An Timire - Geimhreadh 2017

Page 1

na hUr na

Aspalach t

FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH GEIMHREADH 2017 €5.00/STG£3.75

í

Micheál Ó Mealláin agus Fírinne 1916 Cruinniú Domhanda na dTeaghlach Tomás Ághas, File Fíor-Chríostaí Cuairt ar Assisi

Timire Comóradh 106 bliain an

1911

–2 0

17

www.timire.ie

an Chroí Ró-naofa

Timire

Timire Winter 2017.indd 1

10/11/2017 15:08


Dáileadh: Níos mó ná

1,000 cóip á scaipeadh sa ráithe

Eagarfhocal

An Ghuí agus a Brí

‘C

aithfear a mhíniu do dhaoine, inniu, céard a thugimídne le guí’ a deir sí liom. Bean ard chaol, le grástúlacht an Iodálaigh, a cuid gruaige tarraingthe siar ag nochtadh ceannaghaidh shnoite ghealgáireach. Chuir mé an cheist chuici go díreach: ‘Ón áit a bhfuil tú féin anois, inis dom céard is brí le guí, nó le paidir a rá?' ‘Sa mhéid a úsáidim focail in aon chor, ciallaíonn sé mé féin a bheith suite os comhair Dé ag rá, “déan díom ar mian leat ar son shláinte iomlán do phobail’’.’ Bhain an freagra sin siar asam. Bean phósta is triúr déagóirí aici ag breathnú go díreach san aghaidh ormsa, sagart, gan scáth gan náire agus ag insint dom brí an urnaí. Tá blianta caite agam ag guí dom féin! Le gairid a dúirt duine pósta i mo chomhluadar nach ndearna sé ciall ná réasún dó a bheith ag urnaí ar a shon féin ó rugadh na páistí. Fásann duine agus iompaíonn cora an tsaoil a dhearcadh amach uaidh féin. Céim bhreise sa treo céanna atá i Líonra Urnaí an Phápa nó Aspalacht na hUrnaí mar a thugtaí uirthi agus í á hathchruthú anois mar líonra domhanda paidreoireachta. É ann le cuidiú linn san urnaí is le dúshláin mhóra an chine

dhaonna, mar a thuigeann an Pápa iad, a chur faoi bhrí na guí againn. Iarrtar orainn ár lá a ofráil do Dhia ag impí trócaire Dé ar son dúshláin seo an Chine Dhaonna. Moltar trí thráth paidreoireachta dúinn gach lá, Ofráil na Maidine, tráth machnaimh i lár an lae agus tráth roimh dhul a chodladh chun féachaint siar ar na bealaí a raibh Dia linn i rith an lae. Tairiscint é seo chun cuidiú linn muid féin a aontú le croí Íosa ina shaothar chun an domhan a thabhairt chun síochána is chun sláinte. Óna thús ba mhian leis An Timire grá trócaireach Dé, i gcroí Íosa, a fhógairt do na Gaeil agus cuireadh a thabhairt dúinn ár mianta a fhairsingiú is a aontú le mianta chroí Íosa. 'Séard is mian le hÍosa go mbeadh an bheatha againn agus go mbeadh sí againn go cur thar maoil. Tá uainn go leanfadh An Timire ag freastal ar Phobal Dé sa ghnó seo ar bhealaí seanbhunaithe – féach na haltanna ar na hIntinní míosúla agus ofráil na maidine – agus ar bhealaí a mholfaimid dár léitheoirí de réir mar a éiríonn linn iad iad a chur le chéile. Guímis chun an Athar é sin a chur ar ár gcumas. ‘Go ndéantar dínn ar mian leat ar son sláinte do Phobail.’ Frainc Mac Brádaigh SJ

Féach: tearmann.com, apostolshipofprayer.org, apostoladodelaoracion.com nó prieraucoeurdumonde.fr

Nóta: Is mór againn tacaíocht ár léitheoirí. Braitheann An Timire oraibh. Níl aon tacaíocht stáit againn. Sin fáth na bhfógraí. Is oth linn nach leor an teacht isteach faoi láthair, in ainneoin na tacaíochta féile a fuair muid ó léitheoirí anuraidh. Ba ghá mar sin praghas An Timire a ardú go dtí €5.00 an chóip agus €20.00 do tháille na bliana. Mar bheagán cúitimh tá an lón léitheoireachta méadaithe go 48 leathanach.

Timire Winter 2017.indd 2

10/11/2017 15:08


Íomhá clúdaigh: IrishCentral | https://www.irishcentral.com

TIMIRE AN CHROÍ RÓ-NAOFA

Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4 6 8 10 14 16 19 23 24 26 28 31

36 40 42 45 46 47

Tomás Ághas, Fíor-Chríostaí Seantuistí is Garpháistí Beidh Acht na Gaeilge Ann Ar Thóir na Saoirse Reiligiúnda san Áis Naomh Proinsias agus Assisi Cuir Suas don Chamastaíl An Saol Bog Mol na hÓige Abair leis na Ballaí é ... Teaghlach gan Dídean Cuardach Focal I nDilchuimhne Shéamuis Ware RIP Im Leabharlann Dom An Ghaeilge i Maigh Nuad Muire na mBard Micheál Ó Mealláin agus 1916 Feargal Ó Cuilinn RIP Plandaí na hÉireann Filíocht Crosfhocal Oideas: Chilli Con Carne

Eibhlís Mac Biorthagra Bernie Ní Chonaill Marcas Mac Ruairí Ashley Evans SJ An Br. G.D. De Barra An tAth. Shay Cullen Sarah Devane Gabriel Rosenstock

Leon Ó Giolláin SJ An tAth. Pádraig Standún Tadhg Ó Dúshláine Dermot McEvoy Lorcán Mac Gabhann Dónall Ó Cnáimhsí Colin Ryan Síle Ní Chearbhaill

Ar Dheis Dé: Feargal Ó Cuilinn, Séamus Ware, Seán Ó Cuinn OB, An tAth. Piaras Ó Dúill, Máire Bean Uí Eachthigheirn. Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Eagarthóir Frainc Mac Brádaigh SJ Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Mhic an Phríora Tomás Ó Ceallaigh Fionnuala Mac Aodha An Br. Dónal Ó hÉalaithe Seán Ó Raghallaigh

Timire Winter 2017.indd 3

Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas. B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 469 ISSN: 1649-446 Le cead eaglasta: 14 Nollaig 2017 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: €5.00/ Stg£3.75 Go ceann bliana: €20/Stg£15

Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, Airgid, etc.) scríobh chuig: Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Dearadh: Messenger Publications Design Department Clóbhualadh: Watermans Printers Limited

10/11/2017 15:08


4

Eibhlís Mac Biorthagra Garneacht le Tomás Ághas

Tomás Ághas (1885-1917): Fíor-Chríostaí Tionchar na Críostaíochta i mbeatha Thomáis Ághas, laoch agus tírghráthóir atá faoi chaibidil agam anseo. Bhí lóchrann a chreidimh ag soilsiú an bhealaigh dó óna óige i leith go dtí lá a bháis. Rugadh Tomás in 1885 i gCeann Ard, Contae Chiarraí, agus bhí síolta an chreidimh Chaitlicigh préamhaithe go daingean ina thuismitheoirí, Griaire agus Eibhlín, agus ar ndóigh sna comharsain agus san timpeallacht inar fhás sé suas. Bhí líofacht Ghaeilge ag a thuismitheoirí agus an-mheas ar an gcultúr Gaelach acu araon. Chuaigh sé go Coláiste De La Salle i 1905, áit ar chaith sé dhá bhliain agus é á oiliúnt mar mhúinteoir ann. Tugann a chomh-mhicléinn teastas uatha faoin iliomad buanna agus suáilcí a bhí ag gabháil le pearsantacht Thomáis ach is suimiúil ar fad an léargas a thug duine acu, Liam Sabháiste, ina thaobh: B’iontach an dea-shampla den Chríostaíocht a thug sé do gach aon duine, é i gcónaí in am trátha i séipéal an Choláiste. Fear ba ea é a ghlacadh na sacraiminití go mion minic. Focal míbhlasta níor tháinig riamh as a bhéal. Ní cuimhin liom Tomás Ághas a fheiceáil riamh gan aoibh shoilbhir shuairc air… Bhí sé

Timire Winter 2017.indd 4

rí-dhéirceach cneasta cineálta… is cuimhin liom Féile Choirp Chríost a bheith ann nuair a tionóladh mórshúil in onóir na NaomhShacraiminte. D’éirigh Tomás agus cúpla duine eile ar a ceathair a chlog ar maidin chun lámh chúnta a thabhairt ag maisiú an bhóthair ba chóngaraí do thalamh an Choláiste. Lean seisean den obair go dtí am bricfeasta ar a hocht a chlog. Ba bheag leis dua ar bith dá leithéid. D’inis Mary Monks, comhoide leis sa scoil i bhFine Gall ina raibh sé mar phríomhoide, gur bhain sé na bláthanna uile a bhí ag fás i ngairdín na scoile, agus gur iarr sé uirthi iad a chur ar an altóir os comhair na NaomhShacraiminte. Tharla seo ar Dhéardaoin Bheannaithe 1916, dhá lá roimh an Éirí Amach. Dearbhú cinnte atá anseo gur i nDia a chuir Tomás Ághas a mhuinín. Tar éis Éirí Amach na Cásca díbríodh Tomás go príosúin i Sasana. Léiríonn a chomhfhreagras fhaid a bhí sé i mbraighdeanas thall doimhneacht a spioradáltachta. Tugann sé le fios iontu gur bhreathnaigh sé ar an ndaorántacht mar phribhléid ó Dhia. Scríobh sé chuig a dheirfiúr Nóra Ághas: ‘… tá dhá ní ann gur deimhin liom nach mbeidh aon chosc

10/11/2017 15:09


5

‘Achaine fhíorspioradalta atá anseo agus an file ag impí ar Íosa ligint dó bás a fháil.’ orthu, an machtnamh agus an urnaí… is mó a rachaidh an urnaí chun tairbhe dúinn ná an chumha.’ Ar ndóigh, thaispeáin litreacha a chlainne agus a chairde chuig Tomás freisin go raibh an phaidreoireacht ar a shon ag neartú acu féin in aghaidh an lae. Scríobh a dheirfiúr Máire chuige go raibh sí féin agus a leanaí óga de shíor ag cur a nguíonna suas chun Dé dó agus í ag comhairliú dó: ‘bí ag guí, ag canadh agus cónaigh de shíor le Dia.’ I litir a scríobh a athair Griaire dó i Meán Fómhair 1916, insíonn sé dá mhac nach amháin ‘go bhfuil mo phaidreacha féin agat’ ach ‘paidreacha an pharóiste agus do cháirde ó na ceithre h-árda’. I litir eile chuig Nóra, déanann Tomás tagairt don chosúlacht a airíonn sé idir é féin agus Naomh Colmcille, ag scríobh gur mór an bhuairt don Naomh a bhraighdeanas féin agus ar an ábhar sin, scríobhann sé go bhfuil sé féin ag achainí ar Cholmcille go saorfaí é chun filleadh ar Éirinn go luath. Dar le Nóra, ba léitheoir díograiseach den mBíobla a deartháir agus gur rí-mhinic a léigh sé é agus é i ndaoirse, ag meabhrú di: ‘Ina litreacha, thagraíodh sé do shleachtanna ón mBíobla, idir chaibidil agus véarsaí a bhféadfaí a chur i bhfeidhim i leith polaitíocht agus cúrsaí reatha.’ Fianaise dhearfach de láidreacht agus lárnacht na Críostaíochta ina bheatha is ea na litreacha gan aon agó. Agus céard faoin dán álainn úd ‘Lig dom do dhúrchroich d’iompar

a Dhia’, a scríobh Tomás agus é ina chime i bPríosún Lewes? Achaine fhíorspioradálta atá anseo agus an file ag impí ar Íosa ligint dó bás a fháil ar son a thíre: Ach, a Íosa, tóg mise ón bhfoirean fhéil, Ní gach éinne tá réidh id’ chomair. Feictear anseo creideamh agus muinín Thomáis i dtrócaire Dé. D’fhulaing Tomás Ághas go géar roimh dheireadh a shaoil ar an 25 Meán Fomhair 1917. Laoch, tírghráthóir agus Gaeilgeoir a bhí ann. Ach b’é a chreideamh daingean diongbháilte, a dhílseacht gan staonadh do chreideamh Críostaí a shinsir, agus an caidreamh le Dia tré urnaí agus machnamh a stiúraigh é agus a bhí ina fhoinse dhóchais aige go dtí an deireadh. Agus é ar leaba a bháis, dúirt an sagart caipisíneach, an tAthair Aibhistín leis, ‘Tá Dia láidir agus máthair mhaith aige.’ D’fhreagair Tomás é leis na focail dheireanacha a labhair sé ar an saol seo: ‘Tá cinnte, a Athair.’

Foclóirín: lóchrann = lampa solais; suáilcí = tréithe tairbheacha; soilbhir = gealgáireach;; braighdeanas = príosúntacht; cime = príosúnach; achaine = guí.

