4 minute read

Saincheisteanna agus Soláthar Díreach Áine Lambe

MOL na HÓIGE

Áine Lambe An tSeirbhís Íosánach do Theifi gh

Saincheisteanna do Dhaoine atá ina gCónaí sa Chóras Tearmainn

Is minic a bhíonn scéalta faoin soláthar díreach sa nuacht, ach ainneoin sin is lú an t-eolas atá ag an chuid is mó daoine faoi shaol an iarrthóra tearmainn. Tá sé tábhachtach mar sin guthanna na ndaoine féin a cloisteáil, chun tuiscint níos fearr a bheith againn ar na streachailtí a thagann chun cinn do dhaoine sa chóras. Tá roinnt ábhar a thagann suas mar na hábhair is tábhachtaí nuair a bhímid ag comhrá le háitritheoirí soláthair díreach. Thíos, tá na pointí is tábhachtaí a thagann chun cinn dos na háitritheoirí le linn ár gcuid oibre sa tSeirbhís Íosánach do Theifi gh (Jesuit Refugee Service) ó lá go lá.

MÉID AMA

An t-ábhar is mó a bhíonn daoine buartha faoi ná an méid ama a bheidh siad ag fanacht go socrófar a gcás tearmainn. Go minic deireann daoine linn go mbeadh siad sásta a bheith ina gcónaí i soláthar díreach dá mbeadh a fh ios acu cé méid ama a bheidh siad ann agus dá mbeadh an méid ama a chaithfi dh siad fanacht níos lú.

I 2015 foilsíodh tuarascáil ‘McMahon’, agus moladh inti go mbeadh socrú éigin á dhéanamh ag an Stát le haghaidh daoine a bhí sa chóras tearmainn le cúig bliana nó níos mó. Ach níos mó ná dhá bhliain ó foilsíodh an tuarascáil tá líon mór daoine fós ina gcónaí i soláthar díreach le blianta gan súil a bheith acu bogadh amach go luath.

Ceann de na fáthanna go bhfuil an méid ama chomh fada ná go bhfuil moill uafásach ar chásanna san Oifi g Um Chosaint Idirnáisiúnta (International Protection Offi ce). Tháinig an mhoill seo as athrú go córas nua, a tharla de bharr thuarascáil McMahon, ar nós an chórais atá á úsáid ar fud na hEorpa, a chiallaíonn go bhfuil socrú déanta maidir le roinnt ceadúnas (tearmann, cosaint fochuideachta agus ceadúnas chun fanacht) ag an am céanna in ionad gach cuid leis féin. Ach de bharr nach raibh na hacmhainní cearta á dtabhairt don IPO chun déileáil leis an athrú, tá níos mó moille ar an gcóras. Faoi láthair measann an IPO go mbeidh daoine ag fanacht fi che mí chun agallamh a fh áil le haghaidh a gcásanna tearmainn.

CEADÚNAS OIBRE

Ábhar eile a thagann i gceist go minic le haghaidh iarrthóir tearmainn ná ceadúnas oibre. Faoi láthair níl cead ag aon duine sa chóras obair. Tá sé dosheachanta go mbeidh roinnt tionchar

‘Beidh orainn cinntiú go bhfuil iarrthóirí tearmainn in ann an taitneamh céanna le muintir na hÉireann a bhaint as a gcearta oibre.’

diúltach ar dhaoine a bheith ag fanacht le haghaidh blianta gan cead obair.

I mí Bealtaine rialaigh an Chúirt Uachtarach go raibh an cosc ar obair do dhaoine i soláthar díreach míbhunreachtúil. Dá bharr sin beidh dlí nua go luath ag tabhairt cead do dhaoine obair, le roinnt coinníollacha. Níl muid cinnte go fóill cé na coinníollacha a bheidh ann ach is cinnte go mbeidh saol daoine i soláthar díreach ag athrú i mbealach mór leis an dlí nua seo. Tá sé tábhachtach dúinn sa JRS nach mbeidh na coinníollacha á n-úsáid ag fostóirí mar dheis leas a bhaint as iarrthóirí tearmainn. Beidh orainn cinntiú go bhfuil iarrthóirí tearmainn in ann an taitneamh céanna le muintir na hÉireann a bhaint as a gcearta oibre.

FEABHSUITHE SNA hIONAID SOLÁTHAIR DHÍREACH

Moltar roinnt feabhsúchán i dtuarascáil McMahon ar nós áiseanna cócaireachta d’áitritheoirí nó spás le haghaidh páistí chun bheith ag spraoi. Dhá bhliain amach ón tuarascáil tá fós difríocht mhór idir na hionaid uile. Chomh maith leis sin moladh sa tuarascáil go mba chóir go mbeadh níos mó airgid á thabhairt amach sa liúntas seachtaine. Tá beagáinín níos mó á fh ail anois ná in 2015, faoi láthair is €21.60 an duine atá á thabhairt. Seo fós i bhfad níos lú ná a mhol tuarascáil McMahon.

Tá JRS Éireann i gcónaí ag argóint le haghaidh feabhsúcháin sa chóras soláthair dhíreach. Go háirithe, tugann tuarascáil McMahon treoirphlean maith dúinn conas gur féidir linn saol daoine sa chóras soláthair dhíreach a fh eabhsú. Tá deis thábhachtach againn le soláthar díreach, mar náisiún agus mar phobal, dlúthpháirtíocht a thaispeáint agus ár gcuid comhbhá a léiriú. Ba chóir dúinn an deis a ghlacadh.

Foclóirín: tearmann = an chosaint a thugann náisiún do dhaoine a d’fh ág a dtír dhúchais mar dhídeanaithe polaitiúla; saincheist = issue; soláthar díreach = an córas stáit chun cóiríocht a thabhairt d’iarrthóirí tearmainn; cosaint fochuideachta = ceadúnas a thugann an stát do dhaoine nach dídeanaithe iad ach go bhfuil baol fíor ann go ndéanfaí dochar tromchúiseach dóibh ina dtíortha féin.

This article is from: