31
Im Leabharlann Dom
An Ghaeilge i Maigh Nuad Seán Ó hÉanacháin Cló Iar-Chonnacht 2016 Praghas €12
Léirmheas leis: an Ath. Pádraig Standún D’éirigh liom seacht mbliana taitneamacha a chaitheamh i gColáiste Phádraig i Maigh Nuad ó 1964 go 1971 gan Gaeilge ar bith mórán a fhoghlaim. Orm féin a bhí an locht. Is mó marcanna Ardteiste a bhí faighte agam i nGréigis agus Laidin, agus is sna
Timire Winter 2017.indd 31
claisicí agus fealsúnacht a bhain mé céim BA amach leathchéad bliain ó shin. Ní hé go raibh aon rud in aghaidh na Gaeilge agam. Rinne mé mo mhíle dhicheall Néal Maidne agus Tine Oíche leis an Ollamh Breandán Ó Doibhlin a léamh, chomh maith le Irisleabhair Mhaigh Nuad bliain i ndiaidh bliana. Bhain mé taitneamh as imeachtaí na Cuallachta agus Drámaí na Féile Pádraig sa gColáiste, agus bhí mé i mbun soilsithe san Aula Maxima do cheann acu. Ach tríd is tríd bhraith mé go raibh bearna ró-mhór idir líofacht na scoláirí Gaeilge agus an gnáthdhuine nach raibh ach beagán den teanga aige. Is ó mhuintir Inis Oírr, Inis Meáin, na Ceathrúin Rua, Thuar Mhic Éadaigh agus Charna, a bhfuil sé bliana agus cúpla scór caite agam ina measc, a d’fhoghlim mise cibé Gaeilge atá agam. In Inis Meáin go háirid bhraith mé go raibh bóíthrí á shiúil agam a bhí siúlta ag an Athair Eoghan Ó Gramhnaigh, Pádraig Mac Piarais, Eoin Mac Néill agus Gaeilgeoirí go leor eile. Braithim an deighilt sin ann i gcónaí idir Gaeilge na nOllúna agus na scoláirí fíor-oilte i Maigh Nuad a bhfuil éachtaí déanta acu maidir leis An Bíobla Naofa go háirid, chomh maith le staidéir chritice den scoth ar thaobh amháin, agus na sagairt atá ag teacht ón gcoláise sin ar bheagán Gaeilge i gcónaí ar an taobh eile. Ní raibh sé sin ina fhadhb rómhór fadó nuair a bhí ar fhormhór
10/11/2017 15:13