2 minute read

Oideas: Macarón Cáise Síle Ní Chearbhaill

Macarón Cáise

Síle Ní Chearbhaill

Tá an mhias seo áisiúil nuair atá béile uait go tapa, agus níl mórán comhábhair ag teastáil. Is féidir é a athrú go héasca ag brath ar na comhábhair atá agat – cuir sicín, brocaillí nó glasraí eile leis chun béile difriúil a dhéanamh.

COMHÁBHAIR:

300g pasta 5 shlísín bagúin 40g im 1 oinniún 1 ionga gairleoige 40g plúr 600ml bainne 75g cáis chéadair, grátáilte ½ tsp mustard ½ tsp noitmig mionaithe Salann agus piobar

MODH:

1. Réamhthéigh oigheann go 200c/ gasmharc 6. 2. Cócaráil an pasta de réir na dtreoracha ar an bpacáiste. 3. Mionghearr an t-oinniún, an ghairleog agus gearr na slísíní bagúin i bpíosaí. 4. Leáigh an t-im agus frioch an

t-oinniún, an ghairleog agus an bagún ann go dtí go bhfuil an t-oinniún bog agus an bagún cócaráilte. 5. Measc an plúr leis chun roux a dhéanamh. Cócaráil go dtí go bhfuil sé donn agus gainmheach. 6. Bain ón teas é agus cuir an bainne leis de réir a chéile, ag meascadh go leanúnach le lumpaí a sheachaint. 7. Cuir ar ais ar an teas agus suanbhruith ar feadh 5 nóiméad. 8. Cuir 50g den cháis, an mustard agus noitmig leis an anlann. Cuir salann agus piobar leis. 9. Bain an t-uisce ón bpasta. Cuir i mias oigheanndhíonach é. Clúdaigh leis an anlann. Cuir an cháis ar barr. 10. Bácáil san oigheann ar feadh 15 nóiméad nó go dtí go bhfuil an cháis donn, órga.

An Ofráil Laethúil

A Athair ró-ghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofrálaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach thíos) ... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

MÁRTA

Soiscéalaíoch: Go mba mhór ag an Eaglais an phráinn atá le foirmiú i dtuiscint spioradálta, ar bhonn pearsanta nó ar bhonn pobail. AIBREÁN

Uilíoch: Go mbeadh sé de mhisneadh ag eacnamaithe diúltú do gheilleagar ar bith a fh ágann daoine ar lár agus go mbeadh a fh ios acu conas bealaí nua a oscailt. BEALTAINE

Soiscéalaíoch: Na fíréin ar tuataí iad, go gcomhlíonfaidís a misean ar leith trí fh eagairt go cruthaitheach do na dúshláin atá roimh shaol an lae inniu.

Timire an Chroí Ró-naofa

This article is from: