7 minute read
Im Leabharlann Dom
An Ghaeilge i Maigh Nuad Seán Ó hÉanacháin Cló Iar-Chonnacht 2016 Praghas €12
Léirmheas leis: an Ath. Pádraig Standún
D’éirigh liom seacht mbliana taitneamacha a chaitheamh i gColáiste Phádraig i Maigh Nuad ó 1964 go 1971 gan Gaeilge ar bith mórán a fh oghlaim. Orm féin a bhí an locht. Is mó marcanna Ardteiste a bhí faighte agam i nGréigis agus Laidin, agus is sna claisicí agus fealsúnacht a bhain mé céim BA amach leathchéad bliain ó shin. Ní hé go raibh aon rud in aghaidh na Gaeilge agam. Rinne mé mo mhíle dhicheall Néal Maidne agus Tine Oíche leis an Ollamh Breandán Ó Doibhlin a léamh, chomh maith le Irisleabhair Mhaigh Nuad bliain i ndiaidh bliana. Bhain mé taitneamh as imeachtaí na Cuallachta agus Drámaí na Féile Pádraig sa gColáiste, agus bhí mé i mbun soilsithe san Aula Maxima do cheann acu. Ach tríd is tríd bhraith mé go raibh bearna ró-mhór idir líofacht na scoláirí Gaeilge agus an gnáthdhuine nach raibh ach beagán den teanga aige. Is ó mhuintir Inis Oírr, Inis Meáin, na Ceathrúin Rua, Thuar Mhic Éadaigh agus Charna, a bhfuil sé bliana agus cúpla scór caite agam ina measc, a d’fh oghlim mise cibé Gaeilge atá agam. In Inis Meáin go háirid bhraith mé go raibh bóíthrí á shiúil agam a bhí siúlta ag an Athair Eoghan Ó Gramhnaigh, Pádraig Mac Piarais, Eoin Mac Néill agus Gaeilgeoirí go leor eile.
Braithim an deighilt sin ann i gcónaí idir Gaeilge na nOllúna agus na scoláirí fíor-oilte i Maigh Nuad a bhfuil éachtaí déanta acu maidir leis An Bíobla Naofa go háirid, chomh maith le staidéir chritice den scoth ar thaobh amháin, agus na sagairt atá ag teacht ón gcoláise sin ar bheagán Gaeilge i gcónaí ar an taobh eile. Ní raibh sé sin ina fh adhb rómhór fadó nuair a bhí ar fh ormhór
na sagart óg freastal ar phobail oileáin nó ceantracha Gaeltachta ag tús a saoil sagartóireachta, agus a raibh neart Gaeilge acu as sin ar aghaidh. Ach cé hé i measc na sagart atá gann go maith cheana atá le freastal ar phobail Ghaeltachta sna blianta amach romhainn? Caitheann cuid de na sagairt óga tréimhsí sna hAcadaimh Ollscoile, agus cuidíonn sé sin go mór, ach tá Maigh Nuad ag loic ar an gcúram sin i gcónaí, mar a bhí ariamh, nuair a bhí locht á fháil ar ‘dandies Maynooth’ i gcomparáid leis na sagairt a rinne staidéar ar an Mór-roinn, de réir leabhar seo Uí Éanacháin.
Tréaslaim le Seán Ó hÉanacháin as an staidéar agus taighde atá déanta aige ar Ghaeilge agus ar Ghaeilgeoirí Mhaigh Nuad. Ní ollúna Gaeilge amháin a chuir an teanga chun cinn, ach daoine ar nós Thomáis Uí Fhiaich, a thosaíodh a léachtaí staire i nGaeilge shothuigthe i gcónaí, agus arbh é an léachtóir ab fhearr a chuala mise ariamh i nGaeilge nó Béarla. Níl dabht ar bith ann gurbh é Pádraig Ó Fiannachta an scoláire is cumasaí Gaeilge a bhí ariamh i Maigh Nuad, nó i gcoláiste ar bith eile, b’fhéidir.
Casadh orm é ag Oireachtas na Ceathrún Rua an tseachtain ar foilsíodh mo chéad úrscéal Súil le Breith (Cló Chonamara, 1983). ‘Bíobla na Ceathrún Rua’ a thug sé ar mo shaothar. Bhain Pádraig le glúin eile agus b’fhéidir nár réitigh a chuid diagachta le gach a bhí san úrscéal sin, ach chuir sé ar an gcúrsa i Maigh Nuad é mar sin féin, agus is air a rinne Seán Ó hÉanacháin staidéar iarchéime i dtosach.
Nuair a bhí cúig nó sé cinn d’úrscéalta foilsithe agam féin, chuir mé iarratas isteach ar phost mar Ollamh NuaGhaeilge i Maigh Nuad. Ba mhó a bhí foilsithe agam sa teanga (dar liom) nó scolaire ar bith a bhí istigh ar an Ollúnacht. D’aithin tráchtaire sa nuachtán Anois gur ag magadh a bhí mé. Sa sórt geallghlacadóireachta a rinne sé don phost, bhí duine amháin a dó in aghaidh a haon, duine eile a trí in aghaidh a haon, agus mise dhá mhíle in aghaidh a haon. Ní nach ionadh, chaill mé mo euro, nó punt, nó cibé céard a bhí ann mar airgead ag an am.
