An Timire - Geimhreadh 2017

Page 42

42

Dónall Ó Cnáimhsí

Plandaí na hÉireann Is oileán í Éire atá suite san Aigéan Atlantach thuaidh, ar chósta thiar mhórroinn na Eorpa. Tá sí téite ag Sruth na Murascaille ach faoi thionchar aimsire síorathraithí a thig isteach trasna uirthi ón fharraige mhór. Is mar gheall air seo a bhíonn an geimhreadh séimh agus an samhradh tais in Éirinn de ghnáth. Is é seo an fáth a mbláthaíonn na mílte planda éagsúil neamhdhúchasach ar an oileán seo de ghlas smaragaide. Tá an aeráid anseo foirfe d’fhás plandaí. Tá thar 32,000 míle cearnógach de thalamh ar an oileán seo, cuid de sléibhtiúil, cuid faoi fhoraois, cuid ina mhóinéar agus cuid ina phortach agus go leor eile faoi uisce. Tá tírdhreach na hÉireann athraithe go mór ag an chine dhaonna le dhá mhíle bliain, tá na coillte dúchasacha chóir a bheith imithe, tá cuid mhaith de na portaigh silte agus tá rian na talmhaíochta le feiceáil ó cheann ceann an oileáin. Tá bailte móra tógtha ar fud na dúiche agus mílte de bhóithre déanta a chasann agus a lúbann go gach aon choirnéal. Ach smaointigh, cad é mar a bheadh an t-oileán seo, munar leag an cine daonna cos air riamh? Cad iad na plandaí dúchasacha a bhí ann roimh theacht na

Timire Winter 2017.indd 42

ndaoine? Agus atá anseo go fóill a bheag nó a mhór? Tá trí phríomhghnáthóg plandaí ar an oileán seo: talamh féaraigh, móinteach fraoigh agus portach. Tá plandaí éagsúla a fhásann ins na trí ghnáthóg seo agus tá timpeall naoi gcéad cineál ar an iomlán ar fud an oileáin. Is é sin naoi gcéad planda dúchasach atá in Éirinn: dá mbeadh síol amháin agat do gach aon phlanda acu sin, b’fhéidir an t-iomlán a choinneáil i ngnáthbhosca lasán. Ar thalamh féaraigh atá an éagsúlacht is mó plandaí ag fás, go háirithe ar thalamh aolchloiche. An Bhoirinn i gContae an Chláir an sampla is fearr den ghnáthóg seo, mar go bhfuil 70% de phlandaí dúchasacha na hÉireann ag fás ansin. Tá fiche ceathair de na fiche hocht magairlín dhúchasacha le feiceáil ansin. Muna bhfuil ainmhithe ag innilt ar thalamh féarach, fásfaidh toranna beaga mar shaileog nó aiteann nó sceach gheal ar dtús, ansin tiocfaidh an coll agus an fhuinseog. Ar thalamh bhocht aigéadach, is í an dair ghaelach a thig chun cinn agus ar thalamh shaibhir an dair ghallda a bhíonn i réim.

10/11/2017 15:15


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.