An Timire - Samhradh 2016

Page 10

10

Bernadette Nic an tSaoir

“LA SALETTE”

“Ní tharlaíonn faic riamh san áit chaillte seo!” Sin a déarfadh an taistealaí a raghadh trí shráidbhaile Corps sna hAilp thiar i 1846. Níorbh fhíor é sin ar ndóigh agus Corps suite ar an mbealach a thóg Napoleon ó Elba mí Márta na bliana 1815; ná níl sé i bhfad ó Vizille mar ar tharla Comhthionól Stát Dauphiné i 1788 agus Réabhlóid na Fraince ar cois faoin am san. Gach seans go raibh an té adúirt ar a shlí go Grenoble is gan faic ansiúd roimhe ach sráid chúng, tithe dorcha agus cuma ainnis thréigthe an tséipéil. Ba lag an tsúil a bhí aige siúd ná ag éinne eile go mbainfí clú agus cáil amach go forleathan don gceantar céanna sar i bhfad. Fear amháin a tháing anuas go Corps ó La Salette, paróiste in airde sna sléibhte, ar an 13 Meán Fómhair 1846 ná Pierre Selme. Ar thóir tréadaí a bhí sé toisc gur buaileadh breoite an leaid a bhíodh i bhfeighil na mbó. Ní raibh aige ach ceithre cinn ach níor mhór a bheith san airdeall ar eagla go dtitfidís isteach i gcumar sléibhe. Dá bhrí sin bhí sé i bponc ceart ach d’éirigh leis teacht ar Maximin Giraud, 11 bliain d’aois, a d’imigh suas maidin Luain dar gcionn go baile fearann Ablandins. Ansiúd bhuail sé don chéad uair le Melanie Mathieu, 14 bliana d’aois, a bhí i bhfeighil

Timire SUMMER 20162.indd 10

tréad Baptiste Pra. Toisc go raibh a muintir an-bhocht níor chaith sí seo riamh gnáthshaol an linbh ach í amuigh ag obair, nó ag iarraidh déirce nuair nach mbíodh obair ar fáil. Buachaill bríomhar ab ea Maximin, é ag caint is ag gáirí gan stad ach bhí Melanie ciúin. D’fhás cairdeas éigin eatarthu, áfach, toisc tailte Pra agus Selme a bheith buailte lena chéile. Go luath tráthnóna ar an Satharn 19 Meán Fómhair bhí na ba á dtiomáint acu go dtí an tobar. Melanie a bhí chun tosaigh nuair a tháinig rud mór mar chruinneog solais os a comhair amach. Ghlaoigh sí ar Maximin agus sceon ar an mbeirt acu. Bhíodar ar tí teitheadh nuair a osclaíodh an sféar; bhí bean ina suí laistigh, a ceann cromtha ar a dá láimh, an dá uillinn ar a glúine is í ag gol. D’éirigh sí agus labhair leo:“Tagaigí i leith, a leanaí, ná bíodh faitíos oraibh. Tháinig mé chun scéal nua a chur in iúl daoibh.” Bhog sí i leith chucu. Bhí gúna bán uirthi, scairf agus imeall rósanna thart fan bhfáithim; ceannbheart uirthi i bhfoirm corónach agus rósanna thart air sin leis, cros Chríost timpeall a muineál agus casúr agus pionsúr sa dá láimh. Bhí a dá láimh fhéin fillte isteach sna muinchillí. As Fraincis a labhair sí ar dtús. D’éirigh

04/05/2016 11:59


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.