1 minute read
Abair leis na Ballaí é ... Gabriel Rosenstock
Gabriel Rosenstock
Mol na hÓige
ABaIr LeIs Na bALlaÍ é . . .
Ore oru urle … sin mar a deirtear ‘I mbaile éigin’ sa Tamailis, ceann de theangacha na hIndia. I mbaile éigin in Tamil Nadu, i ndeisceart na hIndia, bhí cónaí ar bhaintreach. Bhí ceathrar mac aici agus – mo náire iad! – níor chaitheadar go deas léi in aon chor.
An bhean bhocht, choinnigh sí a crá chuici féin. Agus toisc nár inis sí a cuid trioblóidí d’éinne, d’fh anadar ina croí istigh agus d’éirigh sí mór ramhar. Bhí sí ag at in aghaidh an lae agus a clann mhac ag magadh fúithi, an créatúr.
Bhuel, ní raibh sí in ann an drochíde sin a fh ulaingt níos mó. Bhuail sí an bóthar di féin. Níorbh fh ada go bhfaca sí fothrach tí. Isteach léi. Shuigh sí síos ar an urlár. Ní raibh díon ar bith ar an mbothán. D’fh éach sí in airde. Scamaill liatha. Bhraith sí an-uaigneach, an créatúr. Smaoinigh sí ar an gceathrar mac sa bhaile, duine acu níos measa ná a chéile.
Bhí ualach chomh mór sin ar a croí gur thosaigh sí ag insint don bhalla faoin gcéad mhac. Chuala sí ansin mar a bheadh scoilt ann. An chéad rud eile, sceith an balla faoin ualach bróin sin go léir.
Thosaigh sí ag insint faoin dara mac ansin agus sceith balla eile. Bhraith sí níos éadroime inti féin. Go deimhin, bhraith sí go raibh cúpla cloch meáchain caillte aici. Agus bhí! D’inis sí faoin tríú agus faoin gceathrú bligeard agus nuair a bhí deireadh ráite aici, bhí ceithre bhalla an tí ina mbrící agus ina gclocha beaga timpeall uirthi.
Chuaigh sí abhaile ansin agus í breá sásta léi féin – agus í ceithre chloch níos éadroime.