3 minute read

Plandaí na hÉireann Dónall Ó Cnáimhsí

Dónall Ó Cnáimhsí

Plandaí na hÉireann

Is oileán í Éire atá suite san Aigéan Atlantach thuaidh, ar chósta thiar mhórroinn na Eorpa. Tá sí téite ag Sruth na Murascaille ach faoi thionchar aimsire síorathraithí a thig isteach trasna uirthi ón fh arraige mhór. Is mar gheall air seo a bhíonn an geimhreadh séimh agus an samhradh tais in Éirinn de ghnáth. Is é seo an fáth a mbláthaíonn na mílte planda éagsúil neamhdhúchasach ar an oileán seo de ghlas smaragaide. Tá an aeráid anseo foirfe d’fh ás plandaí. Tá thar 32,000 míle cearnógach de thalamh ar an oileán seo, cuid de sléibhtiúil, cuid faoi fh oraois, cuid ina mhóinéar agus cuid ina phortach agus go leor eile faoi uisce.

Tá tírdhreach na hÉireann athraithe go mór ag an chine dhaonna le dhá mhíle bliain, tá na coillte dúchasacha chóir a bheith imithe, tá cuid mhaith de na portaigh silte agus tá rian na talmhaíochta le feiceáil ó cheann ceann an oileáin. Tá bailte móra tógtha ar fud na dúiche agus mílte de bhóithre déanta a chasann agus a lúbann go gach aon choirnéal.

Ach smaointigh, cad é mar a bheadh an t-oileán seo, munar leag an cine daonna cos air riamh? Cad iad na plandaí dúchasacha a bhí ann roimh theacht na ndaoine? Agus atá anseo go fóill a bheag nó a mhór?

Tá trí phríomhghnáthóg plandaí ar an oileán seo: talamh féaraigh, móinteach fraoigh agus portach.

Tá plandaí éagsúla a fh ásann ins na trí ghnáthóg seo agus tá timpeall naoi gcéad cineál ar an iomlán ar fud an oileáin. Is é sin naoi gcéad planda dúchasach atá in Éirinn: dá mbeadh síol amháin agat do gach aon phlanda acu sin, b’fh éidir an t-iomlán a choinneáil i ngnáthbhosca lasán.

Ar thalamh féaraigh atá an éagsúlacht is mó plandaí ag fás, go háirithe ar thalamh aolchloiche. An Bhoirinn i gContae an Chláir an sampla is fearr den ghnáthóg seo, mar go bhfuil 70% de phlandaí dúchasacha na hÉireann ag fás ansin. Tá fi che ceathair de na fi che hocht magairlín dhúchasacha le feiceáil ansin. Muna bhfuil ainmhithe ag innilt ar thalamh féarach, fásfaidh toranna beaga mar shaileog nó aiteann nó sceach gheal ar dtús, ansin tiocfaidh an coll agus an fh uinseog.

Ar thalamh bhocht aigéadach, is í an dair ghaelach a thig chun cinn agus ar thalamh shaibhir an dair ghallda a bhíonn i réim.

Ar mhóinteach fraoigh is plandaí mar an raithneach mhór, an fraochán, fraoch cloigíneach, an fraoch mór, an féar, an chíb agus an luachair a fhásann go flúirseach.

Tá trí chineál portaigh ann: seascann, portach ardaithe agus bratphortach, ina bhfásann luachair agus súsán agus caonach. Tá 50% de chineálacha caonaigh na hEorpa le fáil in hÉirinn.

Tá go leor de na plandaí dúchasacha faoi bhagairt mar go bhfuil a ngnáthóga nádúrtha á scrios ag forbairtí nó de bharr modhanna talamhaíochta nua-aimseartha nó ag plandaí neamhdhúchasacha atá á scaipeadh go forleathan faoin tuath.

Tá na plandaí seo a leanas caillte ag Éirinn: an cogal, an fíogadán goirt, an spuirse dhearg, an tonóg chladaigh, gob an ghoirt, luachair an phollaigh agus an sábhlus.

Tá Garraithe Náisiúnta na Lus ag obair ar a ndeargdhícheall chun nach gcaillfidh muid aon phlanda dúchasach eile. Measann siad go bhfuil céad fiche planda faoi bhagairt agus tá togra acu i gcomhar leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra chun gnáthóga a chosaint agus a chaomhnú, chun na plandaí a shábháil.

Rinneadh reachtaíocht a achtú in Acht an Fhiadhúlra, 1976 , agus rinneadh uasdátú ar an Ordú um Flóra (Cosaint) in 2015.

Breis eolais ag www.botanicgardens. ie, www.wildflowersofireland.net, www.npws.ie.

Foclóirín: síorathraitheach = a bhíonn i gcónaí ag athrú; gnáthóg = cineál áite atá oiriúnach do phlandaí nó d’ainmhithe áirithe; an magairlín = orchis, orchid; an tsaileog = salix, willow (shrub); an t-aiteann = ulex, furze/gorse/whin; an sceach gheal = crataegus monogyna, hawthorn; an coll = corylus, hazel; an fhuinseog = fraxynus, ash; an dair ghaelach = quercus petraea, Irish oak; an dair ghallda = quercus robur, pendunculate oak; an raithneach mhór = pteridium, bracken; an fraochán = vaccinium, bilberry; an fraoch cloigíneach = erica cinerea, bell-heather; an chíb = cyperacea, sedge; an luachair = juncaceae, rushes; an súsán = sphagnum, sphagnum moss; an caonach = sphagnopsidum, moss; an cogal = lolium temulentum, cockle; an tonóg chladaigh = matthiola incana, stock-gilly flower.

This article is from: