa chuig an sliabh go minic le guí a dhéanamh. Sa dóigh sin, tig an meafar agus an dúlra le chéile i mbainis fhoirfe. Is iad na huirlisí a thugtar dúinn ag Gary chun muid a thabhairt i dtreo an chinn scríbe ná Oilithreacht, Paidreoireacht, Machnamh agus na Stadanna (Stations). Fá choinne gach sampla díobh siúd bionn sleachta ón Scrioptúr le húsáid agus b’iad is mó a chuidigh liomsa agus mé ag

04/05/2016 12:00


leanstan mhodhanna Gary. Tá an stíl ina bhfuil an leabhar scríofa ar nós leabhar féin-chuidiú go pointe. Tá sé soiléir, cuirtear cúrsaí i bhfoirm ceisteanna agus freagraí. Sa mhéad sin, tá sé thar a bheith maith. Ach, mhothaigh mé uaireanta go raibh barraíocht den fhriotal nua-aoiseach, nua-aimseartha agus béarlagair, mar shampla: “the religious devotions of our grandparents are no longer cool”, “that is a big deal” agus “for heaven’s sake”. Anuas air sin rud eile a chuir as dom beagáinín ná iliomad tagairtí do chreidimh eile – Hiondúchas mar shampla – ar chaoi a shamhlófá gur de luach comhionann a ghnásanna, cé go n-aontaím go bhfuil cleachtaithe fíor-mhaith acu. Már a déarfadh m’athair féin: “Níor fhág Dia an talamh ariamh gan fhinné”. Míníonn Gary cuid mhaith faoina dtarlaíonn ar shléibhte naofa na hÉireann agus an nasc atá ann leis an sean-fhéilire Ceilteach. Tá ár dtír lomlán de thoibreacha beannaithe, agus cairn, mar aon le cnoic. B’é an chaibidil ar Phaidreoireacht is mó a thaitnigh liom. Bainim an-úsáid as agus déanfaidh mé go deo. Tá mé iontach buíoch do Gary as na paidreacha is na sleachta scioptúir uilig a chur in aon áit amháin domsa. Pléann sé roinnt cineálacha paidreacha: (1) Comhrá le Dia; (2) Paidreacha Comhchoiteanna cosúil le “Ár nAthair”; Na Sailm – thar a bheith spéisialta – má bhíonn tú ag iarraidh maithiúnais nó leighis, mar shampla, bain triail as Salm 103 2-4: 2 Beannaigh an Tiarna, a anam liom; ná tabhair i ndíchuimhne a thíolacthaí uile. (3)

Timire SUMMER 20162.indd 35

35

Maitheann sé do chionta go léir duit; agus leigheasann sé d’easláintí uile. (4) Fuasclaíonn sé d’anam ón uaigh; (5) Idirghuí: deir Gary go dtig linn aon rud a iarraidh ach go gcaithfear cuimhniú i gcónaí nach cóir rudaí a éileamh agus tá fáth ann nach bhfaighimid mian ár gcroí go minic; (5) Lectio Divino ina mbíonn tú ag léamh sleachta agus ansin ag machmamh air agus ag labhairt le Dia faoinar tháinig chugat agus ar deireadh, scíth a fháil i Láithreacht Dé. Bhí Machnamh níos casta agus níos deacra – agamsa cibé ar bith! Tá Gary iontach tógtha do mhata! Is tábhachtach, dá réir, go ndéanfaidh tú comhaireamh nóiméad, anáil, coiscéimeanna & a lán eile. An FéinSmacht. Deir sé gurb é an toradh atá uait ná neamhaird a dhéanamh ar do chuid smaointí. Luann sé an “Jesus Prayer” nuair a thosaíonn tú gach seisiún le: “Lord Jesus Christ, have mercy on me, a sinner”. An Paidrín a tharraing a aird fosta. Cé nach gcuirtear mórán béime ar athrá in Eaglais Mhodhach s’agam, tá sé an-éifeachtach. Níor oibrigh na “mantraí” ar fad domsa, áfach. Roghnaigh mé ceann agus bhí tionchar millteanach aige ar mo chorp is m’aigne. Is léir nach bhfóireann gach cleachtadh do gach duine. Fainic thú féin air sin. B’fhearr liomsa an Machnamh Tost. D’oibrigh sé sin. Tá “Stadanna” faoi chaibidil aige fosta: na cinn thraidisiunta (an tAiséirí), Teagaisc, ach ina dteannta siúd: staidéar ar Nádúr, Siúl, agus Teagmháil le Crainn agus an Ghaoth. Tá mé ag teacht leis sin. Mar sin de, molaim go mór go mbainfidh sibh triail as an leabhar seo.

