4 minute read
Micheál Ó Mealláin agus 1916 Dermot McEvoy
Dermot McEvoy Údar The 13th Apostle: A Novel of Michael Collins and the Irish Uprising (Skyhorse Publishing)
Micheál Ó Mealláin agus 1916:
Fírinne a Cuireadh as Riocht
Cuid II
AN DÓIGH INA RAIBH PÁIRT AG ARM NA BREATAINE SAN IND SA SCÉAL
Tá an-chuid den chosaint a dhéanann an tAthair Ó Mealláin ar a athair nasctha le dhá ní: 1. an chlaontacht agus an náimhdeas a bhraith na Briotanaigh i leith Mhichíl
Uí Mhealláin – iarshaighdiúir de chuid
Arm na Breataine; agus 2. iarrachtaí na mBriotanach a raibh i ndán don Mheallánach a nascadh le
Markievicz, a raibh na Briotanaigh ar a míle dicheall ag iarraidh í a chur chun báis. Faoi mar a deir an tAthair
Ó Mealláin ina thráchtas, ‘Ba mhian leis an nGinearál Maxwell go léireofaí i dtaifead armchúirte Uí Mhealláin gurbh í an Chuntaois Markievicz a bhí i gceannas, agus dá bhithin sin tacú leis an rún dearfa a bhí aige an Chuntaois a chur chun báis.’ Thug Maconchy agus an Meallánach seirbhís in éineacht le chéile san Ind. Chaith Maconchy a réim gairme iomlán san Ind, agus ball eile den chúirt, an Leifteanant Coirnéal A.M. Bent, thug sé ar a laghad fi che cúig bliain dá ghairm mhíleata san Ind. Ní gá a rá ach gur cinnte go mbeidís ag cur ar son leasmhaireacht Arm na Breataine; ag cur ar son chuspóirí dearfa a n-oifi geach ceannais, an Ginearál Maxwell; agus dá réir sin a ngairm mhíleata féin. Ní mór a neamhchlaontacht a cheistiú.
NA POINTÍ TÁBHACHTACHA ATÁ LAISTIAR D’ARGÓINTÍ AN ATHAR UÍ MHEALLÁIN
Achoimre ar an gcás atá á shuíomh ag an Athair Ó Mealláin: 1. Ní thig muinín a chur as tras-scríbhinní na trialach mar ba é an Ginearál
Maconchy amháin a scríobh iad, agus chuir sé in iúl gan scáth gan náire:
‘in an-chuid cásanna dhiúltaigh mé a ndúirt siad a chur síos mar ní raibh ann ach go ndearna siad níos measa a gcás.’ 2. D’oibrigh cúlra an Mheallánaigh in Arm
Shasana ina choinne ar a thriail. Deir an tAthair Ó Mealláin: ‘ … luíonn sé le réasún a chreidiúint go measfadh
Maconchy gur iarshaighdiúir a bhí ciontach as tréas é, gur tharraing sé náire ar arm na Breataine agus nár leor ann féin é a lámhach.’ 3. Bhí dlúthbhaint idir cinniúint an
Mheallánigh agus Mharkievicz: ‘ … an taifead ar armchúirt m’athar, iarracht d’aonghnó a bhí ann ag lucht míleata na Breataine fi anaise a sholáthar don
Ghinearál Maxwell, an tArdcheannasaí in Éirinn, mar thaca lena chuspóir
Faiche Stiabhna circa 1916
dearfa an Chuntaois Markievicz a chur chun báis dá bhfaighfí ciontach í.’
AN EILIMINT A LIGEADH I nDEARMAD – ARM CATHARTHA NA hÉIREANN
An dóigh ar díríodh ar an Meallánach agus Markievicz, sílim gur dócha gur bhain sé go mór le iad a bheith ina mbaill d’Arm Cathartha na hÉireann. D’fh ág ciréibeanna na n-oibrithe i 1913 a séala ní amháin ar lucht oibre na hÉireann, ach ar bhunaíocht na Breataine chomh maith céanna. Ag an am a bhris na ciréibeanna amach, bhí an bhochtaineacht tagtha go buaic ní amháin in Éirinn ach ar fud na Breataine. Ní raibh ach £1 in aghaidh na seachtaine á shaothrú ag fi r oibre, agus níos lú ná sin fós, 12 scilling, á shaothrú ag mná.
Is beag aird a tharraing an Meallánach air féin thart faoi Bhaile Átha Cliath, ach ba dhuine í an Chuntaois a labhair amach agus a bhí taibhseach, ar dhóigh an aisteora a bhí inti tráth. Bhí sí ina
crann taca ag an lucht oibre bíodh go mba de bhunadh aicme rialaithe na nAnglaÉireannach í.
Chomh maith leis an scéiméireacht go léir a d’aithris an tAthair Ó Mealláin ina thuairisc, an dtig a rá le barainn gurbh fhógra d’Arm Cathartha na hÉireann agus do lucht leanta Shéamais Uí Lorcáin an bású agus an bású ar dhóbair dó, nach gceadófaí dóibh a bheith ag cothú náimhdis ag an tráth seo agus an Cogadh Mór ar bun?
I ndeireadh báire, cé gur theastaigh ón nGinearál Maxwell Markievicz a chur chun báis, bhí tús áite ag a hinscne agus sparáileadh í. I súile na mBriotanach, bhí a lán cionta ar an Meallánach: ba iarshaighdiúir in arm na Breataine é; ba é ceannfort ceannais Fhaiche Stiabhna é; dhiúltaigh sé filleadh ar an arm don Chogadh Mór – ach tharlódh gurbh é an peaca ba mheasa ar fad ar deireadh thiar gur bhain sé le hArm Cathartha na hÉireann, agus tráth a raibh an cogadh meargánta agus dochreidte sin ar bun ba é sin an peaca ba mheasa ar fad d’aicme an lucht oibre.
Le caoinchead ó irishcentral.com agus le mórbhuíochas le hÉanna Mac Cába, a d’aistrigh.
Foclóirín: taifead armchúirte = military court record; bunaíocht = establishment; meargánta = reckless.
Tomhas an Timire: 191
1 2 3 4 5 6
Foclóirín: xxx = xxx;