3 minute read
Ionracas na nEacnamaithe? Helen Ó Murchú
Helen Ó Murchú
Ionracas na nEacnamaithe?
I gcoitinne, agus go háirithe maidir le hIntinn mhí Aibreáin 2018, is iontach mar a bhíonn méar na Pápachta de shíor ar chuisle an domhain. Ar ndóigh, ní port nua don Phápa Proinsias é ná do phápaí roimhe, port sin an gheilleagair, na héagothromaíochta agus na sochaí. Bíonn teagasc sóisialta na hEaglaise ag éabhlóidiú de shíor.
Thiar sa bhliain 2013 nuair a eisíodh an Homaile Aspalda Evangelii Gaudium, feictear na topaicí céanna sa Rannóg ann dar teideal Dúshláin an Lae Inniu. Tosaíonn ceithre fh orannóg ansin le treoir dhiúltach, Diúltaítear do… Ar na gnéithe le diúltamh dóibh tá an eacnamaíocht eisiata; adhradh na maoine; córas airgeadais a rialaíonn seachas a fh ónann daoine; an éagothromaíocht a ghineann an foréigean. Chuige sin, tá athruithe cultúrtha de dhíth, dar leis an bPápa. Déantar mionscagadh ar na ceisteanna sin san Imlitir Laudato Si’ a lean dhá bhliain ina dhiaidh sin, mí an Mheithimh, 2015.
San Intinn sin do mhí Aibreáin 2018, seasann trí phointe nó trí ghné amach. Ar dtús dírítear an teachtaireacht go cruinn soiléir orthu siúd atá freagrach as cúrsaí eacnamaíocha. Ansin go neamhbhalbh iarrtar ar eacnamaithe go leor misnigh a bheith acu agus go ndiúltóidis d’aon pholasaí geilleagrach nach gcuimsíonn an pobal ar fad, nó a mbeidh de thoradh air go bhfágfar aicmí áirithe ar lár. Ní hamháin sin, ach go mbeidh de shamhlaíocht ag na heacnamaithe céanna modhanna nua a aimsiú agus cur chuige eile a bheachtú a fh reastlóidh ar gach aicme. Tá idir cháineadh agus ghríosadh le braistint ansin. Ní rómhion an t-iarratas é ar aicme saineolaithe a mbíonn de nós acu de ghnáth a gcuid gabhar a léiriú i gceartlár an aonaigh. Ar an taobh eile, cruthaíonn go leor taighde go bhfuil formhór de mhaoin an domhain i lámha mionlaigh atá fíorbheag, fh ad is atá an iomarca den mhórlach ag maireachtaint ar éigean, in ainneoin mionghluaiseacht chun feabhais. Is cúis mhór imní an coibhneas idir an bhochtaine agus easpa sláinte, sláinte mheabhrach san áireamh, gan trácht ar rioscaí na himirce. (Pew Research Centre; Global Wealth Report 2015; Forbes: Liosta Billiúnaithe 2016; The Distribution of Wealth in Ireland, TASC 2015).
Is deimhnitheach gur Intinn an-ghar do chroí an Phápa is ea Intinn Aibreán 2018. Ní bréag a rá gurb ionann an teachtaireacht aige é faoi fh ocail éagsúla,
ina chuid scríbhinní agus ina chuid cainteanna poiblí sa Vatacáin agus thar lear. Agus ní haon ionadh an méid sin, agus bunphréamh thodhchaí na cruinne i gceist. Tharraing glao Phroinsias go leor poiblíochta. Seans gur freagra air sin Intinn Aibreán 2018. Mar shampla, ní mó ná sásta a bhí proifi siúnaigh áirithe nuair a bhronn an iris Time teideal ‘Pearsa na Bliana’ air mí na Nollag 2013, agus grianghraf breá de ar an gclúdach. Cuireadh go leor ina leith. Ar thaobh amháin, dúrathas gur faoi thionchar smaointe Peron agus staid thír a thógála, an Airgintín, a bhí a theagasc. Ar an taobh eile, dar leis an Economist, bhí scáil Lenin le feiscint ina chuid scríbhinní. Lucht na meán coimeádach i Meiriceá, thugadar Marxach air. Rinneadar dearmad go ndúirt Marx féin nárbh Marxach é sa chiall neamhléannta a raibh tráchtairí ar leith ag baint brí as a thrí imleabhar.
Ar an taobh eile, fuair a theagasc moladh ó cholúnaí sa Guardian (27 Samhain 2013) faoi cheannteideal a mhaígh go raibh tuiscint níos fearr ag Proinsias ná mar a bhí ag mórán den aicme pholaitiúil. An freagra is cuimsithí b’fh éidir is ea an tsraith d’ailt ó eacnamaithe áirithe sa leabhar Pope Francis and the Caring Society (Independent Institute, 2017) nach bhfuil spás anseo dul isteach ann ach is dialóg ar bhonn comhmheasa atá á lorg. B’iontach, áfach, an fh áilte a fuair Laudato Si’ sa New York Review of Books (13 Lúnasa 2015) in alt ar The Pope and the Planet. Seasann amach ann an dearbhú seo: Luíonn cumhacht an duine cháiliúil ina acmhainn chun an clár oibre a cheapadh. Is tráthúil agus is foirfe mar atá sin déanta ag Proinsias.
INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ AIBREÁIN, 2018 Go mbeadh sé de mhisneach ag eacnamaithe diúltú do gheilleagair ar bith a fh ágann daoine ar lár agus go mbeadh a fh ios acu conas bealaí nua a oscailt.
Foclóirín: éilliú = caimiléireacht; sotal = uabhar; eisiata = coimeádta amach as an áireamh; fónann = déanann maitheas daoine.