32
IM LEABHARLANN DOM Stór na Síthe: Dánta Gaeilge Conleth Ellis Cathal Ó Háinle, eagarthóir, Coiscéim Praghas €10 Léirmheas le: Seán de Fréine Céad bliain ó shin, bhí filíocht na Gaeilge in ísle brí, í dingthe go daingean san ochtú haois déag. Go dtí lár na haoise seo caite, mhair an scéal amhlaidh. Ar éigean atá dán ar bith ón tréimhse ghortach sin is féidir a lua ó chuimhne seachas Na Coisithe le Liam Gógan agus Valparaiso le Pádraig de Brún. Corrcheann eile a d’fhéadfaí a thochailt, b’fheidir, ach is gann iad. Ba í marbhfháisc an traidisiúnachais chomh docht sin ar chuisle na cruthaíochta gur cuireadh olc ar go leor daoine, filí ina measc, nuair a tháinig Seán Ó Ríordáin le guth úr i láthair sna caogaidí. Ach bhí bearna déanta aige, agus nuair a láithrigh Máirtín Ó Direáin le téamaí nua ó cheartlár na Gaeltachta, ó Inis Mór Árann, bhí an sop séidte i gceart maidir le sacráltacht na seanmhúnlaí. Tháinig an fhilíocht úr ina caisí ansin, as tobar Innti i gCorcaigh agus as áiteanna eile nach samhlófá. Ar na háiteanna sin bhí Sráid Montgomery i mbaile Cheatharlach, mar ar saolaíodh an file Conleth Ellis in 1937. Faoi lár na seascaidí, bhí aitheantas á bhaint amach aige mar fhile cumasach i mBéarla. Ansin tháinig sé faoi thionchar na gluaiseachta nua i bhfilíocht na Gaeilge, agus léirigh sé féith na filíochta sa teanga sin chomh maith. Foilsíodh Fómhar na nGéanna leis in 1975. Sa dán den ainm céanna, deireann se, ‘Nach déanach mé
Timire SUMMER 20162.indd 32
chun m’oidhreacht a éileamh./ Éist! Seo chugam, b’fhéidir, fómhar na ngéanna.’ Bímis buíoch gur tháinig. Is iontach an stór a chuir sé ar fáil le linn tréimhse ghairid. Éacht shamhlaíochta is ea Táin, an dán fada ‘eipiciúil’ ina gcuireann sé síos ar eachtraí ceathrar ógánach ar ráig ghluaisteáin trí lár na tíre ar nós Mhéidhbhe agus Fheirdia agus iad ar ropadh leo tríd an cheantar céanna dhá mhíle bliain roimhe sin. Leabhar luachmhar údarásach is ea an cnuasach seo, ar gach dóigh. Brollach den scoth leis, ina bhfuil cur síos cuimsitheach scolártha críochnúil leis an eagarthóir ar bheatha agus ar shaothar an fhile; agus gach dán Gaeilge dár scríobh sé riamh, fad is eol dúinn, idir dhá chlúdach an leabhair. Agus raidhse nótaí lena chois. Tá ardmholadh ag dul don eagarthóir agus don fhoilsitheoir. Agus an bhliain seo, nuair atá aitheantas cuí á thabhairt faoi dheireadh do ról na mban i stair na hÉireann, is tráthúil é an glór a thugann Conleth do bhanlaoch tragóideach amháin inár litríocht: ‘A Thomáis Láidir Coisteala, mo dhubhghrá, ba bhograchán riamh thú,/ ’S ba choinneal faoi choinne an gheimhridh a leáigh agus mise ’mo chodladh thú;/ Nuair a threoraigh m’athair faoi dheireadh go dtí seomra mo bhróin thú,/ Nárbh é mo chreach mhaidine chráite nár pósadh led’ Úna Bhán thú?’ Múchadh an meon a thug dúinn an fhilíocht álainn seo in aois a chaoga haon. Suaimhneas dá anam i measc na n-éigsí.
04/05/2016 12:00