4 minute read

Tóraíocht na hÁilleachta Edmond Grace

Edmond Grace SJ

TÓRAÍOCHT NA hÁILLEACHTA TRÍD AN bPÉINTÉIREACHT

Nach ait an rud é blobanna péinte as tiúb péinte a bhrú ar phailéad agus ansin é a spré le scuab ealaíne ar chanbhás, ach nach breá an rud é leis. Tá sé deacair dom bheith eagraithe agus am a bheith agam chun é seo a dhéanamh ach níl aiféala ar bith orm go ndearna mé é. Feictear dom ón nóiméad a thosaím go bhfuil an domhan ina stad agus sásta liom. Táim go breá sásta gan cíos, cás ná cathú orm. Níl dabht ar bith orm go n-aithníonn na healaíontóirí mór le rá an nóiméad sin go gcuireann siad péint ar an gcanbhás, go bhfuil an chuma air nach bhfuil ann ach smear ar chanbhás. Sin an uair a nochtann rud ón rud nach léir agus is cúis iontais í.

Is uair an dóchais é chomh maith. Go minic is easpa dóchais a chuireann bac orm suí síos agus tosú ag péinteáil. Féachaim ar an gcanbhás leathdhéanta agus nílim in ann rud ar bith a dhéanamh in ionad leanacht liom ag obair. Ar ndóigh uaireanta caithfi dh tú stopadh agus fanacht le hinspioráid. (Is cuimhin liom go ndúirt duine liom uair ‘is gá roinnt ama a chaitheamh ag féachaint ar an saothar’.) Ar deireadh sáraím an drogall sin chun oibre.

Ansan tagann uair eile – nuair is eol dom go gcaithfi dh mé stopadh. Tá an saothar críochnaithe. Tá cruth an tsaothair á fh orbairt ag mo shamhlaíocht agus ag athrú de réir mar atá mé ag obair ar an gcanbhás. Ar chúis éigin is maith liom bheith ag péinteáil foirgneamh le ballaí cuartha. Le gach pictiúr caithfi dh mé foghlaim conas gach balla nua a chuaradh agus is cúis iontais dom nuair a bhraithim gur éirigh liom.

Nuair a fh éachaimid ar phictiúr ar leith i ngailearaí nó nuair a éirímid chun bualadh bos a dhéanamh ag ceolchoirm, is é an t-iontas a bhíonn orainn is cúis leis. Ní hamháin go seasaimid siar agus iontas orainn ach táimid meallta ag an scéal os ár gcomhair. Tugaimid ‘saothar’ ar obair ealaíne. Is rud é a chruthaítear, gan an cruthú sin ní bheadh sé ann. Tugaimid onóir don ealaíontóir de bharr a shaothair ealaíne ach ag an am céanna táimid meallta ag an scéal mór.

Táimid go léir páirteach leo sa saol seo agus de thoradh sin spreagann a dtíolacthaí speisialta an áilleacht ionainn. Gan an áilleacht seo níl ciall ag baint le healaín. Uaireanta bíonn an chuma air go bhfuil sé neamhréireach nó conspóideach nó corraitheach ach muna ndíríonn sé sinn i dtreo na

‘Tá fearg agus míshástacht i bportráidí Velasquez ach cuireann siad iachall orainn féachaint agus smaoineamh.’

háilleachta agus an dóchais a spreagann an áilleacht, tá teipthe ar an ealaín. Ag an am céanna caithfi dh an ealaín a bheith intliúil (spórtúil, taitneamhach), agus do-thuartha. Baineann an cruthúchán le húire ach ní bun agus barr an scéil an úire agus an intliúlacht. Níl iontu ach leideanna don ghné sin den spiorad daonna a sháraíonn gach uile bhac.

Iarrann an Pápa orainn an mhí seo guí go gcabhróidh ealaíontóirí na linne seo le daoine teacht ar áilleacht an chruthaithe trína gcumas ealaíne. Cuireann sé seo san áireamh bláthanna, sléibhte, spéir ghorm, srutháin agus an dúlra, ach tá sé tábhachtach gan an rud atá álainn agus an rud nach bhfuil ach deas gleoite a mheascadh lena chéile. Tugann an áilleacht deis dúinn teacht ar réaltacht níos doimhne agus níos cuimsithí.

Tá sé iontach bheith in ann aghaidh a thabhairt romhainn fi ú ar chruatan an tsaoil agus glacadh leis mar atá.

Rinne an t-ealaíotóir Velasquez roinnt portraidí d’abhaic a chónaigh i gcúirt na Spáinne. Cé gur chaith siad saol sásúil, caitheadh go magúil leo.

Níl na haghaidheanna sna portráidí seo sona sásta. Tá cuma fh eargach agus mhí-shásta orthu ach cuireann siad iachall orainn féachaint orthu le meas agus smaoineamh ar an sort saoil a bhí acu.

Léirigh Velasquez an-intleacht, chun fi ú smaoineamh ar iad a phéinteáil; seans gur léirigh sé a mheas orthu níos mó na éinne eile. Tá áilleacht na bportráidí sin le braith sa tslí go gcuireann siad iachall orainn stopadh agus machnamh ar conas a bheadh saol abhac cúirte gan rud ar bith le déanamh ach bheith ina ábhar magaidh ag daoine eile. Tá an phian agus an fh earg le braith orthu. Cuireann sé iachall orainn stopadh agus machnamh a dhéanamh gur díol áilleachta é an gaol a chruthaítear idir iad agus sinne. Is í an áilleacht bun agus barr an chruthaithe. Ní bhaineann an cruthú seo leis an saothar áirithe seo ealaíne ach leis an saothar mór ealaíne, is é sin, an cruthú a bhfuil an áilleacht lárnach ann.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ LÚNASA, 2017 Go n-éirí le healaíontóirí ár linne trína n-intleacht cabhrú le daoine teacht ar áilleacht an chruthaithe.

Foclóirín: leideanna = nodanna; abhac = an téarma do dhuine ar airde íseal, aimsir Velasquez; intliúlacht = ingenuity.

This article is from: