8 minute read

Micheál Ó Mealláin agus 1916 Dermot McEvoy

Dermot McEvoy Údar The 13th Apostle:

A Novel of Michael Collins and the Irish Uprising (Skyhorse Publishing)

Micheál Ó Mealláin agus 1916:

Fírinne a Cuireadh as Riocht

Cuid I

‘A Sheosaimh, a mhaicín ó, bí i do shagart más féidir leat.’ Tamall gearr sular cuireadh chun báis é, sin mar a labhair Micheál Ó Mealláin lena mhac agus é dhá bhliain go leith d’aois.

Ar an 13 Meán Fómhair, 1913, bhí cathair Bhaile Átha Cliath suaite ó bhí frithdhúnadh curtha i bhfeidhm ar an lucht oibre ag a gcuid fostóirí. Is iontach le rá gur sa tréimhse chinniúnach seo i stair na hÉireann a rugadh Seosamh Ó Mealláin. Céad agus a ceathair bliain níos faide anonn, tá an tAthair Ó Mealláin fós linn. Is díol comhghairdis ann féin an méid sin, ach tá gné eile níos speisialta fós i gceist. Is é an tAthair Joe an t-aon pháiste de chuid aon duine d’íobartaigh 1916 atá fós ina bheatha agus mac is ea é leis an gCeannfort Micheál Ó Mealláin, an té a bhí i gceannas ar Chathlán Arm Cathartha na hÉireann i bhFaiche Stiabhna. Is geall le priocadh coinsiasa do mhuintir na hÉireann é an tAthair Joe a bheith beo beathach, á mheabhrú dúinn an dóigh ar tháinig ann don náisiún as réabhlóid, agus na híobairtí a bhí i bpáirt ag a lán daoine le linn an Éirí Amach agus Chogadh na Saoirse.

Foilsíodh ábhar le gairid faoin Athair Ó Mealláin ar an suíomh irishcentral.com. San alt sin chosain an tAthair Ó Mealláin a athair ar líomhaintí a rinne oifi gigh Arm na Breataine gur fh éach sé lena shéanadh gurbh eisean an ceannfort a bhí i gceannas na gceannairceach úd a bhí lonnaithe ag Coláiste na Máinlianna. Tar éis dom tráchtas an Athar Uí Mhealláin a léamh creidim go bhfuil an mhórchuid dá bhfuil á áiteamh aige cruinn ceart. Aontaím freisin leis an Athair Ó Mealláin nuair a dhearbhaíonn sé go raibh bás

cinniúnach a athar ceangailte go dlúth lena raibh i ndán don Chuntaois Markievicz, leascheannfort Uí Mhealláin ar an bhFaiche. Ach creidim, an tarcaisniú sin a rinneadh ar dhea-chlú na beirte i gcúirteanna míleata rúnda na Breataine, gur sháraigh sé na gnáthfh altanais idir Éire agus an Bhreatain. Creidim go raibh dlúthbhaint ag ar tharla le ballraíocht na beirte in Arm Cathartha na hÉireann (ACÉ), 'sé sin arm Shéamais Uí Chonghaile, eagraíocht a bhí tiomnaithe do chosaint a dhéanamh ar aicme an lucht oibre agus ar aicmí a raibh cos ar bolg á imirt orthu.

GABHÁIL FHAICHE STIABHNA

Bhí Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann ullamh chun dul i mbun gnímh ar Luan Cásca go dtí gur chuir fear ceannais na nÓglach, Eoin Mac Néill, freasordú amach i gcoinne an ghairm slógaidh. Bhain an t-ordú seo an teaspach as an Éirí Amach a bhí á bheartú. Ach an mhaidin dar gcionn, ar Luan Cásca, tugadh faoin Éirí Amach arís. Baill de na hÓglaigh a bhí i mbun nach mór gach uile ionad cosanta i mBaile Átha Cliath mar atá, ArdOifi g an Phoist, na Ceithre Cúirteanna, Muilte Uí Bheoláin, Monarca Jacob agus Aontas Bhaile Átha Cliath Theas. Agus cé go raibh Séamas Ó Conghaile é féin in Ard-Oifi g an Phoist, bhí ACÉ i mbun gnímh thall ar Fhaiche Stiabhna mar ar ghabh siad seilbh ar Choláiste na Máinlianna. Scar an ACÉ amach agus ghlac seilbh ar Stáisiún Iarnróid Shráid Fhearchair, Halla na Cathrach láimh le Caisleán Átha Cliath, Teach Ósta Davy ar an gCanáil Mhór agus Stáisiún Dhroichead an Rí (Stáisiún Heuston anois). Theip ar na misin seo go léir don gcuid is mó – is rí-dhócha mar gheall ar easpa daonchumhachta.

Lá ’le Pádraig, 1916, thug Séamas Ó Conghaile a lán dá chuid fear ar thuras siúlóide thart faoi Bhaile Átha Cliath agus chuir moltaí faoi chóir straitéis mhíleata in iúl. Maidir le Faiche Stiabhna, dhírigh sé aird ar Óstán Shíol Bhroin agus mhol gur inmholta seilbh a ghabháil air mar gheall ar a shuíomh, a airde agus na soláthairtí fairsinge a bheadh ann. Ar Luan Cásca, agus an-chuid fear in

easnamh ar ACÉ – bhí súil le 500 ach níor tháinig amach ach 150 mar thoradh ar fhreasordú Eoin Mhic Néill ar an Domhnach – níor ghlac Micheál Ó Mealláin, an ceannfort a bhí i gceannas ar fhorghabháil na Faiche, níor ghlac sé seilbh ar an Óstán. Ba ghearr gur rug fórsaí na Breataine buntáiste ar an míthapa straitéise seo; chuireadar meaisínghunnaí i bhfearas ar dhíon an óstáin, agus ghlac ceannas ar an bhFaiche. Botún ab ea é seo a chuir straitéis an Mheallánaigh i leith na Faiche ó rath. Lean léigear na Faiche ar feadh seachtaine go dtí gur eisigh an Piarsach an fógra géillte, arna chomhshíniú ag Séamas Ó Conghaile, rud a thug ar an Meallánach a phost ag Coláiste na Máinlianna a ghéilleadh.

GÉILLEADH AN MHEALLÁNAIGH AGUS MHARKIEVICZ

Comhuain is a ghéill na ceannaircigh an Fhaiche tosaíodh ar an Meallánach agus Markievicz a chlúmhilleadh. Ghéill Micheál Ó Mealláin a phost i gColáiste na Máinlianna don Chaptaen Henry de Courcy Wheeler. Dúirt Wheeler: ‘Tháinig an príosúnach [Ó Mealláin] agus an Chuntaois Markievicz amach tré thaobhdhoras Choláiste na Máinlianna. Bhí bratach geal á iompar ag an bpríosúnach. Agus ní raibh sé faoi airm ach bhí arm á iompar ag an gCuntaois. Tháinig an príosúnach i leith, thug cúirtéis dom, agus dúirt gur mhian leis géilleadh agus dúirt gurbh í seo an Chuntaois Markievicz. Gheill sé agus chuir in iúl gurbh eisean ceannaire an gharastúin.’ Chuir Markievicz in iúl freisin do Wheeler ‘gurb ise an leascheannaire.’ Insítear, agus craiceann air mar scéal, gur phóg an Chuntaois Markievicz a gunnán sular thug sí ar láimh do Wheeler é. Sin againn más ea an bheirt cheannfort a bhí i gceannas ar Fhaiche Stiabhna ag admháil a stádas go fonnmhar don oifigeach Briotanach a ghlac lena ngéilleadh.

TRIAIL NA CUNTAOISE MARKIEVICZ

De réir mar a thuairisc na Briotanaigh, thosaigh athrú ag teacht ar an an scéal sin ag na trialacha. Cuireadh an Chuntaois Markievicz chun a trialach i dtosach – ar an 4 Bealtaine. Ba é an Leifteanant William Wylie a rinne an t-ionchúiseamh. Dúirt sí ar a triail: ‘Chuaigh mé amach chun troid ar son saoirse na hÉireann agus is cuma céard a tharlaíonn dom. Rinne mé an ní a shíl mé a bhí cóir, agus seasaim leis.’