Timire Winter 2017.indd 5

10/11/2017 15:09


6

Bernie Ó Conaill Iarphríomhoide Choláiste Iognáid, Gaillimh

Seantuistí is Garpháistí Is deacair cur síos ceart a thabhairt ar an mbeannacht atá ar dhuine a bheith ina sheantuismitheoir. Más ea, is deacra fós cuireadh an eagarthóra d’alt ar an ábhar a dhiúltú. Seo mé mar sin ag iarraidh meabhar a bhaint as ceann desna rudaí is deise a tharla riamh dom féin agus mo bhean Maree. Airím nuair atá do pháistí féin agat go mbíonn cúraimí móra ort ó thaobh na hoibre de agus an saol baile uilig a choinneáil sa tsiúl. Le dualgaisí sóisialta agus na glaochanna iliomad ar do chuid ama imíonn na blianta go tapa. I bhfad róthapa le bheith fíreannach. Sin go bunúsach an difir is mó leis na garpháistí, an triail atá againn am a chaitheamh leo. Níl saibhreas ar bith eile ar an saol ionchurtha le bheith mar chuid lárnach i saol na ngarpháistí. An mhuinín, an iontaobh agus an compord acu siúd le bheith leat. Tig leat grá gan srian a bhronnadh orthu agus gan a bheith róbhuartha iad a mhilleadh roinnt beag. Pribhléid a théann le d’aois. Deireann roinnt seantuismitheoirí gurb é an rud is fearr faoi na garpháistí ná gur féidir iad a thabhairt ar ais. Nílim compordach leis sin in aon chor. Rómhinic a d’fhág muid Seville, Croxley

Timire Winter 2017.indd 6

Londain agus Bangor na Breataine Bige lenár gcroíthe briste le cumha. Faigheann duine tuiscint bhreise ar scéal na nGael, más daor féin an ceacht. Agus iad sa mbaile anois bíonn an teach níos glóraí, an áit bun os cionn, Peppa Pig nó Disney Junior ag stánadh amach ort. Clúidíní le n-athrú, béiltí le réiteach agus neart piocadh agus bailiú. Ach cad é mar luach aisteach le bheith ligthe isteach i ndomhan na hÓige don darna huair. Tá a gcuid buanna agus tréithe féin ag chuile ghasúr agus má tá taithí na mblianta agat féin is féidir leat cabhrú leo chun iadsan a aithint agus a fhorbairt. An cumas ceoil acu, an tsuim sa spórt, an lámh cúnta agus iad tosaithe ar shiúl.

10/11/2017 15:09


7 Éisteacht agus gualainn a thabhairt dóibh nuair a bhíonn cúrsaí sa mhullach orthu. Cinnte bíonn uaireanta ann nuair a bhíonn tuirse orainn agus muid ceangailte. Má tá tú ag déanamh obair ar bith ceart beidh tuirse ort. Ach nuair a fhaighheann tú an mhiongháire uathu agus an mhuinín speisialta acu ionat, tá tú íoctha agus tuilleadh. Labhair Máirtín Ó Direáin faoi sheoda ina shaol. Suimíonn na laethannta leis na garpháistí an saibhreas céanna dom: Seoda ab áil liom i mo stór, Is cé nach gcuirfid lón faoi mo choim, Ní chruineofar a malairt liom. Ní chruinneodh muid cinnte. CUMANN NA SEANTUISMITHEOIRÍ CAITLICEACHA Is gairm ghliondrach agus uasal é a bheith i do sheantuismitheoir. Mar sheantuismitheoir, siúlann muid in éineacht leis na tuismitheoirí mar ‘chomhoibrithe ríthábhachtacha’; agus i gcomhar le chéile lorgaíonn muid an rud is fearr dár ngarpháistí. D’eascair Cumann na Seantuismitheoirí Caitliceacha as paidir ó chroí de chuid Catherine Wiley chun bronntanas lá breithe a aimsiú do Mhuire Máthair. Tá an cumann ann chun ról na Seantuismitheoirí a chur chun cinn agus chun tacú leo agus meas a léiriú orthu

sa mhisean atá acu an creideamh a chur ar aghaidh agus an urnaí a choinneáil i gcroílár shaol an teaghlaigh. I dtús báire d’aithin na seantuismitheoirí na buanna ar leith a bhí acu cheana féin le tabhairt dá gcuid teaghlach. Rinne siad iarracht freisin tacú lena chéile ina gcuid ról a bhí dúshlánach go minic. Thuig siad na buntáistí a bhain le bualadh le chéile go foirmeálta agus mar sin bunaíodh grúpaí beaga áitiúla. Feidhmíonn siadsan faoi chúram Chomhdháil na nEaspag i ngach tír agus coinníonn siad nasc le Cumann na Seantuismitheoirí Caitliceacha bunaidh tríd an aidhm agus an cuspóir atá acu i gcoiteann. Tá Cumann na Seantuismitheoirí Caitliceacha i mórán tíortha anois. Chuir muid tús leis an tionscnamh seo in Éirinn aon bhliain déag ó shin agus sa lá inniu bíonn Lá na Seantuismitheoirí i ngach bunscoil sa tír. I mbliana bhí Oilithreachtaí ár Seantuismitheoirí ar siúl i gCnoc Muire ar 10 Meán Fómhair. Ba mhaith linn sna míonna atá romhainn ár gcroí agus ár n-intinn a dhíriú d’fhonn struchtúr agus straitéis láidir a fhorbairt don Chumann, a chuirfidh ar ár gcumas comhoibriú chun ár ráiteas misin a chomhlíonadh agus cuidiú leis na Seantuismitheoirí an creideamh a chur ar aghaidh agus an urnaí a choinneáil i gcroílár an teaghlaigh.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ NA NOLLAG, 2017 Go gcothaí teaghlaigh agus pobail Chríostaí ár seandaoine, ionas go n-úsáidfidh siadsan an ghaois agus an taithí saoil atá acu d’fhonn an creideamh a chraobhscaoileadh, agus na glúnta óga a mhúnlú. Foclóirín: iontaobh = muinín, trust; dúshlánach = deacair le déanamh; eagna = tuiscint, críonnacht.

Timire Winter 2017.indd 7

10/11/2017 15:09


8

Marcas Mac Ruairí Bainisteoir Forbartha, Glór na nGael

Beidh Acht na Gaeilge Ann Beidh Acht na Gaeilge ann. Níl ann ach ceist ama. Shamhlaigh roinnt náisiúntóirí ó thuaidh ag tús na 1960í nach mbeadh comhionannas fostaíochta ann go deo; agus shamhlaigh daoine sna 1980í nach mbeadh síocháin ann go deo. Ach tharla siad. Agus tarlóidh Acht na Gaeilge. Thit na hinstitiúidí polaitíochta i Stormont as a chéile um Nollaig 2016 tar éis sraith líomhaintí faoi mhí-úsáid cumhachta in éadan an DUP, agus éagumas an pháirtí sin clár a chur i bhfeidhm maidir le cúrsaí teanga, pósta agus comhionannais. Le himeacht na naoi mí ónar thit na hinstitiúidí, is iad cúrsaí teanga, nó Acht na Gaeilge, atá i ndiaidh teacht chun cinn mar an chnámh spairne is mó. Tá furmhór na bpáirtithe polaitiúla ó thuaidh taobh le hAcht na Gaeilge. Tá Sinn Féin, an SDLP, an Alliance, an Comhaontas Glas ar fad ar aon intinn go bhfuil gá leis. Tuigeann cainteoirí Gaeilge sna Sé Chontae ariamh anall go bhfuil tacaíocht reachtúil ag cainteoirí Breatnaise agus ag cainteoirí Gàidhlig in Albain, mar aon lena gcol ceathracha taobh ó dheas den teorainn. Santaíonn siad an tacaíocht sin dá bpobal féin.

Timire Winter 2017.indd 8

Rinneadh a mhór den Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta agus dhaingnigh an Bhreatain an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh mar chuid dá gcoimitmint féin don Chomhaontú. Tháinig ceist na Gaeilge chun cinn arís sna cainteanna i gCill Ríbhinn i 2003 agus ag éirí astu sin thug rialtas na Breataine coimitmint go mbeadh Acht na Gaeilge ann. Tá na páirtithe aontachtacha ina éadan agus iad ag rá go mbeadh an t-acht ina bhagairt don aontas leis an Ríocht Aontaithe agus gur iarracht é ionsaí cultúrtha a dhéanamh ar aontachtóirí. Scaipeadh cuid mhór eolais mhíchruinn maidir le costas an achta le daoine a scanradh. Nuair a thairg siad Acht Cultúrtha seachas Acht na Gaeilge, a chosnódh an Ultais chomh maith, ba léiriú é go bhfuil siad ag mothú brú ar an cheist. Tá dhá fhadhb againn. Ceann acu is ea an drogall stairiúil a bhíonn ag an Bhreatain na haontachtóirí a cheartú nuair a bhíonn siad ag siúl ar an taobh mícheart den stair. Bhí leisce ar rialtas na Breataine taobh a ghlacadh nuair a bhí an streachailt ar son cearta sibhialta ar siúl, níor ghlac siad taobh in éadan

10/11/2017 15:09


9 na mórshiúlta Oráisteacha fríd na ceantracha Caitliceacha. Níor athraigh an Bhreatain a seasamh ar na rudaí seo agus rudaí eile nach iad go dtí gur mhothaigh siad go raibh amaidí na n-aontachtóirí ó thuaidh ag déanamh dochar do chlú na Breataine go hidirnáisiúnta. Is é an dara fadhb ná tuiscint an DUP ar cad is comhionannas ann. Is é an deachleachtas domhanda ná go mbaineann sé le freastal cothrom ar riachtanais dhifriúla. Ó thaobh an DUP de, is cluiche uimhreacha é. Má fhaigheann an ceantar is boichte ó thuaidh tacaíocht le caighdeán beatha na ndaoine ann a fheabhsú agus má tharlaíonn an ceantar sin ina cheantar Caitliceach, is gá luach an airgid chéanna a chaitheamh ar cheantar Protastúnach beag beann ar leibhéal an bhochtanais. Rud a bhuanaíonn an t-éagothromas.

Agus sin áit a bhfuil an locht leis an Acht Cultúrtha atá molta acu. Ní ionann an Ghaeilge agus an Ultais. Níl gramadach ná foclóirín aontaithe ag an Ultais. Níl aon scoileanna Ultaise agus faisnéis a léiríonn nach bhfuil suim ag an phobal a leithéid a bheith ann. Dar le roinnt de chainteoirí Ultaise gur canúint den Bhéarla í agus daoine eile gur teanga ann féin i. Is ceisteanna bunúsacha forbartha teanga iad seo, ceisteanna nach ionann iad agus na dúshláin atá roimh an Ghaeilge. Ní féidir le hAcht amháin freastal ar riachtanais an dá theanga agus is ‘scadán dearg’ é aon chur chuige bunaithe ar a leithéid. Beidh Acht na Gaeilge ann. Más mian le cainteoirí Ultaise reachtaíocht, ní mór dóibh riachtanais a dteanga a aontú eatarthu féin ar dtús.

Foclóirín: cnámh spairne = ábhar easaontais; coimitmint = tiomantas; ‘scadán dearg’ = scéal thairis.

Tomhas an Timire: 190

1

2

3

4

5

6

Leid: An áit a luaitear le ‘Naomh na nAinmhithe’. Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil CARTHANACH, SIÚCRA, TUISCEANACH, TINN, ASPALACHT, MIONBHUS DUAIS: Dearbhán €20 nó ceithre leabhar a roghnú as catalóg FS ar Timire.ie (ach nóta a chur chugainn le d’iontráil). Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, Foclóirín: xxx =agus xxx; seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus seoladh chuig An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 10 Eanáir, 2018 Tomhais 189: Freagra: RATH BHOTH Buaiteoir: Patsaí Uí Chatháin, Cill Choca, Co Chill Dara.

Timire Winter 2017.indd 9

10/11/2017 15:09


10

Ashley Evans SJ Baile Átha Cliathach atá ag obair sa Chambóid

Ar Thóir na Saoirse Reiligiúnda san Áis Leantar scéal bhreith an linbh Íosa sa soiscéal díreach le scéal faoi fhoréigean agus ghéarleanúint reiligiúnda. Cé go bhfuil forbairt eacnamaíoch faoi lánseol ar mhór-roinn na hÁise, tá cuid mhaith tíortha nach dtugann saoirse do Chríostaithe nó do mhionlaigh reiligiúnda eile a gcreideamh a chleachtadh. Léiríonn cúig scéal gearr ón bPacastáin, ón Indinéis, ón Éigipt, ón tSín agus ó Mhaenmar an claonadh seo. Tá Ms Asia Bibi, Críostaí agus máthair cúigear, i ndiaidh a hochtú Nollaig a chaitheamh i bpríosún ar shraith an bháis sa Phacastáin. Cúisíodh í as dlíthe daingne diamhaslaithe na Poblachta Ioslamaí a bhriseadh agus daoradh chun báis í i mí na Samhna 2010. Is oibrí feirme daichead a sé bliain d’aois ó chúige bhocht Punjab í. Thosaigh an cás mar thoradh ar achrann le mná eile faoi uisce a ól as an mbabhla céanna. Tá a fear céile agus a dlíodóir ag obair gan stad chun í a shaoradh ó shin. I ndiaidh do Rialtóir Phunjab, an tUasal Salman Taseer a rá gur baineadh mí-úsáid as na dlíthe diamhaslaithe ina cás, mharaigh a gharda cosanta féin é ar an 4 Eanáir 2011. Ar an 9 Bealtaine 2017 san Indinéis, gearradh téarma príosúin dhá bhliain ar

Timire Winter 2017.indd 10

Rialtóir Críostaí Jakarta, a raibh an-ghnaoi ag an bpobal air agus a dtugtar Ahok mar leasainm air, as diamhasla. Baineann an choir le tagairt a rinne Ahok ar an bhfeachtas ath-toghchánaíochta do mhíúsáid an Chórain ar chúiseanna polaitiúla. Ar an 26 Bealtaine 2017, lámhaigh agus mharaigh mílitigh an Stáit Mhoslamaigh fiche naoi Críostaithe Coptacha a bhí ar oilithreacht san Éigipt. Mná agus páistí a bhí i gcuid mhór de na daoine seo. Dar le tuairisc nua ón eagraíocht neamhrialtais Freedom House atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, tá borradh tagtha ar ghéarleanúint ar Chríostaithe Síneacha agus grúpaí creidimh eile. ‘Ag baint úsáide as modhanna foréigeanacha agus neamhfhoréigeanacha araon, tá polasaithe an pháirtí (Cumannach) deartha chun cosc a chur ar fhás tapaidh pobail reiligiúnda agus deireadh a chur le creidiúintí agus cleachtaí áirithe’ a dúradh sa tuairisc. Tá Muslamaigh Rohingya fós faoi ghéarleanúint ó antoiscigh Bhudaíocha i Maenmar. Léiríonn na scéalta seo fulaingt rúnda agus géarleanúint an-chuid Críostaithe dílseacha atá ina gcónaí i

10/11/2017 15:10


11

‘Cúisíodh í as dlíthe daingne diamhaslaithe na Poblachta Ioslamaí a bhriseadh, agus daoradh chun báis í.’ dtíortha Áiseacha. Cuireann eagna Oirthearach Confucius agus an Bhudaíochas téacsanna ar mhiúin agus ar ghrinneas ar fáil. Is féidir leis na téacsanna seo cuidiú le daoine paisin scriosúla a mheas agus teacht slán uathu. Sin ráite, tá sé éasca paisin scriosúla na ndaoine a lasadh ar fud na hÁise le seanmóintí lasánta ó cheannairí reiligiúnda. Bíonn sé deacair dioscúrsa sochair réasúnta a chruthú. Bíonn sé níos éasca breithiúnas criticiúil a chur ar athló agus gluaiseachtaí paiseanta a leanúint. Bíonn léargas spleodrach agus míchothrom ag teacht ó na nuachtáin áitiúla agus ó na meáin chumarsáide. Is féidir le spiorad an oilc teacht isteach san atmasféar seo go héasca agus leanann daoine é chun coireanna uafásacha a dhéanamh in ainm an reiligiúin. Níl sé i bhfad ó shin go raibh a leithéid againn in Éirinn le taithí shearbh

‘Búistéirí na Seanchille’. Sa Soiscéal, tá sé deacair a thuiscint conas is féidir leis na Fairisínigh agus le hUachtaráin na Sagart Íosa a chéasadh in ainm an reiligiúin. Sa lá atá inniu ann, tá sé deacair a thuiscint conas is féidir le croí daonna comhbhá, taise nó trócaire i leith duine a bhaineann le creideamh eile a dhíbirt agus an duine sin a mharú. Chuaigh sé dian ar Naomh Aibhistín teacht ar chúis don ‘toil olc’ agus níor éirigh leis cúis a aimsiú ach saor-rogha an ‘toil olc’ céanna. Scaoileann an rogha don ‘neamhnitheacht dhubh’ fuath dúnmharfach agus foréigean i gcoinne aon rud a thaispeánfadh an fhírinne, duine a bhí daonna uair amháin agus atá i ndiaidh bás a roghnú seachas beatha. Sa chiall seo, is í fianaise chróga agus umhal Chríostaithe na hÁise a ligeann do thaise agus do shlánú Chríost lonrú ar chuid de na cúinní is dorchaí ar domhain.

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ EANÁIR, 2018 Go raibh saoirse iomlán ag Críostaithe agus ag mionlaigh reiligiúnda eile a gcreideamh a chleachtadh Foclóirín: géarleanúint = persecution; diamhasla = blasphemy; scriosúla = destructive; neamhnitheacht = nothingness.

Timire Winter 2017.indd 11

10/11/2017 15:10


12

Timire Winter 2017.indd 12

10/11/2017 15:10


Timire Winter 2017.indd 13

10/11/2017 15:10


14

An Br. G.D. De Barra

Naomh Proinsias agus Assisi Cuid I

Is mé ar oilithreacht i rith an tsamhraidh go dtí Assisi, le grúpa ó Éadan Doire agus Doire Cholmcille, meabhraíodh dom uair eile go raibh mé ann leis an bhfile, An Br. S.E. Ó Cearbhaill agus é mar threoraí freisin agus gur chum sé dán faoin oilithreacht sin. Seo mar a thosaigh sé : In Assisi dúinn Suas an cnoc in achadh réidh na coitiantachta i Santa Maria degli Angeli Go dtí tuama Phroinsias Naofa thíos go doimhin i mbroinn bhaislice rí-aosta ar chothramaíocht ar ghualainn Sléibhe In a buanchliabhán gréine . . . Nuair a chloistear faoi Assisi ritheann ainm Phroinsias chugainn láithreach. Tá tionchar a charisma ag cur iontais agus aoibhnis ar an anam daonna i gcónaí agus d’fhonn leas a bhaint as spiorad, teachtaireacht agus idéalacha Phroinsias, bhailigh an Pápa Eoin Pól II Naofa cinnirí reiligiúin éagsúla an domhain in Assisi. Bhí an teacht le chéile mar shiombal na síochána agus an bhráthreachais i measc an chine dhaonna. Rugadh Proinsias sa bhliain 1182. Trádálaí éadaí ab ea a athair, fear an-

Timire Winter 2017.indd 14

saibhir – a mháthair a thug aire don chlann óg. Chaith Proinsias a óige ag staidéar, ag cabhrú lena athair ina ghnó, agus ag spraoi lena chairde agus compánaigh. Bhí saol deas compordach aige do dtí gur bhuail sé le fear déirce. Dhiúltaigh sé cabhrú leis ach tar éis tamaillín tháinig aiféala air, chas sé ar ais agus thug sé mála mionairgid don fhear déirce agus d’iarr sé maithiúnas air. Tharla eachtraí eile dó ina shaol, uair amháin gabhadh é le linn caismirt áitiúil is chaith sé bliain i ngéibheann. Bhuail drochthinneas é agus le linn dó bheith ag téarnamh sa mbaile, bhí deis aige bheith ag machnamh ar a shaol. Labhair Dia leis ag Spoleto agus mhol dó filleadh ar Assisi, rud a rinne sé. Níor thuig a chairde, ná a chomharsana agus go háirithe a athair cén chúis gur athraigh sé, fiú deirtear gur dhún a athair é isteach i seomra, mar phríosúnach ar feadh cúpla mí. Lá amháin agus é ag urnaí i séipéal beag San Damiano labhair an Cros chéasta leis – ‘Téigh agus deisigh mo theach mar tá sé ag titim as a chéile.’ Bhí Proinsias ar tí casadh iomlán a dhéanamh ina shaol agus fiú faoi bhrú óna athair is ón Easpag roghnaigh sé diúltú dá oidhreacht agus a shaol a

10/11/2017 15:10


15

'Coimeádadh a chorp i séipéal beag San Giorgio go dtí go raibh tuama ullamh dó in áit bhocht a roghnaigh sé féin.’ chaitheamh ar son na mbocht agus slí chun Dé a leanúint go hiomlán agus diúltú do mhaoin agus só an tsaoil. D’fhás Ord na bProinsiasach ón gcinneadh seo. Timpeall an ama chéanna bhuail sé le cailín óg ó Assisi – Clár Naofa – agus bhailigh sise grúpa ban timpeall uirthi féin ónar bunaíodh na Cláirínigh. Nuair a bhí sé ar tí báis d’iarr sé ar a chomhbhráithre é a iompar go dtí an Porziuncola agus é a chur ina luí ar an dtalamh fuar, d’éag sé ar 3 Deireadh Fómhair, 1226. Coimeádadh a chorp i séipéal beag San Giorgio go dtí go raibh tuama ullamh dó in áit bhocht a roghnaigh sé féin. Tógadh a chorp go dtí Baisleach Íochtarach San Francisco sa bhliain 1230 agus go gairid ina dhiaidh sin cuireadh é in oscailt a gearradh sna carraigeacha san Uaimh. Bíonn oilithrigh ag urnaí de shíor ag an tuama seo agus iad go léir faoi dhraíocht ag ciúnas agus naofacht na háite. Cuireadh tús leis an mBaisleach Uachtarach san 17ú haois agus arís tá sé maisithe go hálainn le radharcanna ó shaolré an Naoimh, an t-ealaíontóir

Giotto a rinne iad. D’fhonn blas agus tábhacht Assisi a thusicint ní mór don oilithreach miúin agus guí le linn dó/di bheith ag breathnú ar na freascónna. Tá fiche ocht cinn sárspeisialta ann, mar go léirítear go soiléir eachtraí a tharla i saolré an Naoimh, ina measc eachtra an chlóca taobh amuigh d’Assisi; Proinsias ag guí os comhair na Croise ag San Damiano; Proinsias ag diúltú do mhaoin an tsaoil; an Chéad Mhainséar ag baile Greccio; Proinsias ag caint leis na héanlaithe; faigheann Proinsias an Stigmata ar Chnoc Verna; bás Phroinsias; an slán ó Naomh Clár; canónú Phroinsias in Assisi ag an bPápa Gréagóir IX; tógann sé bean mharbh ar ais ina beatha. Tugann na mórmhaisithe seo tuiscint shármhaith do shaol agus beatha Phroinsias Assisi. Ainmníodh é mar phríomhphátrún na hIodáile sa bhliain 1939. Go gcuirimis a phaidir: Déan meán chun síochána díom id’ láimh a Thiarna San áit go bhfuil fuath go gcuire mé Grá. (Ar lean.)

Foclóirín: caismirt = scliúchas; freascónna = frescoes; miúin = machnamh domhain.

Timire Winter 2017.indd 15

10/11/2017 15:11


16

An tAth. Shay Cullen Colmánach atá ag obair sna hOileáin Fhilipíneacha

Cuir Suas Don Chamastaíl Tugtar ár ndúshlán cur suas don chamasataíl. Is é ár ndualgas é. Iarrann an Pápa Proinsias orainn cur in aghaidh chleachtais éillitheacha an domhain agus dínit, daonnacht agus dea-rialachas an duine a chosaint. Is cróga an beart é an chamastaíl a nochtadh os ard. Féachann lucht cumhachta le tost a chur ar na sceithirí, ar na gníomhaithe sin a oibríonn ar son chearta an duine. Sna Filipíní, mar shampla, tá ráite ag an uachtarán go gcuirfeadh sé a leithéid de ghníomhaithe chun báis. Nuair a théann lucht cumhachta i mbun breabaireachta agus i mbun comhcheilge le calaois a dhéanamh ar an bpobal, nuair a sháraíonn siad an dlí ar mhaithe le tuilleadh cumhachta nó lena gcuid pócaí féin a líonadh – sin í an chaimiléireacht. Sna tíortha forbartha, áit a gcuirtear an dlí i bhfeidhm, tuigeann daoine cúrsaí daonlathais. Déanann an preas saor an chaimiléireacht a nochtadh. Sin ráite, tá an chaimiléireacht á cleachtadh sa tír seo féin, mar is léir ó na bínsí fiosrúcháin. Ní hí Éire is measa, dar ndóigh. Sa bhliain 2016, bhain sí an 19ú háit amach ar an Innéacs Thrédhearcacht Idirnáisiúnta do Thuiscintí ar Chaimiléireacht (176 tír a bhí faoi chaibidil). Má tá grá againn don fhírinne, is gá dúinn seasamh ar a son

Timire Winter 2017.indd 16

agus labhairt amach in aghaidh na caimiléireachta. Tá an chaimiléireacht forleathan sna tíortha atá i mbéal forbartha, áfach. Lucht rialtais, lucht maorlathais agus lucht dlí, tá siad ar fad i bpócaí a chéile. Tugann lucht rialtais súil chaoch don mhíúsáid leanaí atá ar siúl go rábach. Eisíonn siad ceadúnais do lucht na mbeár gnéis, mar a ndéantar gáinneáil ar dhéagóirí, agus mar a dtagann turasóirí gnéis agus muintir na háite i dtír orthu. Glacann na breithiúna le breabanna. Bhí cás ann sna Filipíní le déanaí a bhain le Meiriceánach mná a raibh cúigear páistí á gcoinneáil i dteach aici. Thugadh sí ag ‘cóisreacha’ iad, áit a ndéanadh péidifíligh ón iasacht mí-úsáid orthu. Cailíní agus buachaill amháin a bhí sna páistí sin, gan acu ach cúig nó sé bliana d’aois. Nuair a rinneadh tarrtháil orthu, tugadh scrúdú dochtúra dóibh a chruthaigh gur bhain mí-úsáid ghnéis dóibh. Chaith an Breitheamh an cás amach as an gcúirt in ainneoin na fianaise, é ag maíomh go raibh an tslí go ndearnadh tarrtháil ar na páistí mídhleathach. Bhí rian na breabaireachta ar an scéal. Chuir an BBC agus Reuters póilíní sinsearacha faoi agallamh mar gheall ar

10/11/2017 15:11


17

‘Chaith an Breitheamh an cás amach in ainneoin na fianaise ... bhí rian na breabaireachta ar an scéal.’ an bhfeachtas ar a dtugtar ‘An Cogadhin-Aghaidh-na-nDrugaí’. Agallamh gan ainm a bhí i gceist. D’admhaigh póilíní áirithe go bhfaigheann siad airgead ar dhrugadóirí amhrasta a mharú. Déanann brathadóirí agus oifigigh áitiúla a n-aird a dhíriú ar dhaoine amhrasta faoi leith, gan fianaise cheart á lorg acu ná próis chuí á leanúint. Cuirtear na hainmneacha sin ar liosta ina dhiadh sin, a scaiptear ar na póilíní. I mí Lúnasa 2017, mharaigh na póilíní seacht nduine amhrasta is leathchéad in aon oíche amháin agus ghortaíodar breis agus céad duine. Maíonn na póilíní go raibh gunna dá chuid féin ag éinne a mharaíodar. Is é firinne an scéil gur cuireadh os cionn deich míle drugadóir amhrasta chun báis ó tháinig an rialtas nua i gcumhacht i mí an Mheithimh 2016. Is é an rialtas nua sin atá taobh thiar den fheachtas ‘An Cogadh-in-Aghaidhna-nDrugaí’. Maítear gurb é an bású seachbhreithiúnach bun agus barr an fheachtais chéanna. Sáraíonn na póilíní riail an dlí agus scaoileann siad na ‘daoine amhrasta’, na déagóirí ina measc. Deirtear freisin, go bhfaigheann

na póilíní cama íocaíochtaí breise ó na tithe tórraimh as na corpáin a chur ar fáil dóibh. Agus an sárú sin ar chearta an duine á chosaint ag Rúnaí an Dlí, dúirt sé nár bhain na daoine amhrasta leis ‘An gCine Daonna’ in aon chor. Sa bhliain 2016, bhain na Filipíní an 101ú háit amach ar an Innéacs Thrédhearcacht Idirnáisiúnta do Thuiscintí ar Chaimiléireacht. Tá saol na polaitíochta foirgthe leis an gcaimiléireacht. Faoi láthair, tá triúr seanadóirí os comhair na cúirte as na billiúin pesos a chúbláil ón rialtas. Bhunaigh an triúr carthanachtaí agus fondúireachtaí bréagacha. Cuireadh maoiniú isteach sna cuntais sin a bhradaigh siad isteach ina gcuntais féin. Tá go leor oifigeach ann nach síneoidh ceadúnas ná conradh gan airgead á chur ina bhos féin ar dtús. An té a nochtann an chúbláil is a sheasann ina coinne, téann sé i gcontúint a bháis. Maraíodh os cionn céad iriseoir agus gníomhaí cearta daonna as labhairt amach in aghaidh na caimiléireachta sna Filipíní. Tá ár ngníomhartha agus ár nguíonna de dhíth go géar ó na trodairí cróga sin, anois níos mó ná riamh.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ FEABHRA, 2018 Iad siúd a bhfuil cumhacht nithiúil nó pholaitiúil nó spioradálta acu, go gcuirfidís i gcoinne aon tarraingt ag an gcaimiléireacht. Foclóirín: camastaíl = caimiléireacht; éillitheacha = truallaithe; sceithire = whistleblower; trédhearcacht = transparency; cúbláil = goid.

Timire Winter 2017.indd 17

10/11/2017 15:11


Timire Winter 2017.indd 18

10/11/2017 15:11


19

Sarah Devane Saoririseoir

An Saol Bog Tá an t-aos óg anois níos boige i gcomparáid lenár gcomhghleacaithe den aos céanna, tríocha bliain ó shin. Deir go leor daoine go bhfuil na ‘millennials’ níos laige. Millennial: duine a saolaíodh sna hochóidí agus a d’fhás suas agus an Tíogar Ceilteach ag búirí. Is millennial mé. N’fhacamar lá cruaigh riamh ó thaobh eacnamaíocht na tíre de. D’fhásamar suas i rith ama sa tír seo go raibh airgead go flúirseach, flaithiúil ag gach éinne. Ansan bíonn saghas ionadh ar na millennials agus iad ag ceapadh gur mar sin a bheidh an saol: deas, éasca agus bog. Le déanaí sna nuachtáin, bhí sé ráite gur ceart do na millennials seo a gcrios a theannadh isteach ó thaobh airgid de. Ansan b’fhéidir go mbeidís ábalta a dteach féin a cheannach. Go bunúsach bhí na millennials ag gearán go raibh sé deacair teach a cheannach fad is a bhí tósta abhacád i láimh amháin acu agus chai cinnamon latté sa láimh eile. Cloisim iad anois: ‘níl teach agam AGUS tá mo chai cinnamon latté imithe fuar. *osna!*’ Níl mórán dúile agam in abhacáid. Caithfidh mé admháil áfach, táim ceanúil ar chai latté nó flat white anois agus arís. Ach sin na millennials duit, tá taithí a mianta á fáil acu agus gan aon obair á cur isteach ann.

Timire Winter 2017.indd 19

Aon duine idir fiche agus tríocha cúig bliain d’aois, ní post dian fisiciúil atá siad ag lorg, ach gairm de shaghas éigint. Tá laethanta na hoibre déine, fisiciúla san imithe, b’fhéidir. An ceart dúinn braistint ciontach, nach sluasaid atá inár lámh ach chai latté? Ní fios. Chuir Heaney síos ar choimhlint cosúil leis seo sa dán ‘Digging’: ‘But I’ve no spade to follow men like them. Between my finger and my thumb The squat pen rests. I’ll dig with it.’ Sna línte seo, tá brón agus céiliúradh ciúin le braistint. Is file é Heaney, fad is atá post fisiciúil ag a athair. Tá Heaney ag plé leis an bpáipéar, ní amuigh sa ghort cosúil lena athair. Tá lámha Heaney bog, fad is a bhí lámha a athar crua ón aer agus ón aimsir. San lá atá inniu ann is ealaín de shaghas í an leisciúlacht. Tógtar díomhaointeas go leibhéal nua. Bíonn daoine bródúil as na slite difriúla gur féidir leo faic a dhéanamh. Táimid ag maireachtaint in aois ina bhfuil ‘Netflix and chill’ mar chuid den ghnáthfhoclóir laethúil. Anois glactar le briseadh bliana ón gcoláiste nó ‘gap year’. Tá an aois ina socraíonn daoine síos

10/11/2017 15:11


20

‘In ionad gearán faoi chúrsaí ba cheart dúinn níos mó buíochais a chleachtadh.’

ó thaobh clainne agus páirtnéirí de ag síneadh amach. Tá daoine ag ‘chilláil’ ón saol ar fad. Inniu, táimid bog, goilliúnach, anailíseach. Táimid beagnach imithe an tslí chéanna le Meiriceá. Tá comhairleoir againn do gach earnáil den saol: síceolaí, comhairleoir gairme, comhairleoir pósta, teiripeoir gnéis, oide saoil. Níl aon láidreacht mhothúchánach againn. Arís ní chabhraíonn na meáin shóisialta éagsúla, dar liom. Tá líon na ndaoine atá ag fulaingt de bharr galair intinne níos airde ná mar a bhí riamh. Deir roinnt daoine nach bhfuil scileanna teacht aniar acu. Níl siad ábalta glacadh le: diúltú, séanadh, cáineadh. Feictear an teoiric seo sa bhunscoil agus scoileanna ag tabhairt boinn do GACH duine ar an lá Spóirt. ‘Iontas na n-iontas, a pháistí ach bhuaigh GACH duine!’ ‘Níor chaill éinne!’ Tá mé scanraithe conas mar a fhorbróidh an ‘fhadhb’ seo. Ní chabhraíonn an saghas fealsúnachta de leisciúlacht atá ag fás anois agus tá

teicneolaíocht nasctha go tréan leis seo. Bhainfeadh gach éinne leas as níos lú ama a chaitheamh ar theicneolaíocht. Ar nós Heaney níl mé ag tochailt. In ionad peann a bheith agam áfach, táim ag bualadh amach cosán dom féin ar mhéarchlár mo ríomhaire úll. Ní féidir liom mé féin a cháineadh, nach ag obair amuigh sa ghort atá mé. Is saghas dul chun cinn de shórt é, go bhfuilim feasach faoi seo. Tá mé buíoch go bhfuil saol níos deise agam i gcomparáid le fadó. Is dócha roinnt de na millennials, go bhfuil dearmad déanta acu air seo. In ionad gearán faoi chúrsaí ba cheart dúinn níos mó buíochais a chleachtadh. An bhfuilim chun mo chai latté a chur síos agus sluasaid a phiocadh suas? Nílim. Ar aon nós ní chai latté atá im ghlac agam a thuilleadh. Athraíonn an faisean i gcúrsaí caife ag luas fíochmhar. Is deoch seanfhaiseanta an chai cinnamon latté. Is green tea macha latté an t-ordú nua atá agam anois. Níl aon dabht ach gur saol breá bog atá agam.

Foclóirín: abhacád = avocado; goilliúnach = soghonta; díomhaointeas = gan a bheith ag obair.

Timire Winter 2017.indd 20

10/11/2017 15:11


Timire Winter 2017.indd 21

10/11/2017 15:12


Timire Winter 2017.indd 22

10/11/2017 15:12


23

Mol na hÓige

Gabriel Rosenstock

ABaIr LeIs Na bALlaÍ é . . . Ore oru urle … sin mar a deirtear ‘I mbaile éigin’ sa Tamailis, ceann de theangacha na hIndia. I mbaile éigin in Tamil Nadu, i ndeisceart na hIndia, bhí cónaí ar bhaintreach. Bhí ceathrar mac aici agus – mo náire iad! – níor chaitheadar go deas léi in aon chor. An bhean bhocht, choinnigh sí a crá chuici féin. Agus toisc nár inis sí a cuid trioblóidí d’éinne, d’fhanadar ina croí istigh agus d’éirigh sí mór ramhar. Bhí sí ag at in aghaidh an lae agus a clann mhac ag magadh fúithi, an créatúr. Bhuel, ní raibh sí in ann an drochíde sin a fhulaingt níos mó. Bhuail sí an bóthar di féin. Níorbh fhada go bhfaca sí fothrach tí. Isteach léi. Shuigh sí síos ar an urlár. Ní raibh díon ar bith ar an mbothán. D’fhéach sí in airde. Scamaill liatha. Bhraith sí an-uaigneach, an créatúr.

Timire Winter 2017.indd 23

Smaoinigh sí ar an gceathrar mac sa bhaile, duine acu níos measa ná a chéile. Bhí ualach chomh mór sin ar a croí gur thosaigh sí ag insint don bhalla faoin gcéad mhac. Chuala sí ansin mar a bheadh scoilt ann. An chéad rud eile, sceith an balla faoin ualach bróin sin go léir. Thosaigh sí ag insint faoin dara mac ansin agus sceith balla eile. Bhraith sí níos éadroime inti féin. Go deimhin, bhraith sí go raibh cúpla cloch meáchain caillte aici. Agus bhí! D’inis sí faoin tríú agus faoin gceathrú bligeard agus nuair a bhí deireadh ráite aici, bhí ceithre bhalla an tí ina mbrící agus ina gclocha beaga timpeall uirthi. Chuaigh sí abhaile ansin agus í breá sásta léi féin – agus í ceithre chloch níos éadroime.

10/11/2017 15:12


24

MOL na hÓIGE

Sraith nua alt faoi choimirce an Sacred Heart Messenger, ar ábhair a bhaineann le Cruinniú Domhanda na dTeaghlach, atá á thionól in Éirinn in 2018.

