3 minute read

Feargal Ó Cuilinn RIP Lorcán Mac Gabhann

Lorcán Mac Gabhann Stiúrthóir Ghlór na nGael

Feargal Ó Cuilinn RIP

Tá Feargal Ó Cuilinn imithe ar shlí na fírinne ón 13 Deireadh Fómhair 2017 agus is cúis mhór bhróin domsa go pearsanta é, do fh oireann Ghlór na nGael agus do Bhord Stiúrtha Ghlór na nGael é chomh maith.

Déanaim comhbhrón ó chroí lena mháthair Bríd, lena bheirt iníonacha, Louise agus Aedín, lena máthair siúd Jean, lena chlann agus lena ghaolta uilig.

Bhí aithne agam ar Fheargal ó 1978, am ar thosnaigh muid beirt i gColáiste Eoin ag aois a dódhéag, agus ó shin b’iomaí gort a bhí muid tar éis a threabhadh, fud fad na hÉireann. Cé go bhfuil an oiread scéalta agam faoi agus a líonfadh leabhair, beidh sé fós deacair orm breith ar an tuiscint nach bhfeicfi dh mé riamh arís é, nach n-ólfaidh mé pionta leis, nach gcanfaidh mé amhráin arís leis ag 3am, nach rachaidh mé i mbun troda leis ar chúis éigin nach féidir a bhuachaint, nach rachaidh mé ag taisteal leis arís, nach n-ólfaidh mé muga caife leis i lár Bhaile Átha Cliath, nach ndéanfaidh mé troid leis (rud a rinneamar go minc!!) agus nach bhfeicfi dh mé a straois gháire riamh arís.

Bhí Feargal fostaithe le Glór na nGael ón mbliain 2014 i leith ach bhí sé féin agus foireann Ghlór ag obair as lámha a chéile le blianta fada roimhe sin, le linn dó a bheith ag feidhmiú mar Stiúrthóir ar an eagraíocht Comhluadar.

Is iomaí togra agus tionscadal a raibh Feargal gafa leo agus lárnach iontu. B’é bunú agus buanú Ghaelscoil Bharra mar Chathaoirleach, i gCabrach, a bhí ar bharr a liosta tosaíochtaí le fada an lá agus b’ábhar bróid dó é go raibh foirgneamh buan faighte ag an scoil i mbliana, tar éis breis agus fi che bliain. Thuig sé tábhacht an oideachais do thodhchaí na Gaeilge agus d’fh eidhmigh sé ar Bhoird Bhainistíochta éagsúla, ina measc, Gaelscoil Chabhrach, Gaelscoil Chill Mhantáin, Gaelscoil Nás na Ríogh, Coláiste Mhuire, ar Bhord Stiúrtha Ghaelscoileanna (Gaeloideachais) agus ar feadh tréimhse fh ada mar Chisteoir ar Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge.

Ní raibh a obair dheonach teoranta don oideachas amháin: bhí sé gafa le Bord Stiúrtha Rith Teo óna bhunú sa bhliain 2010 agus bhí dílseacht dho-chloíte aige dá chlub Robert Emmets CLG. Bhí spéis mhór ag Feargal i gcúrsaí staire agus saineolas suntasach aige inti, a roinn sé linn ar fad, go fi al.

Is iomaí teaghlach lán-Ghaeilge a mbeidh cuimhne acu ar chineáltas Fheargail ag ócáidí agus ag deirí seachtaine sóisialta na heagraíochta Comhluadar. Ba é Feargal a bhí i gcónaí amuigh chun tosaigh ag cur fáilte roimh thuismitheoirí agus roimh pháistí araon. Beidh cuimhne bhuan ar cé chomh sona is a bhí sé agus é ag freastal ar saoire Ghaeltachta Chomhluadar/Ghlór na nGael i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ’chuile shamhradh. Níor aithin Feargal aon difríocht idir daoine éagsúla; bhí sé lách le gach duine a tháinig chuige.

Thar rud ar bith eile, ba fh ear clainne é Feargal Ó Cuilinn. Bhí a ról mar athair lárnach i ngach rud a rinne sé agus níl aon rud nach ndéanadh sé dá chlann ionúin, Louise agus Aedín.

Le himeacht Fheargail, tá athair, mac, deartháir, ball clainne, cara, comhghleacaí agus tírghráthóir caillte againn ar fad agus is boichtede sinn a bheith dhá uireasa.

Braithfi dh muid ar fad uainn é, i nGlór na nGael, a mheangadh gáire, a dheachaidreamh agus a chomhluadar cneasta.

Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

This article is from: