4 minute read

Age Action: Cúram agus Cothabháil Justin Moran

Justin Moran AGE ACTION: CÚRAM AGUS COTHABHÁIL DO DHAOINE SCOTHAOSTA

Justin Moran, Ceannasaí Abhcóideachta agus Cumarsáide Age Action

“Tá sé ag éirí níos deacra teas a choinneáil leat féin sa bhaile. Ba é an geimhreadh seo caite an ceann ba mheasa. Bhí sé róchostasach an teas a choimeád sa tsiúl nó an tine a bheith lasta an tráthnóna ar fad, mar sin théinn a luí faoi 7.30 ionas nach mbeinn fuar. Ní amháin go bhfuil costas ard ar bhreosla, ach ligeann an seanteach atá agam an ghaoth isteach. Tá sé dodhéanta é a choimeád téite.

“Chuala mé faoi Age Action i rith an tsamhraidh. Bhuail beirt oibrithe deonacha isteach chugam agus chaith siad an mhaidin ag cur draught-excluders ar na doirse. Chuir siad bosca litreach isteach freisin a choimeádann an ghaoth amach agus is mór an difear a rinne sé sin. Táim thar a bheith buíoch as a gcuid cabhrach. Is mór an difear a rinne jabanna beaga mar sin domsa an geimhreadh seo.”

An bhliain seo caite rinne an líonra oibrithe deonacha agus páirtnéirí pobail atá ag Age Action ar fud na tíre breis is 25,000 jab DIY, cuairteanna a thabhairt chun cairdeas a chothú le daoine agus chun ceardaithe gairmiúla a aimsiú. Duine amháin de na mílte daoine scothaosta sin a rabhamar ag cuidiú leo is ea Eilís.

De réir mar a théann gach duine againn in aois féadann sé éirí an-deacair déileáil le jabanna bunúsacha timpeall an tí. Daoine a bhí an-bhródúil as a dtithe féin ar feadh a saoil, uaireanta bíonn sé thar a gcumas a mbailte a chothabháil.

Rud chomh simplí le miontairne a chur i gcairpéad chun é a choinneáil socair, d’fh éadfadh dúshlán mór a bheith ansin do dhuine nach bhfuil róstuama ar na cosa.

Mar a chéile féadann deacrachtaí a bheith ag baint le jabanna eile timpeall an tí ar nós fál a bhearradh, aláram deataigh nó slabhra slándála a fh eistiú, glas a athrú, péinteáil agus troscán a bhogadh.

Na daoine scothaosta sin a bhfuil sé de mhí-ádh orthu gan duine gaoil a bheith acu le cuairt a thabhairt orthu, ábhar mór frustrachais a bhíonn sna tascanna seo uaireanta.

De bhreis air sin, is minic a bhíonn ceardaithe míscrupallacha ag teacht i dtír orthu agus ag baint buntáiste orthu nuair a fh ostaítear iad chun obair a dhéanamh ar a dtithe.

Fadhbanna móra ag daoine scothaosta freisin is ea an t-uaigneas agus a bheith scoite amach ó dhaoine eile. I ndeireadh thiar déanann fadhbanna mar sin difríocht idir fanacht sa bhaile agus bogadh isteach in áras cúraim chónaithe.

Bhunaigh Age Action an Clár ‘Care &

John Fitzsimons, oibrí deonach Bainisteoir Réigiúnach Age Action, John O’ Mahony agus Martin Cummins, oibrí deonach.

A bheith i do chomharsa mhaith agus jaibín beag a dhéanamh do dhuine scothaosta, is mór an difríocht a dhéanann sé.

Repair’ chun miondeisiúcháin a dhéanamh saor in aisce do dhaoine scothaosta agus daoine soghonta, chun teacht a bheith acu ar cheardaithe do jabanna níos mó a dhéanamh agus chun seirbhís a chur ar fáil a ligfidh dóibh aithne a chur ar chairde nua.

Tá sé mar aidhm againn tacaíocht phraiticiúil a sholáthar a ligfidh do dhaoine atá scothaosta nó soghonta fanacht ina dtithe féin agus ina bpobail féin, agus an saol a chaitheamh chomh neamhspleách sin agus is féidir.

Déanann na Gardaí grinnfhiosrú ar ár n-oibrithe deonacha agus is féidir leo roinnt mhaith tascanna simplí a chur i gcrích. Muna bhfuil ar chumas na foirne againn rud áirithe a dhéanamh, beidh siad ábalta tú a chur i dteagmháil le ceardaí iontaofa nó a rá leat má tá an praghas a luaitear leat ar obair atá le déanamh cothrom.

Agus cé gur ar mhaithe lenár gcuid cliant í an tseirbhís seo, baineann ár n-oibrithe deonacha an-tairbhe aisti freisin.

“D’iarr Age Action orm bolgán solais a athrú do Sheila,” arsa John.

“Is é an rud is éasca ar domhan é bolgán a athrú ach nuair a labhair mé le Sheila dúirt sí liom nárbh fhéidir léi cupán tae a bheith aici nó rud ar bith le n-ithe a dhéanamh i ndiaidh a cúig a chlog le trí lá mar gheall ar an gcistin a bheith dorcha.

“Léirigh sé go soiléir dom mar is féidir leis an rud is simplí amuigh a bheith ina chonstaic mura bhfuil ar do chumas é a dhéanamh tú féin. Chiallaigh sé freisin gan amhras nach raibh aon duine ann le cuairt a thabhairt ar Sheila le trí lá anuas ar a laghad, agus is údar mór bróin é sin.

“Thug mé cuairt ar Sheila go mion minic ó shin. Bean álainn í agus mheabhraigh scéal an bholgáin solais dom cad chuige é, Age Action. A bheith i do chomharsa mhaith, díreach, agus jaibín beag a dhéanamh do dhuine scothaosta nuair a theastaíonn sin, is mór an difríocht a dhéanann sé.”

Chun dul i dteagmháil le foireann ‘Care & Repair’ Age Action glaoigh ar 1890 369 369 nó seol ríomhphost chuig careandrepairdublin@ageaction.ie. Déantar an obair ar fad saor in aisce agus tá grinnscrúdú déanta ag na Gardaí ar

gach duine dár n-oibrithe deonacha.

INTINN UILÍOCH DO MHÍ AN MHEITHIMH, 2016 Go bhfaighe daoine atá aosta, iad siúd atá ar an imeall agus iad siúd nach bhfuil éinne acu – fiú i gcathracha móra an domhain – go bhfaighe siad deiseanna teagmhála agus dlúthpháirtíochta.

Foclóirín: líonra = grúpa a bhfuil baill aige in áiteanna éagsúla; a chothabháil = a choimeád in ord is in eagar; soghonta = éasca a ghortú; grinnfhiosrú = mionscagadh ar chúlra duine

This article is from: