4 minute read
Ag Déanamh Comhcheoil Frainc Mac Brádaigh SJ
Frainc Mac Brádaigh SJ
Ag Déanamh Comhcheoil
Cén bhrí atá le hAspalacht na hUrnaí nó le ‘Líonra Domhanda Urnaí an Phápa’ mar a thugtar anois uirthi? Cén bhrí atá leis go bhfuil an Pápa ag iarraidh ormsa is ortsa a bheith ag guí ar son mhórdhúshláin an lae inniu? Cén chaoi is ceart é a dhéanamh? Fadó iarradh ar dhaoine ofráil na maidine a rá, deichniúr den phaidrín a ofráil is Comaoineach a ghlacadh uair sa mhí ag guí ar son Intinn an Phápa. Cén bhrí atá le cleachtas mar sin inniu?
An bhféadfadh baint a bheith aige le ceol? Le bheith i dtiúin? Le bheith i dtiúin le Réir Dé? Cuir mar seo é, má tá mé i dtiúin le Réir Dé beidh brí len a bhfuil mé ag tabhairt ar ais do Dhia ón lá seo a thugann Dia dom. Beidh brí leis is beatha ann! Sin rud a d’fh ágfadh mé beagán i dtiúin le dúil an Phápa go dtabharfadh muide, Críostaithe, aghaidh ar dhúshláin mhóra an tsaoil. B’fh usa do Dhia éisteacht lem’ urnaí ansin is a thuiscint go raibh mé dáiríre.
An raibh mé i dtiúin inniu? Ag breathnú siar ar an lá seo bhí áthas orm nuair a d’éirigh mé go raibh an ghlúin a bhí leonta agam oíche Déardaoin ag cneasú, buíochas le Dia. Shín mé i ndabhach folcadh an-te, agus féach gur smaoinigh mé uisce fuar a dhóirteadh ón gcith ar an nglúin, is rinne í a thumadh arís san uisce te, sin cupla uair. Maith an smaoineamh! Tá Dia go maith. Ansin síos liom ag réiteach don dinnéar, glasraí is fataí a lomadh ar dtús. Níor ghearr mé aon mhéar liom an babhta seo. Moladh le Dia! Iad a chur san oigheann le luibheanna, salann is piobar is íle orthu. Alan, easpag, a bhí sa jab seo romham, ag léamh aifreann ar RnaG. Ceol álainn, caint ghonta is pointe léi, dul amach ó ionad do chompoird le freastal ar an gcomharsa. Searmanas le brí. Agus bhí am agam alt gearr a léamh sul má chuir an sicín san oigheann. Bhí an dinnéar ar an mbord ag an am a bhí socraithe againn. Béile blasta go leor le chéile, is comhluadar deas ag bord. Briseadh beag i ndiaidh an bhéile, dreas codlata is aghaidh a thabhairt ar chártaí Nollag. (Tá sé aisteach alt a scríobh seachtain roimh Nollaig do Thimire na Cásca!) Bhraith mé leisciúil is ní raibh fonn orm tabhairt faoi na cártaí. Leisciúil is leithleasach! Shín sa dabhach arís. Leis an chos a leigheas, dar ndóigh! Shín ar an leaba is thit codladh orm. Dúisithe i lár néil ag glaoch fón a chaill mé. ‘Mallacht’. Dhéanfadh tamall eile maith dom. Mo thrua mé. Bhí mé compordach i mo chodladh. Na diabhail
cártaí arís. Níl slacht ar bith ar leabhar seo na seoltaí is ní thig liom teacht ar sheoltaí cairde is lucht gaoil ar mo chompord. Stop ansin le leabhar ar an Phaidrín a réiteach le tabhairt amach go hOileán an Ghuail. ‘Ó, rud a ithe is pianmhúcháin a glacadh’, cé nach raibh aon phian sa ghlúin ó mhaidin. Mícheál ag glanadh urlár an cistine, ‘Nach breá gur ag an bpointe seo a dhéanfadh sé é is mise ag iarraidh ceapaire a dhéanamh dom féin?’ Isteach liom ar chuma ar bith, is amach go gasta go dtí an carr, le mo cheapaire. In Oileán an Ghuail róluath, shín siar, ag glacadh sos eile is smaoinigh ar an alt seo a scríobh. Amharc ar rudaí mar a tharla, gan iomarca féinbhreithiúnais, féachaint mar a raibh mé i dtiúin le réir Dé, is na hamanta a raibh mé as tiúin, as tiúin leis an duine eile, as tiúin liom féin. Féach gur fusa in amanna a thabhairt faoi deara mé bheith as tiúin ná i dtiúin, gur fusa locht a fh áil orm féin, go féinlárnach, ná a thabhairt faoi deara mar a bhfuil Dia liom is mise airdeallach ar ghníomhíocht Dé i mo shaol, airdeallach ar an duine eile.
Luíonn cleachtadh mar seo le ciall má tá mórán le bheith agam le hofráil do Dhia ar son a bhfuil ag déanamh tinnis, ní hamháin don Phápa ach do phobal na Cruinne chomh maith.
ÓLACHÁN IN ÉIRINN
Básaíonn triúr gach bliain in Éirinn de bharr drochthionchar alcóil ar a sláinte. Sa tír seo tá 150,000 duine spleách ar alcól agus ólann 1.35 milliún duine alcól ar bhealach a dhéanann dochar dá sláinte féin agus dá dteaghlach. (Alcohol Action Ireland).
Agus deir siad nach bhfuil eilifi nt i dteaghlach na hÉireann.