4 minute read

Naomh Proinsias agus Assisi An Br. G.D. De Barra

An Br. G.D. De Barra

Naomh Proinsias agus Assisi

Cuid I

Is mé ar oilithreacht i rith an tsamhraidh go dtí Assisi, le grúpa ó Éadan Doire agus Doire Cholmcille, meabhraíodh dom uair eile go raibh mé ann leis an bhfi le, An Br. S.E. Ó Cearbhaill agus é mar threoraí freisin agus gur chum sé dán faoin oilithreacht sin. Seo mar a thosaigh sé :

In Assisi dúinn

Suas an cnoc in achadh réidh na coitiantachta i Santa Maria degli Angeli

Go dtí tuama Phroinsias Naofa thíos go doimhin i mbroinn bhaislice rí-aosta ar chothramaíocht ar ghualainn

Sléibhe

In a buanchliabhán gréine . . . Nuair a chloistear faoi Assisi ritheann ainm Phroinsias chugainn láithreach. Tá tionchar a charisma ag cur iontais agus aoibhnis ar an anam daonna i gcónaí agus d’fh onn leas a bhaint as spiorad, teachtaireacht agus idéalacha Phroinsias, bhailigh an Pápa Eoin Pól II Naofa cinnirí reiligiúin éagsúla an domhain in Assisi. Bhí an teacht le chéile mar shiombal na síochána agus an bhráthreachais i measc an chine dhaonna.

Rugadh Proinsias sa bhliain 1182. Trádálaí éadaí ab ea a athair, fear ansaibhir – a mháthair a thug aire don chlann óg. Chaith Proinsias a óige ag staidéar, ag cabhrú lena athair ina ghnó, agus ag spraoi lena chairde agus compánaigh. Bhí saol deas compordach aige do dtí gur bhuail sé le fear déirce. Dhiúltaigh sé cabhrú leis ach tar éis tamaillín tháinig aiféala air, chas sé ar ais agus thug sé mála mionairgid don fh ear déirce agus d’iarr sé maithiúnas air. Tharla eachtraí eile dó ina shaol, uair amháin gabhadh é le linn caismirt áitiúil is chaith sé bliain i ngéibheann. Bhuail drochthinneas é agus le linn dó bheith ag téarnamh sa mbaile, bhí deis aige bheith ag machnamh ar a shaol.

Labhair Dia leis ag Spoleto agus mhol dó fi lleadh ar Assisi, rud a rinne sé. Níor thuig a chairde, ná a chomharsana agus go háirithe a athair cén chúis gur athraigh sé, fi ú deirtear gur dhún a athair é isteach i seomra, mar phríosúnach ar feadh cúpla mí. Lá amháin agus é ag urnaí i séipéal beag San Damiano labhair an Cros chéasta leis – ‘Téigh agus deisigh mo theach mar tá sé ag titim as a chéile.’

Bhí Proinsias ar tí casadh iomlán a dhéanamh ina shaol agus fi ú faoi bhrú óna athair is ón Easpag roghnaigh sé diúltú dá oidhreacht agus a shaol a

'Coimeádadh a chorp i séipéal beag San Giorgio go dtí go raibh tuama ullamh dó in áit bhocht a roghnaigh sé féin.’

chaitheamh ar son na mbocht agus slí chun Dé a leanúint go hiomlán agus diúltú do mhaoin agus só an tsaoil. D’fh ás Ord na bProinsiasach ón gcinneadh seo. Timpeall an ama chéanna bhuail sé le cailín óg ó Assisi – Clár Naofa – agus bhailigh sise grúpa ban timpeall uirthi féin ónar bunaíodh na Cláirínigh.

Nuair a bhí sé ar tí báis d’iarr sé ar a chomhbhráithre é a iompar go dtí an Porziuncola agus é a chur ina luí ar an dtalamh fuar, d’éag sé ar 3 Deireadh Fómhair, 1226. Coimeádadh a chorp i séipéal beag San Giorgio go dtí go raibh tuama ullamh dó in áit bhocht a roghnaigh sé féin.

Tógadh a chorp go dtí Baisleach Íochtarach San Francisco sa bhliain 1230 agus go gairid ina dhiaidh sin cuireadh é in oscailt a gearradh sna carraigeacha san Uaimh. Bíonn oilithrigh ag urnaí de shíor ag an tuama seo agus iad go léir faoi dhraíocht ag ciúnas agus naofacht na háite.

Cuireadh tús leis an mBaisleach Uachtarach san 17ú haois agus arís tá sé maisithe go hálainn le radharcanna ó shaolré an Naoimh, an t-ealaíontóir Giotto a rinne iad. D’fh onn blas agus tábhacht Assisi a thusicint ní mór don oilithreach miúin agus guí le linn dó/di bheith ag breathnú ar na freascónna. Tá fi che ocht cinn sárspeisialta ann, mar go léirítear go soiléir eachtraí a tharla i saolré an Naoimh, ina measc eachtra an chlóca taobh amuigh d’Assisi; Proinsias ag guí os comhair na Croise ag San Damiano; Proinsias ag diúltú do mhaoin an tsaoil; an Chéad Mhainséar ag baile Greccio; Proinsias ag caint leis na héanlaithe; faigheann Proinsias an Stigmata ar Chnoc Verna; bás Phroinsias; an slán ó Naomh Clár; canónú Phroinsias in Assisi ag an bPápa Gréagóir IX; tógann sé bean mharbh ar ais ina beatha.

Tugann na mórmhaisithe seo tuiscint shármhaith do shaol agus beatha Phroinsias Assisi. Ainmníodh é mar phríomhphátrún na hIodáile sa bhliain 1939. Go gcuirimis a phaidir:

Déan meán chun síochána díom id’ láimh a Thiarna

San áit go bhfuil fuath go gcuire mé

Grá. (Ar lean.)

Foclóirín: caismirt = scliúchas; freascónna = frescoes; miúin = machnamh domhain.

This article is from: