4 minute read

Ligean do Dhia Ceannas a Ghlacadh Brian Grogan SJ

Brian Grogan SJ

Ligean do Dhia Ceannas a Ghlacadh

Baineann grinneas spioradálta le cuireadh a thabhairt do Dhia a bheith páirteach inár gcinntí. Mar sin, le cabhair scéil breathnaímis i dtús báire ar ár gcinnteoireacht phearsanta féin.

Uair amháin ceapadh fear óg ina cheannaire ar a phobal. Bhraith sé go raibh an tasc ródheacair dó. Dá bhrí sin, d’iarr sé cabhair ar Dhia chun roghanna ciallmhara a dhéanamh. B’fh ial mar d’fh reagair Dia é, agus thug sé croí tuisceanach dó; thuill sé clú ar fud an domhain aithnid as a bhreithiúnas cóir. Ba é b’ainm dó Solamh, mar is eol duit, agus is féidir a scéal a léamh i gCéad Leabhar na Ríthe, caib. 3. D’fh éadfadh a phaidir ar son na heagnaíochta a bheith ina heiseamláir sa lá inniu don aire rialtais, don stiúrthóir cuideachta, don phríomhoide scoile, don easpag, nó go fi ú duit féin. Deireadh Naomh Iognáid nár chóir dúinn cinneadh ar bith a dhéanamh, bíodh sé beag nó mór, gan comhairle Dé, mar athair eagnaí grámhar, a iarraidh. Dúirt duine éigin liom tráth, ‘Tá breac-eolas ag Dia agus agamsa ar a chéile: ní chuireann seisean isteach orm ná mise isteach air’. Ach ní rith sóló is ceart a bheith sa bheatha Chríostaí ach comhpháirtíocht bheomhar le Dia atá bainteach agus tacúil. Ní turas aonair a rinne Íosa. Insíonn sé dúinn go ndearna sé i gcónaí an rud a thaitneodh lena Athair (Eoin 8:29). Ba chóir é sin a bheith mar sprioc againne freisin.

PARÓISTE

Maidir le grinneas grúpa nó pobail. Bhí ar pharóiste áirithe Comhairle Thréadach Paróiste a roghnú. Rinne na baill a bhí ag fágáil plé fada faoin mbealach ab fh earr le tabhairt faoi. Bhí an plé ar siúl agus ar siúl go dtí go ndúirt duine amháin: ‘Cén fáth nach ligimid do Dhia ceannas a ghlacadh?’ Bhí iontas orthu i dtosach, ach cheap a bhformhór go mba mhaith an smaoineamh é, cé nár shíl roinnt bheag díobh os íseal go mbeadh mórán spéise ag Dia ina bparóiste siúd! Is mar sin a chuaigh siad i mbun próiseas grinnis: d’iarrfaidís ar Dhia iad a threorú ag gach céim.

Mar sin, in ionad na daoine ab fh earr dar leo a roghnú, bheadh toghchán oscailte acu: thabharfadh sé sin, mar a mheas siad, spás do Dhia na daoine b’oiriúnaí a roghnú. D’iarr siad ar an bparóiste guí in éineacht leo go dtiocfadh na hiarrthóirí b’oiriúnaí chun cinn. Ansin reáchtáil siad tráthnónta faisnéise, mhínigh siad ról na CTP, agus d’iarr orthu siúd a bhí i láthair iarracht a dhéanamh

‘Iarradh ar na heaspaig labhairt go hoscailte agus éisteacht go cúramach le tuairimí nár réitigh lena dtuairimí féin.’

féachaint an bhféadfadh sé go raibh cuireadh á thabhairt ag Dia dóibh ligean dá n-ainmneacha dul ar aghaidh. Ghuigh siad, ‘A Thiarna, cad ab áil leat go ndéanfainn?’, mar a rinne Naomh Pól le linn dó bheith ag iompú ina Chríostaí (Gíomhartha 9:6).

Bhraith roinnt de na hábhair ainmnitheachta noda an dea-Spioraid os íseal ina gcroí: mar a dúirt duine díobh, ‘B’fh éidir gurb é seo an rud ceart dom a dhéanamh, fi ú má éilíonn sé orm am agus fuinneamh a chaitheamh leis. Braithim go mba chóir dom rud éigin a thabhairt ar ais don pharóiste tar éis a bhfuil faighte agam uaidh.’ Ag an gcruinniú paróiste labhair na daoine a bhí ainmnithe faoin gcion a d’fh éadfaidís a thabhairt don CTP dá dtoghfaí iad. Agus idir an dá linn ghuigh muintir an pharóiste go ciúin go dtoghfaí iad siúd b’oiriúnaí dar leo. Bhí an spás ciúin seo ann le deis a thabhairt Dia a chloisteáil. Dá bhrí sin, rinne siad a roghanna le cúnamh Dé. Tá an Chomhairle nua ag feidhmiú anois agus iad ag iarraidh oibriú trí mheán ghrinneas an phobail. Braitheann muintir an pharóiste go bhfuil Dia i gcroílár ghnóthaí a bparóiste.

PÁPA

Is eol don Phápa Proinsias níos fearr ná duine ar bith eile na dúshláin atá roimh an Eaglais sa lá inniu. Ní léir dó freagraí réamhdhéanta a bheith ar fáil ach iarrann sé go ligfeadh an pobal Críostaí don Naomh Spiorad iad a threorú ina roghanna go léir. Ar shamplaí den ghrinneas pobail seo bhí dhá shionad dá chuid: iarradh ar na heaspaig labhairt go hoscailte agus éisteacht go cúramach le tuairimí nár réitigh lena dtuairimí féin. Chuaigh an grúpa in íogaireacht agus i muinín na paidreoireachta agus iad ag cuardach cibé rud a bhí an Spiorad ag iarraidh a rá leis an Eaglais trí mheán gach cainteora. Tháinig maolú, roinnt, ar thuairimí dochta pearsanta agus tháinig an comhaontú chun cinn maidir leis an gcéad chéim eile. Is léir do Phroinsias gurb é Dia seachas é féin atá i gceannas ar an Eaglais.

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ MÁRTA, 2018 Go dtuige an Eaglais an phráinn a bhaineann le deilbhiú i ngrinneas spioradálta, ar an leibhéal pearsanta agus ar leibhéal an phobail araon.

Foclóirín: grinneas = géire, incisiveness; deilbhiú = foirmiú, shaping; cinnteoireacht = cinntí a dhéanamh; eagnaíocht = wisdom, léann; íogaireacht = sensitivity.

This article is from: