4 minute read

Cuir Suas don Chamastaíl An tAth. Shay Cullen

An tAth. Shay Cullen Colmánach atá ag obair sna hOileáin Fhilipíneacha

Cuir Suas Don Chamastaíl

Tugtar ár ndúshlán cur suas don chamasataíl. Is é ár ndualgas é. Iarrann an Pápa Proinsias orainn cur in aghaidh chleachtais éillitheacha an domhain agus dínit, daonnacht agus dea-rialachas an duine a chosaint. Is cróga an beart é an chamastaíl a nochtadh os ard. Féachann lucht cumhachta le tost a chur ar na sceithirí, ar na gníomhaithe sin a oibríonn ar son chearta an duine. Sna Filipíní, mar shampla, tá ráite ag an uachtarán go gcuirfeadh sé a leithéid de ghníomhaithe chun báis.

Nuair a théann lucht cumhachta i mbun breabaireachta agus i mbun comhcheilge le calaois a dhéanamh ar an bpobal, nuair a sháraíonn siad an dlí ar mhaithe le tuilleadh cumhachta nó lena gcuid pócaí féin a líonadh – sin í an chaimiléireacht. Sna tíortha forbartha, áit a gcuirtear an dlí i bhfeidhm, tuigeann daoine cúrsaí daonlathais. Déanann an preas saor an chaimiléireacht a nochtadh. Sin ráite, tá an chaimiléireacht á cleachtadh sa tír seo féin, mar is léir ó na bínsí fi osrúcháin. Ní hí Éire is measa, dar ndóigh. Sa bhliain 2016, bhain sí an 19ú háit amach ar an Innéacs Thrédhearcacht Idirnáisiúnta do Thuiscintí ar Chaimiléireacht (176 tír a bhí faoi chaibidil). Má tá grá againn don fhírinne, is gá dúinn seasamh ar a son agus labhairt amach in aghaidh na caimiléireachta.

Tá an chaimiléireacht forleathan sna tíortha atá i mbéal forbartha, áfach. Lucht rialtais, lucht maorlathais agus lucht dlí, tá siad ar fad i bpócaí a chéile. Tugann lucht rialtais súil chaoch don mhíúsáid leanaí atá ar siúl go rábach. Eisíonn siad ceadúnais do lucht na mbeár gnéis, mar a ndéantar gáinneáil ar dhéagóirí, agus mar a dtagann turasóirí gnéis agus muintir na háite i dtír orthu.

Glacann na breithiúna le breabanna. Bhí cás ann sna Filipíní le déanaí a bhain le Meiriceánach mná a raibh cúigear páistí á gcoinneáil i dteach aici. Thugadh sí ag ‘cóisreacha’ iad, áit a ndéanadh péidifíligh ón iasacht mí-úsáid orthu. Cailíní agus buachaill amháin a bhí sna páistí sin, gan acu ach cúig nó sé bliana d’aois. Nuair a rinneadh tarrtháil orthu, tugadh scrúdú dochtúra dóibh a chruthaigh gur bhain mí-úsáid ghnéis dóibh. Chaith an Breitheamh an cás amach as an gcúirt in ainneoin na fi anaise, é ag maíomh go raibh an tslí go ndearnadh tarrtháil ar na páistí mídhleathach. Bhí rian na breabaireachta ar an scéal.

Chuir an BBC agus Reuters póilíní sinsearacha faoi agallamh mar gheall ar

‘Chaith an Breitheamh an cás amach in ainneoin na fi anaise ... bhí rian na breabaireachta ar an scéal.’

an bhfeachtas ar a dtugtar ‘An Cogadhin-Aghaidh-na-nDrugaí’. Agallamh gan ainm a bhí i gceist. D’admhaigh póilíní áirithe go bhfaigheann siad airgead ar dhrugadóirí amhrasta a mharú. Déanann brathadóirí agus oifi gigh áitiúla a n-aird a dhíriú ar dhaoine amhrasta faoi leith, gan fi anaise cheart á lorg acu ná próis chuí á leanúint. Cuirtear na hainmneacha sin ar liosta ina dhiadh sin, a scaiptear ar na póilíní. I mí Lúnasa 2017, mharaigh na póilíní seacht nduine amhrasta is leathchéad in aon oíche amháin agus ghortaíodar breis agus céad duine. Maíonn na póilíní go raibh gunna dá chuid féin ag éinne a mharaíodar. Is é fi rinne an scéil gur cuireadh os cionn deich míle drugadóir amhrasta chun báis ó tháinig an rialtas nua i gcumhacht i mí an Mheithimh 2016.

Is é an rialtas nua sin atá taobh thiar den fh eachtas ‘An Cogadh-in-Aghaidhna-nDrugaí’. Maítear gurb é an bású seachbhreithiúnach bun agus barr an fh eachtais chéanna. Sáraíonn na póilíní riail an dlí agus scaoileann siad na ‘daoine amhrasta’, na déagóirí ina measc. Deirtear freisin, go bhfaigheann

na póilíní cama íocaíochtaí breise ó na tithe tórraimh as na corpáin a chur ar fáil dóibh. Agus an sárú sin ar chearta an duine á chosaint ag Rúnaí an Dlí, dúirt sé nár bhain na daoine amhrasta leis ‘An gCine Daonna’ in aon chor. Sa bhliain 2016, bhain na Filipíní an 101ú háit amach ar an Innéacs Thrédhearcacht Idirnáisiúnta do Thuiscintí ar Chaimiléireacht. Tá saol na polaitíochta foirgthe leis an gcaimiléireacht. Faoi láthair, tá triúr seanadóirí os comhair na cúirte as na billiúin pesos a chúbláil ón rialtas. Bhunaigh an triúr carthanachtaí agus fondúireachtaí bréagacha. Cuireadh maoiniú isteach sna cuntais sin a bhradaigh siad isteach ina gcuntais féin. Tá go leor oifi geach ann nach síneoidh ceadúnas ná conradh gan airgead á chur ina bhos féin ar dtús. An té a nochtann an chúbláil is a sheasann ina coinne, téann sé i gcontúint a bháis. Maraíodh os cionn céad iriseoir agus gníomhaí cearta daonna as labhairt amach in aghaidh na caimiléireachta sna Filipíní. Tá ár ngníomhartha agus ár nguíonna de dhíth go géar ó na trodairí cróga sin, anois níos mó ná riamh.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ FEABHRA, 2018 Iad siúd a bhfuil cumhacht nithiúil nó pholaitiúil nó spioradálta acu, go gcuirfi dís i gcoinne aon tarraingt ag an gcaimiléireacht.

Foclóirín: camastaíl = caimiléireacht; éillitheacha = truallaithe; sceithire = whistleblower; trédhearcacht = transparency; cúbláil = goid.

This article is from: