10 minute read

Nóibhéine Áine Máire Ní Odhráin

NÓIBHÉINE DON CHROÍ RÓ-NAOFA 2017

Áine Máire Ní Ódhráin

Beidh tús á chur leis an Nóibhéine Déardaoin, 19 Meitheamh agus cuirfear i gcrích í Dé hAoine, 27 Meitheamh.

Conas an Nóibhéine a ghuí

Is don 9 lá roimh Fhéile an Chroí Rónaofa, 27 Meitheamh 2017, í an Nóibhéine seo. Féadfaidh tú an nóibhéine a ghuí go príobháideach sa bhaile, sa teaghlach, i ngrúpa paróiste nó in éineacht le comharsana agus cairde. Agus í á déanamh agat le daoine eile, féadfaidh duine difriúil an nóibhéine a threorú gach lá, nó féadfaidh sibh na codanna éagsúla a roinnt orthu siúd a bheidh páirteach inti.

Ná deifrigh. Léigh an sliocht as an Scrioptúr agus an machnamh go mall, agus glac sos nuair a théann rud éigin i gcion ort. Leanann paidir ghearr, a bhaineann le téama an lae, agus críochnaíonn tú le Paidir na Nóibhéine thíos.

Fág doras do chroí oscailte ar feadh an lae. Cé go bhfuil d’am paidreoireachta thart, leanann an comhrá i rith an lae. Bí réidh chun guth an Tiarna a chloisteáil i ngnáthchúrsaí do shaoil agus sna daoine timpeall uilig ort.

Nuair a bhí mé ag smaoineamh ar Fhéile an Chroí Rónaofa, tháinig sé chugam rud a chuala mé á rá ag Jean Vanier blianta ó shin: An rud is fearr i saol an duine ná comhaontas a bheith ann idir an intinn, an croí agus an láimh. Is é sin go mbeadh cur le chéile idir cad a smaoiním, cad a mhothaím agus cad a dhéanaim. Thosaigh mé ag déanamh machnaimh ar lámha Íosa agus na hamantaí a bhí a chroí le feiceáil sna rudaí a bhí á ndéanamh aige lena lámha. Roghnaigh mé Íosa agus na lámha mar sórt learscáil d’aistear na Nóibhéine seo.

Paidir don Nóibhéine

A Thiarna Íosa Críost, bhí do chroí corraithe le grá do na fi r agus do na mná a tháinig chun cabhair a fh áil ina ngátar. Thug tú leigheas don easlán, chothaigh tú an t-ocrach, thug tú maithiúnas do pheacaigh, chaoin tú Iarúsailéim. Thar aon ní eile, thaispeáin tú dóibh siúd a bhí sásta éisteacht an tslí chun na fíorbheatha, óir is tú an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha.

A Thiarna, bíonn do chroí corraithe i gcónaí ag do phobal agus ag na riachtanais iomadúla acu. Oscail ár gcroí chun do bhriathar a chloisteáil, chun glacadh le do ghrá, agus chun do ghlao a fh reagairt. Go mór mór, impím ort an gar a iarraim le linn na nóibhéine a dheonú dom (achainí os íseal), ar chuntar go gcabhróidh sí sin chun maitheas shíoraí a fh áil domsa agus chun Ríocht do chirt, do shíochána agus do ghrá a chothú anseo ar talamh.

A Chroí Rónaofa Íosa is ionatsa a chuirim mo mhuinín go léir.

An Chéad Lá: 19 Meitheamh

Do Lámha ar an Leanbh Íosa

Scrioptúr: ‘Agus tharla, le linn dóibh bheith ann, gur tháinig a hionú, agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta.’ Lúc 2:6-7 Machnamh: Samhlaigh Muire ag leagan an leanbh Íosa i do lámha, loinnir a shúile ag breathnú ort, do chroí lán le hiontas ... fan in éindí leis go socair, ciúin. Paidir: A Linbh Íosa, glacaim buíochas leat de bhrí gur ghlac tú nádúr daonna ar mo shon. Cabhraigh liom mo shaol a chaitheamh ar do shonsa agus ar son daoine eile.

Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine.

An Dara Lá: 20 Meitheamh

Lámha lách gan eagla

Scrioptúr: ‘I gcathair áirithe dó, tharla fear ann a bhí lán de lobhra: agus ar fh eiceáil Íosa dó, chaith sé é féin ar a bhéal agus rinne impí air á rá: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.” Agus shín sé amach a lámh agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú!” Agus d’fh ág an lobhra é láithreach.’ Lúc 5:12-13 Macnamh: Leag Íosa a lámha ar dhaoine le galair chomh dona sin gur sheachain daoine eile iad. Ní raibh eagla ar bith air, bhí sé dírithe ar leigheas a thabairt dóibh.

Seans go bhfuil rudaí i mo phearsantacht nó rudaí a rinne mé i mo shaol féin a shílim go bhfuil chomh dorcha go bhfuil mé náireach fúthu ... iarraim ar Íosa a lámha lácha a leagan orm agus síocháin croí a thabairt dom. Paidir: A Thiarna Íosa, táim róbheag agus ró-lag chun do ghrá a thuiscint. Táim cloíte ag do ghrá, a chuir malairt cló ar an olc leis an maitheas. Glan mo chroíse mar a ghlan tú an fear a bhí lán de lobhra.

Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine.

An Tríú Lá: 21 Meitheamh

An Cuireadh

Scrioptúr: Iníon Iáras: ‘Níor lig sé d’aon duine dul isteach leis ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín. Ach rug sé ar láimh uirthi agus ghlaoigh amach: ‘A chailín, éirigh!” Agus tháinig an spiorad ar ais inti, agus d’éirigh sí láithreach; agus d’ordaigh sé rud le hithe a thabhairt di.’ Lúc 8:50, 54-55 Machnamh: Feicim go soiléir lámh Íosa sínte amach chuig an gcailín óg ins an leaba, an cuireadh séimh, agus í ag éirí. Samhlaigh lámh Íosa sínte amach chugat ... céard é an cuireadh atá sé a chur os do chomhair inniu? Paidir: A Íosa, go raibh maith agat as ucht do chuireadh chugam siúl in éindí leat. Is tú an tSlí, an Fhirinne agus an Bheatha.

Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine.

An Ceathrú Lá: 22 Meitheamh

Oscail mo Shúile

Scrioptúr: ‘Agus tháinig na daill chuige nuair a chuaigh sé isteach sa teach. Dúirt sé leo: “An gcreideann sibh gur féidir dom é seo a dhéanamh?” Dúirt siad: “Creidimid, a Thiarna.” Ansin, leag sé a lámh ar a súile agus dúirt: “Bíodh agaibh de réir bhur gcreidimh.” Agus osclaíodh a súile.’ Matha 9:28-30 Machnamh: Nach bhfuil sé deacair amanta a bhfuil direach os comhair do shúl amach a fh eiceáil? Bíonn mo dhearcadh féin clúdaithe le leithleas, níl mé in ann an fh irinne a fh eiceáil. Má tá mé ag iarraidh siúl le hÍosa caithfi dh mé féachaint ar an saol le fís Íosa freisin. Paidir: A Thiarna, leag lámh ar mo shuile is súile mo chroí chun go mbeadh mé oscailte do do lámh agus gur féidir liom feiceáil le do dhá shúil féin.

Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine.

An Cúigiú Lá: 23 Meitheamh

Lámha ag Freastal

Scrioptúr: ‘... d’éirigh sé ón suipéar, agus leag sé uaidh a chuid éadaigh, agus cheangail sé tuáille faoina choim. Ansin chuir sé uisce sa bháisín agus thosaigh ag ní chosa na ndeisceabal agus á dtriormú leis an tuáille a bhí faoina choim.’ Eoin 13:4-5. Machnamh: Íosa ar a ghlúine ag ní chosa a chairde lena lámha féin, gan scéal mór á dhéanamh de, gan stró, é ag taispeáint dóibh conas grá a thabairt le humhlaíocht. Bhí mé ag smaoineamh ar na cosa difriúla os a chomhair ... ach nigh sé iad go léir leis an gceanúlacht chéanna. An bhfuil mé féin in ann a shampla a leanúint agus mo lámh a shíneadh amach gan teorainn chun cúnamh a thabairt? Paidir: A Íosa, lig dom mo lámha a bheith mar do lámha: cineálta, láidir, ceanúil agus mé ag obair ar do shon i mo shaol.

Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine.

An Séú Lá: 24 Meitheamh

A Lámh ar an Chros

Scrioptúr: ‘Rug siad Íosa leo. Rinne sé féin an chros a iompar, agus ghabh sé amach go dtí Áit an Chloiginn – a dtugtar Golgatá san Eabhrais air.’ Eoin 19: 17 Machnamh: Thóg sé suas a chros ina lámh féin agus leis sin, d’iompair sé pian an Domhain. Fan leis ar an mbóthar fada go dtí Golgatá, a lámha scriosta, an chros

ag sleamhnú dá ghualainn. Sín amach do lámh mar a rinne Síomón chun meáchan na croise a laghdú dhó. Breathnaíonn sé ort ... Paidir: A Íosa, cuir mo chroí le do chroíse. Oscail mo chroí do riachtanais daoine eile. A Chroí Rónaofa Íosa, cuirim mo mhuinín ionat.

Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine.

An Seachtú Lá: 25 Meitheamh

Lamha ar Corp Íosa

Scrioptúr: ‘Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp. Niocadaemas freisin – é siúd a tháinig san oíche chuige ar dtús – tháinig sé agus meascán miorra agus aló aige, timpeall céad punt meáchain. Thóg siad corp Íosa dá bhrí sin agus rinne siad é a chuachadh i línéadaí maille le spíosraí.’ Eoin 19: 39-40 Machnamh: Nuair a thóg cairde Íosa a chorp anuas, bhí deifi r orthu an miorr agus an t-aló a chur air agus an tSabóid ag teacht go luath. Samhlaigh a bheith ann, ag laimhseáil an choirp a bhí briste ag an bhfulaingt go léir, samhlaigh ullmhú an choirp, do lámha ag cur ungtha air. Sa gciúnas, le gach teagmháil ó do láimh, gabh buíochas le hÍosa as ucht a ghrá duit. Paidir: A Íosa, cara mo chléibh, fan in éindí liom go brách.

Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine.

An tOchtú Lá; 26 Meitheamh

Bia as Lámh Íosa

Scrioptúr: ‘Nuair a tháinig siad i dtír mar sin, chonaic siad arán ansiúd agus tine ghualaigh agus iasc uirthi. Dúirt Íosa leo: “Tagaigí agus ithigí.” Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine de na deisceabail a fh iafraí de: “Cé hé thú féin?” mar go raibh fh ios acu gurbh é an Tiarna é. Tháinig Íosa agus thóg an t-arán agus thug dóibh é, agus mar an gcéanna leis an iasc.’ Eoin 21: 9, 12-13 Machnamh: Ní dóigh liom go bhfuil aon rud chomh deas leis an mbéile a leagfaí os do chomhair tar éis lá fada oibre. Nuair atá tú tuirseach, spíonta agus do fh uinneamh ar iarraidh, nach álainn an rud é duine éigin eile ag tabhairt aire duit. D’ullmhaigh Íosa béile dá chairde ar an trá. Thug sé dóibh an ní a bhí uathu. Thug sé comhartha dóibh dá ghrá leanúnach. Paidir: A Thiarna Íosa, líon mé le do ghrá, agus le do neart chun an grá sin a thaispeáint chuile lá. Is tú Arán na Beatha.

Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine.

An Naoú Lá: 27 Meitheamh

Go gCoinní Dia i mBosa a Láimhe Thú

Scrioptúr: ‘...Chuir sé i bhfolach mé faoi scáth a láimhe.’ Íseáia 49:2 Machnamh: As seo amach bíodh muinín agat go bhfuil tú slán faoi scáth láimhe Dé. Cibé a tharlaíonn, tá sé linn. Agus ná déan dearmad ar bheannacht Íosa dá chairde: ‘Fágaim síocháin agaibh; tugaim mo shíocháin daoibh ... Ná bíodh bhur gcroíthe buartha agus ná bíodh eagla oraibh.’ Eoin 14:27 Paidir: Bí i do thost agus samhlaigh duit féin Íosa ag glaoch ort i d’ainm agus é ag rá leat: ‘Fág do bhuartha ag mo chosa, tar agus cuir muinín ionam, tar agus éist liom agus le mo bhriathra sa Soiscéal.’ Críochnaigh trí bhuíochas a ghlacadh le hÍosa.

Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine.

This article is from: