Damien Burke, Leas-Chartlannaí Chumann Íosa
27
B’eol do chách gurb eisean a réitigh an bealach d’Óglaigh na hÉireann maidir lena dtraenáil in Mungret
NA hÍOSÁNAIGH AGUS 1916
San alt seo, déanfar scrúdú ar an ról a d’imir na hÍosánaigh in Éirí Amach na Cásca agus rianófar, le cabhair ó cháipéisí de chuid Chartlann na nÍosánach, mar a ndeachaigh an tréimhse chorrach sin i bhfeidhm orthu. Sa bhliain 1916, bhí scoileanna ag na hÍosánaigh i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCill Dara agus i Luimneach agus bhí sagairt dá gcuid ag teagasc in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath. Bhí an-bhaint acu leis na misin, le cúrsaí spioradálta agus leis na Staonairí agus bhí cúpla foilseachán faoina gcúram. Tharla go raibh breis is fiche iardhalta de chuid Choláiste Belvedere, i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, rannpháirteach in Éirí Amach na Cásca. Maraíodh beirt acu, Joseph Mary Plunket agus Reginald Cleary, beirt nach raibh ar an taobh céanna. Rinne na hÍosánaigh trácht ar an Éirí Amach i dtréimhseachán a tháinig amach i Mí Aibreáin 1916. Leag siad béim ar an tionchar a d’imir an tÉirí Amach ar an gceantar máguaird. Go deimhin, d’éiligh na hÍosánaigh ‘£62 2s 3d for damage to building due to Crown forces rifle fire at Belvedere College’ – d’éiligh agus cúitíodh iad. Chuir an tAthair John Fahy SJ agus an tAthair Thomas V. Nolan SJ (Eaglais N. Proinsias Xavier, Sráid
Timire SUMMER 20162.indd 27
Ghairdinéir Uachtar) a mbeatha i mbaol ag fóirithint ar na daoine a goineadh agus ag cur bia agus bainne ar fáil do mhuintir na háite. I gColáiste Belvedere ar Mhórshráid na Danmhairge a bhí oifig An Timire an uair sin. In Eagrán an tSamhraidh 1916, ainmníodh roinnt de na ceannairí taobh istigh den leathanach tosaigh. Tá líne faoina gcuid ainmneacha agus inscríbhinn taobh leo, ‘mairfidh a ngníomhartha go brách’. Chuir na hÍosánaigh an Ghaeilge chun cinn i gColáiste Belvedere i dtús an chéid, le cabhair ó eagarthóirí An Timire, Richard Campbell, Michael McGrath agus Lambert McKenna. I mí Eanáir 1916, d’eagraigh an tAthair McGrath SJ deireadh seachtaine spioradálta i bPáirc Bhaile an Mhuilinn in éineacht le cumann Gaelach Eaglais N. Proinsias Xavier, Sráid Ghairdinéir Uachtar. Bhí dhá scór i láthair an deireadh seachtaine sin – ghlacfadh a leath acu páirt san Éirí Amach. Ba in Eaglais N. Proinsias Xavier a d’fhreastail Pádraig agus Liam Mac Piarais ar an Aifreann, Domhnach na Cásca 1916. I Scoil an Chroí Naofa i Luimneach, bhí an tAthair William Hackett SJ gafa le gluaiseacht na bPoblachtánach. Bhunaigh sé Cór Óglaigh an Chorráin sa bhliain 1915
04/05/2016 12:00