De réir Wylie, ’séard dúirt sí: ‘Níl ionam ach bean. Ní thig bean a lámhach. Ná déantar bean a lámhach.’ Lean Wylie air: ‘Níor staon sí den olagón i gcaitheamh an ama …. Bhí beagán déistin orainn go léir. Bhí ceannairc á craobhscaoileadh aici d’iomad buachaillí seafóideacha, bás agus glóir, bás ar son do thíre &rl. Ach ina dhiaidh sin féin, bhí sí ionann’s lúitéiseach. Ní abród a thuilleadh. Cuireann sé masmas orm fós.’

Ach fós féin, an Leifteanant Bucknill a bhí i láthair freisin, thug seisean chun cuimhne gur dhúirt sí: “Poblacht na hÉireann an aisling a bhí againn agus shíl muid go raibh seans réasúnta againn.” Ansin ar feadh cúpla meandar, thit sí as a chéile agus bhris a gol uirthi.’

Duine ar bith ar eol dóibh an

phearsantacht a bhí ag Markievicz, bheidís in aimhreas faoinar mhionnaigh Wylie go bhfaca agus gur chuala sé é ach gur shéan Bucknill é. De réir Brian Barton ina leabhar From Behind a Closed Door: Secret Court Martial Records and the 1916 Easter Rising, ‘An cur na fírinne as riocht a rinne Wylie d’aon ghnó agus go mínáireach ar an bhfreagra a thug sí ag a triail, is deacair ciall a bhaint as.’

Daoradh Markievicz chun báis, breith nár iarmhalartaigh an Ginearál Maxwell – an fear céanna a bhí faoin am seo ag síniú barántais bháis na gceannairí – go piansheirbhís saoil go ceann dhá lá dar gcionn. Níor chuir aon chuid dhe seo dá buille í agus ’séard dúirt sí: ‘Ba é mo ghuí go raibh sé de chuibhiúlacht ionaibh mé a lámhach.’

AN MEALLÁNACH Á CHLÚMHILLEADH AG MACONCHY

Tugadh an Meallánach chuig Beairic Risteamain le go gcuirfí armchúirt air. Níorbh eisean an duine ba thábhachtaí a bhí i láthair ag a thriail – ba é an Briogáidireghinerál Ernest Maconchy an té sin. Cad chuige? Mar ba é Maconchy an chéad duine a chuir bréag ar chuntas an Mheallánaigh.

Ba oifigeach gairme in Arm na Breataine é Maconchy agus ba san Ind amháin a thug sé seirbhís – san áit cheanann chéanna inar thug an Meallánach seirbhís le linn a thréimhse siúd in Arm na Breataine. Tar éis don Éirí Amach briseadh amach i mBaile Átha Cliath, seoladh Maconchy go hÉirinn, agus é i gceannas ar 2ú Cathlán na Sherwood Forestors, iad siúd a bhí páirteach sa ghéarchoimhlint ag Muilte Uí Bheoláin agus ag Aontas Bhaile Átha Cliath Theas. Eisean an duine céanna a thabharfadh breithiúnas ar an Meallánach san armchúirt. Ina chumhní cinn, deir sé, ‘Nuair glaodh orthu chun a gcosanta, go ginearálta ní raibh ann ach gur dhaor siad iad féin de ráite a mbéil féin, agus in an-chuid cásanna dhiúltaigh mé a ndúirt siad a chur síos mar ní raibh ann ach go ndearna siad níos measa a gcás.’

Sna focail sin, nochtann Maconchy an bhréag ina chuntas. Ní thig linn a bheith cinnte céard a dúirt an Meallánach mar admhaíonn Maconchy go mb’fhéidir gur cham sé an tuairisc. Ba cheart a thabhairt chun suntais nach raibh aon tuairisceoir cúirte i láthair – níl aon taifead ar ar dúradh seachas nótaí Maconchy.

Le caoinchead ó irishcentral.com agus le mórbhuíochas le hÉanna Mac Cába, a d’aistrigh. (ar lean.)

This article is from: