4 minute read

Má Tá Dia inár dTeannta …? Marcas Mac Dómhnaill

Marcas Mac Domhnaill

MÁ TÁ DIA INÁR dTEANNTA, CÉ A BHEIDH INÁR gCOINNIBH?

Sa lá atá inniu ann in Éirinn tá sé soiléir go bhfuil an saol athraithe ó bhun go barr le blianta beaga anuas. Tá sé seo ríshoiléir maidir le cúrsaí creidimh. Tá cleachtadh an chreidimh imithe i léig i slite áirithe ach ní ceart dúinn a bheith dobrónach, mar dúirt Íosa go mbeadh sé linn de shíor, fi ú go deireadh an domhain. Má dhéanann tú machnamh air, músclóidh sé do mhisneach. Má tá Dia inár dteannta, cé a bheidh inár gcoinnibh? Trioblóid, an ea? Nó gorta, nó géarleanúint nó an claíomh féin? Bíonn na focail seo le clos ag sochraidí go minic agus míníonn an léacht go mbeirimid an bua go cathréimeach mar ‘faigheann a mhuintir tofa, grásta agus trócaire uaidh’. Ná déan dearmad go bhfuil an Eaglais roinnte ina trí chuid, iad san ar an dtalamh, iad san sa phurgadóir agus iad san atá ar neamh. Bíonn cabhair le fáil uathu san atá ar neamh ach é a lorg orthu. Cad nach ndéanfadh ár ngaolta dúinn? Má tá cairde agus gaolta imithe ó chleachtadh an chreidimh, ní gá ach glaoch ar ár gcairde is cumhachtaí san Eaglais, iad san i láthair Dé, a bhíonn ag idirghuí ar ár son.

Is féidir lenár bhfi nnéacht ar an Soiscéal dul i bhfeidhm ar dhaoine eile chomh maith, fi ú muna dtugaimid faoi ndeara é ag an am. I gCorca Dhuibhne le blianta beaga anuas, tá cór agus ceolfh oireann nua-cheoil an Daingin tar éis dul ó neart go neart. Cuid den dtogra seo ná freastal ar an Aifreann sa Daingean uair sa mhí. Cuireann an cór agus an ceol go mór leis an Aifreann agus tháinig cuid des na baill chun an chóir tar éis an ceol aoibhinn a chlos sa tséipéal. Deineann siad iarracht ceol eaglasta a sheinm ag na gnáth-cheolchoirmeacha chomh maith. Tá sé ráite ag roinnt mhaith daoine go mbraitheann siad suaimhneas Dé le linn na nAifrinntí seo. Moladh go deo le Dia. Is féidir linn ár bhfi nnéacht sa Soiscéal a thaispeáint don saol mór le ceol agus amhránaíocht. N’fh eadar éinne an chumhacht a bhaineann le ceol eaglasta le linn an Aifrinn.

Le linn 2016, bhí an t-ádh dearg linn gur tháinig cór ón Cesena san Iodáil chugainn agus iad ag siúl ‘Slí Chorca Dhuibhne’ ar oilithreacht. Déagóirí den chuid is mó a bhí iontu le cinnirí sna fi chidí. B’iontach an ócáid í, is iad ag seinm is ag canadh ar Lá Fhéile Muire sa bhFómhar. Thugadar spreagadh don gcór áitiúil, Cór Iarthar Dhuibhneach, atá anois ag canadh cuid des na hiomainn a bhí acu. Tá sé tábhachtach go dtuigeann leanaí gur

‘Tháinig cór ón Cesena san Iodáil chugainn agus iad ag siúl “Slí Chorca Dhuibhne” ar oilithreacht.’

ceiliúradh ar bhás Íosa a bhíonn ins an Aifreann. Beimid ag súil go dtabharfaidh an ghlúin óg a dtuismitheoirí thar n-ais don gcreideamh, mar atá ag tarlú i gQuebec i gCeanada faoi láthair.

Rud a thugas faoi ndeara ag na hAifrinntí seo le cór agus ceolfh oireann i láthair, ná go mbíonn ionadh ar na leanaí. Ní féidir leo gan staonadh sall agus a súile lán de ghliondar. Más féidir leo grá Dé a bhlaiseadh tríd an gceol eaglasta, táid ar an mbóthar ceart. Tús maith, leath na hoibre.

Tá tionscnamh eile ann in Iarthar Chiarraí ina mbíonn leanaí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag imeacht ar cuairt go dtí na hothair ins an ospidéal áitiúil. Seoid luachmhar is ea an togra seo mar tugann sé deis do dhaoine óga, don gcéad uair babhtaí, chun suí síos agus am a chaitheamh le duine críonna. Tugann sé

ardú croí don seanduine, mar braitheann siad óg arís agus iad i gcomhluadar na n-aos óg. Dos na déagóirí, osclaíonn sé a súile dóibh go himíonn an saol i bpreab na súl. Is féidir leo grá agus trócaire Dé a bhraith tríd an chaidreamh seo, nuair a bhíonn siad ag suí, ag amhrán, ag siúl agus ag gáirí leis na daoine críonna. Is iontach an radharc é ar Lá Nollag gach bliain, nuair a théann cuid des na ceoltóirí áitiúla isteach san ospidéal ionas go mbeidh seisiún ceoil ann agus rince. Tarlaíonn an rud céanna an lá ina dhiaidh ar Lá an Dreoilín, nuair a bhíonn na dreoilíní faoi lán tseol. Níl ’fh ios ach ag Dia amháin na grástaí a fh aigheann daoine ós na tograí seo. Cuirfi mid ár ngaolta agus ár gcairde atá ar fán ón gcreideamh faoi choimirce Chríost – A Íosa, is asat-sa atá mo mhuinín agam.

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ IÚIL, 2017 Guímis ar son ár ndeartháireacha agus ár ndeirfi úracha atá imithe ar fán ón gcreideamh, agus trínár n-urnaí agus trínár bhfi nnéacht ar an Soiscéal, go bhfaighe siad amach an athuair cé chomh gar dóibh agus atá trócaire Dé agus áilleacht na beatha Críostaí.

Foclóirín: géarleanúint = iachall a chur ar dhuine éirí as a chreideamh; go caithréimeach = bua gaisciúil a fh áil; lenár bhfi nnéacht = leis an mbealach ina gcaithfi mid ár saol.

This article is from: