3 minute read
Beidh Acht na Gaeilge Ann Marcas Mac Ruairí
Marcas Mac Ruairí Bainisteoir Forbartha, Glór na nGael
Beidh Acht na Gaeilge Ann
Beidh Acht na Gaeilge ann. Níl ann ach ceist ama. Shamhlaigh roinnt náisiúntóirí ó thuaidh ag tús na 1960í nach mbeadh comhionannas fostaíochta ann go deo; agus shamhlaigh daoine sna 1980í nach mbeadh síocháin ann go deo. Ach tharla siad. Agus tarlóidh Acht na Gaeilge.
Thit na hinstitiúidí polaitíochta i Stormont as a chéile um Nollaig 2016 tar éis sraith líomhaintí faoi mhí-úsáid cumhachta in éadan an DUP, agus éagumas an pháirtí sin clár a chur i bhfeidhm maidir le cúrsaí teanga, pósta agus comhionannais.
Le himeacht na naoi mí ónar thit na hinstitiúidí, is iad cúrsaí teanga, nó Acht na Gaeilge, atá i ndiaidh teacht chun cinn mar an chnámh spairne is mó.
Tá furmhór na bpáirtithe polaitiúla ó thuaidh taobh le hAcht na Gaeilge. Tá Sinn Féin, an SDLP, an Alliance, an Comhaontas Glas ar fad ar aon intinn go bhfuil gá leis.
Tuigeann cainteoirí Gaeilge sna Sé Chontae ariamh anall go bhfuil tacaíocht reachtúil ag cainteoirí Breatnaise agus ag cainteoirí Gàidhlig in Albain, mar aon lena gcol ceathracha taobh ó dheas den teorainn. Santaíonn siad an tacaíocht sin dá bpobal féin.
Rinneadh a mhór den Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta agus dhaingnigh an Bhreatain an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh mar chuid dá gcoimitmint féin don Chomhaontú.
Tháinig ceist na Gaeilge chun cinn arís sna cainteanna i gCill Ríbhinn i 2003 agus ag éirí astu sin thug rialtas na Breataine coimitmint go mbeadh Acht na Gaeilge ann.
Tá na páirtithe aontachtacha ina éadan agus iad ag rá go mbeadh an t-acht ina bhagairt don aontas leis an Ríocht Aontaithe agus gur iarracht é ionsaí cultúrtha a dhéanamh ar aontachtóirí. Scaipeadh cuid mhór eolais mhíchruinn maidir le costas an achta le daoine a scanradh. Nuair a thairg siad Acht Cultúrtha seachas Acht na Gaeilge, a chosnódh an Ultais chomh maith, ba léiriú é go bhfuil siad ag mothú brú ar an cheist.
Tá dhá fh adhb againn. Ceann acu is ea an drogall stairiúil a bhíonn ag an Bhreatain na haontachtóirí a cheartú nuair a bhíonn siad ag siúl ar an taobh mícheart den stair. Bhí leisce ar rialtas na Breataine taobh a ghlacadh nuair a bhí an streachailt ar son cearta sibhialta ar siúl, níor ghlac siad taobh in éadan
na mórshiúlta Oráisteacha fríd na ceantracha Caitliceacha. Níor athraigh an Bhreatain a seasamh ar na rudaí seo agus rudaí eile nach iad go dtí gur mhothaigh siad go raibh amaidí na n-aontachtóirí ó thuaidh ag déanamh dochar do chlú na Breataine go hidirnáisiúnta.
Is é an dara fadhb ná tuiscint an DUP ar cad is comhionannas ann. Is é an deachleachtas domhanda ná go mbaineann sé le freastal cothrom ar riachtanais dhifriúla. Ó thaobh an DUP de, is cluiche uimhreacha é. Má fh aigheann an ceantar is boichte ó thuaidh tacaíocht le caighdeán beatha na ndaoine ann a fh eabhsú agus má tharlaíonn an ceantar sin ina cheantar Caitliceach, is gá luach an airgid chéanna a chaitheamh ar cheantar Protastúnach beag beann ar leibhéal an bhochtanais. Rud a bhuanaíonn an t-éagothromas.
Agus sin áit a bhfuil an locht leis an Acht Cultúrtha atá molta acu. Ní ionann an Ghaeilge agus an Ultais. Níl gramadach ná foclóirín aontaithe ag an Ultais. Níl aon scoileanna Ultaise agus faisnéis a léiríonn nach bhfuil suim ag an phobal a leithéid a bheith ann. Dar le roinnt de chainteoirí Ultaise gur canúint den Bhéarla í agus daoine eile gur teanga ann féin i.
Is ceisteanna bunúsacha forbartha teanga iad seo, ceisteanna nach ionann iad agus na dúshláin atá roimh an Ghaeilge. Ní féidir le hAcht amháin freastal ar riachtanais an dá theanga agus is ‘scadán dearg’ é aon chur chuige bunaithe ar a leithéid.
Beidh Acht na Gaeilge ann. Más mian le cainteoirí Ultaise reachtaíocht, ní mór dóibh riachtanais a dteanga a aontú eatarthu féin ar dtús.
Foclóirín: cnámh spairne = ábhar easaontais; coimitmint = tiomantas; ‘scadán dearg’ = scéal thairis.
Tomhas an Timire: 190
1 2 3 4 5 6
Foclóirín: xxx = xxx;