An Timire - Geimhreadh 2017

Page 16

16

An tAth. Shay Cullen Colmánach atá ag obair sna hOileáin Fhilipíneacha

Cuir Suas Don Chamastaíl Tugtar ár ndúshlán cur suas don chamasataíl. Is é ár ndualgas é. Iarrann an Pápa Proinsias orainn cur in aghaidh chleachtais éillitheacha an domhain agus dínit, daonnacht agus dea-rialachas an duine a chosaint. Is cróga an beart é an chamastaíl a nochtadh os ard. Féachann lucht cumhachta le tost a chur ar na sceithirí, ar na gníomhaithe sin a oibríonn ar son chearta an duine. Sna Filipíní, mar shampla, tá ráite ag an uachtarán go gcuirfeadh sé a leithéid de ghníomhaithe chun báis. Nuair a théann lucht cumhachta i mbun breabaireachta agus i mbun comhcheilge le calaois a dhéanamh ar an bpobal, nuair a sháraíonn siad an dlí ar mhaithe le tuilleadh cumhachta nó lena gcuid pócaí féin a líonadh – sin í an chaimiléireacht. Sna tíortha forbartha, áit a gcuirtear an dlí i bhfeidhm, tuigeann daoine cúrsaí daonlathais. Déanann an preas saor an chaimiléireacht a nochtadh. Sin ráite, tá an chaimiléireacht á cleachtadh sa tír seo féin, mar is léir ó na bínsí fiosrúcháin. Ní hí Éire is measa, dar ndóigh. Sa bhliain 2016, bhain sí an 19ú háit amach ar an Innéacs Thrédhearcacht Idirnáisiúnta do Thuiscintí ar Chaimiléireacht (176 tír a bhí faoi chaibidil). Má tá grá againn don fhírinne, is gá dúinn seasamh ar a son

Timire Winter 2017.indd 16

agus labhairt amach in aghaidh na caimiléireachta. Tá an chaimiléireacht forleathan sna tíortha atá i mbéal forbartha, áfach. Lucht rialtais, lucht maorlathais agus lucht dlí, tá siad ar fad i bpócaí a chéile. Tugann lucht rialtais súil chaoch don mhíúsáid leanaí atá ar siúl go rábach. Eisíonn siad ceadúnais do lucht na mbeár gnéis, mar a ndéantar gáinneáil ar dhéagóirí, agus mar a dtagann turasóirí gnéis agus muintir na háite i dtír orthu. Glacann na breithiúna le breabanna. Bhí cás ann sna Filipíní le déanaí a bhain le Meiriceánach mná a raibh cúigear páistí á gcoinneáil i dteach aici. Thugadh sí ag ‘cóisreacha’ iad, áit a ndéanadh péidifíligh ón iasacht mí-úsáid orthu. Cailíní agus buachaill amháin a bhí sna páistí sin, gan acu ach cúig nó sé bliana d’aois. Nuair a rinneadh tarrtháil orthu, tugadh scrúdú dochtúra dóibh a chruthaigh gur bhain mí-úsáid ghnéis dóibh. Chaith an Breitheamh an cás amach as an gcúirt in ainneoin na fianaise, é ag maíomh go raibh an tslí go ndearnadh tarrtháil ar na páistí mídhleathach. Bhí rian na breabaireachta ar an scéal. Chuir an BBC agus Reuters póilíní sinsearacha faoi agallamh mar gheall ar

10/11/2017 15:11


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.