Teaghlach gan Dídean

Is tuismitheoir aonair í Jane agus tá beirt leanaí aici, Peadar agus Jim, atá seacht mbliana agus cúig bliana d’aois. Ó d’fhág sí an scoil tá a saol go léir caite aici ag obair. Ach ó rugadh na páistí bhí uirthi obair pháirtaimseartha a dhéanamh. I ndiaidh na scoile théadh na leanaí go dtí Mamó, a bhí ina cónaí gar dóibh, go dtí gur chuir Jane a cuid oibre i gcrích. Bhí an teaghlach ina gcónaí in árasán dhá sheomra codlata agus d’íoc siad €800 cíosa sa mhí. Choinnigh Jane an-slacht ar an árasán agus níor theip riamh uirthi an cíos a íoc. Lá amháin tar éis teacht abhaile ón obair di fuair sí litir faoin doras ón tiarna talún. Dúirt sé go raibh an cíos á ardú go €1,200 in aghaidh na míosa de bhrí gurbh shin ráta an mhargaidh. Ní raibh Jane in ann é sin a íoc agus caitheadh amach í. Chuaigh Jane chuig na seirbhísí do dhaoine gan dídean, mar aon lena raibh aici, a beirt leanaí agus a bpeata madra. Dúirt siad léi nach raibh aon chóiríocht acu di, ach dá mbeadh sí in ann seomra a fháil in óstán go n-íocfaidís an bille. Chaith sí trí huaire an chloig ar an bhfón go dtí sa deireadh gur aimsigh sí óstán a bhí sásta ligean di fanacht ar feadh roinnt seachtainí. Ghoill sé go mór ar na leanaí go gcaithfidís a bpeata madra a fhágáil isteach i bpóna do mhadraí. Leaba shingil agus leapacha bhuinc do na leanaí a bhí sa seomra. Ach ní raibh áiseanna cócaireachta ar bith ann; ba ghá na béilí

Timire Winter 2017.indd 24

uile a cheannach sna siopaí mearbhia áitiúla agus iad a ithe ar an leaba. Bhí an t-óstán achar fada ó scoil na leanaí agus b’éigean do Jane éirí go luath le dhá bhus a aimsiú chun na leanaí a thabhairt ar scoil; agus ansin dhá bhus eile a aimsiú le dul ag obair. Sa tráthnóna bhí uirthi dhá bhus a aimsiú chun na leanaí a bhailiú agus dhá bhus eile ar ais go dtí an t-óstán. Níor cheap sí riamh ina saol go mbeadh sí gan dídean. Tháinig dúlagar uirthi. An sracadh a bhain leis na leanaí a thabhairt ar scoil agus ar ais, d’fhág sé faoi bhrú í. Ní raibh a fhios aici cathain a thiocfadh deireadh leis an uafás. Chaoin sí gach oíche tar éis codladh a theacht ar na leanaí. Thug na leanaí faoi deara go raibh a máthair faoi bhrú agus chuir sé sin isteach orthu. Bhí an iomarca náire orthu a inseacht dá múinteoirí ná dá gcairde go raibh siad gan dídean. Ba dhian orthu díriú ar an obair sa scoil leis an imní a bhí orthu faoina máthair. Ba ghráin leo an scoil a fhágáil le dul ‘abhaile’. Níor cheadaigh an t-óstán dóibh cairde a thabhairt isteach ann agus b’fhada uathu ar aon nós an áit a raibh cónaí ar a gcairde scoile. Ní raibh aon áit spraoi acu agus chaith siad formhór na dtráthnónta ag breathnú ar an teilifís. Tar éis roinnt seachtainí dúirt an t-óstán le Jane go raibh a seomra réamháirithe do cheolchoirm mhór an deireadh seachtaine sin. Bheadh orthu

10/11/2017 15:12


25

‘Ní raibh áiseanna cócaireachta ar bith ann – ba ghá na béilí uile a cheannach sna siopaí mearbhia áitiúla agus iad a ithe ar an leaba.’ an t-óstán a fhágáil. Ghlaoigh sí ar na seirbhísí do dhaoine gan dídean agus dúirt siadsan léi go gcaithfeadh sí féin seomra óstáin eile a lorg. Ghlaoigh sí ar a hionad oibre agus dúirt leo nach mbeadh sí in ann dul ag obair mar go raibh sí tinn. Chaith sí an lá go léir ag iarraidh áit éigin a aimsiú di féin agus dá leanaí i gcomhair na hoíche sin. Nuair a bhailigh sí na leanaí ón scoil ní raibh aon áit dóibh ach suíochán i bpáirc. Faoi dheireadh ar 8pm d’aimsigh siad seomra – ach ní raibh fáil air ach ar feadh aon oíche amháin. Bhí ar Jane glaoch isteach arís an lá dár gcionn le rá go raibh sí tinn agus tosú ag lorg seomra in athuair. Chuaigh Jane chuig an dochtúir. D’inis sí don dochtúir go raibh náire uirthi a admháil go raibh sí gan dídean. Mheas sí gur loic sí ar a leanaí agus nár thuismitheoir maith í. Ba ghéar í

a himní anois. D’ordaigh an dochtúir frithdhúlagáin di. Ní raibh ar a cumas leanúint den obair. Níor thuig na leanaí cad a bhí ag tarlú. Ní fhaca siad ach go raibh a máthair ag éirí níos cúlánta agus níos cantalaí. Ní raibh meangadh gáire le feiceáil níos mó orthu. Bhídís ag fiafraí dá máthair cathain a bheadh siad in ann dul abhaile agus bheith ag súgradh lena gcairde arís. Deireadh a máthair go dtarlódh sé sin go luath. D’imigh sé mhí thart, ansin dhá mhí dhéag, agus iad fós gan dídean. Bhí imní ar an scoil faoi na leanaí; bhí siad ag éirí níos cúlánta agus níos cúlánta, iad níos suaite sna mothúcháin agus i gcontúirt shíceolaíoch. Shocraigh an príomhoide go bhfeicfeadh na leanaí síciatraí agus ordaíodh cóir leighis dóibh. Tá 2,000 tuismitheoir ar nós Jane ann agus 3,000 leanbh amhail Pheadair agus Jim.

Foclóirín: Mol na hÓige = youth hub; mearbhia = fast food; póna = clós d’ainmhithe seachráin; síciatraí = psychiatrist.

Timire Winter 2017.indd 25

10/11/2017 15:12


26

Éadaí E

N

I

É

G

Í

T

S

Í

R

B

E

B

G

A

G

J

E

Z

K

E

F

A

Á

G

H

R

Ú

R

Í

E

P

G

L

N

B M R

E

L

Í

N M U

T

A Q

É

I

I

Á

R

A

I

S

A O

X

Y

S

N N

É

I

E

E

N Ó

T

A

E

A

F

X

I

S

L

N

S

R

S

P

E

G

H

C

Q

R

T

Á

A

V

T

I

A

E

P

A

S

A

J

S

A

D

B

Í

I

E

Í

Á

E

S

G

G

F

Í

H

G

B

A

P

A

R

I

I

R

N

L M Ó

B

Q O U

T

E

S

T

L

S

I

A

D

I

R

R

S

E

A Ó

I

T

E

A

A

T

Y

U

A

P

V

B

T

T

C

L

O

F

L

H

Y

V

C

C

G

É

B

I

A

P

E

C

L

B

R

Í

S

T

E

G

A

I

R

I

D

L

A

L

Á M H

A

I

N N

Í

I

R

S

E

F

Í

A

T

I

C

S

L

B

N

Í

G

BLÚS BRÍSTE BRÍSTE GAIRID BRÍSTE PEILE BRÍSTÍ GÉINE BRÓGA PEILE BRÓGAÍ BUATAISÍ CARBHAT

Timire Winter 2017.indd 26

R

O

Ú

CUARÁIN CÓTA CÓTA BÁISTÍ FALLAING SHEOMRA GEANSAÍ GEANSAÍ PEILE GÚNA HATA LÁMHAINNÍ

LÉINE PITSEÁMAÍ PÉIRE SLIPÉIR RITEOGA SCAIRF SCIORTA STOCAÍ SÁLA ARDA VEIST

10/11/2017 15:12


Timire Winter 2017.indd 27

10/11/2017 15:12


28

Leon Ó Giolláin SJ Séiplíneach and Choláiste Ollscoille, BÁC

Séamus Ware

Île Saint Honorât – I nDilchuimhne Shéamuis Ware RIP Smaoinigh mé ar alt beag a scríobh in onóir Shéamuis Ware agus mé ar cuairt go hoileán beag i ndeisceart na Fraince, amach ó chósta Cannes i mí Iúil 2017, cúpla seachtain tar éis a bháis ar an 21 Meitheamh. Île Saint Honorât is ainm don oileán. Chaith mé seachtain ann ag déanamh cúrsa spioradálta i dteach aíochta na gCistéirseach atá taobh leis an mainistir, l’Abbaye de Lérins. Fear mór taistil ab ea Séamus agus fear mór creidimh agus cultúir freisin. Mar sin, bheadh sé an-tógtha le stair an oileáin agus lena nasc siar siar sa stair le Pátrún na hÉireann, Naomh Pádraig. Ar an bhfalla taobh leis an mainistir, tá plaic ‘à la mémoire de Saint Patrick évangelisateur de l’irlande. I gcuimhne Naomh Pádraig Aspal Mór na hÉireann’. Thóg mé grianghraf di i gcuimhne na mílte grianghraf a thógadh Séamus ar a thurasanna ar fud na hEorpa agus a bhí mar bhunús dá léachtaí breátha éirimiúla spreagúla a thugadh sé dá chairde sa Réalt, an áit inar múnlaíodh a intinn agus a anam i luachanna arda an Léigiúin Mhuire agus i gcultúr creidmheach ár sinsear. De réir an tseanscéil, chaith Naomh Pádraig cúpla bliain ar an oileán seo ag treanáil don mhisean go hÉirinn. Fáithscéal atá ann de réir dealraimh, ach

Timire Winter 2017.indd 28

má tá sé fíor thabharfadh sé le tuiscint an bá a bhí ag Naomh Pádraig éalú ó am go ham go hoileán Loch Deirge i gCo. Dhún na nGall chun urnaí, troscadh agus tréanas a dhéanamh ar dhóigh na manach ar Île Saint Honorât. Nasc eile idir Pádraig agus an t-oileán ná go léirítí go minic Naomh Honoratus, a bhunaigh an mhainistir thart ar 400AD, ag cur ruaig ar nathracha nimhe ón oileán! Fíor nó nach fíor, bheadh Séamus an-tógtha le scéalta dá shórt! Tá manaigh ar Île Saint Honorât le míle sé céad bliain anuas – ó aimsir Naomh Honoratus i leith – cé gur fhulaing an mhainistir géarleanúint agus dúnadh sealadach i dtréimhsí áirithe sa stair. Faoi láthair, tá thart ar thríocha manach ann. Tá fíonghort mór acu agus siopa beag ina dhíoltar an fíon breá – fíon den scoth de réir chefs cháiliúla na Fraince – chomh maith le soithí beaga eile a dheineann siad chun a slí bheatha a thuilleamh. Buaileann go leor cuairteoirí isteach ar an eaglais in am urnaithe agus don Aifreann laethúil ag 11.25am. Chuir sé ionadh agus áthas orm an méid mór daoine óga a fheiceáil ag caitheamh coicíse ag cabhrú leis na manaigh san fhíonghort agus páirt á glacadh acu in urnaí laethúil na manach, a thosaíonn go moch ag 4.30am!

10/11/2017 15:13


29

Île Saint Honorât

An rud is mó a chuaigh i gcionn orm sa mhainistir ná an eaglais: stíl ghotach gan mórchuid íomhá ach an cros os cionn na haltóra agus solas séimh ina chiorcal thart timpeall air. Ritheann sé le stíl na manach agus an bheatha aicéiteach dhiantréanach agus an urnaí leanúnach, ‘leadránach’ as a mbriseann amach solas ciúin, séimh, suaimhneasach ár Slánaitheora. Gan aon amhras, braitheann daoine áthas, suaimhneas agus dóchas osnádúrtha san áit naofa seo – ‘Gairdeas an tSoiscéil’, gan amhras, ‘gairdeas nach féidir d’aon rud ná d’aon duine a bhaint dínn (cf. Eoin 16, 22). … is cumas do shúile an chreidimh an solas sin a aithint a scaipeann an Spiorad Naomh ar fud an dorchadais i gcónaí… Is é is gairm dár gcreideamh a fheiceáil gur féidir fíon a dhéanamh den uisce agus an grán a aithint ag fás i measc an chogail’ (An Pápa Frainsias, Gairdeas an tSoicéil, uimh 84). Fanann na manaigh ag bun na croise gach lá agus ó ghlúin go glúin gan sos, gan briseadh, ag coimeád beo inár measc solas Dé, solas an chreidimh,

Timire Winter 2017.indd 29

solas Chríost. San ochtú aois déag, chinntigh an Assemblée Nationale an mhainistir a dhúnadh toisc nach raibh sí ‘táirgiúil’ nó ‘torthúil’. Ba chuid den ghluaiseacht díeaglasta a leithéid. Dearcadh cúng saolta amháin a ba chúis leis seo, nár thuig agus nach dtuigeann fós nach amháin gnáthfhíon atá mar thoradh ar shaothar na manach ar Oileán Saint Honorât, ach an ‘fíon nua’, ‘sú na fíniúna’ a gheall Íosa roimh dhul chun a bháis go n-olfadh sé lena dheisceabail i ríocht a Athar (Mata 26, 29). Blaiseann na mílte cuairteoir suaimhneas agus sáimhe na fíona nua seo – réamhbhlaiseadh, cinnte, ar an suaimhneas síoraí atá i ndán dúinn. Ba oilithreach níos mó ná turasóir Séamus. Bhí a fhios aige i gcónaí cá raibh a thriall. Tá a cheann scríbe sroichte aige anois. Guímis go mbeidh sé ar meisce le sú na fíniúna i ríocht Dé go brách agus go mbeidh sé de shíor taobh istigh de sholas grámhar Dé, i mbaclainn an Athar! Luath nó mall, leanfaimid é! Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.

10/11/2017 15:13


Timire Winter 2017.indd 30

10/11/2017 15:13


31

Im Leabharlann Dom

An Ghaeilge i Maigh Nuad Seán Ó hÉanacháin Cló Iar-Chonnacht 2016 Praghas €12

Léirmheas leis: an Ath. Pádraig Standún D’éirigh liom seacht mbliana taitneamacha a chaitheamh i gColáiste Phádraig i Maigh Nuad ó 1964 go 1971 gan Gaeilge ar bith mórán a fhoghlaim. Orm féin a bhí an locht. Is mó marcanna Ardteiste a bhí faighte agam i nGréigis agus Laidin, agus is sna

Timire Winter 2017.indd 31

claisicí agus fealsúnacht a bhain mé céim BA amach leathchéad bliain ó shin. Ní hé go raibh aon rud in aghaidh na Gaeilge agam. Rinne mé mo mhíle dhicheall Néal Maidne agus Tine Oíche leis an Ollamh Breandán Ó Doibhlin a léamh, chomh maith le Irisleabhair Mhaigh Nuad bliain i ndiaidh bliana. Bhain mé taitneamh as imeachtaí na Cuallachta agus Drámaí na Féile Pádraig sa gColáiste, agus bhí mé i mbun soilsithe san Aula Maxima do cheann acu. Ach tríd is tríd bhraith mé go raibh bearna ró-mhór idir líofacht na scoláirí Gaeilge agus an gnáthdhuine nach raibh ach beagán den teanga aige. Is ó mhuintir Inis Oírr, Inis Meáin, na Ceathrúin Rua, Thuar Mhic Éadaigh agus Charna, a bhfuil sé bliana agus cúpla scór caite agam ina measc, a d’fhoghlim mise cibé Gaeilge atá agam. In Inis Meáin go háirid bhraith mé go raibh bóíthrí á shiúil agam a bhí siúlta ag an Athair Eoghan Ó Gramhnaigh, Pádraig Mac Piarais, Eoin Mac Néill agus Gaeilgeoirí go leor eile. Braithim an deighilt sin ann i gcónaí idir Gaeilge na nOllúna agus na scoláirí fíor-oilte i Maigh Nuad a bhfuil éachtaí déanta acu maidir leis An Bíobla Naofa go háirid, chomh maith le staidéir chritice den scoth ar thaobh amháin, agus na sagairt atá ag teacht ón gcoláise sin ar bheagán Gaeilge i gcónaí ar an taobh eile. Ní raibh sé sin ina fhadhb rómhór fadó nuair a bhí ar fhormhór

10/11/2017 15:13


32 na sagart óg freastal ar phobail oileáin nó ceantracha Gaeltachta ag tús a saoil sagartóireachta, agus a raibh neart Gaeilge acu as sin ar aghaidh. Ach cé hé i measc na sagart atá gann go maith cheana atá le freastal ar phobail Ghaeltachta sna blianta amach romhainn? Caitheann cuid de na sagairt óga tréimhsí sna hAcadaimh Ollscoile, agus cuidíonn sé sin go mór, ach tá Maigh Nuad ag loic ar an gcúram sin i gcónaí, mar a bhí ariamh, nuair a bhí locht á fháil ar ‘dandies Maynooth’ i gcomparáid leis na sagairt a rinne staidéar ar an Mór-roinn, de réir leabhar seo Uí Éanacháin. Tréaslaim le Seán Ó hÉanacháin as an staidéar agus taighde atá déanta aige ar Ghaeilge agus ar Ghaeilgeoirí Mhaigh Nuad. Ní ollúna Gaeilge amháin a chuir an teanga chun cinn, ach daoine ar nós Thomáis Uí Fhiaich, a thosaíodh a léachtaí staire i nGaeilge shothuigthe i gcónaí, agus arbh é an léachtóir ab fhearr a chuala mise ariamh i nGaeilge nó Béarla. Níl dabht ar bith ann gurbh é Pádraig Ó Fiannachta an scoláire is cumasaí Gaeilge a bhí ariamh i Maigh Nuad, nó i gcoláiste ar bith eile, b’fhéidir. Casadh orm é ag Oireachtas na Ceathrún Rua an tseachtain ar foilsíodh mo chéad úrscéal Súil le Breith (Cló Chonamara, 1983). ‘Bíobla na Ceathrún Rua’ a thug sé ar mo shaothar. Bhain Pádraig le glúin eile agus b’fhéidir nár réitigh a chuid diagachta le gach a bhí san úrscéal sin, ach chuir sé ar an gcúrsa i Maigh Nuad é mar sin féin, agus is air a rinne Seán Ó hÉanacháin staidéar iarchéime i dtosach. Nuair a bhí cúig nó sé cinn d’úrscéalta foilsithe agam féin, chuir mé iarratas isteach ar phost mar Ollamh NuaGhaeilge i Maigh Nuad. Ba mhó a bhí foilsithe agam sa teanga (dar liom) nó scolaire ar bith a bhí istigh ar an Ollúnacht. D’aithin tráchtaire sa

Timire Winter 2017.indd 32

nuachtán Anois gur ag magadh a bhí mé. Sa sórt geallghlacadóireachta a rinne sé don phost, bhí duine amháin a dó in aghaidh a haon, duine eile a trí in aghaidh a haon, agus mise dhá mhíle in aghaidh a haon. Ní nach ionadh, chaill mé mo euro, nó punt, nó cibé céard a bhí ann mar airgead ag an am. Chomh maith leis na sagairt atá luaite agam, chuala mé trácht go minic ar an Athair Donnchadh Ó Floinn nach raibh i bhfad imithe ó Mhaigh Nuad nuair a thosaigh mise. Is ar a dhúthracht mar shagart agus a bhaint leis An Réalt is mó a bhí caint, agus cuireann an leabhar seo síos air sin chomh maith lena thionchar mar ollamh. D’fhéadfainn go leor eile a lua, ach mar a déarfadh Eoin an soiscéalaí, níl slí ann do mhórán eile. An t-iontas is mó atá orm faoi Ghaeilgeóirí Mhaigh Nuad nó a laghad acu a thug faoin scríbhneóireacht chruthaíoch, cé gur lucht leanta an scéalaí chumasaigh, Íosa as Nazareth an formhór acu. Níl sé ró-dheireanach fós, ár ndóigh, scéim a thosnú a thabharfadh céim (MA, b’fhéidir) don té a chuirfeadh cnuasach filíochta, bailiúchán gearrscéalta nó úrscéal ar ardchaigdeán ar fáil. Bheadh fear an ‘dá mhile in aghaidh a haon’ sásta cúnamh a thabhairt amach anseo. Má mhairim ceithre bliana eile, beidh mé ag éiri as cúramaí paróiste. Má thugann Gaeilgeoirí Mhaigh Nuad deis (agus sparántacht) dom, féachfaidh mé chuige go dtiocfaidh deich gcinn d’úrscéalta ón gcoláiste, scríofa ag mná agus fir, sean agus óg, an bhliain dar gcionn. Mar a déarfadh an Nazairéanach: ‘An té a bhfuil cluasa air/uirthi, éisteadh ...’

10/11/2017 15:13


33

Muire na mBard: Móradh na Maighdine

Michelle Ní Ríordáin Foilseacháin Ábhair Spioradálta Praghas €8 Léirmheas le: Tadhg Ó Dúshláine Ábhar pléisiúir aeistéitiúil ann féin é an leabhrán gleoite, deamhaisithe seo. Máisea, ní haon saothar imeallach neafaiseach é ach cur i láthair tráthúil ar ghné dár n-oidhreacht atá ad rem do cheist na héiceolaíochta agus do cheisteanna an athchultúraithe agus ról na mban san Eaglais Chaitliceach. Léacht a tugadh ag comhdháil Chumann na Sagart i Sord Cholm Cille, mar a raibh dáréag (uimhir shiombalach) i láthair, a bhí sa saothar seo i dtús

Timire Winter 2017.indd 33

báire agus é leathnaithe amach anois ina suirbhé a shuíonn agus a dhéanann soiléiriú ar sciar na nGael i móradh domhanda na Maighdine. Admhaíonn an t-údar ár gcomaoin ar an Ath. Láimhbheartach Mac Cionnaith ‘sáreolaí agus scoláire’ agus an obair éachtach a rinne sé ar fhilíocht chráifeach na mbard, agus is stuama uamhal mar a áitíonn sí nár ghluaiseacht leithleasach a bhí sa bhfilíocht dhúchais seo ach craobh den eagna chráifeach Eorpach, fáiscthe as na bunfhoinsí céanna. Díríonn corp na haiste ar anailís ar ‘Éistidh riomsa, a Mhuire Mhór’ (Muireadhach Albanach Ó Dálaigh,floreat 1223), d’fhonn tréithe dílse dúchasacha an chorpais filíochta seo a shoiléiriú, agus b’fhéidir a áiteamh gur tréith sheasta dár gcuid í an réim mhuinteartha teanga a fhaightear ó thosach deireadh an traidisiúin, síos trí ‘Dia do Bheatha, a naoidhe naoimh’ Mhic Aingil, go ‘Dá mbeadh mileoidean agamsa, ní bheadh Críost gan cheol anocht’. Ábhar comónta na hEorpa ach séala ár stíle féin curtha air. Pléann an t-údar chomh maith le saothar Aonghuis ‘na diagachta’ Uí Dhálaigh (fl. 1600: curtha in eagar ag an Ath. Mac Cionnaith chomh maith céanna) a bhfuil gnéithe den bharócachas Eorpach le haithint air – na samhailteachta agus na híomhánna ón ndúlra (‘A thonn rabharta, a ré lán / a fhiodhbha úr don fhréimh ríogh’), íomhánra ar ábhar machnaimh dúinn í i ré seo na héiceolaíochta. An tAth. Dónall Ó Colmáin a chuir barra bachaille ar thraidisiún na liodán, ag tabhairt bheith istigh do bhandéithe na nGael faoi chló na Críostaíochta nuair a thug sé ‘Tonn Chlíona na Trócaire’ ar an Mhaighdean Mhuire. Is maith mar atá léirithe ag Michelle O Riordan an cleamhnas idir dúchas agus iasacht laistiar de thraidisiún na filíochta clasaicí ina dá mhórshaothar scoláireachta, Irish Bardic Poetry and

10/11/2017 15:13


34 Rhetorical Reality (2007) agus The Gaelic Mind and the Collapse of the Gaelic World (1990). Ní oidhreacht sheasc atá sa traidisiún ach próiseas fáiscthe as taithí chun dul i ngleic le dúshlán na linne. Laethanta seo na géarchéime in institiúid na hEaglaise Caitlicí anseo in Éirinn b’fhiú féachaint do na seanphréamhacha seachas an cogal maoithneach a d’fhás faoi thionchar an Bhéarla le ‘Cullenization’ an traidisiúin dúchais, nach raibh an scamhard ann agus nach aon ionadh é go bhfuil leá chúr na habhann dulta air ó shin. Cothrom céad bliain ó shin, bliain tar éis

Éirí Amach na Cásca dúirt an staraí Alice Stopford Greene an méid seo a leanas faoi na baird: Sprung from the soul of a people they might assert that they in their turn had so trained and fortified that soul, and so furnished it with a literature and a historical memory that the national life could only be extinguished with the race. B’fhéidir nach bhfuil an seanmhana ‘Pro Deo et pro patria’ ‘Dochum glóire Dé agus onóra na hÉireann’ chomh mór sin as dáta tar éis an tsaoil.

€8 Ar fáil anois: www.timire.ie Timire Winter 2017.indd 34

10/11/2017 15:13


Timire Winter 2017.indd 35

10/11/2017 15:13


36

Dermot McEvoy Údar The 13th Apostle: A Novel of Michael Collins and the Irish Uprising (Skyhorse Publishing)

Micheál Ó Mealláin agus 1916: Fírinne a Cuireadh as Riocht

Cuid I

‘A Sheosaimh, a mhaicín ó, bí i do shagart más féidir leat.’ Tamall gearr sular cuireadh chun báis é, sin mar a labhair Micheál Ó Mealláin lena mhac agus é dhá bhliain go leith d’aois. Ar an 13 Meán Fómhair, 1913, bhí cathair Bhaile Átha Cliath suaite ó bhí frithdhúnadh curtha i bhfeidhm ar an lucht oibre ag a gcuid fostóirí. Is iontach le rá gur sa tréimhse chinniúnach seo i stair na hÉireann a rugadh Seosamh Ó Mealláin. Céad agus a ceathair bliain níos faide anonn, tá an tAthair Ó Mealláin fós linn. Is díol comhghairdis ann féin an méid sin, ach tá gné eile níos speisialta fós i gceist. Is é an tAthair Joe an t-aon pháiste de chuid aon duine d’íobartaigh 1916 atá fós ina bheatha agus mac is ea é leis an gCeannfort Micheál Ó Mealláin, an té a bhí i gceannas ar Chathlán Arm Cathartha na hÉireann i bhFaiche Stiabhna. Is geall le priocadh coinsiasa do mhuintir na hÉireann é an tAthair Joe a bheith beo beathach, á mheabhrú dúinn an dóigh ar tháinig ann don náisiún as réabhlóid, agus na híobairtí a bhí i bpáirt ag a lán daoine le linn an Éirí Amach agus Chogadh na Saoirse. Foilsíodh ábhar le gairid faoin Athair Ó

Timire Winter 2017.indd 36

Mealláin ar an suíomh irishcentral.com. San alt sin chosain an tAthair Ó Mealláin a athair ar líomhaintí a rinne oifigigh Arm na Breataine gur fhéach sé lena shéanadh gurbh eisean an ceannfort a bhí i gceannas na gceannairceach úd a bhí lonnaithe ag Coláiste na Máinlianna. Tar éis dom tráchtas an Athar Uí Mhealláin a léamh creidim go bhfuil an mhórchuid dá bhfuil á áiteamh aige cruinn ceart. Aontaím freisin leis an Athair Ó Mealláin nuair a dhearbhaíonn sé go raibh bás

10/11/2017 15:13


37

cinniúnach a athar ceangailte go dlúth lena raibh i ndán don Chuntaois Markievicz, leascheannfort Uí Mhealláin ar an bhFaiche. Ach creidim, an tarcaisniú sin a rinneadh ar dhea-chlú na beirte i gcúirteanna míleata rúnda na Breataine, gur sháraigh sé na gnáthfhaltanais idir Éire agus an Bhreatain. Creidim go raibh dlúthbhaint ag ar tharla le ballraíocht na beirte in Arm Cathartha na hÉireann (ACÉ), 'sé sin arm Shéamais Uí Chonghaile, eagraíocht a bhí tiomnaithe do chosaint a dhéanamh ar aicme an lucht oibre agus ar aicmí a raibh cos ar bolg á imirt orthu. GABHÁIL FHAICHE STIABHNA Bhí Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann ullamh chun dul i mbun gnímh ar Luan Cásca go dtí gur chuir fear ceannais na nÓglach, Eoin Mac Néill, freasordú amach i gcoinne an ghairm slógaidh. Bhain an t-ordú seo an teaspach as an Éirí Amach a bhí á bheartú. Ach an mhaidin dar gcionn, ar Luan Cásca, tugadh faoin Éirí Amach arís. Baill de na hÓglaigh a bhí i mbun

Timire Winter 2017.indd 37

nach mór gach uile ionad cosanta i mBaile Átha Cliath mar atá, ArdOifig an Phoist, na Ceithre Cúirteanna, Muilte Uí Bheoláin, Monarca Jacob agus Aontas Bhaile Átha Cliath Theas. Agus cé go raibh Séamas Ó Conghaile é féin in Ard-Oifig an Phoist, bhí ACÉ i mbun gnímh thall ar Fhaiche Stiabhna mar ar ghabh siad seilbh ar Choláiste na Máinlianna. Scar an ACÉ amach agus ghlac seilbh ar Stáisiún Iarnróid Shráid Fhearchair, Halla na Cathrach láimh le Caisleán Átha Cliath, Teach Ósta Davy ar an gCanáil Mhór agus Stáisiún Dhroichead an Rí (Stáisiún Heuston anois). Theip ar na misin seo go léir don gcuid is mó – is rí-dhócha mar gheall ar easpa daonchumhachta. Lá ’le Pádraig, 1916, thug Séamas Ó Conghaile a lán dá chuid fear ar thuras siúlóide thart faoi Bhaile Átha Cliath agus chuir moltaí faoi chóir straitéis mhíleata in iúl. Maidir le Faiche Stiabhna, dhírigh sé aird ar Óstán Shíol Bhroin agus mhol gur inmholta seilbh a ghabháil air mar gheall ar a shuíomh, a airde agus na soláthairtí fairsinge a bheadh ann. Ar Luan Cásca, agus an-chuid fear in

10/11/2017 15:14


38 easnamh ar ACÉ – bhí súil le 500 ach níor tháinig amach ach 150 mar thoradh ar fhreasordú Eoin Mhic Néill ar an Domhnach – níor ghlac Micheál Ó Mealláin, an ceannfort a bhí i gceannas ar fhorghabháil na Faiche, níor ghlac sé seilbh ar an Óstán. Ba ghearr gur rug fórsaí na Breataine buntáiste ar an míthapa straitéise seo; chuireadar meaisínghunnaí i bhfearas ar dhíon an óstáin, agus ghlac ceannas ar an bhFaiche. Botún ab ea é seo a chuir straitéis an Mheallánaigh i leith na Faiche ó rath. Lean léigear na Faiche ar feadh seachtaine go dtí gur eisigh an Piarsach an fógra géillte, arna chomhshíniú ag Séamas Ó Conghaile, rud a thug ar an Meallánach a phost ag Coláiste na Máinlianna a ghéilleadh. GÉILLEADH AN MHEALLÁNAIGH AGUS MHARKIEVICZ Comhuain is a ghéill na ceannaircigh an Fhaiche tosaíodh ar an Meallánach agus Markievicz a chlúmhilleadh. Ghéill Micheál Ó Mealláin a phost i gColáiste na Máinlianna don Chaptaen Henry de Courcy Wheeler. Dúirt Wheeler: ‘Tháinig an príosúnach [Ó Mealláin] agus an Chuntaois Markievicz amach tré thaobhdhoras Choláiste na Máinlianna. Bhí bratach geal á iompar ag an bpríosúnach. Agus ní raibh sé faoi airm ach bhí arm á iompar ag an gCuntaois. Tháinig an príosúnach i leith, thug cúirtéis dom, agus dúirt gur mhian leis géilleadh agus dúirt gurbh í seo an Chuntaois Markievicz. Gheill sé agus chuir in iúl gurbh eisean ceannaire an gharastúin.’

Timire Winter 2017.indd 38

Chuir Markievicz in iúl freisin do Wheeler ‘gurb ise an leascheannaire.’ Insítear, agus craiceann air mar scéal, gur phóg an Chuntaois Markievicz a gunnán sular thug sí ar láimh do Wheeler é. Sin againn más ea an bheirt cheannfort a bhí i gceannas ar Fhaiche Stiabhna ag admháil a stádas go fonnmhar don oifigeach Briotanach a ghlac lena ngéilleadh. TRIAIL NA CUNTAOISE MARKIEVICZ De réir mar a thuairisc na Briotanaigh, thosaigh athrú ag teacht ar an an scéal sin ag na trialacha. Cuireadh an Chuntaois Markievicz chun a trialach i dtosach – ar an 4 Bealtaine. Ba é an Leifteanant William Wylie a rinne an t-ionchúiseamh. Dúirt sí ar a triail: ‘Chuaigh mé amach chun troid ar son saoirse na hÉireann agus is cuma céard a tharlaíonn dom. Rinne mé an ní a shíl mé a bhí cóir, agus seasaim leis.’ De réir Wylie, ’séard dúirt sí: ‘Níl ionam ach bean. Ní thig bean a lámhach. Ná déantar bean a lámhach.’ Lean Wylie air: ‘Níor staon sí den olagón i gcaitheamh an ama …. Bhí beagán déistin orainn go léir. Bhí ceannairc á craobhscaoileadh aici d’iomad buachaillí seafóideacha, bás agus glóir, bás ar son do thíre &rl. Ach ina dhiaidh sin féin, bhí sí ionann’s lúitéiseach. Ní abród a thuilleadh. Cuireann sé masmas orm fós.’ Ach fós féin, an Leifteanant Bucknill a bhí i láthair freisin, thug seisean chun cuimhne gur dhúirt sí: “Poblacht na hÉireann an aisling a bhí againn agus shíl muid go raibh seans réasúnta againn.” Ansin ar feadh cúpla meandar, thit sí as a chéile agus bhris a gol uirthi.’ Duine ar bith ar eol dóibh an

10/11/2017 15:14


39

phearsantacht a bhí ag Markievicz, bheidís in aimhreas faoinar mhionnaigh Wylie go bhfaca agus gur chuala sé é ach gur shéan Bucknill é. De réir Brian Barton ina leabhar From Behind a Closed Door: Secret Court Martial Records and the 1916 Easter Rising, ‘An cur na fírinne as riocht a rinne Wylie d’aon ghnó agus go mínáireach ar an bhfreagra a thug sí ag a triail, is deacair ciall a bhaint as.’ Daoradh Markievicz chun báis, breith nár iarmhalartaigh an Ginearál Maxwell – an fear céanna a bhí faoin am seo ag síniú barántais bháis na gceannairí – go piansheirbhís saoil go ceann dhá lá dar gcionn. Níor chuir aon chuid dhe seo dá buille í agus ’séard dúirt sí: ‘Ba é mo ghuí go raibh sé de chuibhiúlacht ionaibh mé a lámhach.’ AN MEALLÁNACH Á CHLÚMHILLEADH AG MACONCHY Tugadh an Meallánach chuig Beairic Risteamain le go gcuirfí armchúirt air. Níorbh eisean an duine ba thábhachtaí a bhí i láthair ag a thriail – ba é an Briogáidireghinerál Ernest Maconchy an té sin. Cad chuige? Mar ba é Maconchy an chéad duine a chuir bréag ar chuntas an Mheallánaigh. Ba oifigeach gairme in Arm na Breataine

Timire Winter 2017.indd 39

é Maconchy agus ba san Ind amháin a thug sé seirbhís – san áit cheanann chéanna inar thug an Meallánach seirbhís le linn a thréimhse siúd in Arm na Breataine. Tar éis don Éirí Amach briseadh amach i mBaile Átha Cliath, seoladh Maconchy go hÉirinn, agus é i gceannas ar 2ú Cathlán na Sherwood Forestors, iad siúd a bhí páirteach sa ghéarchoimhlint ag Muilte Uí Bheoláin agus ag Aontas Bhaile Átha Cliath Theas. Eisean an duine céanna a thabharfadh breithiúnas ar an Meallánach san armchúirt. Ina chumhní cinn, deir sé, ‘Nuair glaodh orthu chun a gcosanta, go ginearálta ní raibh ann ach gur dhaor siad iad féin de ráite a mbéil féin, agus in an-chuid cásanna dhiúltaigh mé a ndúirt siad a chur síos mar ní raibh ann ach go ndearna siad níos measa a gcás.’ Sna focail sin, nochtann Maconchy an bhréag ina chuntas. Ní thig linn a bheith cinnte céard a dúirt an Meallánach mar admhaíonn Maconchy go mb’fhéidir gur cham sé an tuairisc. Ba cheart a thabhairt chun suntais nach raibh aon tuairisceoir cúirte i láthair – níl aon taifead ar ar dúradh seachas nótaí Maconchy. Le caoinchead ó irishcentral.com agus le mórbhuíochas le hÉanna Mac Cába, a d’aistrigh. (ar lean.)

10/11/2017 15:14


40

Lorcán Mac Gabhann Stiúrthóir Ghlór na nGael

Feargal Ó Cuilinn RIP Tá Feargal Ó Cuilinn imithe ar shlí na fírinne ón 13 Deireadh Fómhair 2017 agus is cúis mhór bhróin domsa go pearsanta é, do fhoireann Ghlór na nGael agus do Bhord Stiúrtha Ghlór na nGael é chomh maith. Déanaim comhbhrón ó chroí lena mháthair Bríd, lena bheirt iníonacha, Louise agus Aedín, lena máthair siúd Jean, lena chlann agus lena ghaolta uilig. Bhí aithne agam ar Fheargal ó 1978, am ar thosnaigh muid beirt i gColáiste Eoin ag aois a dódhéag, agus ó shin b’iomaí gort a bhí muid tar éis a threabhadh, fud fad na hÉireann. Cé go bhfuil an oiread scéalta agam faoi agus a líonfadh leabhair, beidh sé fós deacair orm breith ar an tuiscint nach bhfeicfidh mé riamh arís é, nach n-ólfaidh mé pionta leis, nach gcanfaidh mé amhráin arís leis ag 3am, nach rachaidh mé i mbun troda leis ar chúis éigin nach féidir a bhuachaint, nach rachaidh mé ag taisteal leis arís, nach n-ólfaidh mé muga caife leis i lár Bhaile Átha Cliath, nach ndéanfaidh mé troid leis (rud a rinneamar go minc!!) agus nach bhfeicfidh mé a straois gháire riamh arís. Bhí Feargal fostaithe le Glór na nGael ón mbliain 2014 i leith ach bhí sé féin

Timire Winter 2017.indd 40

agus foireann Ghlór ag obair as lámha a chéile le blianta fada roimhe sin, le linn dó a bheith ag feidhmiú mar Stiúrthóir ar an eagraíocht Comhluadar. Is iomaí togra agus tionscadal a raibh Feargal gafa leo agus lárnach iontu. B’é bunú agus buanú Ghaelscoil Bharra mar Chathaoirleach, i gCabrach, a bhí ar bharr a liosta tosaíochtaí le fada an lá agus b’ábhar bróid dó é go raibh foirgneamh buan faighte ag an scoil i mbliana, tar éis breis agus fiche bliain. Thuig sé tábhacht an oideachais do thodhchaí na Gaeilge agus d’fheidhmigh sé ar Bhoird Bhainistíochta éagsúla, ina measc, Gaelscoil Chabhrach, Gaelscoil Chill Mhantáin, Gaelscoil Nás na Ríogh, Coláiste Mhuire, ar Bhord Stiúrtha Ghaelscoileanna (Gaeloideachais) agus ar feadh tréimhse fhada mar Chisteoir ar Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge. Ní raibh a obair dheonach teoranta don oideachas amháin: bhí sé gafa le Bord Stiúrtha Rith Teo óna bhunú sa bhliain 2010 agus bhí dílseacht dho-chloíte aige dá chlub Robert Emmets CLG. Bhí spéis mhór ag Feargal i gcúrsaí staire agus saineolas suntasach aige inti, a roinn sé linn ar fad, go fial.

10/11/2017 15:14


41

Is iomaí teaghlach lán-Ghaeilge a mbeidh cuimhne acu ar chineáltas Fheargail ag ócáidí agus ag deirí seachtaine sóisialta na heagraíochta Comhluadar. Ba é Feargal a bhí i gcónaí amuigh chun tosaigh ag cur fáilte roimh thuismitheoirí agus roimh pháistí araon. Beidh cuimhne bhuan ar cé chomh sona is a bhí sé agus é ag freastal ar saoire Ghaeltachta Chomhluadar/Ghlór na nGael i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ’chuile shamhradh. Níor aithin Feargal aon difríocht idir daoine éagsúla; bhí sé lách le gach duine a tháinig chuige.

Timire Winter 2017.indd 41

Thar rud ar bith eile, ba fhear clainne é Feargal Ó Cuilinn. Bhí a ról mar athair lárnach i ngach rud a rinne sé agus níl aon rud nach ndéanadh sé dá chlann ionúin, Louise agus Aedín. Le himeacht Fheargail, tá athair, mac, deartháir, ball clainne, cara, comhghleacaí agus tírghráthóir caillte againn ar fad agus is boichtede sinn a bheith dhá uireasa. Braithfidh muid ar fad uainn é, i nGlór na nGael, a mheangadh gáire, a dheachaidreamh agus a chomhluadar cneasta. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

10/11/2017 15:14


42

Dónall Ó Cnáimhsí

Plandaí na hÉireann Is oileán í Éire atá suite san Aigéan Atlantach thuaidh, ar chósta thiar mhórroinn na Eorpa. Tá sí téite ag Sruth na Murascaille ach faoi thionchar aimsire síorathraithí a thig isteach trasna uirthi ón fharraige mhór. Is mar gheall air seo a bhíonn an geimhreadh séimh agus an samhradh tais in Éirinn de ghnáth. Is é seo an fáth a mbláthaíonn na mílte planda éagsúil neamhdhúchasach ar an oileán seo de ghlas smaragaide. Tá an aeráid anseo foirfe d’fhás plandaí. Tá thar 32,000 míle cearnógach de thalamh ar an oileán seo, cuid de sléibhtiúil, cuid faoi fhoraois, cuid ina mhóinéar agus cuid ina phortach agus go leor eile faoi uisce. Tá tírdhreach na hÉireann athraithe go mór ag an chine dhaonna le dhá mhíle bliain, tá na coillte dúchasacha chóir a bheith imithe, tá cuid mhaith de na portaigh silte agus tá rian na talmhaíochta le feiceáil ó cheann ceann an oileáin. Tá bailte móra tógtha ar fud na dúiche agus mílte de bhóithre déanta a chasann agus a lúbann go gach aon choirnéal. Ach smaointigh, cad é mar a bheadh an t-oileán seo, munar leag an cine daonna cos air riamh? Cad iad na plandaí dúchasacha a bhí ann roimh theacht na

Timire Winter 2017.indd 42

ndaoine? Agus atá anseo go fóill a bheag nó a mhór? Tá trí phríomhghnáthóg plandaí ar an oileán seo: talamh féaraigh, móinteach fraoigh agus portach. Tá plandaí éagsúla a fhásann ins na trí ghnáthóg seo agus tá timpeall naoi gcéad cineál ar an iomlán ar fud an oileáin. Is é sin naoi gcéad planda dúchasach atá in Éirinn: dá mbeadh síol amháin agat do gach aon phlanda acu sin, b’fhéidir an t-iomlán a choinneáil i ngnáthbhosca lasán. Ar thalamh féaraigh atá an éagsúlacht is mó plandaí ag fás, go háirithe ar thalamh aolchloiche. An Bhoirinn i gContae an Chláir an sampla is fearr den ghnáthóg seo, mar go bhfuil 70% de phlandaí dúchasacha na hÉireann ag fás ansin. Tá fiche ceathair de na fiche hocht magairlín dhúchasacha le feiceáil ansin. Muna bhfuil ainmhithe ag innilt ar thalamh féarach, fásfaidh toranna beaga mar shaileog nó aiteann nó sceach gheal ar dtús, ansin tiocfaidh an coll agus an fhuinseog. Ar thalamh bhocht aigéadach, is í an dair ghaelach a thig chun cinn agus ar thalamh shaibhir an dair ghallda a bhíonn i réim.

10/11/2017 15:15


43

Ar mhóinteach fraoigh is plandaí mar an raithneach mhór, an fraochán, fraoch cloigíneach, an fraoch mór, an féar, an chíb agus an luachair a fhásann go flúirseach. Tá trí chineál portaigh ann: seascann, portach ardaithe agus bratphortach, ina bhfásann luachair agus súsán agus caonach. Tá 50% de chineálacha caonaigh na hEorpa le fáil in hÉirinn. Tá go leor de na plandaí dúchasacha faoi bhagairt mar go bhfuil a ngnáthóga nádúrtha á scrios ag forbairtí nó de bharr modhanna talamhaíochta nua-aimseartha nó ag plandaí neamhdhúchasacha atá á scaipeadh go forleathan faoin tuath. Tá na plandaí seo a leanas caillte ag Éirinn: an cogal, an fíogadán goirt, an

spuirse dhearg, an tonóg chladaigh, gob an ghoirt, luachair an phollaigh agus an sábhlus. Tá Garraithe Náisiúnta na Lus ag obair ar a ndeargdhícheall chun nach gcaillfidh muid aon phlanda dúchasach eile. Measann siad go bhfuil céad fiche planda faoi bhagairt agus tá togra acu i gcomhar leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra chun gnáthóga a chosaint agus a chaomhnú, chun na plandaí a shábháil. Rinneadh reachtaíocht a achtú in Acht an Fhiadhúlra, 1976 , agus rinneadh uasdátú ar an Ordú um Flóra (Cosaint) in 2015. Breis eolais ag www.botanicgardens. ie, www.wildflowersofireland.net, www.npws.ie.

Foclóirín: síorathraitheach = a bhíonn i gcónaí ag athrú; gnáthóg = cineál áite atá oiriúnach do phlandaí nó d’ainmhithe áirithe; an magairlín = orchis, orchid; an tsaileog = salix, willow (shrub); an t-aiteann = ulex, furze/gorse/whin; an sceach gheal = crataegus monogyna, hawthorn; an coll = corylus, hazel; an fhuinseog = fraxynus, ash; an dair ghaelach = quercus petraea, Irish oak; an dair ghallda = quercus robur, pendunculate oak; an raithneach mhór = pteridium, bracken; an fraochán = vaccinium, bilberry; an fraoch cloigíneach = erica cinerea, bell-heather; an chíb = cyperacea, sedge; an luachair = juncaceae, rushes; an súsán = sphagnum, sphagnum moss; an caonach = sphagnopsidum, moss; an cogal = lolium temulentum, cockle; an tonóg chladaigh = matthiola incana, stock-gilly flower.

Timire Winter 2017.indd 43

10/11/2017 15:15


Saor gach Céadaoin leis an LE FÁIL I MÍR NA GLUAISTEÁNAÍOCHTA (MOTOR SECTION)

Timire Winter 2017.indd 44

10/11/2017 15:15


45

Filíocht Dánta le Colin Ryan Spiaire an Dá Thaobh

Taibhsí

Anois bhí sé tagtha abhaile ach níor aithin na scátháin é: tír eile a thagadh aníos trína chodladh sráid faoi sholas scéiniúil is durdáil na gcolm i gclós ag insint scéalta:

Sa samhradh a nochtann na taibhsí sa tír úd i ndeisceart na haigne

níor bhinn leis comhrá na mbeo ach chuir sé a mhuinín sna mairbh (dream nach n-imreodh díoltas) is sheachain sé scáthanna is cearnóga: é ag fanacht idir dhá eolas le teacht na fírinne

Timire Winter 2017.indd 45

na neacha gan tathag ag siúl trí sholas neamhshaolta i gcreathadh fada an teasa gach beatha gach peaca a cleachtadh tráth gach focal arbh fhocal scoir é ar snámh sa ghile is dorchacht na bpréachán ag labhairt ó lár na gréine

10/11/2017 15:15


46 1

6

2

3

4

5

7 8

9

10 11

12

14

15

crosfhocal TRASNA 1. cóta, seaicéad [5] 3. bord searmanais sa tséipéal [6] 6. bruach na farraige [7] 8. cairéad [6] 9. spíosra ar an mbord le salann [6] 11. macánta [7] 14. maoin, saibhreas [6] 15. fiaile choitianta sráide [5]

13

Duais €20 le buachaint

ANUAS 1. bac [4] 2. a, e, i, o, nó u [4] 3. sprioc [5] 4. bád an iascaire [7] 5. bíonn Aire i gceannas uirthi [5] 7. méadú faoi dhó [7] 9. itear í bán nó dubh le h-ispíní [5] 10. cód smachta a gcaitear cloí leis [5] 12. ceangal [4] 13. caol [4]

FREAGRAÍ CHROSFHOCAL AN FHÓMHAIR: TRASNA 1. cearc 3. albain 6. banríon 8. nuacht 9. coicís 11. fothram 14. siosúr 15. turas ANUAS 1. crúb 2. claí 3. anonn 4. brocach 5. neart 7. rachmas 9. crios 10. sféar 12. toit 13. meas

SCRÍOBH ‘CROSFHOCAL’ AR CHLÚDACH DO LITREACH, AGUS SEOL FREAGRAÍ, MAR AON LE d’AINM AGUS SEOLADH CHUIG: AN TIMIRE, 37 SRÁID LÍOSAIN, BAILE ÁTHA CLIATH 2, ROIMH 20 EANÁIR, 2018 BUAITEOIR AN CHOMÓRTAIS DHEIREANAIGH: CAITLÍN UÍ FHRIEL, DOIRE.

Timire Winter 2017.indd 46

10/11/2017 15:15


47

Chilli con Carne Síle Ní Chearbhaill

Taitníonn sillí go mór liom agus taitníonn seacláid go mór liom agus is minic a fheicim seacláid le sillí ar fáil san ollmhargadh, nó a thagaim trasna ar oideas do cháca seacláide le sillí. Lá amháin rinne mé cinneadh triail a bhaint as sillí a dhéanamh le seacláid – taitníonn an mhias dheireanach go mór liom. Bíonn trátaí searbh go minic ach laghdaíonn an tseacláid seirbhe na dtrátaí agus cuireann sí le saibhreas na méise. COMHÁBHAIR: 1 oinniún dearg 1 piobar dearg 1 piobar glas 1 tsp ola 2 chlóbh gairleoige 2 tsp callóga sillí 1 tsp paiprice 500g mairteoil 200ml stoc mairteola 400g canna de thrátaí 3 tbsp purée trátaí 1 cana de phonairí duánach 50g seacláid dhorcha Salann agus piobar LE RIARADH: Rís nó prátaí bácáilte

Timire Winter 2017.indd 47

MODH: 1. Mionghearr an t-oinniún agus gairleog agus gearr na piobair i bpíosaí móra. 2. Téamh an ola ar an bhfriochtán agus frioch an t-oinniún agus gairleog ar feadh 3-4 nóiméad go dtí go bhfuil siad bog. Cuir na glasraí eile leis agus frioch ar feadh 2 nóiméad. 3. Cuir an fheoil leis agus frioch go dtí go bhfuil an fheoil donn. 4. Cuir na spíosraí leis agus frioch ar feadh 3 nóiméad chun an blas a fhorbairt. 5. Cuir an stoc, trátaí, purée trátaí, salann agus piobar leis. Suanbhruith ar feadh 15 nóiméad. 6. Bain an leacht ó na pónairí agus cuir leis an sillí iad. Cuir an tseacláid isteach. Measc go maith é. Suanbhruith ar feadh 5 nóiméad eile. 7. Riar le rís nó prátaí bácáilte.

10/11/2017 15:16


An Ofráil Laethúil

A Athair ró-ghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ófralaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach thíos) ... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

NOLLAIG

Uilíoch: Go gcothaí teaghlaigh agus pobail Chríostaí na seandaoine, ionas go mbaine siadsan earraíocht as a ngaois agus a dtaithí d’fhonn an Creideamh a chraobhscaoileadh, agus na glúnta óga a mhúnlú.

EANÁIR

Soiscéalaíoch: Go mbeadh Críostaithe, agus mionlaigh reiligiúnda eile i dtíortha na hÁise, in ann a gcreideamh a chleachtadh le saoirse gan srian.

FEABHRA

Uilíoch: Iad siúd a bhfuil cumhacht nithiúil nó pholaitiúil nó spioradálta acu, go gcuirfidís i gcoinne aon tarraingt ag an gcaimiléireacht.

Timire an Chroí Ró-naofa

Timire Winter 2017.indd 48

10/11/2017 15:16


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.