An Timire - Geimhreadh 2017

Page 6

6

Bernie Ó Conaill Iarphríomhoide Choláiste Iognáid, Gaillimh

Seantuistí is Garpháistí Is deacair cur síos ceart a thabhairt ar an mbeannacht atá ar dhuine a bheith ina sheantuismitheoir. Más ea, is deacra fós cuireadh an eagarthóra d’alt ar an ábhar a dhiúltú. Seo mé mar sin ag iarraidh meabhar a bhaint as ceann desna rudaí is deise a tharla riamh dom féin agus mo bhean Maree. Airím nuair atá do pháistí féin agat go mbíonn cúraimí móra ort ó thaobh na hoibre de agus an saol baile uilig a choinneáil sa tsiúl. Le dualgaisí sóisialta agus na glaochanna iliomad ar do chuid ama imíonn na blianta go tapa. I bhfad róthapa le bheith fíreannach. Sin go bunúsach an difir is mó leis na garpháistí, an triail atá againn am a chaitheamh leo. Níl saibhreas ar bith eile ar an saol ionchurtha le bheith mar chuid lárnach i saol na ngarpháistí. An mhuinín, an iontaobh agus an compord acu siúd le bheith leat. Tig leat grá gan srian a bhronnadh orthu agus gan a bheith róbhuartha iad a mhilleadh roinnt beag. Pribhléid a théann le d’aois. Deireann roinnt seantuismitheoirí gurb é an rud is fearr faoi na garpháistí ná gur féidir iad a thabhairt ar ais. Nílim compordach leis sin in aon chor. Rómhinic a d’fhág muid Seville, Croxley

Timire Winter 2017.indd 6

Londain agus Bangor na Breataine Bige lenár gcroíthe briste le cumha. Faigheann duine tuiscint bhreise ar scéal na nGael, más daor féin an ceacht. Agus iad sa mbaile anois bíonn an teach níos glóraí, an áit bun os cionn, Peppa Pig nó Disney Junior ag stánadh amach ort. Clúidíní le n-athrú, béiltí le réiteach agus neart piocadh agus bailiú. Ach cad é mar luach aisteach le bheith ligthe isteach i ndomhan na hÓige don darna huair. Tá a gcuid buanna agus tréithe féin ag chuile ghasúr agus má tá taithí na mblianta agat féin is féidir leat cabhrú leo chun iadsan a aithint agus a fhorbairt. An cumas ceoil acu, an tsuim sa spórt, an lámh cúnta agus iad tosaithe ar shiúl.

10/11/2017 15:09


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.