4 minute read
Tomás Ághas, Fíor-Chríostaí Eibhlís Mac Biorthagra
Eibhlís Mac Biorthagra Garneacht le Tomás Ághas
Tomás Ághas (1885-1917): Fíor-Chríostaí
Tionchar na Críostaíochta i mbeatha Thomáis Ághas, laoch agus tírghráthóir atá faoi chaibidil agam anseo. Bhí lóchrann a chreidimh ag soilsiú an bhealaigh dó óna óige i leith go dtí lá a bháis.
Rugadh Tomás in 1885 i gCeann Ard, Contae Chiarraí, agus bhí síolta an chreidimh Chaitlicigh préamhaithe go daingean ina thuismitheoirí, Griaire agus Eibhlín, agus ar ndóigh sna comharsain agus san timpeallacht inar fh ás sé suas. Bhí líofacht Ghaeilge ag a thuismitheoirí agus an-mheas ar an gcultúr Gaelach acu araon. Chuaigh sé go Coláiste De La Salle i 1905, áit ar chaith sé dhá bhliain agus é á oiliúnt mar mhúinteoir ann. Tugann a chomh-mhicléinn teastas uatha faoin iliomad buanna agus suáilcí a bhí ag gabháil le pearsantacht Thomáis ach is suimiúil ar fad an léargas a thug duine acu, Liam Sabháiste, ina thaobh:
B’iontach an dea-shampla den
Chríostaíocht a thug sé do gach aon duine, é i gcónaí in am trátha i séipéal an Choláiste. Fear ba ea é a ghlacadh na sacraiminití go mion minic. Focal míbhlasta níor tháinig riamh as a bhéal. Ní cuimhin liom
Tomás Ághas a fh eiceáil riamh gan aoibh shoilbhir shuairc air… Bhí sé rí-dhéirceach cneasta cineálta… is cuimhin liom Féile Choirp Chríost a bheith ann nuair a tionóladh mórshúil in onóir na Naomh-
Shacraiminte. D’éirigh Tomás agus cúpla duine eile ar a ceathair a chlog ar maidin chun lámh chúnta a thabhairt ag maisiú an bhóthair ba chóngaraí do thalamh an Choláiste.
Lean seisean den obair go dtí am bricfeasta ar a hocht a chlog. Ba bheag leis dua ar bith dá leithéid.
D’inis Mary Monks, comhoide leis sa scoil i bhFine Gall ina raibh sé mar phríomhoide, gur bhain sé na bláthanna uile a bhí ag fás i ngairdín na scoile, agus gur iarr sé uirthi iad a chur ar an altóir os comhair na Naomh- Shacraiminte. Tharla seo ar Dhéardaoin Bheannaithe 1916, dhá lá roimh an Éirí Amach. Dearbhú cinnte atá anseo gur i nDia a chuir Tomás Ághas a mhuinín. Tar éis Éirí Amach na Cásca díbríodh Tomás go príosúin i Sasana. Léiríonn a chomhfh reagras fh aid a bhí sé i mbraighdeanas thall doimhneacht a spioradáltachta. Tugann sé le fi os iontu gur bhreathnaigh sé ar an ndaorántacht mar phribhléid ó Dhia. Scríobh sé chuig a dheirfi úr Nóra Ághas: ‘… tá dhá ní ann gur deimhin liom nach mbeidh aon chosc
orthu, an machtnamh agus an urnaí… is mó a rachaidh an urnaí chun tairbhe dúinn ná an chumha.’
Ar ndóigh, thaispeáin litreacha a chlainne agus a chairde chuig Tomás freisin go raibh an phaidreoireacht ar a shon ag neartú acu féin in aghaidh an lae. Scríobh a dheirfi úr Máire chuige go raibh sí féin agus a leanaí óga de shíor ag cur a nguíonna suas chun Dé dó agus í ag comhairliú dó: ‘bí ag guí, ag canadh agus cónaigh de shíor le Dia.’
I litir a scríobh a athair Griaire dó i Meán Fómhair 1916, insíonn sé dá mhac nach amháin ‘go bhfuil mo phaidreacha féin agat’ ach ‘paidreacha an pharóiste agus do cháirde ó na ceithre h-árda’. I litir eile chuig Nóra, déanann Tomás tagairt don chosúlacht a airíonn sé idir é féin agus Naomh Colmcille, ag scríobh gur mór an bhuairt don Naomh a bhraighdeanas féin agus ar an ábhar sin, scríobhann sé go bhfuil sé féin ag achainí ar Cholmcille go saorfaí é chun fi lleadh ar Éirinn go luath. Dar le Nóra, ba léitheoir díograiseach den mBíobla a deartháir agus gur rí-mhinic a léigh sé é agus é i ndaoirse, ag meabhrú di: ‘Ina litreacha, thagraíodh sé do shleachtanna ón mBíobla, idir chaibidil agus véarsaí a bhféadfaí a chur i bhfeidhim i leith polaitíocht agus cúrsaí reatha.’ Fianaise dhearfach de láidreacht agus lárnacht na Críostaíochta ina bheatha is ea na litreacha gan aon agó.
Agus céard faoin dán álainn úd ‘Lig dom do dhúrchroich d’iompar a Dhia’, a scríobh Tomás agus é ina chime i bPríosún Lewes? Achaine fh íorspioradálta atá anseo agus an fi le ag impí ar Íosa ligint dó bás a fh áil ar son a thíre:
Ach, a Íosa, tóg mise ón bhfoirean fh éil,
Ní gach éinne tá réidh id’ chomair. Feictear anseo creideamh agus muinín Thomáis i dtrócaire Dé.
D’fh ulaing Tomás Ághas go géar roimh dheireadh a shaoil ar an 25 Meán Fomhair 1917. Laoch, tírghráthóir agus Gaeilgeoir a bhí ann. Ach b’é a chreideamh daingean diongbháilte, a dhílseacht gan staonadh do chreideamh Críostaí a shinsir, agus an caidreamh le Dia tré urnaí agus machnamh a stiúraigh é agus a bhí ina fh oinse dhóchais aige go dtí an deireadh. Agus é ar leaba a bháis, dúirt an sagart caipisíneach, an tAthair Aibhistín leis, ‘Tá Dia láidir agus máthair mhaith aige.’ D’fh reagair Tomás é leis na focail dheireanacha a labhair sé ar an saol seo: ‘Tá cinnte, a Athair.’
Foclóirín: lóchrann = lampa solais; suáilcí = tréithe tairbheacha; soilbhir = gealgáireach; braighdeanas = príosúntacht; cime = príosúnach; achaine = guí. ; braighdeanas =