An Timire - Geimhreadh 2017

Page 23

23

Mol na hÓige

Gabriel Rosenstock

ABaIr LeIs Na bALlaÍ é . . . Ore oru urle … sin mar a deirtear ‘I mbaile éigin’ sa Tamailis, ceann de theangacha na hIndia. I mbaile éigin in Tamil Nadu, i ndeisceart na hIndia, bhí cónaí ar bhaintreach. Bhí ceathrar mac aici agus – mo náire iad! – níor chaitheadar go deas léi in aon chor. An bhean bhocht, choinnigh sí a crá chuici féin. Agus toisc nár inis sí a cuid trioblóidí d’éinne, d’fhanadar ina croí istigh agus d’éirigh sí mór ramhar. Bhí sí ag at in aghaidh an lae agus a clann mhac ag magadh fúithi, an créatúr. Bhuel, ní raibh sí in ann an drochíde sin a fhulaingt níos mó. Bhuail sí an bóthar di féin. Níorbh fhada go bhfaca sí fothrach tí. Isteach léi. Shuigh sí síos ar an urlár. Ní raibh díon ar bith ar an mbothán. D’fhéach sí in airde. Scamaill liatha. Bhraith sí an-uaigneach, an créatúr.

Timire Winter 2017.indd 23

Smaoinigh sí ar an gceathrar mac sa bhaile, duine acu níos measa ná a chéile. Bhí ualach chomh mór sin ar a croí gur thosaigh sí ag insint don bhalla faoin gcéad mhac. Chuala sí ansin mar a bheadh scoilt ann. An chéad rud eile, sceith an balla faoin ualach bróin sin go léir. Thosaigh sí ag insint faoin dara mac ansin agus sceith balla eile. Bhraith sí níos éadroime inti féin. Go deimhin, bhraith sí go raibh cúpla cloch meáchain caillte aici. Agus bhí! D’inis sí faoin tríú agus faoin gceathrú bligeard agus nuair a bhí deireadh ráite aici, bhí ceithre bhalla an tí ina mbrící agus ina gclocha beaga timpeall uirthi. Chuaigh sí abhaile ansin agus í breá sásta léi féin – agus í ceithre chloch níos éadroime.

10/11/2017 15:12


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.