An Timire - Samhradh 2016

Page 4

4

Justin Moran

AGE ACTION: CÚRAM AGUS COTHABHÁIL DO DHAOINE SCOTHAOSTA

Justin Moran, Ceannasaí Abhcóideachta agus Cumarsáide Age Action “Tá sé ag éirí níos deacra teas a choinneáil leat féin sa bhaile. Ba é an geimhreadh seo caite an ceann ba mheasa. Bhí sé róchostasach an teas a choimeád sa tsiúl nó an tine a bheith lasta an tráthnóna ar fad, mar sin théinn a luí faoi 7.30 ionas nach mbeinn fuar. Ní amháin go bhfuil costas ard ar bhreosla, ach ligeann an seanteach atá agam an ghaoth isteach. Tá sé dodhéanta é a choimeád téite. “Chuala mé faoi Age Action i rith an tsamhraidh. Bhuail beirt oibrithe deonacha isteach chugam agus chaith siad an mhaidin ag cur draught-excluders ar na doirse. Chuir siad bosca litreach isteach freisin a choimeádann an ghaoth amach agus is mór an difear a rinne sé sin. Táim thar a bheith buíoch as a gcuid cabhrach. Is mór an difear a rinne jabanna beaga mar sin domsa an geimhreadh seo.” An bhliain seo caite rinne an líonra oibrithe deonacha agus páirtnéirí pobail atá ag Age Action ar fud na tíre breis is 25,000 jab DIY, cuairteanna a thabhairt chun cairdeas a chothú le daoine agus chun ceardaithe gairmiúla a aimsiú. Duine amháin de na mílte daoine scothaosta sin a rabhamar ag cuidiú leo is ea Eilís. De réir mar a théann gach duine againn in aois féadann sé éirí an-deacair déileáil le

Timire SUMMER 20162.indd 4

jabanna bunúsacha timpeall an tí. Daoine a bhí an-bhródúil as a dtithe féin ar feadh a saoil, uaireanta bíonn sé thar a gcumas a mbailte a chothabháil. Rud chomh simplí le miontairne a chur i gcairpéad chun é a choinneáil socair, d’fhéadfadh dúshlán mór a bheith ansin do dhuine nach bhfuil róstuama ar na cosa. Mar a chéile féadann deacrachtaí a bheith ag baint le jabanna eile timpeall an tí ar nós fál a bhearradh, aláram deataigh nó slabhra slándála a fheistiú, glas a athrú, péinteáil agus troscán a bhogadh. Na daoine scothaosta sin a bhfuil sé de mhí-ádh orthu gan duine gaoil a bheith acu le cuairt a thabhairt orthu, ábhar mór frustrachais a bhíonn sna tascanna seo uaireanta. De bhreis air sin, is minic a bhíonn ceardaithe míscrupallacha ag teacht i dtír orthu agus ag baint buntáiste orthu nuair a fhostaítear iad chun obair a dhéanamh ar a dtithe. Fadhbanna móra ag daoine scothaosta freisin is ea an t-uaigneas agus a bheith scoite amach ó dhaoine eile. I ndeireadh thiar déanann fadhbanna mar sin difríocht idir fanacht sa bhaile agus bogadh isteach in áras cúraim chónaithe. Bhunaigh Age Action an Clár ‘Care &

04/05/2016 11:59


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.