4 minute read

Ar Thóir na Saoirse Reiligiúnda san Áis Ashley Evans SJ

Ashley Evans SJ

Baile Átha Cliathach atá ag obair sa Chambóid Ar Thóir na Saoirse Reiligiúnda san Áis

Leantar scéal bhreith an linbh Íosa sa soiscéal díreach le scéal faoi fh oréigean agus ghéarleanúint reiligiúnda. Cé go bhfuil forbairt eacnamaíoch faoi lánseol ar mhór-roinn na hÁise, tá cuid mhaith tíortha nach dtugann saoirse do Chríostaithe nó do mhionlaigh reiligiúnda eile a gcreideamh a chleachtadh. Léiríonn cúig scéal gearr ón bPacastáin, ón Indinéis, ón Éigipt, ón tSín agus ó Mhaenmar an claonadh seo.

Tá Ms Asia Bibi, Críostaí agus máthair cúigear, i ndiaidh a hochtú Nollaig a chaitheamh i bpríosún ar shraith an bháis sa Phacastáin. Cúisíodh í as dlíthe daingne diamhaslaithe na Poblachta Ioslamaí a bhriseadh agus daoradh chun báis í i mí na Samhna 2010. Is oibrí feirme daichead a sé bliain d’aois ó chúige bhocht Punjab í. Thosaigh an cás mar thoradh ar achrann le mná eile faoi uisce a ól as an mbabhla céanna. Tá a fear céile agus a dlíodóir ag obair gan stad chun í a shaoradh ó shin. I ndiaidh do Rialtóir Phunjab, an tUasal Salman Taseer a rá gur baineadh mí-úsáid as na dlíthe diamhaslaithe ina cás, mharaigh a gharda cosanta féin é ar an 4 Eanáir 2011.

Ar an 9 Bealtaine 2017 san Indinéis, gearradh téarma príosúin dhá bhliain ar Rialtóir Críostaí Jakarta, a raibh an-ghnaoi ag an bpobal air agus a dtugtar Ahok mar leasainm air, as diamhasla. Baineann an choir le tagairt a rinne Ahok ar an bhfeachtas ath-toghchánaíochta do mhíúsáid an Chórain ar chúiseanna polaitiúla.

Ar an 26 Bealtaine 2017, lámhaigh agus mharaigh mílitigh an Stáit Mhoslamaigh fi che naoi Críostaithe Coptacha a bhí ar oilithreacht san Éigipt. Mná agus páistí a bhí i gcuid mhór de na daoine seo.

Dar le tuairisc nua ón eagraíocht neamhrialtais Freedom House atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, tá borradh tagtha ar ghéarleanúint ar Chríostaithe Síneacha agus grúpaí creidimh eile. ‘Ag baint úsáide as modhanna foréigeanacha agus neamhfh oréigeanacha araon, tá polasaithe an pháirtí (Cumannach) deartha chun cosc a chur ar fh ás tapaidh pobail reiligiúnda agus deireadh a chur le creidiúintí agus cleachtaí áirithe’ a dúradh sa tuairisc.

Tá Muslamaigh Rohingya fós faoi ghéarleanúint ó antoiscigh Bhudaíocha i Maenmar.

Léiríonn na scéalta seo fulaingt rúnda agus géarleanúint an-chuid Críostaithe dílseacha atá ina gcónaí i

‘Cúisíodh í as dlíthe daingne diamhaslaithe na Poblachta Ioslamaí a bhriseadh, agus daoradh chun báis í.’

dtíortha Áiseacha. Cuireann eagna Oirthearach Confucius agus an Bhudaíochas téacsanna ar mhiúin agus ar ghrinneas ar fáil. Is féidir leis na téacsanna seo cuidiú le daoine paisin scriosúla a mheas agus teacht slán uathu. Sin ráite, tá sé éasca paisin scriosúla na ndaoine a lasadh ar fud na hÁise le seanmóintí lasánta ó cheannairí reiligiúnda. Bíonn sé deacair dioscúrsa sochair réasúnta a chruthú. Bíonn sé níos éasca breithiúnas criticiúil a chur ar athló agus gluaiseachtaí paiseanta a leanúint. Bíonn léargas spleodrach agus míchothrom ag teacht ó na nuachtáin áitiúla agus ó na meáin chumarsáide.

Is féidir le spiorad an oilc teacht isteach san atmasféar seo go héasca agus leanann daoine é chun coireanna uafásacha a dhéanamh in ainm an reiligiúin. Níl sé i bhfad ó shin go raibh a leithéid againn in Éirinn le taithí shearbh ‘Búistéirí na Seanchille’.

Sa Soiscéal, tá sé deacair a thuiscint conas is féidir leis na Fairisínigh agus le hUachtaráin na Sagart Íosa a chéasadh in ainm an reiligiúin. Sa lá atá inniu ann, tá sé deacair a thuiscint conas is féidir le croí daonna comhbhá, taise nó trócaire i leith duine a bhaineann le creideamh eile a dhíbirt agus an duine sin a mharú.

Chuaigh sé dian ar Naomh Aibhistín teacht ar chúis don ‘toil olc’ agus níor éirigh leis cúis a aimsiú ach saor-rogha an ‘toil olc’ céanna. Scaoileann an rogha don ‘neamhnitheacht dhubh’ fuath dúnmharfach agus foréigean i gcoinne aon rud a thaispeánfadh an fhírinne, duine a bhí daonna uair amháin agus atá i ndiaidh bás a roghnú seachas beatha.

Sa chiall seo, is í fianaise chróga agus umhal Chríostaithe na hÁise a ligeann do thaise agus do shlánú Chríost lonrú ar chuid de na cúinní is dorchaí ar domhain.

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ EANÁIR, 2018 Go raibh saoirse iomlán ag Críostaithe agus ag mionlaigh reiligiúnda eile a gcreideamh a chleachtadh

Foclóirín: géarleanúint = persecution; diamhasla = blasphemy; scriosúla = destructive; neamhnitheacht = nothingness.

This article is from: