An Timire - Samhradh 2016

Page 36

36

Aogán Ó Fearghaíl, Uachtarán, Cumann Lúthchleas Gael

“TABHAIR MEAS, TUILL MEAS” Tá breis is bliain caite agam mar Uachtarán CLG ach saol fada caite agam mar bhall den eagraíocht ag gach leibhéal, ó mo chumann féin ar aghaidh tríd an Chabhán, Cúige Uladh, agus anois chuig an leibhéal náisiúnta seo i bPáirc an Chrócaigh. Is léir go bhfuil mé an-bháúil dár gcluichí agus gach rud a dhéanaimid ar son chultúr na tíre seo freisin, ach tá an meas agus an léargas agam, bunaithe ar mo thaithí phearsanta, maidir le tábhacht spóirt go ginearálta agus an tionchar dearfach a bhaineann leis i saol na ndaoine - ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud na cruinne. Seachas na buntáistí fisiciúla agus an cairdeas a théann lámh ar láimh leis, agus daoine i mbun traenála nó ag imirt, tá gnéithe dearfacha eile a éiríonn as freisin. Tugann cluichí deis do dhaoine ó thíortha agus ó chúlraí éagsúla, teacht le chéile, chun dul in iomaíocht ar pháirceanna imeartha, ach ag an am céanna, ceangal a dhéanamh idir clubanna agus tíortha éagsúla, tríd na cluichí sin. Tá feachtas ar bun againn i gCumann Lúthchleas Gael ar a dtugtar “Give Respect, Get Respect/Tabhair Meas, Tuill Meas” a théann go croílár ár gcluichí.

Timire SUMMER 20162.indd 36

Nílimid inár n-aonar ag eagrú feachtais mar seo - is rud coitianta é i ngach spórt ar fud an domhain agus taispeánann sé cé chomh dáiríre is atá na heagraíochtaí go léir, ról a ghlacadh chun tionchar dearfach a imirt ar mheon na ndaoine. Cuireann sé béim áirithe ar thábhacht rannpháirtíochta agus meallann sé tuismitheoirí chun a bpáistí a thabhairt chuig ár gcluichí. Taispeánann sé nach bhfuil gach rud bunaithe ar thorthaí na gcluichí, agus cothaíonn sé meas ar gach éinne a imríonn ár gcluichí nó atá páirteach leo - go háirithe ár n-oifigigh. Ar leibhéal domhanda, feicimid tionchar spóirt agus lúthchleasaithe chuile lá. Bíonn réaltaí spóirt ag taisteal na cruinne ag obair le heagraíochtaí cosúil le UNICEF ag spreagadh Chothrom na Féinne. Tuigeann na daoine seo an tionchar atá acu agus atá ag a spórt chun difríocht dhearfach a dhéanamh agus dóchas a thabhairt do dhaoine nach raibh na deiseanna céanna acu agus iad féin, ag fás aníos. Ní rud nua é seo. Is cuimhin linn go léir an suíomh a bhain le rugbaí agus an Afraic Theas sna seachtóidí agus ar aghaidh. Muna mbíonn na cluichí oscailte do chách, cloisfidh tú faoi agus is ceart agus

04/05/2016 12:00


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.