04/05/2016 12:00


36

Aogán Ó Fearghaíl, Uachtarán, Cumann Lúthchleas Gael

“TABHAIR MEAS, TUILL MEAS” Tá breis is bliain caite agam mar Uachtarán CLG ach saol fada caite agam mar bhall den eagraíocht ag gach leibhéal, ó mo chumann féin ar aghaidh tríd an Chabhán, Cúige Uladh, agus anois chuig an leibhéal náisiúnta seo i bPáirc an Chrócaigh. Is léir go bhfuil mé an-bháúil dár gcluichí agus gach rud a dhéanaimid ar son chultúr na tíre seo freisin, ach tá an meas agus an léargas agam, bunaithe ar mo thaithí phearsanta, maidir le tábhacht spóirt go ginearálta agus an tionchar dearfach a bhaineann leis i saol na ndaoine - ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud na cruinne. Seachas na buntáistí fisiciúla agus an cairdeas a théann lámh ar láimh leis, agus daoine i mbun traenála nó ag imirt, tá gnéithe dearfacha eile a éiríonn as freisin. Tugann cluichí deis do dhaoine ó thíortha agus ó chúlraí éagsúla, teacht le chéile, chun dul in iomaíocht ar pháirceanna imeartha, ach ag an am céanna, ceangal a dhéanamh idir clubanna agus tíortha éagsúla, tríd na cluichí sin. Tá feachtas ar bun againn i gCumann Lúthchleas Gael ar a dtugtar “Give Respect, Get Respect/Tabhair Meas, Tuill Meas” a théann go croílár ár gcluichí.

Timire SUMMER 20162.indd 36

Nílimid inár n-aonar ag eagrú feachtais mar seo - is rud coitianta é i ngach spórt ar fud an domhain agus taispeánann sé cé chomh dáiríre is atá na heagraíochtaí go léir, ról a ghlacadh chun tionchar dearfach a imirt ar mheon na ndaoine. Cuireann sé béim áirithe ar thábhacht rannpháirtíochta agus meallann sé tuismitheoirí chun a bpáistí a thabhairt chuig ár gcluichí. Taispeánann sé nach bhfuil gach rud bunaithe ar thorthaí na gcluichí, agus cothaíonn sé meas ar gach éinne a imríonn ár gcluichí nó atá páirteach leo - go háirithe ár n-oifigigh. Ar leibhéal domhanda, feicimid tionchar spóirt agus lúthchleasaithe chuile lá. Bíonn réaltaí spóirt ag taisteal na cruinne ag obair le heagraíochtaí cosúil le UNICEF ag spreagadh Chothrom na Féinne. Tuigeann na daoine seo an tionchar atá acu agus atá ag a spórt chun difríocht dhearfach a dhéanamh agus dóchas a thabhairt do dhaoine nach raibh na deiseanna céanna acu agus iad féin, ag fás aníos. Ní rud nua é seo. Is cuimhin linn go léir an suíomh a bhain le rugbaí agus an Afraic Theas sna seachtóidí agus ar aghaidh. Muna mbíonn na cluichí oscailte do chách, cloisfidh tú faoi agus is ceart agus

04/05/2016 12:00


37

Seachas rud ar bith eile, téann an spórt chuig croílár caidrimh idir dhaoine.

cóir é sin. Nuair a cuireadh deireadh leis an chinedheighilt, níor de thimpist é gur phioc Nelson Mandela ócáid an Chorn Domhanda chun iarracht a dhéanamh, an tír nua a tharraingt le chéile. Féach chomh láidir is a bhí an iomhá den Uachtarán nua i ngeansaí na tíre! Go háirithe nuair a smaoníonn tú nach raibh baint dá laghad aige leis an gcluiche sin go stairiúil. Ní bhaineann samplaí de thábhacht spóirt le haon chód amháin. Tá cloiste againn ar fad, na scéalta faoin gcluiche sacair a d’imir saighdiúirí ón nGearmáin agus Sasana ar Lá Nollag, i rith an Chéad Chogadh Domhanda. Seachas rud ar bith eile, téann spórt chuig croílár caidrimh idir dhaoine. Is cuma cén teanga a labhraíonn tú; pé áit as a dtagann tú, nó cén cúlra pearsanta atá agat, nuair a chuireann tú dathanna ort chun dul in iomaíocht. Is é an sport an teanga idirnáisiúnta.

Níl orainn dul thar lear i gcóir samplaí mar seo ach an oiread. Tar éis ár dtrioblóidí féin, rinne Cumann Lúthchleas Gael iarracht cuidiú leis an bPróiseas Síochána. Ba rud mór é, na cinntí a deineadh, deireadh a chur le Riail 21, a chuir cosc ar shaighdúirí na Breatainne nó baill den RUC (mar a bhí ag an am) a bheith ina mbaill de CLG agus díreach mar an gcéanna, deireadh le Riail 42, a chuir cosc ar chluichí eile a reáchtáil i bPáirc an Chrócaigh. Línte beaga inár dTreoir Oifigiúil a bhí iontu, ach ráitis mhóra iad, ag am cinniúnach … Aon rud a thugann tíortha agus ciníocha difriúla le chéile lasmuigh de dhomhan na polaitíochta - caithfidh gur rud dearfach atá ann. Táim lánchinnte go bhfeicfear an ról lárnach atá ag spórt, ag leanúint ar aghaidh ar feadh na mblianta fada atá amach romhainn.

INTINN UILÍOCH DO MHÍ LÚNASA, 2016 CLUICHÍ: Go raibh lúthchleasa agus cluichí ina ndeiseanna le haghaidh teagmhálacha cairdiúla idir na náisiúin, agus go gcuire siad le síocháin an domhain. Foclóirín: an-bháúil = taobhach leo; léargas = eolas nó radharc soiléir; tionchar = cumas do lorg a fhágáil ar rud nó ar dhuine; feachtas = tionscnamh nó beartas; meallann = spreagann; lúthchleasaithe = daoine a bhíonn ag rith, léimt, aclaíocht srl.; cinedheighilt = ag coinneáil daoine le dath difriúil craicinn, scartha óna chéile; íomhá = samhail de rud

Timire SUMMER 20162.indd 37

04/05/2016 12:00


38

Máirín O’Sullivan, Teachta Dála Neamhspleách do Bhaile Átha Cliath Láir

I LÁR AN AONAIGH Is Teachta Dála Neamhspleách mé i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath atá mar chuid de Dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir. Is áit an-éagsúil í, na míbhuntáistí sóisialta is measa le feiceáil ann maraon le léiriú suntasach ar sprid an phobail. Maidir leis na míbhuntáistí sóisialta i gceantair faoi leith ní mór cur san áireamh na rátaí arda dífhostaíochta, go mór mór, na fadhbanna a bhaineann le dífhostaíocht fhadtéarmach, lear mór de thuismí aonair, a laghad daoine a fhaigheann oideachas tríú leibhéal (in ainneoin go bhfuil feabhas tagtha ar an scéal), droch-chóir phríobhaideach ar chíos agus an iomarca daoine ann agus ina theannta sin, ní foláir na fadhbanna a bhaineann le handúil a lua freisin. Tá pobail sa dáilcheantar agus iad scriosta beagnach le handúil i ndrugaí agus in alcól. Tháinig hearóin chun cinn sna seachtóidí maraon le drugaí eile cosúil le cócaon agus le tamall beag anuas, táirgí siopaí siabhráin, cannabas an-láidir agus táibléid. An oiread sin daoine óga iontacha agus iad gafa le fadhbanna andúile. Leanann droch-thorthaí as seo ní amháin do na hógánaigh iad féin ach dá muintir agus dá bpobail. Tá an scéal i bhfad níos

Timire SUMMER 20162.indd 38

measa anois de bharr chinntí tubaisteacha an rialtais le linn an chúlaithe maidir le gearradh siar ar chaiteachas ar thograí do dhaoine óga, ar eagraíochtaí pobail agus ar sheirbhísí andúile. Ach ní mór a aithint in ainneoin an chrá is an bhróin seo, is iontach an sprid agus an comhoibriú atá ann i measc an phobail. Is ceantar an-stairiúil, leithleach é i mBaile Átha Cliath agus an t-ádh orm gur rugadh mé ann, go bhfuil mé fos i mo chónaí ann agus ó 2009 i leith go bhfuil mé i m’ionadaí ar Bhaile Átha Cliath Láir i nDáil Éireann. Le linn mo thréimshe i nDáil Éireann tá mo chuid oibre dírithe ar leas an phobail agus cosúil le mo réamhtheachtaí Tony Gregory, nach maireann, bíonn treoir ar fáil agam i gcónaí ó phrionsabail a bhaineann le comhionannas, ceart agus cóir. Feicim an méadú ar éagothroime. Deir daoine áirithe go mbeidh ár n-éagothroime ioncaim ar aon leibhéal leis na Stáit Aontaithe go luath. Is léir in an-chuid áiteanna sa dáilcheantar go bhfuil an-éagothroime ioncaim ann agus méadú ar an mbearna idir na ceantair bhochta agus shaibhre. Agus mé i mo bhall de Dháil Éireann d’éiligh mé go mbeadh an Cháinaisnéis

04/05/2016 12:00


39

Le linn mo thréimshe i nDáil Éireann tá mo chuid oibre dírithe ar leas an phobail agus cosúil le mo réamhtheachtaí Tony Gregory nach maireann bíonn treoir ar fáil agam i gcónaí ó phrionsabail a bhaineann le comhionannas, ceart agus cóir.

seasmhach i leith éagothroime ionas go mbeadh saol níos fearr ag daoine atá bocht nó i mbaol an bhochtanais. Táim gníomhach i bhfeachtais a éiIíonn ráta cáin chorparáide éifeachtach agus beartais a chuirfeadh deireadh le seachaint cánach, le himghabháil chánach agus le lúba ar lár sa chóras cánach – nithe go léir a chothaíonn éagothroime. Cé go bhfuil meas orainn go hidirnáisiúnta maidir lenár seasamh i leith cearta daonna agus daonnúla níl comhleanúnachas ann inár gcuid polasaithe toisc gur shínigh muid conarthaí cánach an-teoranta le tíortha atá i mbéal forbartha a chuireann srian lena gcuid cumachtaí cánacha, cánacha atá riachtanach do chúrsaí oideachais agus

sláinte. Bhí bliain agus sé mhí agam sa 30ú Dáil, cúig bliana sa 31ú Dáil agus anois táim ag tosnú ar théarma sa 32ú Dáil. Taispeánann torthaí an olltoghcháin i mí Feabhra nach féidir cloí a thuilleadh leis na sean-mhúnlaí. Tá súil agam go mbeidh Dáil Éireann níos éifeachtaí agus níos tábhachtaí as seo amach, go mbeidh na toghthóirí bródúil aisti in ionad a bheith ar buile, díomách agus míshásta. Táthar ag súil len i bhfad níos mó asainn. Ba chóir dúinn bheith misniúil agus obair ar mhalairt slí is é sin obair as láimh a chéile trí chomhaontú agus chomhréiteach seachas a bheith ag troid linn féin díreach mar a oibríonn na pobail éagsúla i mBaile Átha Cliath Láir.

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA DO MHÍ LÚNASA, 2016: Go maire Críostaithe de réir an tsoiscéil, ag tabhairt fianaise don chreideamh, don ionracas agus do ghrá don chomharsa. Foclóirín: hearóin = heroin; seachaint cánach = tax avoidance; lúba ar lár sa chóras cánach = tax loopholes; comhleanúnachas = consistency; siopaí siabhráin = ‘head-shops’

Timire SUMMER 20162.indd 39

04/05/2016 12:00


40

TORTHAÍ GHLÓR NA nGAEL Liosta Buaiteoirí Ghlór na nGael

Duais Ógrais: €700 Ógras, Biorra le Gaeilge, Co Uíbh Fhailí Duais an Fháinne: Dearbhán €1,000 & Bonn Cré-Umha Urraithe ag Gael Linn Turas – Misean Bhéal Feirste Thoir, East Belfast Mission Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall: €1,000 & Bonn Airgid Coiste Pleanála Teanga Leithinis Shliabh Liag, Co. Dhún na nGall Duais Chomhairle Contae na Gaillimhe: €1,500 & Bonn Óir Forbairt Chonamara Láir, Co na Gaillimhe Duais Chló Iar-Chonnacht: Dearbhán €1,000 Glór Locha Riach, Co. na Gaillimhe Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta: £1,500 stg Croí Éanna, Béal Feirste Duais COGG: €2,000 & Bonn Airgid Conradh na Gaeilge, an tAonach Duais an Fhorais Patrúntachta: €1,000 Gael-Taca, Corcaigh Duais Údarás Craolacháin na hÉireann: Stáisiún Tráchtála: Highland Radio €1,500 Stáisiún Pobail: Cork City Community Radio €1,500 Duais Chonradh na Gaeilge: €1,000 Club na Sionna, Co. an Chláir

Timire SUMMER 20162.indd 40

Duais Chothaithe Gaeilge sa Teaghlach: €1,000 Craobh na Bóinne Duais Chothaithe Gaeilge sa Teaghlach: €1,000 & Bonn Óir Glór na Móna, Béal Feirste An Iontráil Nua is fearr: €1,500 Pobal ar A’n Iúl, Co. Thír Eoghain Duais Choiste Deonach, Chúige Uladh: €1,500 Ionad na Fuiseoige, Béal Feirste Duais Chúige Connacht: €1,500 & Bonn Cré-Umha: Glór Chluainín, Cluainín Uí Ruairc, Co. Liatroma Duais Chúige Mumhan: €1,500 Cill na Martra, Gaeltacht Mhúscraí Duais Chúige Laighean: €1,500 Gaeil Chill Dara Duais Aitheantais: €1,000 & Bonn Óir Muintir Chrónáin, Baile Átha Cliath Gradam Ghlór na nGael Kíla Comórtas na gCumann Gaelacha sna Coláistí Tríú Leibhéal urraithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna: An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide 1ú Duais - €2,000 An Cumann Gaelach, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath 2ú Duais - €1,500

04/05/2016 12:00


41

Cumann Gaelach Choláiste na Trionóide Cultúrlann Uí Chanáin - Buaiteoirí 2015

Cuallacht Cholmcille, Ollscoil na hÉirean, Mhá Nuad 3ú Duais - €1,000 An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh Duais Aitheantas na Moltóirí €1000 An Cumann Drámaíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh: Duais don iontráil nua is fearr - €500 An Cumann Gaelach, Coláiste Mhuire, Béal Feirste Duais Tras-teorainn - €1,000 An Cumann Gaelach, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste Duais Athmhuintearais €1,000 Comórtas na nGael i gcomhpháirt leis an gCumann Lúthchleas Gael Duais na Gaeltachta, €1,000 Cumann Caide na Gaeltachta, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí Duais Laighean, €1,000 Na Fianna, Glas Naíon, Baile Átha Cliath Duais Uladh, €1,000 Na Sáirséalaigh, Cill Laobháin, Co. Mhuineacháin Duais Mumhan Baile an Easpaig, Co. Chorcaí Duais Chonnacht, €1,000 Na Mistéalaigh, Caisleán a’ Bharra, Co. Mhaigh Eo An Duais Náisiúnta, €2,000 Na Gaeil Óga, Baile Átha Cliath

Timire SUMMER 20162.indd 41

An Comórtas Náisiúnta Rannóg na Gaeltachta (Urraithe ag Údarás na Gaeltachta) 3ú áit, €3,000 & Bonn Óir Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Dún na nGall 2ú áit, €4,000 & Bonn Óir Cumann Forbartha Chois Fharraige, Co na Gaillimhe 1ú áit, €5,000 & Bonn Óir Comhlacht Forbartha na nDéise, Port Láirge Rannóg le daonra faoi bhun 10,000 3ú áit, €3,000 & Bonn Óir Glór Locha Riach, Co. na Gaillimhe 2ú áit, €4,000 & Bonn Óir Glór Uachtar Tíre, Co. an Dúin 1ú áit, €5,000 & Bonn Óir Glór Charn Tóchair, Machaire Rátha, Co Dhoire Rannóg le daonra os cionn 10,000 3ú áit, €3,000 & Bonn Óir Gaeil Chill Dara, Cill Dara 2ú áit, €4,000 & Bonn Óir Cairde Teo, Ard Mhacha 1ú áit, €5,000 Cultúrlann Uí Chanáin, Doire Gearrliosta don Chéad Áit Náisiúnta, €20,000 (urraithe ag An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta) & Trófaí Fhoras na Gaeilge Cultúrlann Uí Chanáin, Doire

04/05/2016 12:01


42

Dónall Ó Cnáimhsí

PÁIRC NÁISIÚNTA GHLEANN BHEATHA Tá Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha suite i gcroílár shléibhte Dhoire Bheatha, i gContae Dhún na nGall. Tá sí ar cheann de na sé pháirc náisiúnta atá aitheanta in Éirinn faoi láthair. Is í an tSeirbhís Pháirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a ghníonn na páirceanna a bhainistiú mar limistéir chaomhnaithe agus mar ionaid choitianta turasóireachta. Tháinig cor sa chinniúint sa bhliain 1857, cor a scrios an suaimhneas agus a sheol an gleann seo ar shlí eile ar fad. Sa bhliain sin tháinig strainséir go dtí an ceantar, strainséir saibhir darbh ainm John George Adair as Baile an Bhriotaigh, Contae na Banríona, tháinig sé aneas ag lorg gabháltas le heastát sealgaireachta a bhunú. In achar gearr ama bhí sé uilig ina sheilbh. Thóg Adair teach breá feirme sa ghleann in aice Eas Teilín agus chuaigh James Murray, stíobhard eastáit as Albain agus a bhean a chónaí ann. Chuir sé tréad mór de chaoirigh bhrocacha ar na sléibhte agus aoirí ón taobh amuigh le súil a choinneáil orthu. Chruthaigh seo cuid mhór achrainn leis na tionóntaí áitiúla. Thóg sé stáisiún péas ar bhruach Abhainn an Choradh le panc, chun

Timire SUMMER 20162.indd 42

ainmhithe fánacha a ghabháil agus fíneáil a ghearradh ar na húinéirí. Tháinig cor eile sa scéal i 1860 nuair a rinneadh James Murray a fheallmharú os cionn Ghleann Leice. Cé nach raibh na péas in ann cúis a chur in aghaidh aon duine faoi leith, chuir Adair féin an locht ar na tionóntaí a bhí ina gcónaí ar an taobh eile den tsliabh i nDoire Bheatha. Shocraigh sé feidhm a bhaint as seandlí ársa ó ré na Normannach, dlí a mhaígh go dtiocfadh an pobal ar fad a dhaoradh mura dtiocfadh aon duine faoi leith a ainmniú sa chúis. Ar maidin an 11ú Aibreán 1861, dhúisigh muintir Dhoire Bheatha agus fothram scanrúil ag teacht aníos Gleann Domhain ina dtreo. Amach as ceo na maidine tháinig buíon de 200 saighdiúirí agus péas ag tionlacan baicle d’fhir as Tír Eoghain agus cró-iarainn á n-iompar acu. Caithfidh gur bhain an scréachach agus an screadach macalla as na cnoic máguaird, mar nár stad an drong mhallaithe seo den scrios agus den díothú ar feadh trí lá go raibh dhá scór teach leagtha agus 250 duine caite amach ar thaobh an bhealaigh agus gur fágadh iomlán dearóil iad. Ní raibh an dara rogha ag an mhórchuid acu ach aghaidh a thabhairt ar

04/05/2016 12:01


theach na mbocht i Leitir Ceanainn. Chuir an eachtra scannalach seo ainm John George Adair i measc na ndiabhal uilig in ifreann do lucht na háite, ach níor chuir sí aon stad ar a chuid pleananna eastát príobháideach a bhunú. Thóg sé caisleán i lár an ghleanna idir na blianta 1867 agus 1872. Phlandáil sé crainn phéine agus thóg sé sconsa sé troithe ar airde agus 23 mhíle ar fad timpeall an eastáit ar fad agus thug sé isteach an fia rua as Albain. Cibé lochtanna a bhí ar Adair, ní raibh aon easpa muiníne ná easpa mianta air, mar go dtug sé a aghaidh ar Mheirceá ansin agus bhunaigh comhlacht bróicéireachta in Colorado. Bhunaigh sé

43

Ar maidin an 11ú Aibreán 1861, dhúisigh muintir Dhoire Bheatha agus fothram scanrúil ag teacht aníos Gleann Domhain ina dtreo. Amach as ceo na maidine tháinig buíon de 200 saighdiúirí agus péas

ansin ceann de na rainsí ba mhó in Texas ag an am. Bhuail sé le Cornelia Wadsworth Ritchie, baintreach shaibhir as Nua Eabhrac, le linn na tréimhse seo, agus pósadh iad. Fuair John Adair bás go tobann in St. Louis san bhliain 1885 ag aois 62, agus rinneadh é a adhlacadh in aice a bhaile dúchais i mBaile an Bhriotaigh, Contae Laoise inniu. Chaith a bhean Cornelia cuid mhór ama i nGleann Bheatha ina dhiaidh seo mar gur dódh an teach mór i gContae Laoise. Bhí meas agus cion ag muintir an cheantair uirthise agus i 1911 thóg sí leacht cuimhneacháin ag Leac na Cumha dóibh sin a díshealbhaíodh leathchéad bliain roimhe sin.

Foclóirín: a ghníonn = a dhéanann; sruthaireacht ­­= fánaíocht; eadarbhuasú = gluaiseacht san aer gan na heiteoga a bhogadh; sceitheadh = uibheacha a bhreith agus a thoirchiú; cor sa chinniúint = athrú mór nach rabhthas ag súil leis; caoirigh bhrocacha = caoirigh a bhfuil aghaidh dhubh orthu; panc = clais, trínse; beartas aindréimeach = plean atá thar fóir

Timire SUMMER 20162.indd 43

04/05/2016 12:01


44

AN DÚISEACHT SA GHEARRSCANNÁN ‘THE PRESENT’

Léirmheas le hAileen Mhic an Chionna Dáta eisiúna: Aibreán, 2014 Stiúrthóir: Jacob Frey Fad reatha: 4 nóim. 19 soic. Sa ghearrscannán seo insítear scéal dúinn faoi bhuachaill atá báite i ndomhan na teicneolaíochta. Is fearr leis a chuid ama a chaitheamh taobh istigh ag imirt le físchluichí, ná suim a chur sa saol i láthair atá ag fanacht air ag leac an dorais. Ar an lá áirithe seo beartaíonn a mháthair bronntanas gan choinne a thabhairt dó. Dá bharr, bíonn sé deacair air díriú i gceart ar a chluiche. Seo nasc don ghearrscannán ar an idirlín: https://vimeo. com/152985022 Cé go mbaineann an scéal geit as an mbreathnóir, ag an am céanna is scéal croíúil é lán le mothúcháin a théann i bhfeidhm orainn nuair a thagann an casadh sa deireadh. Tá ‘The Present’ bunaithe ar stiallghreannán ó Fabio Coala, scéalaí cumasach ón mBrasaíl. http://www.viralnova.com/ touching-dog-comic/ Is é an bronntanas atá sa bhosca ón mháthair ná madra le trí chos. In ionad grá agus gean a thaispeáint don choileán, tá an buachaill trína chéile leis an bpeata nua agus ní thugann sé aon aird air. Is féidir a thuiscint go mbíonn

