An Timire - Samhradh 2016

Page 44

44

AN DÚISEACHT SA GHEARRSCANNÁN ‘THE PRESENT’

Léirmheas le hAileen Mhic an Chionna Dáta eisiúna: Aibreán, 2014 Stiúrthóir: Jacob Frey Fad reatha: 4 nóim. 19 soic. Sa ghearrscannán seo insítear scéal dúinn faoi bhuachaill atá báite i ndomhan na teicneolaíochta. Is fearr leis a chuid ama a chaitheamh taobh istigh ag imirt le físchluichí, ná suim a chur sa saol i láthair atá ag fanacht air ag leac an dorais. Ar an lá áirithe seo beartaíonn a mháthair bronntanas gan choinne a thabhairt dó. Dá bharr, bíonn sé deacair air díriú i gceart ar a chluiche. Seo nasc don ghearrscannán ar an idirlín: https://vimeo. com/152985022 Cé go mbaineann an scéal geit as an mbreathnóir, ag an am céanna is scéal croíúil é lán le mothúcháin a théann i bhfeidhm orainn nuair a thagann an casadh sa deireadh. Tá ‘The Present’ bunaithe ar stiallghreannán ó Fabio Coala, scéalaí cumasach ón mBrasaíl. http://www.viralnova.com/ touching-dog-comic/ Is é an bronntanas atá sa bhosca ón mháthair ná madra le trí chos. In ionad grá agus gean a thaispeáint don choileán, tá an buachaill trína chéile leis an bpeata nua agus ní thugann sé aon aird air. Is féidir a thuiscint go mbíonn

Timire SUMMER 20162.indd 44

déistin orainn mar lucht féachana, sa tslí a chaitheann an buachaill leis an madra a bhfuil cos in easnamh air. Ní fada áfach go bhfaighimid amach cad is cúis le drochiompar an bhuachalla. Tá sé éasca bá a bheith againn leis na carachtair sa scannán. Go tapaidh ceanglaímid muid féin leis an máthair atá gealgháireach agus lán le fuinneamh. Titimid i ngrá leis an madra óg lán de mhioscais a bhaineann an-taitneamh as an saol in ainneoin a mhíchumais. Ag an am céanna tugaimid breithiúnas ar an mac mar theallaire leisciúil atá ró-thógtha le cluichí ríomhaire agus leis féin chun aon am a thabhairt don choileán a fuair sé mar bhronntanas. (Nó b’fhéidir go bhfuilim féin ró-ghoilliúnach ag smaoineamh ar na hamanta nach nglactar le mo mhac a bhfuil Siondróm Down air ...) Ar aon chaoi spreagann ‘The Present’ an guth breithiúnais ionainn. Agus nach muidne atá ró-ghasta chun ár n-aigne a dhéanamh suas sula bhfeicimid na maidí croise atá ag an mbuachaill? Ag an deireadh tagann an casadh i slí nach mbíonn aon súil againn leis. Is ceacht dúinn é machnamh a dhéanamh ar dhearcaí atá réamhchlaonta, ag glacadh leis nach mbíonn an scéal iomlán againn i gcónaí. Cinnte gur

04/05/2016 12:01


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.