7 minute read
“La Salette” Bernadette Nic an tSaoir
Bernadette Nic an tSaoir “LA SALETTE”
“Ní tharlaíonn faic riamh san áit chaillte seo!” Sin a déarfadh an taistealaí a raghadh trí shráidbhaile Corps sna hAilp thiar i 1846. Níorbh fh íor é sin ar ndóigh agus Corps suite ar an mbealach a thóg Napoleon ó Elba mí Márta na bliana 1815; ná níl sé i bhfad ó Vizille mar ar tharla Comhthionól Stát Dauphiné i 1788 agus Réabhlóid na Fraince ar cois faoin am san. Gach seans go raibh an té adúirt ar a shlí go Grenoble is gan faic ansiúd roimhe ach sráid chúng, tithe dorcha agus cuma ainnis thréigthe an tséipéil. Ba lag an tsúil a bhí aige siúd ná ag éinne eile go mbainfí clú agus cáil amach go forleathan don gceantar céanna sar i bhfad.
Fear amháin a tháing anuas go Corps ó La Salette, paróiste in airde sna sléibhte, ar an 13 Meán Fómhair 1846 ná Pierre Selme. Ar thóir tréadaí a bhí sé toisc gur buaileadh breoite an leaid a bhíodh i bhfeighil na mbó. Ní raibh aige ach ceithre cinn ach níor mhór a bheith san airdeall ar eagla go dtitfi dís isteach i gcumar sléibhe. Dá bhrí sin bhí sé i bponc ceart ach d’éirigh leis teacht ar Maximin Giraud, 11 bliain d’aois, a d’imigh suas maidin Luain dar gcionn go baile fearann Ablandins. Ansiúd bhuail sé don chéad uair le Melanie Mathieu, 14 bliana d’aois, a bhí i bhfeighil tréad Baptiste Pra. Toisc go raibh a muintir an-bhocht níor chaith sí seo riamh gnáthshaol an linbh ach í amuigh ag obair, nó ag iarraidh déirce nuair nach mbíodh obair ar fáil.
Buachaill bríomhar ab ea Maximin, é ag caint is ag gáirí gan stad ach bhí Melanie ciúin. D’fh ás cairdeas éigin eatarthu, áfach, toisc tailte Pra agus Selme a bheith buailte lena chéile. Go luath tráthnóna ar an Satharn 19 Meán Fómhair bhí na ba á dtiomáint acu go dtí an tobar. Melanie a bhí chun tosaigh nuair a tháinig rud mór mar chruinneog solais os a comhair amach. Ghlaoigh sí ar Maximin agus sceon ar an mbeirt acu. Bhíodar ar tí teitheadh nuair a osclaíodh an sféar; bhí bean ina suí laistigh, a ceann cromtha ar a dá láimh, an dá uillinn ar a glúine is í ag gol. D’éirigh sí agus labhair leo:“Tagaigí i leith, a leanaí, ná bíodh faitíos oraibh. Tháinig mé chun scéal nua a chur in iúl daoibh.” Bhog sí i leith chucu. Bhí gúna bán uirthi, scairf agus imeall rósanna thart fan bhfáithim; ceannbheart uirthi i bhfoirm corónach agus rósanna thart air sin leis, cros Chríost timpeall a muineál agus casúr agus pionsúr sa dá láimh. Bhí a dá láimh fh éin fi llte isteach sna muinchillí.
As Fraincis a labhair sí ar dtús. D’éirigh
leis an mbeirt cuid éigin a thuiscint agus ina dhiaidh sin bhídís in ann cuimhneamh ar an méid sin gan stró. Ba léir nach bhféadfaidís go deo a leithéid a chumadh as a stuaim féin. Ba ghairid, áfach, gur chas an Bhean ar chanúint na háite mar a leanas:
“Mura mbíonn an pobal agamsa umhal beidh orm scaoileadh le lámh láidir mo Mhic, lámh mhór throm é sin agus ní bheidh ar mo chumas é a choimeád siar níos mó. Is fada mé ag fulaingt ar bhur son go léir, ag guí gan stad nach dtréigfi dh mo Mhac sibh. Ach sibhse go léir, is ró-chuma libh. Tá sé fánach anois a bheith ag guí is ag déanamh mar is cóir, ní chúiteodh sibh go deo liom an dua a chaitheas libh.”
Luaigh sí ansin an dá pheaca ba mhó ba chás lena Mac: obair Dé Domhnaigh agus na carraeirí ag mallachtaigh is ag eascainí gan stad, fi ú Ainm Naofa a Mic á chaitheamh isteach acu i lár na gáirsiúlachta. Thuigfeadh pobal na sléibhte go rí-mhaith an pionós a leagfadh Dia orthu – prátaí loite, barraí ite ag na beithígh, cruithneacht ina deannach, droch-chnónna agus fíonchaora lofa. Leanfaí den ghorta agus den bhreoiteacht ar leanaí. Mar sin féin gheall an Bhean rath agus séan orthu dá gcuirfí athrú ar mheon na ndaoine. “Má iompaíonn na daoine chun Críostaíochta, fásfaidh cruithneacht as cloch is carraig agus cuirfear na prátaí síl as a stuaim féin.” Cheistigh sí an bheirt acu:
“An mbíonn sibh ag guí mar is cóir?”
“Ní bhíonn ach go hannamh a Bhean Uasal,” a d’fh reagair siad go macánta.
Bhí Notre Père agus Je vous salue, Marie ag Maximin ach níor ghnáthach leis iad a
rá. Is ar éigin a bhí cur amach ag Melanie ar chreideamh; bhí Notre Père aici ach gan aon tuiscint ar na focail. Ní thaithíodh sí an séipéal ná ní raibh an Chéad Chomaoine déanta aici. Blianta ina dhiadh sin scríobh sí ‘dírbheathaisnéis’ inar chum sí cuntas ar a bheith ag maireachtaint i gcomhluadar an Linbh Íosa agus ar chúrsaí eile osnádúrtha. É sin ráite, níor chuir sí riamh aon athrú ar na focail a chuala sí ón Mhaighdean Mhuire i La Salette.
Dúirt an Bhean leo paidreacha a rá maidin is tráthnóna. Cháin sí an dream nach dtéadh ar Aifreann nó a théadh d’aonghnó le bheith ag fonóid faoin gcreideamh; cháin sí freisin iad siúd “a ritheann chun an bhúistéara ar nós madraí” le linn an Charghais. Labhair sí faoi rún leis an mbeirt acu faoi seach sula ndúirt ar deireadh faoi dhó: “Anois a leanaí, caithfidh sibh an méid sin go léir a insint don phobal ar fad.” D’éalaigh sí in airde as radharc agus an solas céanna fós thart uirthi. Ar ndóigh d’inis Maximin an scéal do Pierre Selme um thráthnóna. Ní dúirt Melanie faic ach d’inis Selme do Baptiste Pra. Nuair a cheistigh sé í bhí a cuntas ar an eachtra ag teacht go hiomlán le ráiteas Maximin. Bhí gach éinne ag magadh fúthu gur labhair máthair Baptiste – “B’shin í an Mhaighdean Mhuire gan dabht ar domhan,” adúirt sí.
Níorbh fhada gur scaipeadh an nuacht ar fud an réigiúin. Mar is gnách sna cúrsaí seo, d’ordaigh easpag Grenoble do shagairt na deoise gan labhairt faoi. Bunaíodh coimisiún canónach chun na tuairiscí a scrúdú go mion. Tar éis cúig bliana, ar an 19 Meán Fómhair 1851, dhearbhaigh an tEaspag Philibert de Bruillard go sollúnta go raibh cuma na fírinne ar ghnéithe uilig na físe. Cheadaigh sé deabhóidí in onóir Mhuire La Salette agus d’fhógair go dtógfaí baisleach ann. Idir an dá linn ní raibh aon teora leis an síorcheistiú ach bhí rud amháin siúráilte ó thús deireadh. Níor chuir Maximin ná Melanie athrú dá laghad ar an gcéad chuntas. De réir a chéile fógraíodh an teachtaireacht i bhfad i gcéin. Bunaíodh Cumann Misinéirí La Salette agus cuireadh sagairt go Sasana is ar fud na hEorpa, go Meiriceá agus chuig Oirthear an domhain. Tógadh dealbha sa Róimh, san Eilbhéis, sa Spáinn, sa Bheilg, ar Oileáin an Aigéin Chiúin, san India agus san Inde-Sín. Ainmníodh séipéal agus sráid i Rio in onóir Mhuire La Salette.
Cad faoi shaol na beirte? Thriail Maximin dul le sagartóireacht ach ní raibh sé i ndán dó. Tar eis tamall a chaitheamh ag faoileáil thart ar Pháras agus tréimhse sa Róimh d’fhill sé ar Corps. Is ann a cailleadh é in 1875 agus gan é ach daichead bliain d’aois. Theastaigh ó Melanie dul sna mná rialta ach arís, níor éirigh léi. Chuaigh sí isteach i gceithre ord difriúla ach níor glacadh riamh léi mar nach bhféadfadh sí géilleadh don údarás. Ar nós Maximin chuaigh sí ag taisteal agus lonnaigh ar deireadh in Altamura san Iodáil. Cailleadh ansiúd í ar an 15 Nollaig 1904 in aois a dá bhliain déag agus trí scór.
D’iarr an Mhaighdean Mhuire ar an mbeirt seo an teachtaireacht a thabhairt dá pobal iomlán agus b’shin mar a tharla. B’shin soiscéal na trócaire, an mhaithiúnais, na hathghiniúna agus na naofachta. Rinne siad a ndícheall agus cuireadh an misean i gcrích.
Eolas http://lasalette.cef.fr Sanctuaire de Notre-Dame de La Salette, 38970 La Salette, France info@lasalette.cef.fr Teil: +33 (0) 4 76 30 00 11
Foclóirín: Comhthionól = ollchruinniú; cumar = gleann doimhin; cruinneog = rud ar chruth na cruinne; fáithim = imeall ar bhall éadaigh; ceannbheart = clúdach nó maisiú a chaitear ar an gceann