2 minute read
Oideas: Chilli Con Carne Síle Ní Chearbhaill
Chilli con Carne
Síle Ní Chearbhaill
Taitníonn sillí go mór liom agus taitníonn seacláid go mór liom agus is minic a fh eicim seacláid le sillí ar fáil san ollmhargadh, nó a thagaim trasna ar oideas do cháca seacláide le sillí. Lá amháin rinne mé cinneadh triail a bhaint as sillí a dhéanamh le seacláid – taitníonn an mhias dheireanach go mór liom. Bíonn trátaí searbh go minic ach laghdaíonn an tseacláid seirbhe na dtrátaí agus cuireann sí le saibhreas na méise.
COMHÁBHAIR:
1 oinniún dearg 1 piobar dearg 1 piobar glas 1 tsp ola 2 chlóbh gairleoige 2 tsp callóga sillí 1 tsp paiprice 500g mairteoil 200ml stoc mairteola 400g canna de thrátaí 3 tbsp purée trátaí 1 cana de phonairí duánach 50g seacláid dhorcha Salann agus piobar
LE RIARADH:
Rís nó prátaí bácáilte
MODH:
1. Mionghearr an t-oinniún agus gairleog agus gearr na piobair i bpíosaí móra. 2. Téamh an ola ar an bhfriochtán agus frioch an t-oinniún agus gairleog ar feadh 3-4 nóiméad go dtí go bhfuil siad bog. Cuir na glasraí eile leis agus frioch ar feadh 2 nóiméad. 3. Cuir an fh eoil leis agus frioch go dtí go bhfuil an fh eoil donn. 4. Cuir na spíosraí leis agus frioch ar feadh 3 nóiméad chun an blas a fh orbairt. 5. Cuir an stoc, trátaí, purée trátaí, salann agus piobar leis. Suanbhruith ar feadh 15 nóiméad. 6. Bain an leacht ó na pónairí agus cuir leis an sillí iad. Cuir an tseacláid isteach. Measc go maith é.
Suanbhruith ar feadh 5 nóiméad eile. 7. Riar le rís nó prátaí bácáilte.
An Ofráil Laethúil
A Athair ró-ghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ófralaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach thíos) ... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.
NOLLAIG
Uilíoch: Go gcothaí teaghlaigh agus pobail Chríostaí na seandaoine, ionas go mbaine siadsan earraíocht as a ngaois agus a dtaithí d’fh onn an Creideamh a chraobhscaoileadh, agus na glúnta óga a mhúnlú. EANÁIR
Soiscéalaíoch: Go mbeadh Críostaithe, agus mionlaigh reiligiúnda eile i dtíortha na hÁise, in ann a gcreideamh a chleachtadh le saoirse gan srian.
FEABHRA
Uilíoch: Iad siúd a bhfuil cumhacht nithiúil nó pholaitiúil nó spioradálta acu, go gcuirfi dís i gcoinne aon tarraingt ag an gcaimiléireacht. acu, go gcuirfi dís i gcoinne aon tarraingt ag an gcaimiléireacht.