An Timire - Geimhreadh 2017

Page 10

10

Ashley Evans SJ Baile Átha Cliathach atá ag obair sa Chambóid

Ar Thóir na Saoirse Reiligiúnda san Áis Leantar scéal bhreith an linbh Íosa sa soiscéal díreach le scéal faoi fhoréigean agus ghéarleanúint reiligiúnda. Cé go bhfuil forbairt eacnamaíoch faoi lánseol ar mhór-roinn na hÁise, tá cuid mhaith tíortha nach dtugann saoirse do Chríostaithe nó do mhionlaigh reiligiúnda eile a gcreideamh a chleachtadh. Léiríonn cúig scéal gearr ón bPacastáin, ón Indinéis, ón Éigipt, ón tSín agus ó Mhaenmar an claonadh seo. Tá Ms Asia Bibi, Críostaí agus máthair cúigear, i ndiaidh a hochtú Nollaig a chaitheamh i bpríosún ar shraith an bháis sa Phacastáin. Cúisíodh í as dlíthe daingne diamhaslaithe na Poblachta Ioslamaí a bhriseadh agus daoradh chun báis í i mí na Samhna 2010. Is oibrí feirme daichead a sé bliain d’aois ó chúige bhocht Punjab í. Thosaigh an cás mar thoradh ar achrann le mná eile faoi uisce a ól as an mbabhla céanna. Tá a fear céile agus a dlíodóir ag obair gan stad chun í a shaoradh ó shin. I ndiaidh do Rialtóir Phunjab, an tUasal Salman Taseer a rá gur baineadh mí-úsáid as na dlíthe diamhaslaithe ina cás, mharaigh a gharda cosanta féin é ar an 4 Eanáir 2011. Ar an 9 Bealtaine 2017 san Indinéis, gearradh téarma príosúin dhá bhliain ar

Timire Winter 2017.indd 10

Rialtóir Críostaí Jakarta, a raibh an-ghnaoi ag an bpobal air agus a dtugtar Ahok mar leasainm air, as diamhasla. Baineann an choir le tagairt a rinne Ahok ar an bhfeachtas ath-toghchánaíochta do mhíúsáid an Chórain ar chúiseanna polaitiúla. Ar an 26 Bealtaine 2017, lámhaigh agus mharaigh mílitigh an Stáit Mhoslamaigh fiche naoi Críostaithe Coptacha a bhí ar oilithreacht san Éigipt. Mná agus páistí a bhí i gcuid mhór de na daoine seo. Dar le tuairisc nua ón eagraíocht neamhrialtais Freedom House atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, tá borradh tagtha ar ghéarleanúint ar Chríostaithe Síneacha agus grúpaí creidimh eile. ‘Ag baint úsáide as modhanna foréigeanacha agus neamhfhoréigeanacha araon, tá polasaithe an pháirtí (Cumannach) deartha chun cosc a chur ar fhás tapaidh pobail reiligiúnda agus deireadh a chur le creidiúintí agus cleachtaí áirithe’ a dúradh sa tuairisc. Tá Muslamaigh Rohingya fós faoi ghéarleanúint ó antoiscigh Bhudaíocha i Maenmar. Léiríonn na scéalta seo fulaingt rúnda agus géarleanúint an-chuid Críostaithe dílseacha atá ina gcónaí i

10/11/2017 15:10


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.