4 minute read

Scoil Bhríde, Céad Bliain ar an bhFód Tríona Ní Mhaoldomhnaigh

Tríona Ní Mhaoldomhnaigh,

Príomhoide Scoil Bhríde, Raghnallach, Baile Átha Cliath SCOIL BHRÍDE, CÉAD BLIAIN AR AN bHFÓD

In 1917 bhunaigh Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh in éineacht lena cara Áine Nic Aoidh Scoil Bhríde i 70 Faiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath. Rugadh agus tógadh Lúise insan Fhrainc agus níor leag sí cos in Éirinn go dtí gur tháinig sí chuig socraid a hathar Charles Gavan Duff y in 1903. Bhí Lúise ar bís nuair a thuig sí go raibh teanga dár gcuid féin againn anseo in Éirinn agus thosaigh sí ag foghlaim na teanga. Bhí uirthi bogadh thar n-ais go dtí an Fhrainc ach d’fh ill sí arís i 1907 chun staidéar a dhéanamh. Bhronn Coláiste na hOllscoile céim BA uirthi ach bhí uirthi an cúrsa a dhéanamh i gClochar Doiminiceach i Sráid Eccles. Fuair sí post mar mhúinteoir i Scoil Íte, an scoil a bhunaigh An Piarsach i dTeach Feadha Cuileann i Raghnallach. Bhí antionchar ag Pádraig Mac Piarais ar Lúise ó thaobh oideachais de ach dúirt sí féin gur fh oghlaim sí an-chuid ó Mháire Nic Guidhir, múinteoir an-chumasach. Níos déanaí phós Máire Pádraic Colum agus tá roinnt leabhar fós againn a bhronn Pádraic ar an scoil. Nuair a dhún Scoil Íte thosaigh Lúise ag staidéar arís agus fuair sí Teastas Múinteoireachta.

Bhí Lúise ina ball de Chumann na mBan agus chaith sí tréimhse in Ard-Oifi g an Phoist le Pádraig Mac Piarais i rith Éirí Amach na Cásca, cé nach raibh sí féin i bhfabhar na réabhlóide ag an am seo.

Le linn an ama seo go léir níor laghdaigh suim Lúise sa Ghaeilge agus bhí fís aici i gcónaí Scoil lánGhaelach a bhunú.

Ar an 5 Meán Fomhair 1917, d’oscail sí doirse Scoil Bhríde le daréag scoláire. Bhí an chéad Ghaelscoil in Éirinn taobh amuigh den Ghaeltacht i mbun oibre. Bhí idéil an-arda aici, ní hamháin mar gheall ar ár dteanga agus ar ár gcultúr ach freisin faoi chothú pearsantachta páistí agus seans a thabhairt dóibh go léir bheith leathan-aigeantach. Bhí oideachas sa Chreideamh agus san Fhraincis antábhachtach do Lúise agus nuair nach mbíodh paidreacha ráite as Gaeilge déarfadh siad iad as Fraincis. Bhí an scoil ag dul i méid an t-am ar fad. Ghlaoití ‘Tír na nÓg’ ar an taobh sóiseareach den scoil, rud atá fós fíor sa lá atá inniu ann.

Sa bhliain 1920 bunaíodh Cairde Bhríde um Oideachas Teoranta, nó mar a ghlaotaí air Societé Amicale Saint Brigid chun tabhairt faoi fh adhbanna airgid a bhí ag an scoil. Sa bhliain 1921 aistríodh an scoil go 55 Sráid Pembroke. Bhí cúrsaí airgid ag dul in olcas agus in 1926 b’éigean í a chur faoin Roinn

An tUachtrán ar cuairt chun Scoile na i mbliana Oideachais. Bunscoil Náisiúnta le meánbharr a bhí inti ansin. Sa bhliain 1931 chuaigh An Roinn Oideachais agus Rannóg Oideachais Choláiste Ollscoile Átha Cliath i gcomhar le chéile ar son na scoile. Bhronn an Rialtas an foirgneamh 19 Ardán Phort an Iarla ar an scoil agus de réir dealraimh, an ollscoil a d’íoc as an troscán! Bhíodh cead ag céimithe ón ollscoil cleachtadh múinteoireachta don Ardteastas san Oideachas (H.Dip.) a dhéanamh ansin insan scoil. Bhí gaol ann i gcónaí idir Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Scoil Bhríde agus bhí an séiplineach céanna ag an dá eagraíocht. Is é séiplíneach na hollscoile atá fós ag cabhrú linn i Scoil Bhríde agus muid ag ceiliúradh na sacraimintí.

Faoin am seo bhí go leor scoláirí ag foghlaim sa scoil agus lion na ndaltaí ag dul i méid ach bhí fadhbanna airgid ann agus fadhbanna a bhain leis an bhfoirgneamh. D’éirigh Lúise as an bpríomhoideacht i 1943 agus thóg Máire Ní Cheallacháin an post. Bhí an foirgneamh ag tosnú ag titim as a chéile agus ní raibh an Roinn ná an Ollscoil sásta airgead a chur isteach ann. I 1960 fuair an scoil fógra ón mBardas ag rá go raibh siad chun an scoil a dhúnadh i Mí Márta 1961 toisc nach raibh aon bhealach éalaithe inti. Ní raibh an Roinn sásta airgead a chaitheamh ar an scoil mar a bhí, ach dúirt siad go mbeadh siad

‘Bhí oideachas sa Chreideamh agus san Fhraincis an-tábhachtach do Lúise agus nuair nach mbíodh paidreacha ráite as Gaeilge deirtí as Fraincis iad.’

sásta airgead a infh eistiú ar fh oirgneamh nua. Bhí an tAire Airgeadais, An Dr. Séamus Ó Riain an-bháúil don scoil agus d’éirigh leis suíomh a aithint ar thalamh Theach Feadha Cuileann i Raghnallach. Cheannaigh an Rialtas an áit ó Mhargaret Mhic Piarais chun foirgneamh a thógáil agus thug siad don scoil é ar chíos ainmniúil. Ghlac an Rialtas ar ais 19 Ardán Phort an Iarla mar shíntiús ón scoil agus thóg an Bord Oibreacha Poiblí an scoil nua.

Sa bhliain 1965 tháinig an tUachtarán Éamon de Valera chun an foirgneamh nua a oscailt. Bhí Lúise i láthair ag an ócáid iontach seo.

Faoi láthair tá 454 páistí i Scoil Bhríde agus dhá shraith de gach rang. Ceann de na rudaí is suimiúla faoin scoil ná an méid leanúnachais atá ann ó thaobh clainne de. Tá cúigear múinteoir ar an bhfoireann a mhúin mé féin thar na blianta agus cuireann sé gliondar croí orainn nuair a fh eicimid iarscoláirí ag teacht thar n-ais ar cuairt chugainn nó ag teacht chun ainmneacha a bpáistí a chur síos.

Déanaimd tréaniarracht cloí leis an bhfís a bhí ag Lúise céad bliain ó shin nuair a bhunaigh sí an scoil iontach seo. Tá sé de phribhléid agam bheith i Scoil Bhríde le beagnach 40 bliain agus bheith mar phríomhoide ag leanúint choiscéimeanna an tsárcheannródaí, Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh.

Foclóirín: báúil = dílis do / luí a bheith agat le; ceannródaí = duine a bhíonn nuálaíoch, chun tosaigh ar an slua.

This article is from: