4 minute read

Fatima 1917-2017 An Br. G.D. De Barra

An Bráthair G.D. De Barra

FATIMA 1917-2017

Bhí mé ar oilithireacht le déanaí go dtí Fatima, áit ar thaibhsigh an Mhaighdean Mhuire do thriúr páistí óga sa bhliain 1917. Tá Fatima thart ar 80 km ó Liospóin, príomhchathair na Portaingéile. Ar an 13 Bealtaine tharla go raibh triúr páistí, Lucia dos Santos, 10 mblaina d’aois agus a beirt cholcheathair, Francisco Marto, 9 mbliana d’aois agus Jacinta Marto, 7 mblaina d’aois, ag aoireacht a gcuid caorach i bhfoisceacht dhá km dá mbaile i bpáirc ar a ghlaotar an Cove Da Iria.

Thart ar mheánlae ar an 13 Bealtaine 1917, tar éis dóibh an phaidrín a ghuí, bhí said ag spraoi, nuair go tobann, chonaic said solas tintriúil agus shocraigh said fi lleadh abhaile láithreach, ar a mbealach tar éis cúpla nóiméad, tharla solas tintriúil eile, d’fh éach siad suas agus chonaic said ar bharr crann darach (‘Holm Oak’) ‘Bean óg, níos gile ná an ghrian’ gléasta in éadaí bána agus go raibh paidrín ina lámha aici.

Dúirt an ógbhean leo go raibh gá le mórán urnaí agus d’iarr sí orthu fi lleadh go dtí an crann darach céanna sa Cova Da Iria ar an 13ú lá de gach mí go dtí mí Dheireadh Fómhair. Tar éis don ógbhean a bheith imithe, ar chomhairle Lucia socraíodh go gcoimeádfadh said an eachtra ina rún ach faraor d’inis an cailín óg Jacinta an scéal dá máthair ag dul a chodladh di, bhí an rún scaoilte agus scaip an scéal faoin eachtra agus faoi 13 Meitheamh bhí daoine ar a slí go dtí an Cova da Iria le teann fi osrachta. Bhí na húdaráis áitiúla an-mhíshásta agus bhagair said go ndúnfadh siad an séipéal áitiúil sa pharóiste. Bhí an ceannaire sa dúthaigh faoi ordú ó rialtas sóisialta na tíre stop a chur leis an scéal agus fi ú cuireadh bagairt ar na páistí agus ar a muintir an eachtra a bhréagnú.

Tháinig na sluaite arís i mí Iúil, agus cé nach bhfaca na daoine ach an triúr páistí ar a nglúine ag guí, thuig said go raibh rud éigin osnádúrtha ag titim amach. Tugadh ‘Rún Fatima’ ar an lá sin an paidrín a rá, dul go faoistin is Comaoin Naofa agus an Rúis a choisreachan do ‘Chroí Mhuire gan Smál’.

I mí Lunasa gabhadh an triúr páistí agus iad ar a slí go dtí an Cova Da Iria, ag maor agus póilíní an réigiúin. Cuireadh bagairt báis orthu, scaradh óna chéile iad, faoi dheireadh cuireadh i bpriosún iad leis na coirpigh ba bhaolaí ar domhan, ach sheas said an fód, fi ú faoi bhagairt de gach cineál lena scéal, d’éirigh leo na priosúnaigh a chur ag guí an phaidrín; ar thrí lá go raibh said i ngéibheann, bhí na

‘Cuireadh bagairt báis ar na páistí, scaradh óna chéile iad, cuireadh i bpriosún iad leis na coirpigh ba bhaolaí ar domhan, ach sheas said an fód.’

sluaite taobh amuigh den phríosún ag guí gan staonadh agus faoi dheireadh scaoileadh saor iad. Chuaigh said ar ais ag aoireacht agus i bpáirc eile, circa cileaméadar ón Cova, i.e Valinhos, tháinig an ógbhean chucu arís ar an 19 Lunasa 1917.

Gheall sí arís go dtarlódh míorúilt i mí Dheireadh Fómhair. Bhí slua mór i láthair i mí Mhéan Fómhair agus bhí breis is 70,000 i láthair i mí Dheireadh Fómhair. Bhí múrtha báistí troma an mhaidin ar fad, fl iuchadh daoine go craiceann agus bhí tuilte uisce sna páirceanna. Bhí amhras ag teacht ar an slua, nuair go tobann stop an bháisteach, tharla scoilt sna scamaill agus chonacthas an ghrian ag rothlú i dtreo na talún mar liathróid agus ag casadh mar roth tine. Scanraíodh na daoine, thriomaigh na páirceanna agus éadaí na ndaoine, chonacthas an mhíorúilt ag daoine i bhfoisceacht 20 míle ón áit, is fi ú ag an bPápa Pius XII sa Vatacáin. Ansin chas an ghrian ar ais go dtí a hionad sa spéir.

Ó shin i leith, tá fás agus forbairt tagtha ar an áit bheag Fatima go dtí baile mór le daonra 10,000. Sa bhliain 1930 tar éis taighde agus iniúchadh doimhin, fógraíodh ag easpag Leria gur féidir le daoine a chreidiúint gur thaibhsigh Muire don triúr páistí agus tugadh beannacht na hEaglaise don eachtra i bhFatima. Le beannacht na hEaglaise thosaigh oilithrigh ag teacht go Fatima is go háirithe muintir na Portaingéile.

Tháinig an Pápa Pól VI Beannaithe go dtí Fatima ar ócáid a Iúbaile ar 13 Deireadh Fómhair 1967. Tháinig an Pápa Eoin Pól 2 Naofa faoi thrí go dtí Fatima, an chéad uair mar chomhartha buíochais sa bhliain 1982 i ngeall ar a theacht slán ón iarracht a deineadh é a dhúnmharú ar Fhéile Mhuire Fatima, 13 Bealtaine 1981. Bhronn sé an piléar a chuaigh tríd a ucht ar an scrín agus is féidir an piléar sin a fh eiscint inniu i gcoróin na deilbhe.

Leanfar leis an alt seo sa chéad eagrán eile den Timire.

Foclóirín: thaibhsigh = láithrigh, nochtaigh chuig; rothlú = casadh thart ar nós roth.

This article is from: