4 minute read

Seantuistí is Garpháistí Bernie Ní Chonaill

Bernie Ó Conaill Iarphríomhoide Choláiste Iognáid, Gaillimh

Seantuistí is Garpháistí

Is deacair cur síos ceart a thabhairt ar an mbeannacht atá ar dhuine a bheith ina sheantuismitheoir. Más ea, is deacra fós cuireadh an eagarthóra d’alt ar an ábhar a dhiúltú. Seo mé mar sin ag iarraidh meabhar a bhaint as ceann desna rudaí is deise a tharla riamh dom féin agus mo bhean Maree.

Airím nuair atá do pháistí féin agat go mbíonn cúraimí móra ort ó thaobh na hoibre de agus an saol baile uilig a choinneáil sa tsiúl. Le dualgaisí sóisialta agus na glaochanna iliomad ar do chuid ama imíonn na blianta go tapa. I bhfad róthapa le bheith fíreannach.

Sin go bunúsach an difi r is mó leis na garpháistí, an triail atá againn am a chaitheamh leo. Níl saibhreas ar bith eile ar an saol ionchurtha le bheith mar chuid lárnach i saol na ngarpháistí. An mhuinín, an iontaobh agus an compord acu siúd le bheith leat. Tig leat grá gan srian a bhronnadh orthu agus gan a bheith róbhuartha iad a mhilleadh roinnt beag. Pribhléid a théann le d’aois.

Deireann roinnt seantuismitheoirí gurb é an rud is fearr faoi na garpháistí ná gur féidir iad a thabhairt ar ais. Nílim compordach leis sin in aon chor. Rómhinic a d’fh ág muid Seville, Croxley Londain agus Bangor na Breataine Bige lenár gcroíthe briste le cumha. Faigheann duine tuiscint bhreise ar scéal na nGael, más daor féin an ceacht.

Agus iad sa mbaile anois bíonn an teach níos glóraí, an áit bun os cionn, Peppa Pig nó Disney Junior ag stánadh amach ort. Clúidíní le n-athrú, béiltí le réiteach agus neart piocadh agus bailiú.

Ach cad é mar luach aisteach le bheith ligthe isteach i ndomhan na hÓige don darna huair.

Tá a gcuid buanna agus tréithe féin ag chuile ghasúr agus má tá taithí na mblianta agat féin is féidir leat cabhrú leo chun iadsan a aithint agus a fh orbairt. An cumas ceoil acu, an tsuim sa spórt, an lámh cúnta agus iad tosaithe ar shiúl.

Éisteacht agus gualainn a thabhairt dóibh nuair a bhíonn cúrsaí sa mhullach orthu. Cinnte bíonn uaireanta ann nuair a bhíonn tuirse orainn agus muid ceangailte. Má tá tú ag déanamh obair ar bith ceart beidh tuirse ort. Ach nuair a fh aighheann tú an mhiongháire uathu agus an mhuinín speisialta acu ionat, tá tú íoctha agus tuilleadh. Labhair Máirtín Ó Direáin faoi sheoda ina shaol. Suimíonn na laethannta leis na garpháistí an saibhreas céanna dom:

Seoda ab áil liom i mo stór,

Is cé nach gcuirfi d lón faoi mo choim,

Ní chruineofar a malairt liom. Ní chruinneodh muid cinnte.

CUMANN NA SEANTUISMITHEOIRÍ CAITLICEACHA

Is gairm ghliondrach agus uasal é a bheith i do sheantuismitheoir. Mar sheantuismitheoir, siúlann muid in éineacht leis na tuismitheoirí mar ‘chomhoibrithe ríthábhachtacha’; agus i gcomhar le chéile lorgaíonn muid an rud is fearr dár ngarpháistí.

D’eascair Cumann na Seantuismitheoirí Caitliceacha as paidir ó chroí de chuid Catherine Wiley chun bronntanas lá breithe a aimsiú do Mhuire Máthair. Tá an cumann ann chun ról na Seantuismitheoirí a chur chun cinn agus chun tacú leo agus meas a léiriú orthu sa mhisean atá acu an creideamh a chur ar aghaidh agus an urnaí a choinneáil i gcroílár shaol an teaghlaigh. I dtús báire d’aithin na seantuismitheoirí na buanna ar leith a bhí acu cheana féin le tabhairt dá gcuid teaghlach. Rinne siad iarracht freisin tacú lena chéile ina gcuid ról a bhí dúshlánach go minic. Thuig siad na buntáistí a bhain le bualadh le chéile go foirmeálta agus mar sin bunaíodh grúpaí beaga áitiúla. Feidhmíonn siadsan faoi chúram Chomhdháil na nEaspag i ngach tír agus coinníonn siad nasc le Cumann na Seantuismitheoirí Caitliceacha bunaidh tríd an aidhm agus an cuspóir atá acu i gcoiteann. Tá Cumann na Seantuismitheoirí Caitliceacha i mórán tíortha anois.

Chuir muid tús leis an tionscnamh seo in Éirinn aon bhliain déag ó shin agus sa lá inniu bíonn Lá na Seantuismitheoirí i ngach bunscoil sa tír. I mbliana bhí Oilithreachtaí ár Seantuismitheoirí ar siúl i gCnoc Muire ar 10 Meán Fómhair. Ba mhaith linn sna míonna atá romhainn ár gcroí agus ár n-intinn a dhíriú d’fh onn struchtúr agus straitéis láidir a fh orbairt don Chumann, a chuirfi dh ar ár gcumas comhoibriú chun ár ráiteas misin a chomhlíonadh agus cuidiú leis na Seantuismitheoirí an creideamh a chur ar aghaidh agus an urnaí a choinneáil i gcroílár an teaghlaigh.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ NA NOLLAG, 2017 Go gcothaí teaghlaigh agus pobail Chríostaí ár seandaoine, ionas go n-úsáidfi dh siadsan an ghaois agus an taithí saoil atá acu d’fh onn an creideamh a chraobhscaoileadh, agus na glúnta óga a mhúnlú.

Foclóirín: iontaobh = muinín, trust; dúshlánach = deacair le déanamh; eagna = tuiscint, críonnacht.

This article is from: