4 minute read
Na hÍosánaigh agus 1916 Damien Burke
Damien Burke, Leas-Chartlannaí Chumann Íosa
NA hÍOSÁNAIGH
AGUS 1916
San alt seo, déanfar scrúdú ar an ról a d’imir na hÍosánaigh in Éirí Amach na Cásca agus rianófar, le cabhair ó cháipéisí de chuid Chartlann na nÍosánach, mar a ndeachaigh an tréimhse chorrach sin i bhfeidhm orthu. Sa bhliain 1916, bhí scoileanna ag na hÍosánaigh i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCill Dara agus i Luimneach agus bhí sagairt dá gcuid ag teagasc in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath. Bhí an-bhaint acu leis na misin, le cúrsaí spioradálta agus leis na Staonairí agus bhí cúpla foilseachán faoina gcúram.
Tharla go raibh breis is fi che iardhalta de chuid Choláiste Belvedere, i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, rannpháirteach in Éirí Amach na Cásca. Maraíodh beirt acu, Joseph Mary Plunket agus Reginald Cleary, beirt nach raibh ar an taobh céanna. Rinne na hÍosánaigh trácht ar an Éirí Amach i dtréimhseachán a tháinig amach i Mí Aibreáin 1916. Leag siad béim ar an tionchar a d’imir an tÉirí Amach ar an gceantar máguaird. Go deimhin, d’éiligh na hÍosánaigh ‘£62 2s 3d for damage to building due to Crown forces rifl e fi re at Belvedere College’ – d’éiligh agus cúitíodh iad. Chuir an tAthair John Fahy SJ agus an tAthair Thomas V. Nolan SJ (Eaglais N. Proinsias Xavier, Sráid Ghairdinéir Uachtar) a mbeatha i mbaol ag fóirithint ar na daoine a goineadh agus ag cur bia agus bainne ar fáil do mhuintir na háite.
I gColáiste Belvedere ar Mhórshráid na Danmhairge a bhí oifi g An Timire an uair sin. In Eagrán an tSamhraidh 1916, ainmníodh roinnt de na ceannairí taobh istigh den leathanach tosaigh. Tá líne faoina gcuid ainmneacha agus inscríbhinn taobh leo, ‘mairfi dh a ngníomhartha go brách’. Chuir na hÍosánaigh an Ghaeilge chun cinn i gColáiste Belvedere i dtús an chéid, le cabhair ó eagarthóirí An Timire, Richard Campbell, Michael McGrath agus Lambert McKenna. I mí Eanáir 1916, d’eagraigh an tAthair McGrath SJ deireadh seachtaine spioradálta i bPáirc Bhaile an Mhuilinn in éineacht le cumann Gaelach Eaglais N. Proinsias Xavier, Sráid Ghairdinéir Uachtar. Bhí dhá scór i láthair an deireadh seachtaine sin – ghlacfadh a leath acu páirt san Éirí Amach. Ba in Eaglais N. Proinsias Xavier a d’fh reastail Pádraig agus Liam Mac Piarais ar an Aifreann, Domhnach na Cásca 1916.
I Scoil an Chroí Naofa i Luimneach, bhí an tAthair William Hackett SJ gafa le gluaiseacht na bPoblachtánach. Bhunaigh sé Cór Óglaigh an Chorráin sa bhliain 1915
agus é mar rún aige ‘to train my boys to fi ght to be ready to fi ght for Ireland when their turn came’. Scoil chónaitheach do mhic léinn thuata agus d’ábhair sagairt ba ea Coláiste Mungret i gContae Luimnigh. Bhí cúigear de chuid na scoile sin rannpháirteach san Éirí Amach. Ón mbliain 1900 i leith, d’imir Athbheochan na Gaeilge an-tionchar ar éiteas Mungret. Ba é an tAthair Edward Cahill SJ a bhí taobh thiar den mheon sin, fear a bhí an-tógtha le teagasc Shinn Féin. B’eol do chách gurb eisean a réitigh an bealach d’Óglaigh na hÉireann maidir lena dtraenáil in Mungret. Bhí triúr sagart eile de chuid na nÍosánach ag cur le saothar Edward Cahill. Faoin mbliain 1917, aistríodh as Mungret an triúr sin.
I ndialann ón mbliain 1916, déanann John Delaney, Íosánach de bhunú Bhaile Átha Cliath, cur síos ar an gcreach agus ar an troid agus déanann sé tagairt do na ráfl aí a bhain le páirt na nÍosánach san Éirí Amach. Ina chuid nótaí dialainne dó, déanann sé iniúchadh ar na ráfl aí ar fad a bhí i mbéal na cathrach ag an am. Bréagnaíonn sé a bhformhór, cé go ndeir sé go bhfaca sé eilifi nt á marcaíocht ag buachaill óg thíos ar na céanna, eachtra a chuir scleondar ar na daoine! Luann Delaney go raibh baint ag an Athair John F.X. O’ Brien agus James McCann leis an ola dheireanach a chur ar na hÓglaigh, ar na sibhialtaigh agus ar na saighdiúirí, gur tháinig an bheirt sin i gcabhair ar na daoine gonta agus gur bhailigh siad na corpáin. Chuir an tAthair Thomas Morrissey SJ dialann sin Delaney in eagar agus d’fh oilsigh Messenger Publications í sa bhliain 2015.
Bhí an méid seo le rá ag an Athair Willie Doyle SJ, fear a bhí ina shéiplíneach sa Chéad Chogadh Domhanda, agus é ag trácht ar 1916: ‘I am glad I was safe in the trenches during that time, for apparently the Bosches cannot hold a candle to the Sinn Féiners’. Sagart eile, An tAthair Henry Gill SJ, dúirt: ‘We cannot think of anything else than the terrible things which have been going on in Dublin. Please god it is now over and that the authorities will use – as I am sure they will – tact in dealing with it.’ Mí ina dhiaidh sin, scríobh Gill arís: ‘I think everyone must admit, no matter what their sympathies that “England has asked for trouble” ’.
Go dtí seo glacadh leis nach raibh aon rólámh ag na hÍosánaigh in Éirí Amach 1916 agus gur luigh a gcroí leis an mBreatain Thiar, leis an Rialtas Dúchais. Is léir ón gcartlann nach amhlaidh a bhí, áfach. Agus ba dhána an mhaise d’éinne scéal simplí a dhéanamh de scéal 1916.