3 minute read
Dúshláin Idir Anam is Corp Lorcán Mac Gabhann
Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael
DÚSHLÁIN IDIR ANAM AGUS CHORP
Ní dóigh liom go raibh iomlán na fírinne á insint ag an taistealaí clúiteach Edmund Hillary nuair a thug sé le fi os gur dhreap sé Chomolungma (nó Everest) toisc ‘go raibh sí ann’. Ní bréag a d’inis sé, tá mé cinnte, ach níl aon amhras orm ach go raibh sé ag seachaint na ceiste. B’fh éidir nach raibh na focail aige le cur síos a dhéanamh ar na cúiseanna a bhrúigh é le tabhairt faoin sliabh is airde ar domhan nó níor theastaigh uaidh a anam a nochtadh go poiblí le freagra macánta a thabhairt ar cén fádh go dtabharfadh duine ar bith faoin bpian agus faoin fh ulaingt a bhaineann le sliabh atá 8,848m ar airde a dhreapadh.
Cé nach dúshlán an Chomolungma a thugann mise agus mo chairde faoi, tá ár gChomolungma féin curtha romhainn bliain i ndiaidh a chéile le deich mbliana anuas. Thosaigh an spéis sna ‘dúshláin’ nuair a shiúlamar ó lár Bhaile Átha Cliath go dtí an Fhaiche Mhór i lár chathair na Gaillimhe. Aistear cois canálach chomh fada le Droichead na Sionnaine i gCo. Uíbh Fhailí, trasna an phortaigh chomh fada le hEachroim in Oirthear na Gaillimhe, ar chúlbhoithre uaidh sin go Baile Átha an Rí agus ar deireadh, siúlóid bheag isteach go Gaillimh. Cad a bhí ionainn le muid a mhealladh le siúlóid 240km+ a dhéanamh thar 6 lá? Bhí na cosa agus na matáin tuirseach, agus uaireanta nimhneach, roimh dúinn tús a chur le siúlóid 40km+ gach lá. Cén fáth nár stopamar ar lá 4 agus iompú ar an mbaile? Cén fáth gur cheapamar raibh seachtain ‘saoire’ mar seo ‘normálta’? Cé go raibh ár gcoirp trámaithe tar éis dhúshlán na Gaillimhe, nó ‘The Great March’ mar a thugaimid air anois, lean na dúshláin fh isiciúla ó shin. Cé go bhfuil an t-ilchineál dúslán déanta againn fud fad na tíre is iad na trí cinn is mó a sheasann amach dom ná Dúshlán Airt Uí Néill (www.artoneillchallenge.ie), Dúshlán an Lug (www.theramblers.ie/lug-walk/) agus rí na ndúshlán – Dúshlán na Mám Tuirc (http://nuigmc.com/maamturks/). Cé go bhfuil Dúshlán an Lug níos deacra ná Dúshlán Art Uí Néill agus Dúshlán na Mám Tuirc níos deacra ná an dá cheann eile, tá na nithe seo comónta eatarthu – deacair, dúshlánach, pianmhar, fi siciúil, uaigneach, pearsanta agus spioradálta. Níor mhaith liom leadrán an léitheora a chothú, ach bhí pian faoi leith ag baint le Dúshlán na Mám Tuirc. Ach, mar sin féin, a luaithe is a bhí sé curtha díom an chéad uair bhí cinneadh tógtha agam é a
9 ‘Féinfheasacht a thógann mé
dhéanamh arís an bhliain dár gcionn. Cén fáth? … arís agus arís eile ardaítear an cheist ‘cén fáth?’ Tá mé tar éis macnamh a dhéanamh ar cheist an ‘cén fáth?’ agus go minic i lár na hoíche ar bharr cnoic éigin!! Tá mé cinnte de rud amháin, is é sin, ní leor freagra Hillary – ‘toisc go bhfuil sé ann’. Tagann saoirse agus féinsmacht as olldhúshláin den chineál seo. Tagann féinfh easacht nó féintuiscint le teisteanna den chineál seo. Níl mé ag caint ar ghnáth-fh éinfh easacht laethúil, ach ar rud éigin atá i bhfad níos doimhne. Féinfh easacht a thógann mé go háiteanna nach bhfuil ar mo chumas teacht orthu gan pian an dúshláin, gan briseadh allais, agus a thagann nuair atá mé i mbun an dúshlán a bhriseadh. Bím fíorfh eargach liom féin agus mé ag seasamh ar bharr cnoic ag 4.00 ar maidin agus an teocht ag brú ar -10c. Is é an ‘glacadh’ an ceacht foghlamtha a thagann as suíomh den chineál seo – glacadh leis an suíomh ina bhfuil tú, glacadh leis an bpian/tuirse agus glacadh leis go gcaithfi dh tú gníomhú chun an suíomh ina bhfuil tú a shárú. Is iad an dá bhua seo a chuidíonn liom ó lá go lá, cuma cén fh adhb a bhíonn romham i mo shaol … glacadh agus gníomhú. As obair lámha a chéile a bhíonn said beirt.
Foclóirín: féinfh easacht = tuiscint dhomhain ort féin; matáin = muscles; nimhneach = pianmhar.