3 minute read
Glór na nGael i Lios Tuathail Matt Ó Maonaigh
Matt Ó Maonaigh
Glór na nGael Lios Tuathail:
Ag Smaoineamh Siar
Bhí Glór na nGael daichead bliain ar an bhfód i Lios Tuathail anuraidh. Bunaíodh an chéad chraobh san Óstán Listowel Arms sa bhliain 1977. Bhí mórphearsantachtaí na Gaeilge chomh maith le cosmhuintir an bhaile i láthair ag an gcéad chruinniú. Ina measc bhí an tAthair Diarmuid Ó Suilleabháin a bhí ina phríomhoide ar Choláiste Mhichíl an t-am sin agus a bhí ina Easpag ar Chiarraí níos déanaí.
Bhí Colm Ó Tórna, a bhí ina thimire an t-am sin, ag cabhrú liom mar chathaoirleach i dtús báire chun an chraobh a cur ar a bonnaibh. An bhliain dár gcionn thosaíomar ar Pharáid (nach raibh ann sa mbaile le fada an lá) a eagrú chun Lá ’le Pádraig a chéiliúradh. D’éirigh go maith linn agus ó shin i leith tá sí ag dul ó neart go neart.
Táimid i lár an aonaigh leis an nGaeilge ar an lá mór sin mar ón tús thugamar gach spreagadh do na grúpaí a ghlacann páirt ann Gaeilge a úsáid. Tá Duais na Gaeilge (corn) ar fáil don dream a bhaineann an úsáid is fearr aisti.
D’éirigh linn le himeacht aimsire dul i ngleic leis an ngnó a bhí le déanamh againn, is é sin an baile mór a chur ar an leárscáil maidir le labhairt na teangan. ‘Labhair Gaeilge Linn’ an nod a bhí againn ar na comharthaí bóthair ar gach taobh den bhaile.
D’oscail an t-údar Dónall Mac Amhlaigh Seachtain na Scríbhneoirí bliain amháin agus dúirt sé ins na páipéir go raibh níos mó Gaeilge le cloisteáil aige ar shráideanna Lios Tuathail ná mar a chuala sé in aon áit eile. Bhí Brian Mac Mathúna, John B. Keane, Bernárd Ó Lúing, Louis Ó Murchú, timpeall na laethanta sin.
Bhí comórtas nua líofachta cainte darbh ainm An Béal Beo i gcomhar le Seachtain na Scríbhneoirí ar siúl againn i rith na seachtaine sin. Bhíodh sé ar siúl againn ins an Teach Siamsa i bhFionnúig. Sa Teach céanna bhíodh oícheanta móra ceoil agus rince againn agus mar gheall ar ár rúnaí ag an am, Áine Ní Chinnéide, a bheith sáite sa ghluaiseacht PhanCheilteach bhídís linn mar aíonna nuair a bhíodh an Fhéile Phan-Cheilteach ar siúl i gCill Airne.
Bhímis sáite san obair a bhain le ceithre Fhleadh Cheoil déag na hÉireann a reáchtáil i Lios Tuathail. Ár ngnó ab ea imeachtaí agus seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil an tseachtain roimh ré in Ionad na Gaeilge. Bhíodh aíonna speisialta againn cosúil le Liam Ó Maonlaí agus Breandán
'Bhí níos mó Gaeilge le cloisteáil le linn Sheachtain na Scríbhneoirí ná in aon áit eile.’
Coiste Lios Tuathail
Ó Beaglaoich Chorca Dhuibhne agus na Caipíní chomh maith le drámaí á stiúradh ag Bosca Ó Conchubhair.
Ag caint ar dhrámaí, bhí Drámaíocht na Gaeilge i measc na n-imeachtaí a bhíodh ar siúl againn tráth. I measc na ndrámaí a léiríomar bhí ‘Faoiseamh’ le John B Keane agus ‘Thíos Seal Thuas Seal’ leis an Athair Seán Ó Súilleabháin ó Bhrosnach a bhí ag cabhrú sa pharóiste an t-am sin.
Is í Seachtain na Gaeilge príomhsheachtain na bliana dúinn ar an bhféilire gach bliain. Bíonn Aifreann na Féile Pádraig as Gaeilge againn le ceol is iomainn is rince (ar uairibh) in onóir Naomh Pádraig. Tá sé de nós againn ceolchoirm bhríomhar le Billy Keane mar MC a bheith ar an ardán roimh an Pharáid gach bliain. Bhí comóradh speisialta ar Éirí Amach na Cásca 1916 againn anuraidh. Bíonn comhairleoirí is polaiteoirí áitiúla agus aíonna speisialta ar an ardán céanna fh ad is a bhíonn an pharáid ar siúl.
Molaim an ghlúin óg atá réidh anois teacht isteach sa chraobh chun Glór na nGael, a tháinig ar an bhfód breis is daichead bliain ó shin, a thabhairt céim eile chun tosaigh. Feicimid chomh díograiseach is atáid i mbun na n-imeachtaí nua atá faoi lán seoil acu sa mbaile mór le tamall anuas: An Ciorcal Cainte agus An Pop-up Gaeltacht. Ina measc siúd atá i mbun na hoibre sin tá Eibhlís Ní Shúilleabháin, Seán Ó Conaill agus Tadhg Ó Buachalla. Beimid taobh thiar díobh á ngríosadh chun troda ar son na cúise.
Admhaímid anseo go bhfuilimid faoi chomaoin ag Roibeard Ó hEartáin Oifi geach Forbartha Gaeilge Chomhairle Contae Chiarraí agus Cabríní de Barra ó Ghlór na nGael as muid a spreagadh i Lios Tuathail leanúint ar aghaidh ag cur barr feabhais ar an obair a thosaíomar i bhfad siar sa bhliain 1977.