Timire SUMMER 20162.indd 44

déistin orainn mar lucht féachana, sa tslí a chaitheann an buachaill leis an madra a bhfuil cos in easnamh air. Ní fada áfach go bhfaighimid amach cad is cúis le drochiompar an bhuachalla. Tá sé éasca bá a bheith againn leis na carachtair sa scannán. Go tapaidh ceanglaímid muid féin leis an máthair atá gealgháireach agus lán le fuinneamh. Titimid i ngrá leis an madra óg lán de mhioscais a bhaineann an-taitneamh as an saol in ainneoin a mhíchumais. Ag an am céanna tugaimid breithiúnas ar an mac mar theallaire leisciúil atá ró-thógtha le cluichí ríomhaire agus leis féin chun aon am a thabhairt don choileán a fuair sé mar bhronntanas. (Nó b’fhéidir go bhfuilim féin ró-ghoilliúnach ag smaoineamh ar na hamanta nach nglactar le mo mhac a bhfuil Siondróm Down air ...) Ar aon chaoi spreagann ‘The Present’ an guth breithiúnais ionainn. Agus nach muidne atá ró-ghasta chun ár n-aigne a dhéanamh suas sula bhfeicimid na maidí croise atá ag an mbuachaill? Ag an deireadh tagann an casadh i slí nach mbíonn aon súil againn leis. Is ceacht dúinn é machnamh a dhéanamh ar dhearcaí atá réamhchlaonta, ag glacadh leis nach mbíonn an scéal iomlán againn i gcónaí. Cinnte gur

04/05/2016 12:01


45

Scannáin

scéal cumhachtach faoi chairdeas, grá, comhbhá atá sa bheochan 3T seo. Taobh istigh de chúig nóiméad athraíonn ár ndearcadh. Éiríonn leis an stiúrthóir an ceamara a chasadh timpeall i mbealach go dtugaimid suntas don scéal. Cuireann sé i gcuimhne dúinn an chumhacht a bhaineann le tabhairt. Léiríonn sé dúinn i níos lú ná cúig nóiméad conas gur féidir le bronntanas simplí dóchas a thabhairt agus muid i ngleic le deacrachtaí an tsaoil. Ná déanamis dearmad ar an dá bhrí atá ag an teideal ‘The Present’ (an t-am i láthair; bronntanas) i mBéarla nuair a théann an bheirt chairde nua amach faoin ngrian chun taitneamh a bhaint as bheith i láthair a chéile. Is íomhá shuntasach í freisin an staighre sa scannán. D’fhéadfaí Dia ionchollaithe a shamhlú i bhfoirm na máthar a fhágann bronntanas ar an mbord dúinn gan aon mhíniú, agus a théann suas an staighre (ar ais ar Neamh)! *** Ag an am seo den bhliain agus muid ag díriú ar bhuanna an Spioraid Naoimh, aithnímid gur bronntanais dúinn iad ar fad. Níl siad faoi cheilt orainn. Tá Dia ag iarraidh go n-aimseoimid iad, fiú mura dtagann treoracha faoi conas dul i ngleic leo! “Agus deirim libh, iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh. Óir gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.” An Soiscéal Naofa de Réir Lúcáis Ina leabhar

Timire SUMMER 20162.indd 45

Finding God in all Things (Messenger Publications, 1988) molann Brian Grogan SJ ceacht machnaimh ina mbíonn Íosa ag féachaint ar ár saol linn agus ar cé chomh sárbhuach is atá muid. Dírímid ar dtús le chéile ar na buanna a thugtar dúinn go pearsanta: ár saol a bhí in intinn Dé sula raibh aon saol ann. Ansin déanaimid machnamh ar ár gcuid tréithe, buanna, scileanna, ár n-intleacht agus maitheas inár gcroíthe. Léiríonn Íosa dúinn gur bronntanas muid féin do dhaoine eile, trí chabhair agus grásta ó dhaoine maithe atá dár dtionlacan: tuistí, clann, cairde, daoine cabhracha a thugann fiúntas agus luach dár saol. Táimid líonta le buanna, agus ní stopann sé ansin – táimid ar an saol seo de bharr ghrá Dé, a bhíonn de dhíth chun faire amach dúinn. Nár thaispeáin Dia a ghrá dúinn tríd an Ionchollú agus bás Íosa ar an gcrois ionas go mbeadh beatha shíoraí againn leis? Bíonn Íosa linn i gcónaí mar threoraí sa saol, chun cuidiú linn teacht ar Dhia agus chun titim i ngrá leis níos mó agus níos mó. Is féidir teacht ar Dhia ionainn féin, i ndaoine eile agus i ngach rud timpeall orainn. Go minic ní thógann sé ach céim amháin chun cairdeas buan a thosnú. Ní gá ach a bheith oscailte dó mar a chonaiceamar sa scannán. A Thiarna, a Íosa Críost, i mBliain Iubhaile na Trócaire dúisigh an mian ionainn bheith mar bhronntanas do dhaoine eile, agus toilteanach a bheith i láthair dóibh. “Mercy is the willingness to enter into the chaos of another.” James F. Kennan SJ

