An Timire - Geimhreadh 2017

Page 4

4

Eibhlís Mac Biorthagra Garneacht le Tomás Ághas

Tomás Ághas (1885-1917): Fíor-Chríostaí Tionchar na Críostaíochta i mbeatha Thomáis Ághas, laoch agus tírghráthóir atá faoi chaibidil agam anseo. Bhí lóchrann a chreidimh ag soilsiú an bhealaigh dó óna óige i leith go dtí lá a bháis. Rugadh Tomás in 1885 i gCeann Ard, Contae Chiarraí, agus bhí síolta an chreidimh Chaitlicigh préamhaithe go daingean ina thuismitheoirí, Griaire agus Eibhlín, agus ar ndóigh sna comharsain agus san timpeallacht inar fhás sé suas. Bhí líofacht Ghaeilge ag a thuismitheoirí agus an-mheas ar an gcultúr Gaelach acu araon. Chuaigh sé go Coláiste De La Salle i 1905, áit ar chaith sé dhá bhliain agus é á oiliúnt mar mhúinteoir ann. Tugann a chomh-mhicléinn teastas uatha faoin iliomad buanna agus suáilcí a bhí ag gabháil le pearsantacht Thomáis ach is suimiúil ar fad an léargas a thug duine acu, Liam Sabháiste, ina thaobh: B’iontach an dea-shampla den Chríostaíocht a thug sé do gach aon duine, é i gcónaí in am trátha i séipéal an Choláiste. Fear ba ea é a ghlacadh na sacraiminití go mion minic. Focal míbhlasta níor tháinig riamh as a bhéal. Ní cuimhin liom Tomás Ághas a fheiceáil riamh gan aoibh shoilbhir shuairc air… Bhí sé

Timire Winter 2017.indd 4

rí-dhéirceach cneasta cineálta… is cuimhin liom Féile Choirp Chríost a bheith ann nuair a tionóladh mórshúil in onóir na NaomhShacraiminte. D’éirigh Tomás agus cúpla duine eile ar a ceathair a chlog ar maidin chun lámh chúnta a thabhairt ag maisiú an bhóthair ba chóngaraí do thalamh an Choláiste. Lean seisean den obair go dtí am bricfeasta ar a hocht a chlog. Ba bheag leis dua ar bith dá leithéid. D’inis Mary Monks, comhoide leis sa scoil i bhFine Gall ina raibh sé mar phríomhoide, gur bhain sé na bláthanna uile a bhí ag fás i ngairdín na scoile, agus gur iarr sé uirthi iad a chur ar an altóir os comhair na NaomhShacraiminte. Tharla seo ar Dhéardaoin Bheannaithe 1916, dhá lá roimh an Éirí Amach. Dearbhú cinnte atá anseo gur i nDia a chuir Tomás Ághas a mhuinín. Tar éis Éirí Amach na Cásca díbríodh Tomás go príosúin i Sasana. Léiríonn a chomhfhreagras fhaid a bhí sé i mbraighdeanas thall doimhneacht a spioradáltachta. Tugann sé le fios iontu gur bhreathnaigh sé ar an ndaorántacht mar phribhléid ó Dhia. Scríobh sé chuig a dheirfiúr Nóra Ághas: ‘… tá dhá ní ann gur deimhin liom nach mbeidh aon chosc

10/11/2017 15:09


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.