Chomh maith leis na sagairt atá luaite agam, chuala mé trácht go minic ar an Athair Donnchadh Ó Floinn nach raibh i bhfad imithe ó Mhaigh Nuad nuair a thosaigh mise. Is ar a dhúthracht mar shagart agus a bhaint leis An Réalt is mó a bhí caint, agus cuireann an leabhar seo síos air sin chomh maith lena thionchar mar ollamh. D’fhéadfainn go leor eile a lua, ach mar a déarfadh Eoin an soiscéalaí, níl slí ann do mhórán eile. An t-iontas is mó atá orm faoi Ghaeilgeóirí Mhaigh Nuad nó a laghad acu a thug faoin scríbhneóireacht chruthaíoch, cé gur lucht leanta an scéalaí chumasaigh, Íosa as Nazareth an formhór acu. Níl sé ró-dheireanach fós, ár ndóigh, scéim a thosnú a thabharfadh céim (MA, b’fhéidir) don té a chuirfeadh cnuasach filíochta, bailiúchán gearrscéalta nó úrscéal ar ardchaigdeán ar fáil. Bheadh fear an ‘dá mhile in aghaidh a haon’ sásta cúnamh a thabhairt amach anseo. Má mhairim ceithre bliana eile, beidh mé ag éiri as cúramaí paróiste. Má thugann Gaeilgeoirí Mhaigh Nuad deis (agus sparántacht) dom, féachfaidh mé chuige go dtiocfaidh deich gcinn d’úrscéalta ón gcoláiste, scríofa ag mná agus fir, sean agus óg, an bhliain dar gcionn. Mar a déarfadh an Nazairéanach: ‘An té a bhfuil cluasa air/uirthi, éisteadh ...’
Muire na mBard: Móradh na Maighdine Michelle Ní Ríordáin Foilseacháin Ábhair Spioradálta Praghas €8
Léirmheas le: Tadhg Ó Dúshláine
Ábhar pléisiúir aeistéitiúil ann féin é an leabhrán gleoite, deamhaisithe seo. Máisea, ní haon saothar imeallach neafaiseach é ach cur i láthair tráthúil ar ghné dár n-oidhreacht atá ad rem do cheist na héiceolaíochta agus do cheisteanna an athchultúraithe agus ról na mban san Eaglais Chaitliceach.
Léacht a tugadh ag comhdháil Chumann na Sagart i Sord Cholm Cille, mar a raibh dáréag (uimhir shiombalach) i láthair, a bhí sa saothar seo i dtús báire agus é leathnaithe amach anois ina suirbhé a shuíonn agus a dhéanann soiléiriú ar sciar na nGael i móradh domhanda na Maighdine.
Admhaíonn an t-údar ár gcomaoin ar an Ath. Láimhbheartach Mac Cionnaith ‘sáreolaí agus scoláire’ agus an obair éachtach a rinne sé ar fhilíocht chráifeach na mbard, agus is stuama uamhal mar a áitíonn sí nár ghluaiseacht leithleasach a bhí sa bhfilíocht dhúchais seo ach craobh den eagna chráifeach Eorpach, fáiscthe as na bunfhoinsí céanna.
Díríonn corp na haiste ar anailís ar ‘Éistidh riomsa, a Mhuire Mhór’ (Muireadhach Albanach Ó Dálaigh,floreat 1223), d’fhonn tréithe dílse dúchasacha an chorpais filíochta seo a shoiléiriú, agus b’fhéidir a áiteamh gur tréith sheasta dár gcuid í an réim mhuinteartha teanga a fhaightear ó thosach deireadh an traidisiúin, síos trí ‘Dia do Bheatha, a naoidhe naoimh’ Mhic Aingil, go ‘Dá mbeadh mileoidean agamsa, ní bheadh Críost gan cheol anocht’. Ábhar comónta na hEorpa ach séala ár stíle féin curtha air.
Pléann an t-údar chomh maith le saothar Aonghuis ‘na diagachta’ Uí Dhálaigh (fl. 1600: curtha in eagar ag an Ath. Mac Cionnaith chomh maith céanna) a bhfuil gnéithe den bharócachas Eorpach le haithint air – na samhailteachta agus na híomhánna ón ndúlra (‘A thonn rabharta, a ré lán / a fhiodhbha úr don fhréimh ríogh’), íomhánra ar ábhar machnaimh dúinn í i ré seo na héiceolaíochta. An tAth. Dónall Ó Colmáin a chuir barra bachaille ar thraidisiún na liodán, ag tabhairt bheith istigh do bhandéithe na nGael faoi chló na Críostaíochta nuair a thug sé ‘Tonn Chlíona na Trócaire’ ar an Mhaighdean Mhuire.
Is maith mar atá léirithe ag Michelle O Riordan an cleamhnas idir dúchas agus iasacht laistiar de thraidisiún na filíochta clasaicí ina dá mhórshaothar scoláireachta, Irish Bardic Poetry and
Rhetorical Reality (2007) agus The Gaelic Mind and the Collapse of the Gaelic World (1990). Ní oidhreacht sheasc atá sa traidisiún ach próiseas fáiscthe as taithí chun dul i ngleic le dúshlán na linne. Laethanta seo na géarchéime in institiúid na hEaglaise Caitlicí anseo in Éirinn b’fhiú féachaint do na seanphréamhacha seachas an cogal maoithneach a d’fhás faoi thionchar an Bhéarla le ‘Cullenization’ an traidisiúin dúchais, nach raibh an scamhard ann agus nach aon ionadh é go bhfuil leá chúr na habhann dulta air ó shin. Cothrom céad bliain ó shin, bliain tar éis Éirí Amach na Cásca dúirt an staraí Alice Stopford Greene an méid seo a leanas faoi na baird:
Sprung from the soul of a people they might assert that they in their turn had so trained and fortifi ed that soul, and so furnished it with a literature and a historical memory that the national life could only be extinguished with the race. B’fh éidir nach bhfuil an seanmhana
‘Pro Deo et pro patria’ ‘Dochum glóire Dé agus onóra na hÉireann’ chomh mór sin as dáta tar éis an tsaoil.