04/05/2016 12:01


Saor gach Céadaoin leis an

Timire SUMMER 20162.indd 46

04/05/2016 12:01


47

CÍSTE LÍOMÓIDE CEOBHRÁNACH* Le Síle Ní Chearbhaill

Is minic a bhuailim le cairde le haghaidh cupán tae agus is minic mar sin a bhíonn cinneadh deacair le déanamh agam idir císte líomóide agus císte seacláide! Taitníonn císte seacláide go mór liom ach uaireanta bíonn sé an-trom agus an-mhilis, ach go háirithe don am seo den bhliain. Tá traidisiún nua tosaithe ag mo chairde le sé mhí anuas - club císte. Buailimid le chéile uair sa mhí, ólaimid tae, ithimid císte agus déanaimid go leor cainte ar ndóigh. Bhuaileamar le chéile i mo theach an mhí seo caite agus rinne mé an císte seo agus thaitin sé go mór leis na cailíní. Tá sé éasca le déanamh agus níos tábhachtaí fós an-éasca le riaradh ach go háirithe nuair atá grúpa cuairteoirí agat. COMHÁBHAIR: 225g im 225g siúcra mionaithe 275g plúr féinardaithe 1 ½ tsp púdar bácála 4 ubh Sú líomóid amháin Craiceann 2 líomóid Beagán bainne (más gá) REOÁN: 300g siúcra reoáin Sú 2 líomóid Craiceann líomóid amháin Breis uisce fiuchta más gá MODH: 1. Líneáil stán bácála 12 x 9 orlach le pár bácála. 2. Réamhthéigh an t-oigheann go 160c/ gasmharc 3. 3. Uachtaraigh an siúcra agus an t-im le chéile i mbabhla go dtí go mbíonn an meascán éadrom agus clúmhach. 4. Cuir ubh leis, beagán ag an am, agus buail go maith. 5. Measc isteach an plúr go dtí go mbíonn sé measctha go maith. Ná bí buartha

Timire SUMMER 20162.indd 47

faoi aer a bhualadh isteach sa chíste seo toisc go bhfuil plúr féinardaithe agus púdar bácala ann. Beidh sé éadrom ar aon nós. 6. Cuir leis an sú agus craiceann líomóide. Ba cheart go dtitfeadh sé den spúnóg go héasca ach má tá sé ró-thirim cuir beagán bainne leis. 7. Doirt isteach sa stán ullmhaithe agus bácáil ar feadh 35 nóiméad é go dtí go mbíonn sé ag teacht ó imeall an stáin. 8. Fuaraigh sa stán é ar feadh 10 nóiméad agus ansin iompaigh amach ar thráidire sreinge é. 9. Reoán: Criathraigh an siúcra reoáin agus cuir leis an sú líomóide agus craiceann líomóide de réir a chéile. Ba cheart go mbeadh an reoán tiubh go leor chun greamú ar chúl spúnóige ach leachtach go leor le scaipeadh. Ní gá an sú ar fad a úsáid. Más gá, cuir uisce fiuchta leis. 10. Déan an reoán a leathadh ar bharr an chíste fhuaraithe. Lig dó téachtadh. Ansin gearr an císte i gcearnóga beaga. *ceobhrán = drizzle

04/05/2016 12:01


Meitheamh

Dlúthpháirtíocht Dhaonna Go bhfaighe daoine atá aosta, iad siúd atá ar an imeall agus iad siúd nach bhfuil éinne acu – fi ú i gcathracha móra an domhain – go bhfaighe siad deiseanna teagmhála agus dlúthpháirtíochta.

Iúil

Ciníocha Dúchasacha Na ciníocha dúchasacha a bhfuil bagairt ar a bhféiniúlacht agus ar a gceart chun a bheith ann, go fi ú, go dtugtar dóibh ómós cuí.

Lúnasa

Cluichí Go raibh lúthchleasa agus cluichí ina ndeiseanna le haghaidh teagmhálacha cairdiúla idir na náisiúin agus go gcuire siad le síocháin an domhain.

Meán Fómhair

Lárnacht an Duine Daonna Go gcuire gach aon duine le leas an phobail agus le tógáil sochaí a thugann áit lárnach ann don duine daonna.

Timire an Chroí Ró-naofa

Timire SUMMER 20162.indd 48

04/05/2016 12:01


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.